21/9 /2018
Archives
All posts for the month September, 2018
Amhrán George Ezra á casadh ag Jack Ó Conghaile ó chúrsa D i bhfíseán ceoil le Nathan Sheridan. Shocraigh Caragh Ní Rinn an traic.
Foilsithe ar dtús ag TGLurgan 3/9/2018
Véarsa 1
Dhá chéad ciliméadar
200km
Tar liom b’fheidir
Come with me, maybe.
Ag bualadh bóthar, ag buladh bóthar.
Hitting the road, hitting the road.
Athrú insan atmaisféar,
A change in the atmosphere,
Tonnta móra, ag teacht aniar.
Big waves coming in.
Curfá
(Muid) fite fuaite de shíor.
(We’re) forever intertwined.
Imíonn an t-am ins an nglas agus buí
Time goes by in the green and yellow
Is do ghruaig séidte siar insan ngaoth.
And your hair [is] blown back in the wind.
Ag barr an tsléibhe ard i bfhad uainn i gcéin.
At the top of the mountain far, far away.
Mé ag samhlú faoin suíomh i do chroí.
I’m imagining the place in your heart.
Léim isteach sa ngluaisteán.
Jump into the car.
Níl deifir orainn a bheith ann.
There’s no hurry getting there.
Lig do scíth go hiomlán
Relax completely
Ar an mbóthar céanna.
On the same road.
Gath na gréine.
A ray of sunshine.
Véarsa 2
Anois táimid beo, anois tá muid beo.
Now we’re alive, now we’re alive.
Tine chnámh faoi réalt na spéire.
A bonfire under a starry sky.
[Le] breacadh lae, beidh muid le chéile.
With the dawn of the day we’ll be together.
Curfá 2
(Muid) fite fuaite de shíor.
(We’re) forever intertwined.
Imíonn an t-am ins an nglas agus buí
Time goes by in the green and yellow
Is do ghruaig séidte siar insan ngaoth
And your hair [is] blown back in the wind
Ag barr an tsléibhe ard i bfhad uainn i gcéin.
At the top of the mountain far, far away.
Mé ag samhlú faoin suíomh i do chroí
I’m imagining the place in your heart.
Léim isteach sa ngluaisteán.
Jump into the car.
Níl deifir orainn a bheith ann.
There’s no hurry getting there.
Lig do scíth go hiomlán.
Relax completely.
Suífidh beirt ar mo chlé.
Two will sit to the left of me.
Tuilleadh ag teacht.
Bhí mé ag súil go mór leis. An cruinniú i mBerkeley. Ar dtús, tharla rud aisteach ag LAX ar mo bhealach ann. Bheannaigh bean TSA muid le dea-ghiúmar. Ní tharlaíonn sin go minic. Dea-chomhartha.
Ó thuaidh go Berkeley liom go díospóireacht faoi staid agus todhchaí na Gaeilge. Na daoine a bheadh ann! Laochra ar fad iad. Daoine a thugann dóchas dom, daoine a dhéanann gach is féidir leo a dhéanamh ar son na teanga.
Urraithe ag an Irish Studies Program ag UC Berkeley, agus ag Litríocht.com, ba é Robert O’Driscoll (Ardchonsal) a d’oscail an ócáid le scéal iontach faoi De hÍde i mBerkeley. Bhí sé le airgead a fháil don Chonradh ach bhí crith talún ollmhór ann is d’fhág sé airgead acu. Ina dhiaidh thug siad airgead don gConradh.
An oíche seo, ba é Colm Ó Riain (Machine Intelligence Research Institute) a bhí ina cheannasaí.
Ceoltóir is Gaeilgeoir, oibríonn Colm works le hintleacht shaorga is sábháilteacht i mBerkeley. Tá sé ag obair ar chlosleabhar de “An Tost agus Scéalta Eile” (1927): cnuasach de ghearrscéalta a scríobh Barra Ó Caochlaigh, a sheanathair
Stiúraigh sé an díospóireacht i gceart le ceisteanna a chuireamar ag smaoineamh. Maith é.
Imelda White (Léachtóir Emerita, Celtic Studies, UC Berkeley)
Ó Ardara, Co. Dún na nGall, tá Imelda White ag múineadh Gaeilge thart ar San Francisco ó 1979: ag an Irish Cultural Center i San Francisco, ag an Celtic Studies Program ag UC Berkeley, agus ag an Special Language Program in Ollscoil Stanford. Múineann sí ag Deireadh Seachtainí Gaeltachta in áiteachaí ar nós Butte (Montana), Portland (Oregon), Olympia (Washington) agus Los Angeles.
Labhair sí go háirithe faoi mar a thugann daltaí cúnamh do na léachtóirí sa chaoi go n-aimsíonn siad na hachmhainní is fearr ar líne is roinneann sí le daoine iad.
