Go raibh maith agaibh ar fad!
Archives
All posts for the month December, 2018
Scéilín
Ní raibh sí ceapaithe bheith ann.
Rud éigin a tharraing ann í. An ghealach? Tharla sé cheana uair fadó nuair a fuair a hathair í ag an tobar trasna an bóthair ag stánadh isteach san uisce ag meánoiche is í ina héadaí codlata. Cén aois í ag an am? A hocht, b’fhéidir?
Boys and girls come out to play. The moon doth shine as bright as day ina cloigeann anois is í ag smaoineamh air. Thaitin an doth sin léi. Fuaim ag an th nach raibh ina teanga féin, ar nós aer a phógadh le do bhéal ar oscailt. Maolaithe go cineálta ag na fiacla.
Ach anois bhí sí fásta is ciall capaithe bheith aici. Mar sin tuige an turas seo suas an cnoc, trí na coillte go hAil na Mireann? Ní raibh an oíche fuar is í in ann an tslí a bhí roimpi a aimsiú, rian na gcos fágtha ann leis na cianta. Bhí úire san aer, rithim sna cosa ag bogadh fúithi, ceol sa ghaoth bhog ag séideadh ar bharr an chnoic.
Idir ann is idir as. B’shin an fonn anois aici is í ag siúl trí na luachair go cúmarach. Bhí éan ag glaoch. Dreoilín? Nó spideog? Ait.
Idir am is idir áit a rith léi is í ag deifriú anois ar fhaitíos go gcaillfeadh sí rud, nóiméad, ócáid éigin. Chuir an linn taobh léi, lasta ag solas na gealaí, an tobar sin fadó i gcuimhne di. Thaispeáin clocha ag a cosa di an treo. Cas anseo, díreach ansiúd, dreap thar an claí.
Chuidigh an ghaoth a bhí ag ardú anois léi. Ar nós duilleog sa ghaoth, suas léi ag luascadh, ag rince anois le rithim láidir san aer. Is ar éigean a d’airigh sí an féar fúithi. Lig sí osna amach is í ar bharr an chnoic.
Thuig sí go raibh sé dorcha ach, ar chaoi éigin, bhí an radharc níos soiléire ná riamh. An tír ag síneadh amach roimpi mar bhrat smeartha le deatach is breactha le soilse i gcéin. Bhí sí i bhfad óna teach féin anois, ó na daoine sin uilig. Fós, d’airigh sí nach raibh sí ina haonar, go raibh na sluaite ar an gcnoc léi. Infheicthe.
Gáire. Sin a bhí ann. Mealltach. Lean sí é go dtí dur shroich sí garrán. Ansin, bhí grúpa bailithe le chéile. Seanóir sa lár ag damhsa. Ceoltóirí, páistí is tuismitheoirí ag breathnú air. Iad ag bualadh bos is ag déanamh spraoi. Nach uirthi a bhí an t-ádh! Ach ní raibh cuireadh aici bheith leo is mar sin d’fhan sí i bhfolach ag breathnú ar an rince.
Bhí steipeanna ag an bhfear, cé go raibh sé ag fáil tuirseach. Ní raibh fhios aici ar tharraing sí anáil i rith an ama sin, í chomh gafa ag an radharc. Am stopaithe. Nuair ba léir nárbh fhéidir leis an bhfear leanúint ar aghaidh, ní raibh neart aici air. Amach léi le damhsa leis.
Baineadh geit as. Ba léir sin. Is as na daoine eile. Ach lean an ceol ar aghaidh. Os rud é go raibh an rince ar eolas aici, tharraing sí an seanóir léi go bríomhar. Lean sé í go dtí go ndearna sé dearmad ar an tuirse air. Lean sí é is rincí aige nach raibh ar eolas aici. Neart acu. Bhí siad araon faoi dhraíocht ag an éagsúlacht. Ag casadh timpeall go raibh siad beirt spíonta.
Thar an rince seo sa gharrán, bhí ciorcal mór ann go hard sa dhorachadas ar nós an spéir bheith oscailte go cruinní eile. Tháinig fuacht an gheimhridh uirthi go tobann. D’airigh sí na daoine ag stánadh uirthi le sceoin. Thuig sí nach raibh fáilte roimpi. Rug an seanóir uirthi is í ag iarraidh éalú ach bhris si saor uaidh.
