Archives
All posts for the month January, 2019
Nílim ag dul ag caint faoi bhia. Brón orm. Blas sa teanga i gceist agam anseo. Ach tosnóimid le uisce beatha. Blasta. Cinnte. Sláinte!
Cúis le mo shaol, mo chuisle. Rithim ann. Ar rithim agus blas sa chaint atáim ag díriú inniu. Bíonn ceol sa chluas blasta freisin, agus rithim leis, mar atá i Whisky in the Jar.
Samhlaigh. Tú sa phub le cairde ag éisteacht le With a ring a mu ding u ma da agus déanann tú bualadh bos: 1, 2, 3, 4 mar caithfidh tú. Níl neart agat air. Nádúrtha. Wack for ma daideó: bualadh bos 1, 2 agus arís. Tuigeann tú an rithim. Ní thuigeann tú an wack b’fhéidir ach ní féidir ach an bos sin a bhualadh.
Tá ceol agus blas inár dteanga. Inár gceol. Ar nós bualadh bos le focail. Cén fhocail? Bhuel, má bhíonn tú ag éisteacht le Máirtín Tom Sheáinín go rialta tá By Deaid ard ar an liosta.
Tugann na Seapáinigh 相槌 Aizuchi ar seo sa teanga acusan. Sin focail a thugann le fios do dhaoine atá ag caint go bhfuil tú ag éisteacht leo, go bhfuil tú fós ann. Tugann sé cead dóibh leanúint ar aghaidh leis an scéal agus beidh am duitse ina dhiaidh, ar nós ag an gcurfá, do chuid a rá. Ach freisin, caithfear rudaí a rá ó am go ham roimhe sin. Ar nós, Meas tú? Hmm, agus Mar sin é?
Sa chaint i Seapáinis cloiseann tú abairt fhada ann agus bíonn sos beag ann ó am go ham sa lár is sin an nod duit, a éisteoir, focal nó dhó a chaitheamh isteach le rá leo gur thuig tú iad agus go bhfuil tú fós ag éisteacht. Ar nós bualadh bos i Whisky in the Jar, ó. Focail cuí sa spás ceart.
Rithim sa chaint atá ann. Ceol leis agus ceangail. Ar nós greim ar lámh is duine ag canadh ar an sean nós. Deireann sé: Táim anseo. Cloisim thú. Deireann sé: Ná bí uaigneach, i d’aonar, ná téigh ar strae i do smaointe. Deireann sé: Muid ceangailte sa chomhrá.
Níl sé mar an gcéanna sa Bhéarla. Tá aha agus I see acu ar ndóigh ach níos láidre againne.
In Éirinn, ar scoil, mhúin siad dúinn gan filíocht a rá inár mblas féin. Níorbh fhiú tada sin, dar leo. Bhí orainn dán a rá le blas ardnósach Sasanach. Anseo i SAM, múintear gan cur isteach ar dhaoine is iad ag caint. Seift an-chliste a deireann le hiriseoirí gan cur isteach ar pholaiteoirí is iad ag caint. Sin drochbhéasach, deireann siad anseo. Áisiúil do na polaiteoirí. Bac.
Scéal ag an mbean a scríobh faoin Aizuchi san alt thuas: Nuair a bhí sí óg anseo i SAM bhí bata totem acu (Yeah, tuigim!). Nuair a bhí sé sa lámh ag páiste a bhí ag caint, ní raibh cead cur isteach ar an bpáiste sin. Tost de dhíth, dúradh leo. Ó, mo chreach! Nuair a chuir páiste eile isteach le moladh nó ceist, thug an múinteoir amach faoi agus thug an múinteoir le fios don rang ar fad nach raibh sin ceadaithe.
Muidne difriúil. Aizuchi againn féin sa Ghaeilge, ar bhealach. Ár stíl féin. Máirtín Tom Sheáinín an máistir anseo, ar ndóigh. Samplaí dár nós aizuchi a chleachtadh sa Ghaeilge:
Raight,
Sin é,
Féir plé,
Ceart agat,
Ar ndóigh,
Muise,
By Deaid,
Tuigim,
Dáiríre?
Bhuel anois,
An ea?,
Mar sin é?
Na habair é!,
A mhaighdean!,
A mhac go deo!,
Mar dhea …
Cén Aizuchi sa Ghaeilge atá agatsa?
Trí. Sin an uimhir. Draíocht ann. 2019 an triú uair. Nós i gCathair na nAingeal anois í Nollaig na mBan.