Caoimhe Ní Chonchoille (Iriseoir ilmheánach, RTÉ)
Chaith Caoimhe Ní Chonchoille 10 mbliana mar iriseoir le Nuacht RTÉ-TG4 chomh maith le scéalta móra idirnáisiúnta ar nós Sasamach.
Labhair sí faoi atá ar siúl i SAM don Ghaeilge agus a taithí anseo le Gaeilge.
Myk Klemme (Web agus forbróir UX, Love.irish)
Tá Myk ag tabhairt faoi Gaeltacht ar líne a chothú.
Tá Myk chun an saol a dhéanamh níos éasca do phobal na Gaeilge le go leor in aon áit amháin.
Kevin Scannell (Teangeolaí Ríomhaireachtúíl / Ollamh, Ollscoil Saint Louis)
Is é a chuir indigenous tweets ar fáil dúinn. Cuidíonn sé le daoine a dteangachaí atá i mbaol a dteangachaí a úsáid ar líne. Tá spéis faoi leith aige sna teangacha Cheilteacha.
Labhair sé faoi thábhacht na Gaeilge dó.
Tom Fitzgerald (Bunaitheoir, Litríocht.com)
Ó Ghaeltacht Chiarraí, is le Tom 3 comhlacht is tá neart scríbhneoirí fostaithe aige i dtíortha éagsúla chomh maith le sa Ghaeltacht. Bhunaigh sé Litriocht.com i 1999 is tá custaiméirí aige i 66 thír.
Labhair Tom faoin ngá le daoine a chur ag obair le chéile.
Patrick Mulreany, Nevada, a scríobh leabhar faoin Bhriathra agus atá ag obair ar fhoclóir.
Chuir sé suim i gcomhoibriú le foclóir eile ar líne.
Bhí sceitimíní orm nuair a chuala mé cé a bhí le caint ann. Ní minic a thagaim ag ócáid roimh ama.
Is nach álainn an áit í Berkeley. Mo chéad uair ann. Seafóideach ar fad ach cheap mé nuair a tháinig mé go dtí an tír seo ar dtús go bhféadfainn súil isteach go Berkeley agus post a fháil ag múineadh ann. Turas fada go dtí go raibh mé in ann dul ann ar cuairt fiú. Ach ansin a bhí mé. Faoi dheireadh. Le mo cheamara.
Is aoibhinn liom dul go háiteachaí liom féin nuair a thuigim go mbeidh daoine a thuigeann atá tábhachtach sa saol ann. Daoine umhal. Daoine le tuiscint. Daoine réidh le comhoibriú ar son na Gaeilge. Cinnte, bhí mé ag dul ag an ócáid seo le gliondar i mo chroí. Is níor lig siad síos mé. A mhalairt. Amantaí, bíonn eagla orm bualadh le laochra ar fhaitíos nach bhfuil siad chomh lách sin i ndáiríre nuair a bhuaileann tú leo. Ach tá siad. Lách. Is cliste. Fíorchliste!
Ar mo bhealach go LAX is mé go hard sa spéir, thit na deora. Le buíochas. Mar tá laochra againn. Is spreagann siad mé.
.
Pics anseo le Liana Louise – Liana’s Dance World. GRMAici!
Ba iad Erin agus Liana ó Chéilí Rua a thosaigh an nós. Ceannródaithe a thaistil go Montana as a stuaim féin anuraidh is a tháinig ar ais le scéalta a mheall beirt eile againn ann i mbliana.
Léigh Erin faoi na Bitterroot Celtic Games in alt i nuachtán faoi na hÉireannaigh i Montana is Thomas Meaghar is faoi Montana bheith níos Gaelaí ná Bostún. Scríobh sí chuig Gary, duine ar an mBord Eagraíochta a dúirt léi teacht le páirt a ghlacadh ann. Anuraidh, bhí ceardlanna acu ag múineadh rince agus d’eagraigh siad céilí oíche Dé Sathairn. Spraoi ag cách. Bhuaileamar le Gary i mbliana. Thug sé féin is Sharon an-aire dúinn!
Mar sin bhí fonn orm dul ann an uair seo is tháinig Melanie ar bord linn. Eitilt go San José, eitilt eile go Spokane, carr go Montana agus muid ag fanacht in Air B&B. Saoirse dúinn féin. Na lassies ar an mbóthar ag éalú le craic a bheith againn. Is bhí.
Obair le déanamh ar dtús. Gúnaí le bheith réidh. Amhráin le cleachtadh. Seó romhainn.
I mbliana bhíomar ar ais ach le ranganna as Gaeilge chomh maith. Mhol Erin dóibh Gaeilge a chur ar an gclár, bail ó na Déithe uirthi. Bhí daoine ó Bitterroot College ansin le cúnamh a thabhairt dúinn agus gach rud eagraithe acu roimh ré. Is muid ag imeacht, bhí caint ar iarracht a dhéanamh muid a fháil ar ais do Dheireadh Seachtaine Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Bua! Bhain mé agus an slua taitneamh as na ranganna. Bhí chuile dhuine fíorlách linn.