Síos gach gleann. A croí ag bualadh go tréan a thóg abhaile í. Ar an mbealch stróic crann cuilinn a cuid éadaí. Eidheann a bhain barrthuisle aisti. Sa deireadh sa bhaile, chodail sí.
Nuair a dhúisigh sí bhí an sneachta trom agus spideog amuigh sa gháirdín ag faire uirthi. D’fhógair an nuacht nach raibh eitilt ar bith ann, go raibh an loch reoite, go raibh ar dhaoine fanacht sa bhaile. Céard eile a bhféadfadh sí a dhéanamh? Bhí a cosa tinn ón rince agus ní raibh Rí an Gheimhridh marbh.
Rithim na haimsire ar fiar.
Nóta:
Líonadh agus caitheamh. Meafar é cuileann nó dreoilín do rí an gheimhridh. Meafar é dair nó spideog do rí an tsamhraidh. Caithfidh an geimhreadh (dreoilín) bás a fháil nuair a thagann an samhradh (spideog).
So, theip Corbyn orainn mar a theip Bernie Sanders orainn.
Feall. Lig siad síos sinn.
Tá an iomarca feiceáilte mar gheall ar seo.
Cé atá le trust?
Tá Nicola le trust. Brat bua réidh agam nuair atá Sasana imithe leis féin.
Trua agam do chuile dhuine ann, fiú dóibh a chreid an ciníochas gránna.
Tada eile le rá agam faoi láthair faoi Shasamach.
An bhfuil focal ar an phobia nach ligeann do dhlí na tíre ná do na meáin Rape a rá?
An phobia é nó bhfuil siad ag cosaint peidifíligh? An bhfuil an dlí chomh casta sin inár n-aghaidh? Níl sé ceadaithe Rape ná Statutory rape a rá? In Éirinn anois?
Bhí mé ag cuardach an focal Rapist san bhfoclóir. Theip orm ar dtús. Rud a chuir ionadh orm.
Ach b’shin fadó. Caithfidh tú féachaint san bhfoclóir eile, a dúradh liom, ach fós bhí ionadh orm. Nach raibh Rapists ann fadó. Cad a thug siad orthu an t-am sin? Tháinig an freagra ar ais: fir céile. Ceart ach d’fhéadfá fir a rá mar fhreagra freisin.
Cuireann GACH scéal in Éirinn faoi éigniú isteach orm. Gach uair déanann siad feall le focail, le dearcadh, le ionsaí eile, le cluiche iomlán claonta ar thaobh na leads.
Seo an ceann is déanaí ó The Irish Times
Cén ceist a chuir siad uirthi? Did you have sex with that man? Dáiríre? Fearg an domhain orainn faoi agus lig daoine maithe amach é, bld le freagraí mar
Agus aontaím go hiomlán leo. Uafásach nár scríobh siad i gceart é.
‘Have’ sex? Ar nós cupán tae a bheith ag duine? Ar son Dé, seo ionsaí eile uirthi.
Ach thuig daoine seo, mar a cheapfá
Soiléir, tuigeann chuile dhuine sin, cheapfá. Ach ansin bhí freagra amháin difriúil. Is bhain sé geit asam
Cóilín a scríobh, He was charged with having sexual intercourse with a child … An fíor sin? Níl an focal rape ann? Tuige?
So, cad é an equivalent local law seo? Abair liom ar son Dé nach seo fós is brí le Rape dar leis an dlí
Mar ní leor seo!
Mar a thuigeann daoine
Well, sin ceist, @IrishTimes Tost uafásach anseo. Cén fáth nach bhfuil freagra ar seo?
Ach níl Statutory Rape againn? Nó má tá, is leis na focail having sex a dhéanann siad tagairt dó. Nach dtuigeann na hamadáin a scríobhann seo cé chomh maslach gránna is atá seo?!
As bealach: The Irish Times, an bhean a scríobh faoi, na daoine a scríobh an dlí, na daoine a ghlacann leis.
Nuair a cheapann tú nach bhféadfadh sé bheith níos measa le Rugby Trial, le Thong Gate, le Chuile Bloody Cás sna cúirteanna in Éirinn, is léir gur namhaid í an dlí a ghortaíonn daoine atá gortaithe cheana.
Fadhb dhomhanda. dáiríre. Sampla.