Nuair a bhí mé óg, bhí sé de nós againn Nollaig na mBan a cheiliúradh i bpub Coughlan’s. As Corcaigh na Coughlans agus Coughlan b’í mo Mhamaí sular phós sí. Le chéile sa snug, d’airigh mé grá le mná ag insint a scéalta is ag gáire is ag déanamh craic. Bhí sé álainn. Bhíomar saor ó na fir taobh amuigh de la ballaí adhmaid. Thaitin sé liom.
Níor thuig mé go dtí le déanaí gur fuath ban ba chúis leis an snug i mbpub. Ní raibh ach dea-chuimhní agam. Mar sin, is mé ag cur le chéile na rudaí a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh le Conradh na Gaeilge i gCathair na nAingeal is muid ag pleanái an bhliain romhainn, bhí Nollaig na mBan ard ar an liosta de na rudaí le déanamh lenár gcultúr a roinnt le daoine anseo.
Ach ní raibh mé sásta fir a fhágáil ón bpic. Bheadh cuireadh rompu agus nós nua againn caint faoi bhean speisialta éigin go dearfach. Áthas orm gur tháinig fir: Arge, Tomás, agus Preston agus scéalta iontacha acu lán le meas do bhean faoi leith.
An nós a bhí ann fadó ná na fir a fhágáil san mbaile le maisiúcháin na Nollag a chur ar ais sa gharáiste nó áit éigin eile agus an teach a ghlanadh fhad is a bhí na mná le chéile sa phub. An Óstán Culver a roghnaíomar dúinn féin anseo in LA. Éalú le scéalta a roinnt.
2017
2018
2019
Nós ag fás. Meas do na mná.
Mar a rinne ár muintir romhainn.
Áthas orm a fheiceáil go bhfuil sé fós ann faoin tuath agus sa chathair sa bhaile in Éirinn.
Is maith sin.
Alt inniu san Irish Examiner ag Gerard Howlin. Seo beagnach líne ar líne mo fhreagraí ar a scríobh sé:
Until recently, we equated values with religion, but have swapped all that for public opinion, writes Gerard Howlin an tús leis an bpíosa san Examiner.
Er. Ní mise san we sin. Tuigimid an difríocht idir maith agus olc agus thuigeamar ón tús nach ionann sin agus a dúirt an Eaglais linn. Is breá linn ar fad an Do unto others… seachas más masochists iad.
THE move-on yesterday to introduce abortion is that we are finally in a matter-of-fact, empirical world. The “sacred” no longer has a significant public place, ar sé.
Er. Cabhraíonn an foclóir leis an dearcadh sin: Matters sacred and profane = an naofacht agus an tsaoltacht, dar le Foclóir.ie Ach tá an saol naofa agus beannaithe domsa. Feicim áilleacht san Nádúr. Tugaim urraim, ómós d’áilleacht an tsaoil. Níl baint ar bith aige sin leis an Eaglais a ghoid leanaí agus a dhíol iad. Tá lámh láidir ag an Eaglais san bhfoclóir agus caithfear sin a cheartú.
Until recently, we equated values with religion, but have swapped all that for public opinion, dar le Gerard.
Er. No. Ní public opinion atá ann ins an gcaoi ina smaoiním. Ach dáiríre, ní thuigim. An bhfuil tú ag rá gur olc an rud public opinion? Agus cén pobal atá i gceist agat?
THE move-on yesterday to introduce abortion is that we are finally in a matter-of-fact, empirical world. The “sacred” no longer has a significant public place.
Bhuel. Ní thaitníonn an empire a fheicim san bhfocal empirical liom. Ó, focail. Briseann sibh mo chroí, scaití. Sibh atá ann le dallamullóg a chur orainn.
A foundational myth of the Irish state was that because it was Gaelic and Catholic, mystically it was a continuation of what had been at the Flight of the Earls.
Myth? B’fhéidir, más ag trácht ar an mbaint leis an bhFlight sin atá tú. Ach níl mé leat fós. Ar aghaidh leat. Minigh dom é.
The new State couldn’t, however, heal the linguistic and social rupture caused by the Famine, which, by 1922, was two generations old.
An Gorta is cúis leis? Ach cé as a tháinig an Gorta? Linguistic and Social rupture, an ea? An na mílte, mílte marbh mar gheall ar Trevelyan is a leithéid atá i gceist agat? An bhfuil an Bata Scoir san áireamh san rupture sin?
Agus seo an íomhá a leanann sin!

Gaelic Ireland proved to be a shibboleth. Nearly everyone paid lip service to a language that almost no-one spoke.
