Scéal inniu faoi Strictly Business, seó le Big Mountain ar RTÉ One. Thug Sonya Lennon le Strictly Business comhairle do Bhláth na Mara: roghnaigh ainm atá éasca le déanamh amach. Mar a fheiceann Sonya é, ní Gaeilge sin.
Rud nach dtuigeann Sonya: tá blas álainn ar an nGaeilge (muna bhfuil tú lán le gráin ar an teanga: rud a mhúin impireacht duit).
Ainm álainn as Gaeilge ag Bláth na Mara: Eilír. Téann Sonya amach leis le taispeáint do Bhláth na Mara nach bhfuil luach sa teanga mar ní bheidh daoine in ann é a rá. Eh, ná déan sin! Céard air a bhí siad ag smaoineamh.
Tá Sonya ciontach as an t-uafás seo ach Big Mountain ciontach freisin is iad ag rá nach bhfuil ann ach jóc, Ha ha. Duine ar bith eile ag gáire faoi. Go leor feargach faoi.
Níl seo ceart go leor.
Seo a d’iarr Tuigim ar Sonya ar dtús:
Ach ansin bhí Tuigim blacáilte ar an bpointe.
Mar sin, d’fhág sí freagra le @RTEOne di
Tuig go leor eile an fhadhb.
Mar shampla, ar chóir fáil réidh le frásaí ar nós An Taoiseach, Dáil Éireann, Raidió Teilifís Éireann srl?
Seo ciníochas ag Sonya agus ag Big Mountain. Aithin sin. NÁ glac leis.
Freagra, le bhur dtoil: Big Mountain, RTÉ One, Sonya Lennon?
Nuacht anocht. McCarrick defrocked. Faoi dheireadh. Ach ní leor sin. Príosún an áit dó.
Dóibh siúd a cheapann go bhfuil gach rud togha san Eaglais anois, níl. Féach ar an bhfís thíos agus tuig go bhfuil an EAGLAis seo i gceannas ar 90%+ de scoileanna na tíre & neart ospidéil chomh maith! Níl seo ceart go leor. Ar chor ar bith. Is ní eisceacht an fear seo.
I mbéal an phobail anois? Fear ag caint le Turbidy. Duine ón Ré Dhorcha, cheapfá ach ní hea, faraor. Is Exorcist é, deireann sé linn: díbreoir deamhan nó eacsaircistí.
Yep. Iad fós ann
Nach bhfuil sin thart le fada? Nach rud ó fadó fadó é?
Sasana: 1655
Ceapann an Eaglais gur Witch Hunt é a rá gur fearr Stát/Eaglais a scaradh.
Is iomaí fear a bhíonn ag tabhairt amach faoi Witch Hunt (na créatúirí!): Harvey Weinstein, Donald Trump, George Hook, Bill Cosby, Liam Neeson (scil nach bhfuil aige? Fanacht ciúin!). Et tu, Liam? Bhris tú ár gcroíthe! Téarma uafásach é mar BHÍ Witch Hunts ann i ndáiríre agus lámh láidir ag an Eaglais ann. San Eaglais atá na deamhain i ndáiríre.
Dúirt cód Lombard i 643:
Let nobody presume to kill a foreign serving maid or female servant as a witch, for it is not possible, nor ought to be believed by Christian minds.
Maith iad a scríobh sin fadó! Cliste. Thuig siad go raibh ciníochas is gnéasachas i gceist. Fíor fós.
Ní raibh cumhacht ag na focail sin i bhfad, faraor. Uafásach cruálach a rinne an Eaglais leis na cianta sa chrosáid, sa chúistiúnacht srl. Cruálacht mar sin fós ar siúl in áiteachaí ar fud an domhain. San Araib Shádach, mar shampla. Fir ag marú eachtrannaigh, go háirithe mná mar ‘chailíní aimsire’ ó thíortha eile, mar is féidir leo. Nach spéisiúil nach bhfuil focal sa Ghaeilge againn ar bhean sa phost sin! Cad a deireann sin?
In ainm Dé nó Allah, an leithscéal ag daoine a mharaíonn an iomarca de na mná seo san Araib Shádach.
Samhlaíonn an leabhar The Handmaid’s Tale domhan mar sin le fir i gceannas ag ceadú cruálacht le focail ón mBíobla. Nuair a léigh mé é, smaoinigh mé ar na Magdalenes. Ag iarraidh an rud is measa a dhéanamh do bhean? Goid a leanaí agus díol iad.
Sin a rinne an Eaglais atá FÓS i gceannas ar oideachas na hÉireann.
Ach sin thart, raight? Gach rud togha anois? Níl.