Mé ag smaoineamh ar seo go léir is mé ag breathnú ar Mary Queen of Scots aréir. Chuir John Knox sa scannán eagla orm. Mar seo an saol mar atá dúinne. Contúirt chuile háit. Níl cara sa chúirt ag bean. Ní éinne le trust agus tá fuath ban uafásach láidir. David Tennant, mar John Knox lán le gráin agus scaipeann sé drochmheas ar mhná go fíochmhar mar a dhéanann Sean Hannity agus Trump et al. anois. Lock her up i mo chloigeann anois. Off with her head fadó. An meon céanna. Muid feiceáilte acu. Violated. Raped of dignity. Free game. Sin an fhadhb.
Le ceartú.
ANOIS.
Alban Arthuan: Grianstad an Gheimhridh
Solas a bhaineann le Artúr an Rí atá i gceist leis an ainm sin. Níl sé in úsáid go minic againn in Éirinn.
An-chaint againn ar an dreoilín áfach. Is breá linn cuileann freisin don teach. Agus bíonn spideog ar na cártaí Nollag againn go minic.
An scéal:
Tugtar le fios óna scríobh an file Iolo Morganwg san 19 aois gur féile seo a tharlaíonn ag grianstad an gheimhridh. Bailíonn draoithe le chéile, dreapann draoi amháin suas go drualas ar chrann is baineann an draoi sin an drualas den chrann le corrán órga is caitheann sé go na draoithe eile é ag déanamh cinnte nach dtiteann an drualas ar an talamh. Bráilín bán acu le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid.
Plandaí sa choill. Iad tábhachtach. Cloiste againn in amhrán fós ag an am seo den bhliain.
The holly and the ivy when they are both full grown,
Of all the trees that are in the wood, the holly bears the crown.
The rising of the sun and the running of the deer …
Cé go leanann liricí a bhaineann leis an Eaglais, is léir go bhfuil baint ag na liricí anseo le rud níos ársa.
Cad is brí leis an scéal?
An crann. Rud atá ag fás ar an gcrann (drualas) a mharaíonn an crann. Rud gearrtha. Rud sábháilte (an crann). Bás. Athfhás. Geimhreadh. Rud ag lonnradh, ar nós an ghrian a bheas ag taitneamh as seo amach. Bealach na séasúir a mhíniú, sa chás seo an ghluaiseacht ón ngeimhreadh go bliain úr.
Tá an t-amhrán sin The Holly and the Ivy níos sine ná mar a cheapamar. Seo ó Hone’s
Ancient Mysteries Described i 1823
- Nay, my nay, hyt shal not be I wys,
- Let holy hafe the maystry, as the maner ys:
- Holy stond in the hall, faire to behold,
- Ivy stond without the dore, she ys ful sore acold,
- Nay, my nay etc
- Holy and hys mery men, they dawnseyn and they syng,
- Ivy and hur maydyns, they wepen and they wryng.
- Nay, my nay …’
Scríobh Henry VIII amhrán grá Green Groweth the Holly ina dúirt sé go raibh sé síordhílis mar atá cuileann síorghlas: So I am and ever hath been Unto my lady true. Rud a thugann le fios go bhfuil an Rí Cuilinn le trust agus ní Rí Shasana Henry!
Scríobh Pliny (AD 24 -79) faoi gcath idir na plandaí fadó ag cur síos ar nós. Sa scéal seo,
seasann éanlaithe do na plandaí. Cath idir an dreoilín agus an spideog atá ann. Sa
scéal, is siombal é an dreoilín den Rí Cuilinn, den bhliain atá thart agus solas níos ísle.
An spideog a mharaíonn an dreoilín sa scéal. Is siombal é den Rí Darach, an
athbhliain agus an ghrian ag fás le neart. Ag comóradh bás an Rí Cuilinn atá siad. Ag
míniú a tharlaíonn sa ghreimhreadh. Ag ceiliúradh an bua ag an spideog atá siad chomh
maith. Tuigeann na daoine go mbeidh an ghrian ag dul ó neart go neart. Mar scéal
nó cath le focail nó mar dhráma le claimhte, tugann an fhéile dóchas do dhaoine.
Ar ais ag an amhrán sin, seo leagan The Contest of the Ivy and the Holly
Tá ivy anseo mar a bhí an drualas, rud a mharaíonn na crainnte. Spéisiúil go bhfuil
cuileann baineann san leagan seo, is an rud a dhéanann dochar di, fireann. Spéisiúil
freisin go mbeidh an bua ag an nith baineann.