Ní minic a chloisim an focal shibboleth in Éirinn. An This is Catholic Ireland atá i gceist aige? An frása a chuala Savita. But isn’t Ireland Catholic? a chloisim anseo go minic. Not by choice, a fhreagraím. It was imposed. Níor ghlac mé leis riamh leis an bhfása. Ní shin mo thír ach arm atá san bhfása le cumhacht a ghoid.
In Catholic Ireland, nearly everyone practised a religion that, there is reason to suspect, almost no-one really believed in.
A! Seans go bhfuilimid ar an leathanach céanna, Gerard! Cén fáth nár lig tú sin amach sa chéad líne?
In shifting our identity, abortion is comparable to the loss of the Irish language after the Famine, and to the rejection of organised religion, as prescribed the Catholic Church, over the past 40 years.
I can’t think of another instance, in so short a time, when pillars of identity as fundamental as language and religion were as completely cast aside. Ireland is as defined now by what it walked away from as what it stands for.
Och! Turas fada seo! Pillars? Bhfuilim le himpireacht arís? Níl religion chomh completely cast aside sin in Éirinn! Nach bhfuil greim láidir ag an Eaglais ar oideachas na tíre fós? Iad i gceannas ar 90%+ de na bunscoileanna. Níl scoil ar bith sa tír saor ó reiligiúin. Dialathas fós againn, a mhac. Dúisigh! Tá difríocht ollmhór idir religion agus cumhacht na Vatacáine is a leithéid. Nílimid ag iarraidh tada a cast aside ach daoirse. Agus, BY DAD, nílimid ag caitheamh uainn ár dteanga!
January is called after Janus, the two-faced god, because it looks to the future and the past. The custom of opening doors, letting in the new and out with the old, comes from his rite.
A! Creideamh. Págánach. Ach ní Éireannach. Tuige? Nár mhaith leat caint faoi Lá an Dreoilín mar shampla?
In between our loss of language and religion,
No agus No.
Irish nationalism provided an interlude.
Cad é Nationalism? San lá atá inniu ann, ciallaíonn sé drochrud. In úsáid sna meáin le tagairt a dhéanamh ar NeoNazis srl. Cumhacht ag focail. Arm. Sasana atá Nationalistic le Sasamach. Ciníochas láidir ann. Nár chuala tú, Gerard? Muidne na Unionists anois. Aontaithe leis an tuaisceart agus leis an Eoraip. Ach shur, ar aghaidh linn le interlude éicinnt. Is breá liom ceol.
It was based on notional adherence to a language that the new State failed to revive.
Ó, a mhac! Tú ar thalamh chontúirteach anois! Molaim duit freastal ar Pop-Up Gaeltacht go luath. An tír seo aithrithe níos mó ná mar a thuigeann tú!
Tá níos mó san alt ach ní féidir liom dul ar aghaidh. Neart mícheart ann, ar ndóigh.
Ach, le bheith dearfach, an ceart agat anseo, Gerard: Tá the power of agency againn anois agus what continues unabated is the sense of righteousness. Sin fíor.
ACH, maidir le
So busy were they running vast organisations that not just overlapped the State but outbid it, it is understandable that the clergy had so little time for religion
tá tú i bhfad ró-lách anseo! Níl leithscéal do na Crimes Against Humanity acu. Muid braon den Dialathas, de Fhaisiteachas. Ní chieftains a bhí i lucht na hEAGLAise ach criminals. Criminals freisin iad a thug tacaíocht dóibh.
We are a hybrid of church and state, ar tú. Sin Dialathas, Gerard. Sin uafás.
Saol gan Eaglais is Sasana partly unpalatable, meas tú? Leigh mise an small print agus buíoch as. Principles Abú.
Molaim a scríobh Anne Anderson a léamh.
Caithfear tacaíocht a thabhairt do ghrúpa saor ó Ethos na hEaglaise atá FÓS lán le fuath ban. Sibh ag éisteach, Rialtas na hÉireann? Do NOT support misogynistic organisations. Lose the Parish mentality. Cearta #1.
Léigh faoi anseo.
Christ, it’s near time that some small leak was sprung in the great dykes the Dutchman made – Heaney
Éire? IRA. Sin mar a thuigeann daoine Éire. Sin a d’fhoghlaim siad as Béarla ón nuacht. Sin a d’fhoghlaim muidne is a cheap muid féin. Faitíos ar dhaoine aon rud a rá faoin taobh eile, aon taobh eile. In am caint faoi anois.
