Tá an Pápa (Pedro. Piedra. Peter. Carraig. On this rock srl) in Éirinn agus níl uainn ach rud amháin. Seans nár thuig Francis seo.
F R E A G R A C H T
Níl sa chomhrá thuas ach rud i mo shamhlaíocht fhéin.
Seo a d’iarr Leo Varadkar, Taoiseach ma hÉireann ón bPápa
Muid ag fanacht i bhfad ar shaoirse ón nDialathas sa tír seo. Freagracht, ar nós atá ag tarlú in Albain. Ach i bhFAD níos mó ná sin go dtí go mbeidh ár scoileanna againn.
Ní in Éirinn amháin a dhéanann an Eaglais dochar uafásach. Ní eisceacht seo; seo an riail. Léigh scéal Christine Kenneally go dtí an deireadh go dtuigfidh sibh cuid den scéal.
Ealaín i mBÁC ó @graapples
Nuacht is an Pápa (nach é m’athair é) anseo: bhí fhios aige.
Rud a bhí ar eolas againn cheana. Ach seo an scéal.
Is céard a dúirt an Pápa is é anseo? Inspioráid spioradálta nó comhairle dhéisteanach contúirteach aige?
- FAOI BHEITH AERACH Bhuel mar fheagra ar cheist faoi cad le déanamh le páiste aerach sa teach, d’fhreagair sé: When it shows itself from childhood, there is a lot that can be done through psychiatry, to see how things are. So, ceapann sé go bhfuil rud éigin mícheart le páiste bheith aerach. Drochchomhairle!
- FAOI BHEITH PÓSTA Cad a bhí le rá aige faoi? Bhuel marriage where people don’t fight is a bit boring, ar sé. But the secret – and you may throw dishes at each other – but the secret is to make peace before the end of the day. Fight as much as you want, have as many arguments as you want, but at night make peace, ar sé. So, troid, troid, troid agus caith rudaí. Ordóg suas don fhoréigean baile ón bPápa. Drochchomhairle!
- FAOI BRÓN BHEITH AIR Dhea, níor tharla sin. Ionadh air faoi na Magdalenes. Dheara, ní chreideann duine ar bith sin. Maithiúnas uaidh. Dhea, ná bí ag iarraidh ar na daoine a ghortaigh tú go géar rud ar BITH a thabhairt duitse! Muid braon de chaint faoi pain agus shame agus scandal. Muid ag iarraidh freagracht is feabhas is ní raibh tada faoi sin. Chuile dhuine ciontach ach é féin, dar leis. Ach TÁ sé ciontach is tuigimid sin. Ag caint leis na daoine a ghortaigh an Eaglais, ghlaoigh sé Caca (cac) ar na daoine san Eaglais a rinne is a cheadaigh sin. Bhain sin geit as chuile dhuine. Ní shin a bhí uathu. Réiteach ar fhadhb uathu. Rud nach bhfaighidh siad ó Francis lena chaint ar chac.
- FAOI LABHAIR AMACH Seo a dúirt sé If there are suspicions … I don’t see anything bad in having an investigation, if it is done always on the fundamental principle that no one is bad if it is not proven. (Just smaoinigí ar sin, a dhaoine uaisle – ní #creidí atá aige ach #nílsiadciontach) […] Speak, and speak with the right people. Speak with those who can start an investigation. Speak with judges, or with the bishop. If you have a good priest, speak with the priest. ER, NO! Sin Drochchomhairle! Labhair leis na Gardaí. I bhfad níos fearr go háirithe nuair nach bhfuil Dialathas sa tír. Go dtí na Naisiúin Aonataithe linn má theipeann linn leis na Gardaí.
- FAOI CÉ ATÁ CIONTACH Bhuel, na tuismitheoirí ciontach mar ní labhraíonn siad amach, go mór, mór an mathair, dar le Francis. Ní na daoine a rinne é agus ní é féin. Sin MASLACH. Many times it is the parents who cover up the abuse of a priest, arsa Francis. Drochbhéasach agus cruálach! Céard fútsa, Francis? Nach bhfuil an tideal Pápa ortsa?
- FAOI MHNÁ Bhuel bhí jóc aige lán le gnéasachas even the mother-in-law Ha ha (ionadh na hionadh!). Ní thuigeann mná ach tuigeann Francis (dar leis) agus míneoidh sé dúinn é le fearmhíniú. Dúirt Francis go ndearna sé iarracht a mhíniú do Marie Collins tuige nach raibh freagracht le fáil ach níor thuig sí é. Raight, Francis: an fhadhb leis an mbean, ní leatsa! she did not understand that very well, ar sé. Next time I see her … I will explain it better. I love her very much. Yeah. Ní dóigh liom é. Chaith tú faoin mbus í is tú féin atá ciontach, a mhac. Cén understand that seo atá i gceist? Ní an fhírinne, ar aon chaoi.
Ar fud an domhain an scéal céanna leis an Eaglais.
Nathan Carter Ag Páirc an Chrócaigh le ‘Everybody Hurts’ is páistí mórthimpeall air? Dáiríre? Nár smaoinigh éinne? Aaaaagh!
Ardmheas do Cholm O’Gorman
agus lucht
Seas ar Son na Fírinne.
Mo cheol sibh!
An fhírinne ar an mballa. Soiléir.
Hozier, Liam Ó Maonlaí, Mary Black … agus COLM O’GORMAN i mBaile Átha Cliath!
Briseann na tonnta na carrraigeacha.
An airíonn tú é, Francis?
Carraig ag titim as a chéile.
Is siúlfaimid is ár bpáistí ar an ngaineamh saor ó impireacht leagtha ina smidiríní.
Rud éigin spioradálta uait? Níl sé le fáil ón bPápa. A mhalairt an scéal. Sin uafás.
Seo mo laoch. Seo dóchas. Seo misneach. Seo grá. Seo an fhírinne. Seo Éire na linne seo.