An Eaglais fós ag cosaint peidifíligh. Is fós is í an Eaglais atá ag déanamh dochair in Éirinn. Ní anois le Magdalenes. Ach tharla siad. Ní leis na Tuam Babies. Ach tharla siad. Ní leis na Industrial schools. Ach tharla siad.
Ach chuile lá beo tá páistí na tíre ag rá a bpaidreacha mar deireann an Eaglais, atá ciontach as na Magdalenes agus na Tuam Babies srl, leo a bpaidreacha a rá. Fir i ngúnaí gan clú acu (ar nós mo dhuine sa bhfíseán thuas) ag rá le scoileanna cad a chaithfidh na páistí a dhéanamh agus glacann an rialtas, na ceardchumainn, na múinteoirí, na tuismitheoirí, na páistí leis seo mar…? Tá múinteoirí, páistí, is éinne a thuigeann cad atá cearr leis seo ag screadadh ina gcroíthe. Mar tá Dialathas againn.
Cad atá le déanamh?
Fág an Eaglais as oideachas na tíre.
Is fuath liom a dhéanann an Eaglais inár scoileanna. Nuair atá scoileanna is ospidéil acu, tá an tír ar fad acu.
Comhrá ar Twitter inniu:
An tír againn ina Dialathas ach tada ag tarlú le sin a cheartú. Ní maith le daoine a admháil go bhfuil fadhb ann.
Maidir le mo dhuine Pat Collins ón Ré Dhorcha thuas, ná ceap nach nglacann an Eaglais lena deireann sé. Sin a chreideann siad FÓS. Clár faisnéise le fáil ar Netflix faoi shagart Éireannach nach maireann: Malachi Martin, Ciarraíoch. Éasca caint fúthu nach bhfuil ann níos mó. Tarlaíonn an dochar seo sa bhaile chomh maith le thar lear. Deas do Netflix. Uafásach do dhaoine le fadhbanna acu i ndáiríre.
Caitheann siad an cheist amach faoi gclár seo Hostage to the Devil: arbh a) warrior for Christ é nó b) a charismatic charleton an Malachi Martin seo? Gabhfaidh mé le rogha b). B’fhearr caint faoi na diabhail fós inár measc. Iad atá i gceannas ar oideachas na tíre. FÓS. An gcreidfeá?
Horror be thy name.
Eacsaircistí, a thugann siad orthu féin: Pat Collins is a leithéid. An-chosúil le Sacristy. Is iomaí deamhan a bhí sa sacristy ag éigniú páistí in Éirinn. Scars ag na páistí sin do deo. M’athair, nár mhair ach lá amháin sa scoil leis na Bráithre Críostaí. Athair le m’fhear chéile. Sin ba chiús lena tromluí gach oíche aige, measaimid. Gortaithe go dona. Dearthaireacha. Duine amháin ar a laghad go dona.
Deamhan é an tEacsaircistí Pat Collins ar an Late Late gléasta i ndubh le dronuilleog bhán ar a mhuineál aige. Ach ag fágáil teanga na hEaglaise ar leathtaobh, is coirpeach é.
Coireanna aige ón méid a dúirt sé:
“Oppression from evil spirits” is cúis le daoine ag iarraidh iad féin a mharú, dar leis. Ní chabhraíonn sin le duine ar bith. Sin contúirteacht. Bréag contúirteach a dhéanann dochar. B’fhearr a rá le daoine dul ag caint le dochtúir faoina bhfadhbanna. An Eaglais í féin ciontach as daoine ag iarraidh iad féin a mharú.
Fuath ban. Ba léir gur iad na mná a mheallann an diabhal isteach, dar leis. Is thuig sé a rinne sagairt eile is ní dheachaigh sé go na gardaí faoi. Ach shur, nach bhfuil na gardaí fós leis an Eaglais!
Seo, a dhaoine uaisle, meon aigne na hEAGLAise. Seo an Dialathas againn. Dochreidthe AINEOLACH. Dochreidthe contúirteach.
Is ag an Eaglais seo atá oideachas na hÉireann! FÓS. Smaoinigh ar sin! Tá aineolas i gceannas. Níos measa ná an DUP. Smaoinigh ar sin!!!
Cé mhéad eachsaircistí atá ann? Ní fios.
Tá TheInternational Association of Exorcists ann. Bunaithe i 1990 ag seisear. Ghlac an Eaglais leo i 2014. Tá eacsaircistí ceapaithe bheith i chuile dheoise sa tír. Seans go bhfuil an uimhir níos lú ná sin (buíochas leis na déithe!). Ach deirtear go bhfuil freelancers ann ag obair don eaglais.
Stop agus smaoinigh ar sin freisin! Céard?! Ceist agam anois: cá fhaigheann siad a gcáilíochtaí agus an bhfuil seo ceadaithe ag an HSE?