Lig amach an fhírinne. Níl dhá thaobh in aon ngleic. Tá na mílte acu ann. Dearcadh. Sin an rud. Ach nuair a bhí mé ag fás aníos, ní raibh ach taobh amháin ann: an IRA. Sceimhlitheoirí. Sin fíor. Ach céard faoi na sceimhlitheoirí eile?
Nuair a tháinig mé go dtí an tSeapáin i 1985, bhí leanbh agam ach focal ar bith agam den Seapáinis. San árasán beag bídeach an chéad seachtain dom sa tír, bhí cnag ar an doras. Ní raibh mé gléasta i gceart. Níor chodail mé go maith is an leanbh ag iarraidh bainne an t-am ar fad. Garda a bhí ag an doras. Gan Béarla aige agus gan Seapáinis agam. Ach ní raibh sé ag imeacht. Mar sin, thug mé cuireadh isteach dó teacht isteach is d’ofráil mé cupán tae dó. Leag mé foclóir ar an mbord agus faoi dheireadh fuair sé amach gur as Éirinn mé. Lean ceist an t-eolas sin: IRA? Seans maith nár chuala sé faoin na sceimhlitheoirí an RUC, na B Specials, ná an UVF, nó an UDF, ná MI6. Collusion sa chiníochas.
Tá na mílte, mílte ar fud an domhain nár chuala trácht ar an UVF, an UDA, an RUC fiú is lámh rialtas Shasana sa ghleic nach Troubles iad ach cath is dúnmharú, scrios is goid nár thosaigh mo thír.
Spreag scéal ar Twitter an blag seo mar a tharlaíonn go minic. Smaoineamh ó Claire: be a tourist in my own country more often a gheall sí a dhéanamh as seo amach. AN-smaoineamh. Dearfach. Bhí mé réidh le tabhairt faoi. Anseo i dtír eile agus sa bhaile. Le Gaeilge. Mé spreagtha. Ach ansin chonaic mé tweet eile ar an leathanach céanna agus cuimhnigh mé ar an gcúis nár thaisteal mé go dtí na Sé contaetha go dtí go raibh mé fásta. An bac a bhí ar mo thír le saighdiúirí is gráin a choinnigh mé ó na sé, na wee six, le bagairtí is foréigean. Teorainn. Gráin acu orm agus ar Éireannaigh. Ná déanaimis dearmad air.
Seo scéal inniu faoi mar a bhí sé is mé óg anseo. Líne amháin a sheasann amach ann: That night the RUC ran amok in the Catholic Bogside, smashing windows, shouting sectarian abuse and beating anyone who tried to oppose them. Nach bhfuil lead ón RUC i gceannas ar na gardaí anois? Tuige?
Scéal a dó ar Twitter thuas faoin Miami showband. 1975. Deacair a thuiscint go raibh fhios ag rialtas na hÉireann. Feall. Ach thar sin ar fad, bhí mé ag cuimhneamh ar bhliain roimhe sin. 1974. Bhí mo dhearthair ag staidéar i Sráid Bolton agus é ceapaithe bheith ar Shráid Talbot nuair a phléasc an buama ansin i mBealtaine 1974. Le fada cheap mé gurbh é an IRA a rinne é. Neart nár thuig mé is mé óg. Thuig mé go raibh mo thuismitheoirí scantraithe go dtí go bhfuair siad an nuacht go raibh sé slán. Fhios agam anois gur an UVF atá ciontach as.
Taisteal ar fud na tíre?
Nuair a d’iarr mo chara Catherine orm na focail as Gaeilge a scríobh amach go simplí di, rinne mé sin. Is chan sí le grúpa as Gaeilge cé nár thuig sí na focail. Chuaigh sí leo go dtí an tuaisceart. D’inis sí an scéal dom nuair a tháinig sí ar ais faoi mar a tháinig na saighdiúirí isteach sa teach san oíche. Ní raibh fonn orm dul ansin riamh.
Mar sin, ba bhreá liom dul ar fud na tíre ach fós imní orm mar gheall ar chiníochas May et al. Fós linn le Sasamach. Ce muidne agus cé iadsan?
That Norman, Ken and Sidney signalled Prod
And Seamus (call me Sean) was sure-fire Pape.
O land of password, handgrip, wink and nod,
Of open minds as open as a trap, – Heaney
Cé as a tháinig na Anglos, na Saxons iad féin?
Ní Anglo mé, ná Saxon, ná British. Is Gael mé. In am é a rá go soiléir. Ghoid sibh ár dtr agus drochmheas agaibh orainn is ar ár gcultúr. Bhíomar ciúin rófhada
Where tongues lie coiled, as under flames lie wicks,
Where half of us, as in a wooden horse
Were cabin’d and confined like wily Greeks,
Besieged within the siege, whispering morse. – Heaney
Basta le Morse, le Gaelic in áit Irish, le British Isles in áit Éire agus oileán eile.