Gaeilge le spraoi!
Daoine ag caint :)!
Bhí agallamh againn ar an raidió áitiúil agus cúpla soicind ar an nuacht is Traolach Ó Riordáin ó Ollscoil Missoula ann chomh maith. Bhí sé iontach deas caint leis is le Róisín is Seán as Gaeilge ansin. Moladh freisin don lead a bhí ag imirt iománaíochta ann a labhair linn as Gaeilge. Tá Gaeilge i ngach áit.
Is nuair a bhí gach rud thart is muid te is tuirseach, shocraíomar ar dhul ag snámh.
Deireadh iontach lenár saoire/ obair / seans le cultúr a scaipeadh ar fud SAM. Ar an mbealach abhaile bhí bricfeasta againn i Montana, lón i Wallace, Idaho (áit an-ait…
na cuimhní againn anseo! Ar nós an Twilight Zone!), greim le n-ithe i Washington,
agus dinnéar i gCalifornia. Sin turas duit! Arís i 2019, tá súil agam. Míle maith agaibh i Montana! Bhí Fáilte Uí Cheallaigh ann romhainn! Fíorbhuíoch! Stát álainn agaibh is daoine maithe! Slán tamaillín, Hamilton. Beidh muid ar ais.
Is breá liom an jab agam!
Tá Joan Freeman san iomaíocht le bheith ina huachtarán.
Seo an CEO (Church-Embedded Option) sa rás.
Rugadh Joan i 1958. Is poiliteoir neamhspleach í sa Seanad, buíochas leis an taoiseach ag an am. Is í a bhunaigh Pieta House i 2006. Anois, is Éire ag athrú agus seans againn Stát/Eaglais a scaradh, an seo an duine atá uainn?
Cé gur éirigh sí as Pieta House i 2014, bhunaigh sí Solace House i SAM agus is í an CEO agus tá sí IONTACH maith ag fáil airgid. Ach ó chén daoine ar mhaithe le céard? Is an bhfuil iniúchadh ar bith déanta uirthi? Cara mór na hEaglaise í.
D’fhás Pieta House go tapaidh ó áit amháin i Lucan go 12 áiteachaí eile ar fud na tíre. Le tacaíocht ón Eaglais. Iad na boyos nach ndéanann tada ach ar mhaithe le brabús de shaghas éicinnt a fháil dóibh féin. Is tuige na seirbhísí seo is daoine ag bailiú airgid dóibh? Nach shin jab an rialtais? Seirbhísí mar seo a chur ar fáil? Bhfuil an scrúdú céanna ar na háiteachaí seo is atá ar ospidéil?
Ach tá Dia i gceannas. Seo a dúirt Joan faoi Pieta: I made Our Lord the financial manager of Pieta House.
Ach thar aon rud eile, cén meon aigne atá ag Joan? Cén sórt duine í? Your sorrow is my sorrow, arsa Joan thuas ach Your Sorrow is my opportunity and very successful corporation an fhírinne anseo.
Ba bhall de Council for Justice and Peace of the Irish Bishops’ Conference í. Molann na hEaspaig í. Sin brat dearg mór millteach. Ar nós A Florida Man ... i SAM atá Deireann Irish Bishops … in Éirinn. Cinnte go leanfaidh seafóid é.
Neart sa tír a mharaigh iad féin mar gheall ar a rinne an Eaglais dóibh. Is tá sise ar thaobh na hEaglaise. Tuig seo. Is deirfiúr léi Theresa Lowe agus is neacht léi í Maria Steen (Iona): iad a labhair go láidir in aghaidh rogha do mhná. Níl Joan ná a cairde i dtiúin leis an tír. Vótáil Joan No, ar ndóigh. Tuig cé hí. Má tá fundie na hEaglaise uait, is í Joan do bhean. Tacaíocht d’impireacht na Vatacáine a bheas ann léi. Is tuigimid mar atá an Eaglais. Is NÍL muid ag dul siar ansin riamh arís!
Dúirt Mattie McGrath go dtabharfadh sé tacaíocht di mar “a good Catholic president would be refreshing,” ar sé. Bhuel anois. Is leor sin domsa le tuiscint NACH í an bhean don jab.
So, cad nach ndéanann siad?
Labhair Joan in aice le John Waters, fear nach gcreideann i ndúlagar. Thug duine le fios do dhuine a tháinig chucu gur cheap siad go raibh an tobscair aici go dona, nár cheart sin a dhéanamh. Samhlaigh sin. Ní cúnamh atá le fáil anseo ach aineolas na hEaglaise.
Ar luaigh mé go bhfuil Joan anti-choice?
Tá turas ón ndorchadas go solas de dhíth, ón ndallamullóg a chuir Joan ar an tír go tuiscint: ná cuir an Eaglais i gceannas ar an obair seo RIAMH.