Chonaic mé taispeántas san Getty Villa le déanaí faoi Phluais Plato. Daoine mar phríosúnaigh ag breathnú ar bhalla ag ceapadh do bhfuil siad ag breathnú ar an saol mar atá ach níl siad ach ag breathnú ar scáileanna. Téann duine amach agus feiceann sé an domhan i gceart is tagann sé ar ais le rá leo cad atá amuigh ansin i ndáiríre ach tá daoine ann is fanann siad ina bpríosúnaigh go deo. Níor mhaith leo an fhírinne, ná brí, ná an saol mar atá i ndáiríre a fheiceáil.
Smaoinigh mé ar sin is mé ag breathnú ar an scannán Song of Granite. Chuaigh Seosamh Ó hÉanaí amach sa saol mór is chonaic sé a bhí ann. D’aithin sé scaití go raibh glór nach raibh ceolmhar ann a chuir mearbhall ar dhaoine is fuair sé suaimhneas sa cheol a d’fhoghlaim sé sa bhaile amuigh faoin aer nó i gcisteanach.
Smaoinigh mé ar an bpluais nuair a d’éist mé le The Streets Have No Name le U2. Tá ainmneacha ar na sráideanna againn. Ach níl brí leo. I mBÁC tá sráideanna nó bóithre ann ar nós Cappagh, Ratoath, Ballyboggan, Finglas, Glasnevin, Ballymun, Kilmore, Malahide, Raheny, Kilbarrack, Drumcondra, Clontarf, Kylemore, Ballyfermot, Inchicore, Terenure, Clonskeagh, Rathfarnham, Dundrum. Brí ar bith leo san leagan seo.
Sin atá fágtha againne, na príosúnaigh a chreideann nach bhfuil tada mícheart le brí a bhaint ó ainm áite. Ní thuigimid cad is brí lenár dtír féin. Muid caillte sa dorchadas is ní aithnímid sin. Ní Béarla ná Gaeilge atá againn ach dul amú. Teanga gan brí. Sin a d’fhág siad againn.
Is tharla 1916 is tháinig saoirse, dúradh linn. Níor tháinig ach daoirse eile. Is rinneamar dearmad ar an mbrí is d’fhanamar sa dorchadas. Leads, seo 2018: 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge. Mar a dúirt De hÍde fadó: DeAnglicize.
“dinnseanchas: seanchas faoi áiteanna, conas a fuair siad a n-ainm, eachtraí móra a tharla iontu, etc.”
Alt iontach faoin mbáisteach!