Éileamh ar views on the Irish thing na laethanta seo. Decode the dam and let the truth flow. Ye were terrorists, ye guardians of Empire and are still capable of blaming us for your crimes.
Tuigimid cé sibh.
Dearcadh a bhí agam anuraidh mar théama. Le daltaí ó thíortha éagsúla i bhfad i gcéin sa seomra céanna, caithfidh siad foghlaim conas an taobh eile (nó go leor, leor taobhanna eile) a fheiceáil is a thuiscint.
Seo thuas pictiúr iontach ó Padraig Belton ar Twitter @PadraigBelton le tús draíochtúil a chur le 2019. Ó chonaic mé é, nílim in ann féachaint ar 2019 gan eros a fheiceáil. Ag an gcéilí aréir thóg mé grianghraf le rinceoirí agus ceoltóirí le 2019 sa scathán. D’fhógair cailín (Morgan) go raibh sí geallta is a bhuachaill ansin léi le ceiliúradh ag an gcéilí. Fuair sí bualadh bos agus liú Comhghairdeas! D’inis mé di faoin eros i 2019 agus stop sí le smaoineamh air. Tháinig ionadh is gliondar uirthi. It’s a sign! ar sí. An ceart aici. Le radharc agus le meon aigne. Dearcadh éagsúil le cúrsaí a fheabhsú! Tá draíocht ann. Focail in áit uimhreacha. Dóchas is grá in áit dáta. Nach maith sin!
I measc na freagraí a fuair Padraig ar Twitter bhí gliondar ar an gcuid is mó ach diabhlaíocht ann chomh maith.
Eros? Ní fhéadfaidh sin bheith go maith, dar le duine amháin ag tagairt do chleasaíocht Cupid.
Níos fearr ná Thanathos, a d’fhreagair duine, agus an ceart ar fad ag an duine sin.
Tháinig diabhlaíocht ar ais le Seachas muna bhfuil ann ach a mhalairt de 2019.
Ná mill é, ar mé, ag an bpointe sin.
Cheap daoine áirithe gur sore (Béarla) a bhí ann agus iad ag léamh ó dheis go clé.
Dearcadh arís. Ag ceapadh go mbeadh teorainn crua againn?
Rinneadh trácht ar amhrán le Bring me a higher love. Rud a chuir mé i ndea-ghiúmar.
Ó Stephen Murphy a tháinig an chomhairle go mbíonn brí rúnda ann i gcónaí nuair a fhéachann tú ar rudaí ó dhearcadh éagsúil. Aontaím, Stephen. Mar a dúirt Leonard Cohen
Tháinig greann sa chaint le Further erosion of our moral standards… Áthas orm faoi.
Rinne duine trácht ar Chluiche na Corónach ag rá go raibh an West ar iarraidh. Mar a fheicimid an domhan! Ach anois, nuair a fhéachaim arís air …
Más fíor, b’fhearr liom an teacht le chéile le grá. Creidim gur féidir. Cibé a chreideann sibh, guím bliain lán le eros, le grá dúinn go léir.
Bhí mé chomh tuirseach sin ag deireadh na bliana i 2018 nach raibh mé in ann dul ar aghaidh gan sos. Bhí codladh uaim. Bhí mé fíorshásta le gach a rinneamar i 2018: 300 rang sa bhliain agus imeachtaí go leor. Ach bhí mé spíonta. Ag an gcéilí aréir fuair mé amach go ndeachaigh Preston go dtí an Irish Times (pub) dom le comhaireamh ó 10 go 1 as Gaeilge ag méanoíche am Éireannach mar a rinne mé bliain i ndiaidh a chéile roimhe seo. Chomh buíoch sin go ndearna sé sin! Fuair mé amach go ndeachaigh rinceoirí Céilí Rua go dtí an Tam a Shanter le fáilte a chur roimh 2019 le rincí gaelacha i ngan fhios dom. Maith iad! Chomh buíoch sin. Chuala mé gur thug The Ploughboys moladh do Chéilí Rua an oíche sin (maith sibh Liana agus Erin agus Malisa) agus táim chomh buíoch sin as. Tá grá tharainn. Nuair nach bhfuilimid in ann dul ar aghaidh, tá cairde ann le croíthe móra. Táim chomh bródúil sin astu.
EROS ABÚ!
Dán le Máire Burns thíos: