Gá le foclóir nua. Foclóir a thuigeann gnéasachas is ciníochas is a úsáideann an focal maslach/derogatory nuair is gá sin a rá le míniú le daoine cad atá cearr le focail áirithe. Mar chum daoine iad le dallamullóg a chur orainn. Ginmhilleadh ms. Fuathban na hEaglaise ann. Is muid FÓS ag fanacht ar shaoirse.
Neart scríofa agam cheana faoi Dhialathas na hÉireann, faoi Fhaisisteachas na hÉireann.
Cén brí atá ag focail i ndáiríre?
Redneck. Masla, nach ea? Ach sheas sé d’fhir i gcearchumann i SAM ag tús an 20iú aois. Iad ag plé le mianadóireacht guail. Chaithidís bandana dearg. Sheas siad an fód do chearta. Ach tháinig athrú ar an mbrí de réir a chéile. Sin a tharlaíonn. GRMA, Maria a d’inis an scéal sin dom.
Aistriúchán. Sin shift, composition, key, strictness, unseen. Dáiríre? Ní raibh sibh ag súil leis sin, an raibh? Is minic a bhíonn brí dhifriúil san bhfoclóir ná mar a bhíonn i mbéal an phobail.
Aistriúchán: translation mar a thuigimid anois é.
Agus Faistriúchán?
Focal nua. Faisisteachas & Aistriúchán le chéile. Mar a úsáidtear brí nua le dallamullóg a chur ar dhaoine le cumhacht a thabhairt d’fhaisiteachas.
Faisisteachas: Franco, Mussolini, Deachtóirí, Cruálacht srl
Ach scéilín nó dhó ar dtús:
Bhí mé ag caint ar an raidó le déanaí. Gach rud togha, cé go raibh mé neirbhíseach. D’éirigh liom caint a dhéanamh is eolas a roinnt. Beagnach thart agus ansin tháinig ceist aniar aduaidh orm: An dtéann tú ar ais go Conamara go minic? Níor thuig sí a bhí déanta aici. Bhain an cheist an t-aer den seomra. Bhí ar na scámhóga iarracht a dhéanamh le anáil a tharraingt arís. D’fhéadfainn freagra a thabhairt air ach ní thuigfeadh daoine.
An ndeachaigh mé ar ais? Chuaigh. Uair amháin. Ar an mbóthar siar ó Ghaillimh an uair sin, d’airigh mé an rud céanna ach níor tháinig sé aniar aduaidh orm an uair sin. Bhí ‘fhios agam go mbeadh sé deacair. Bhí an t-aer tanaí ar dtús agus ansin níos tiuibhe go dtí go rabhamar beagnach ag an gCeathrú Rua. Ag an Sruthán, bhí sé ar nós dul isteach in uisce geiltíneach. Bhí an domhan stopaithe agus an t-am mall agus mé ag brú ar aghaidh ag súil le teacht as ar an taobh eile áit éigin. Bhí mo scámhóga lán d’eagla. Mar bhí mé ar ais in áit inar bhris duine mé. Is chuimhnigh mo chorp ar a tharla is dúirt mo chorp liom liom gan dul ar ais ansin.
Le comhthéasc nach raibh aici, is í An dtéann tú ar ais go Conamara go minic? an cheist is measa le cur orm ag an am sin.
Scéilín eile:
Bhí follow-up ann don agallamh sin is gach rud togha arís go dtí gur cheistigh sí mé faoi Trump: An mbeidh Trump imithe go luath? Ní bheidh, a d’fhreagair mé. Ach nach bhfuil jabanna ag daoine anois? Sin bréag, a dúirt mé i mo chloigeann agus díomá orm nár aithin sí é. Mar nach n-aithníonn daoine feall go minic. Is bhí mé tuirseach ó bheith ag míniú is ag míniú do dhaoine le dhá bhliain anois. An freagra a thug mé di: bolscaireacht is cúis leis an dallamullóg ar dhaoine. Cheap mo dhaltaí ón tSín agus ón Rúis gurb duine iontach é Trump mar sin a dúirt a meáin leo. Níl na figiúirí ceart.
Cad a bhí sa cheist sin: Ach nach bhfuil jabanna ag daoine anois? Devil’s Advocate i gceist?
I dTír na mBréag atáimid.
Faistriúchán. Bolscaireacht. Dallamullóg. Rudaí nár mhaith le daoine a fheiceáil. Is, dáiríre, bhíomar anseo le fada.
Faistriúchán: seift fhealltach, brí fhocal a athrú ionaisc nach dtuigfidh daoine an fhírinne. Is cad í an fhírinne sin? Aidhm: cumhacht a thabhairt d’fhaisisteachas.