Ach níl an Pápa mar sin? Raight? Níl an Eaglais mar sin anois?
Eacsaircistí é an Pápa é féin:
Cé hiad in Éirinn?
Cullinan
Léirigh an tEaspag Alphonsus Cullinan (Lios Mór & Port Láirge) i 2018! go raibh sé ag bunú “a crack team” le deamhain a dhíbirt. Duine nua á dtreanáil acu le deighleáil leis an ‘éileamh ollmhór.’
2. Phonsie
Ar an raidió WLR, léirigh an tEaspag Phonsie go raibh go leor daoine ag iarraidh cúnamh ó eacsaircistí.
Tuige? Cad atá na deamhain ag déanamh? Cén fhadhb atá ag daoine leo?
i) Uisce beannaithe ar nós uisce ar fiuchadh, mar shampla. Meas tú ar chuir duine sóid aráin ann?
ii) Cártaí le paidreacha orthu ag eitilt san aer, mar shampla. Meas tú an raibh sé gaofar?
iii) Cros chéasta ag eitilt thart, mar shampla. A bhuel. Cinnte go bhfuil déagóir sa teach leis an iomarca am saoire aige nó aici. Sin cleas iontach. Féir plé. Innealtóir as seo amach.
iv) Giuirléidí ag lascadh ann agus as, mar shampla. Ar chóir nasc lag a mhíniú dó?
Coireanna
D’inis Phonsie scéal faoi a tharla do chara leis (sagart). Cailín a bhí ann. ar sé. “A professional girl, young”. Céard sa diabhal a chiallaíonn sé sin?! Tháinig a máthair isteach léi. Agus bhí ceathrar fear (rugby types, ar sé!) leis an gcailín a choinneáil sa chathaoir (!).
Ar ghlaoigh éinne ar na gardaí? Cé hiad na fir atá ciontach? Cé hé an sagart? Cé hí an mháthair? Ceistigh Phonsie faoi ANOIS!
Labhair Ponsie faoi ar an raidió:
“The priest had warned the four guys beforehand: just make sure you’ve gone to Confession and one guy didn’t go to Confession, one of the four, and the girl with a voice that wasn’t hers, it was a male voice coming out of her, actually called out the sins of your man, the guy who hadn’t gone to Confession.”
Fan agus smaoinigh ar seo ar fad. ‘Fhios ag an gcailín faoi pheacaí duine acu. Ach tá an sagart ann leis an bhfear a chosaint agus an cailín a choinneáil ciúin, le ceathrar fear láidir. Rudaí mar sin ar siúl san Araib Shádach, ag Isis, ag an Taliban, ag Religious Police i nDialathas.
Smaoinigh arís. Sin atá againne lenár Magdalenes, ár dTuam Babies, ár bpeidifíligh cosanta ag an Eaglais. Dialathas atá sa tír seo FÓS agus le fada.
Cumhacht ag an Eaglais amháin.
Ní maith leis an EAGLAis eolaíocht: is fuath leo dream ar bith eile a chabhraíonn le daoine.
Sagart i nDún na nGall ag tabhairt amach faoi Yoga. Ón diabhal a thagann sé, ar sé.
Phonsie ag tabhairt amach faoi Reiki. “You’re channelling energies – you could well be opening yourself up to letting a spirit in, which is not good and is dangerous stuff,” ar sé ar an raidió. Raight! Contúirteach i gcomparáid lena tharla don chailín sin agaibh?!
3. Collins
Is eacsaircistí é Pat Collins (an sagart a bhí ar an Late Late) i mBaile Átha Cliath, dar leis féin. D’oibrigh Collins in éindí le William Lendrum (Church of England) le deamhan a dhíbirt i gCo. Doire. Dáiríre? Cé a bhí ólta?
Cásanna
Leabhar faoi ‘chásanna’ in Éirinn scríofa ag David Kiely agus Christina McKenna: The Dark Sacrament.
Scéalta go leor i SAM chomh maith. Féach anseo. Léigh ón mBíobla mar chomhairle acu? Níl ansin ach atreorú. Ach tuigeann an Eaglais atá sí ag déanamh, raight? Smaoinigh arís. Samplaí uainn ó áiteachaí eile.
Cás A
I 1976, is mé 14, fuair an Ghearmánach Annaliese Michel (23) bás. Ní go nádúrtha.
Nuair a bhí Annaliese 16, bhuail taom í. Titimeas mhaithán na huisinne, an chúis. Ach b’fhuath léi íocóin is chuala sí guthanna nach raibh ann. Mar sin, thóg a tuismitheoirí í go sagairt í. Botún.