- Holly stands in the hall, fair to behold:
- Ivy stands without the door, she is full sore a cold.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Holly and his merry men, they dance and they sing,
- Ivy and her maidens, they weep and they wring.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Ivy hath chapped fingers, she caught them from the cold,
- So might they all have, aye, that with ivy hold.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Holly hath berries red as any rose,
- The forester, the hunter, keep them from the does.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Ivy hath berries black as any sloe;
- There come the owl and eat him as she go.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Holly hath birds a fair full flock,
- The nightingale, the popinjay, the gentle laverock.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
- Good ivy, what birds hast thou?
- None but the owlet that cries how, how.
- Nay, ivy, nay, it shall not be I wis;
- Let holly have the mastery, as the manner is.
Dúradh gur mharaigh siad dhá tharbh bán ag an bhféile seo fadó. Bhí bia uathu ag an am
seo ach siombal de fireannacht é freisin an tarbh. An tarbh marbh ach thugann sé neart
do na daoine a itheann an feoil.
Amhrán againne
An Cualann
Faoi Nellie O’Grady i ndáiríre seo nó an raibh leibhéal eile san amhrán ó dhán a thosaigh
le Ceó meala lá seaca, ar choilltibh dubha baraighe?
An Chúileann nó An Chúilfhionn nó Cuileann atá ann leis na leagan eile a bhí ag an bhfocal
Cuileann fadó: Cuilfhionn?
An bhfaca tú mo chuilfhionn is í ag siúl ar na bóithre
Maidin gheal drúchta is gan smúit ar a bróga?
Is iomaí ógánach súilghlas ag tnúth lena pósadh
Ach ní bhfaigheann siad mo rúnsa ar an gcuntas is dóigh leo
Ag smaoineamh ar na hamhráin eile lán le siombail atáim nuair a léim an leagan seo aistrithe san 19 aois ón nGaeilge.Tabhair faoi deara na héin, dathanna bán agus dearg, an Nádúr, an ghrian ag dul faoi. Véarsa nó dhó fágtha amach agam anseo.
- O have you seen the Coolun,
- Walking down the cuckoo’s street,
- With the dew of the meadow shining
- On her milk-white twinkling feet!
- My love she is, and my coleen oge,
- And she dwells in Bal’nagar;
- And she bears the palm of beauty bright,
- From the fairest that in Erin are.
- In Bal’nagar is the Coolun
- Like the berry on the bough her cheek;
- Bright beauty dwells for ever
- On her fair neck and ringlets sleek;
- Oh, sweeter is her mouth’s soft music
- Than the lark or thrush at dawn,
- Or the blackbird in the greenwood singing
- Farewell to the setting sun.
- Rise up, my boy! make ready
- My horse, for I forth would ride,
- To follow the modest damsel,
- Where she walks on the green hillside;
- Where since our youth were we plighted,
- In faith, troth, and wedlock true –
- She is sweeter to me nine times over,
- Than organ or cuckoo!
- Oh, love, do you remember
- When we lay all night alone,
- Beneath the ash in the winter storm
- When the oak wood round did groan?
- No shelter then from the blast had we,
- The bitter blast or sleet,
- But your gown to wrap about our heads,
- And my coat around our feet.
Airím an téama céanna ann. Athrú ón ngeimhreadh go bliain úr.
Grianstad Sona, a chairde. Stad, mar sin agus bain taitneamh as an áilleacht
mórthimpeall orainn. Athbhliain ag teacht go luath. Dóchas san aer.
Buile croí sa bhreis
ag brú mar dhruma.
Baraillí buailte i
bport a bhagraíonn
ár gCronus againne:
an Chailleach nach caillte atá.
Itheann a leanbh í
diaidh ar ndiaidh
ón taobh istigh
le rithim seadánach
a d’fhás le fuath,
a fuair fuinneamh i línte
tarraingte ar chorp a mháthar.
An meon a chuir an síol,
ag tuiscint anois
go maróidh am
an bhunóc is
an sáiteán, é féin.
An t-achrann anois
ina líne gan phreab
ag fanacht ar leabhrú
le sleamhnú saor.
Scabhaitéir de shiolpaire.