Dallamullóg
In am Bush, rinne mé iarracht a mhíniú do dhaoine cad a bhí cearr le Bush is an rialtas. Níor thuig siad. Chreid siad Think Tanks ar nós an Heritage Foundation. Ainm álainn. I bhfad níos mó de Tanks ná Think sna hInstitiúidí seo. Iad ceangailte leis an MIC, le Lockheed, le Raytheon, le airgead agus gunnaí móra. Is cruthaíonn siad eagla mar sin an chaoi cogadh a thosnú. Le dallamullóg. Is iad ceangailte leis na hEAGLAisí freisin mar má tá Dia ar do thaobh, nach éasca daoine a tharraingt isteach.
Cá bhfuil an feall is mó?
Bheith múinte: sin a mharós muid. Nuair nach labhraíonn muid amach go soiléir, is cuid den fhadhb muid. Comhpháirteach. Mar atá na meáin comhpháirteach is iad ag úsáid focal a roghnaigh Trump dóibh: caravan.
Dallamullóg. Ach leanann na meáin ar aghaidh le téarmaí a chuireann dallamullóg ar dhaoine, le bheith múinte mar tháinig sé ón Teach Bán!
Céard a mhúineann na meáin, scoileanna, ár dtuismitheoirí dúinn?
Bí lách le daoine.
Ar chóir dúinn bheith lách le Hilter?
Ach fan anois! Sin thar fóir! Ní féidir sin a rá!
Tuige? Fiú má tá sé fíor? Ní Nationalist é Trump. Is Naitsí é. Ar nós Franco nó Mussolini nó Erdogan nó Kim Jung Un nó Duerte. Is breá leis scios ollmhór a dhéanamh. Is breá leis daoine a fheiceáil ag fulaingt. Tá drochmheas ag Trump ar chuile dhuine seachas é féin. Is cuma leis faoin dlí.
Is creideann daoine é. CONAS?
Tá meas ag Meiriceánaigh ar fhéinmhuinín. Is minic a thugann siad an jab do dhaoine le muinnín thar daoine oillte, daoine a thuigeann a theorainn.AG smaoineamh ar an Araib Shádach anois tar éis fáil amach go gciallaíónn Sádach Sadist. An raibh Koshoggi marbh nuair a ghearr siad i bpíosaí é? Ach leanfaidh na bréaga ar aghaidh.
Faistriúchán. Samplaí uaibh?
An Éimin: gorta nach gorta é.
Éire: gorta nárbh gorta é. Nuair a thuigeann siad nach bhfuil freagracht ann, tarlaíonn sé arís.
Breatimeacht: Sasamach atá ann i ndáiríre bunaithe ar chiníochas cruthaithe ag Farage et al.
Nationalist: úsáidthe ag Sasana le tabhairt le fios gur sceimhlithe iad na hÉireannaigh.
Ní Nationalists muid. Is Unionists muid. Tír aontaithe uainn.
Irish Border? British Border is fearr a thabhairt air. Ní raibh sé uainne.
Gaelic: It’s not called Irish, it’s Gaelic! Cloiste agam go minic. Mar a chuir siad dallamullóg ar dhaoine GO LÁIDIR!
Anois, SAM & Éire: an é an scéal céanna é?
Conas Trump a mhíniú? Conas a tharla seo ar fad ? Le Faistriúchán? B’shin an chaoi?
Dóibh siúd in Éirinn nach dtuigeann conas a bhféadfadh Meiriceánaigh bheith chomh hiomlán STUPID sin, déanaigí iarracht Dialathas na hÉireann a mhíniú do Mheiriceánaigh, daoibh féin. Mínigh Thong Gate le déanaí. Mínigh na Bons Secours (TuamBabies).
Whatever you say, say nothing, a scríobh Heaney. Sin mar atá i bhFaisiteachas. Ná habair drochrud, bí bocht is ciúin. Mar a d’éignigh siad muid le bolscaireacht!
Is fós, fanann daoine ciúin. Comhpháirteacht lena dtost.
Cad é an saol i ndallamullóg? Ní fiú é. Ní féidir anáil a tharraingt ann. Sin daoirse. Cime romham a chreideann bréaga. Cime i mo dhiaidh. Ná bí gafa leis an mbolscaireacht. Ná géill. Tá brí sa saol. Caithfear an clúdach a bhaint de na focail.
So, an Nationalist thú? Nó Unionist? Nó British? Nó Illegal?
Tuig an feall sna focail. Mínigh go soiléir é.
Tosaigh le foclóir.