Tweet inniu ar Twitter. Seo mar atá SAM. Rud a bhriseann mo chroí. Tír gan anam.
Rachmasaiocht. Nil tada cearr léi má tá teorainn léi: rialacha, ciall, consias.
Ach níl. Rachmasaiocht gan teorainn = aimhleas.
An cuimhin libh Shkreli?
Níl sé in aghaidh an dlí, mar sin, a rinne Shkreli is níl fós. Checks & Balances ar bith ansin. Níl an dlí ann le daoine a chosaint. A mhalairt ar fad an scéal.
Nuair a thug siad níos mó cearta do chomhlachtaí na do dhaoine, b’shin buile marfach do chearta ach tagann an bás seo go mall fhad is atá daoine le coinsias i gceannas. Níl is ní raibh le fada ACH deifir an-mhór ar chursaí anois ó tháinig an diabhal é féin isteach anuraidh.
An cuimhin libh The Rainmaker le John Grisham?
Ní rud nua seo. Ach tá sé ag dul in olcas. An cuimhin libh In America?
Chuir sé ionadh an domhain orm nuair a bhí orthu an méid airgid sin a íoc as breith san ospidéal i SAM. Nár aithin an rialtas gur rud iontach é saol nua a bheith acu? Nach raibh meas acu ar mhná? An raibh mná shaibhre amháin in ann leanaí a bhreith i SAM? Cén sórt tír sin?
An tír seo:
An t-aon Tír Amháin ar domhan mar sin. Muidne uimhir 1? A mhalairt, faraor.
Is cuimhin liom nuair a thug mé faoi deara go raibh fógra d’ospidéal in Éirinn, dúirt mo Dhaid liom ag an am gur uafásach an rud é agus mhínigh sé dom cén fáth. Bhí an ceart aige. Ná díol sláinte. Ná ceadaigh brábus bheith níos tábhachtaí ná daoine riamh. Sin coir. Ní de réir an dlí agus sin aimhleas na tíre afach.
Sin atá le ceartú.
Ach go dtí sin, i dtír gan coinsias, i dtír a mhúineann gur stocbhroicéir an jab is fearr is a dhíolann sin le dallamullóg …
… beidh an bua ag Trump is a leithidí is beidh daoine ag fáil bháis dá bharr.
So, leads, tá gnó tábhachtach. Fíorthábhacht. ACH tá daoine níos tábhachtaí. Ná déan dearmad ar sin riamh agus NÁ déan aithris ar SAM mar táimid ag titim as a chéile go tapaidh anois is tá sé pianmhar.
Comhairle sa scannán thuas:iIs féidir leat aon rud gur mian leat a dhéanamh. Bréag. Ní féidir leat aon rud gur mian leat a dhéanamh mar tá teorainn ann. Teorainn a deireann nach bhfuil cead daoine a mharú ionaisc go mbeidh daoine saibhre i bhfad nos saibhre fós. Caithfear smaoineamh ar chothrom na féinne don domhan ar fad.
Ná bris daoine ná tíortha le saint shotalach shalach.
Aimhleas na tíre? Níl sin sláintiúil ar chor ar bith. Ná hól an Kool-aid níos mó.
Ní dream a bhí san American dream ach tromluí. Dúisigh. Fós am againn le rudaí a cheartú.
Deoch uaim anois. Sláinte. Dúshlán.