Tar éis bheith le heacsaircistí ar feadh deich mí is gan dóthain uisce is bia aici agus deamhandíbirt déanta uirthi faoi 60 (níor thuig siad nach raibh sé ag obair?), fuair sí bás. ‘Sé sin, mharaigh siad í. Bunaíodh an scannán The Exorcism of Emily Rose ar an gcás seo.
Go príosún leis na sagairt agus na tuismitheoirí, buíochas le Dia.
Cás B
Mharaigh Michael Cleary a bhean, Bridget Cleary i 1895. Dúirt Michael go raibh sí tógtha leis na daoine sí. Mar sin dhóigh sé í. Deamhan dhíbirt? Raight! Bhí sí tinn, ach mharaigh sé í. Is bhí ‘Eacsaircisteadh’ aige mar leithscéal.
Cás C
Mharaigh a clann féin bean (41) ón gCóiré. Tháinig póilíní orthu sa Ghearmáin i 2015. Bhí an bhean bhocht ceangailte go leaba in óstán, a béal clúdaithe, agus bhuail siad í lena ‘Eacsaircisteadh’ ar feadh dhá uair a chloig. Fuair sí bás. Mharaigh siad í.
Go leor, leor cásanna mar seo ann. Seo an fhadhb. Má cheapann daoine i ndáiríre go bhfuil siad ag troid in aghaidh an diabhail, beidh troid uafásach ann. Ní oibríonn sin mar (ionadh na hionadh) níl deamhain ann. Nuair atá daoine tinn, tá leigheas uathu. Ní reiligiún.
MAR SIN, caith reiligiún as scoileanna is as ospidéil. ANOIS. Agus Gardaí, faigh na deamhain inár measc. San Eaglais atá siad. Freagracht de dhíth. Agus abair leis an tír go bhfuil brón oraibh faoin gcaoi inar chuidigh sibh agus a chuidíonn sibh leis an nDialathas agus NÁ déan arís é!
An Eaglais i SAM.
Ó mo thaithí féin, chonaic mé lead a d’éignigh buachaill óg seolta go scoil eile gan ‘fhios ag na daltaí sa scoil nua cad a bhí déanta aige. Le scannal a sheacaint. Scoil Chaitliceach. D’fhág mé an scoil sin. Chonaic mé cailíní ag foghlaim gur modh na rithime amháin atá ceadaithe agus go bhfaighidís ailse ón bpiolla. Tá focal eile ar dhaoine a úsáideann modh na rithime: Tuismitheoirí. Is an traenáil a bhí ann do mhúinteoirí? Seo mar a bhí. D’fhág mé an scoil sin. Scoil Chaitliceach. Ní eisceachtaí seo. Seo mar atá.
Fanacht leis an Eaglais = Déanamh in Éagmais eolais, saoirse, dóchais, sonais.
CAITHFEAR Stát/Eaglais a scaradh sa bhaile. ANOIS. acu
But the Irish-American men of the church in America? The Cardinals? Nach cairde iad?
Nach bhfuil an Eaglais ag déanamh obair iontach do na deoraí? Níl. Agus ní bheadh duine le coinsias leis an Eaglais fós is fios acu faoin dochar a dhéanann siad. Má tá sé sa chloigeann ag daoine go bhfuil misean anseo i SAM agus gur maith an smaoineamh bheith ag comhoibriú leis an Eaglais: NÁ DÉAN SIN. Tuig mar atá an Eaglais i SAM. Seo an scéal inniu.
Cé hiad na hÉireannaigh-Meiriceánaigh seo?
Ray Burke? Cara an Naitsí Bannon?
Creideann an cairdinéal Raymond Burke (tagann a mhuintir ó Chorcaigh agus Tiobraid Árann) gur iad an dream aerach is cúis le éigniú na leanaí san Eaglais. Níl. Cara é Ray leis an Naitsí Steve Bannon agus beidh Steve sa Róímh le cúnamh a thabhairt do Raymond cúrsa a eagrú faoi cheannas.
2. Cara é an cairdinéal Dolan le Trump.
3. An cairdinéal agus peidifíleach Mc Carrick agus iad a chosaint é?
Warning: Ye probably got it from the title but there will be code-switching ahead.
Speed, bonny boat, like a bird on the wing … Over the sea to Skye.
An Ghaeilge ar Skye: An t-Oileán Sciathánach.
Ceist: Cén fáth ar chuir siad an Ghaeilge sin ar Skye? Sin an cheist a spreag seo inniu.
Freagra agam: Ní raibh an Béarla ann ar dtús. Caithfear sin a thuiscint. Níl sa Bhéarla Skye, nach Béarla é, ach praistriúchán: drochiarracht focail a scríobh is a rá gan meas ar an mbrí atá leo.
Ar ais ag an amhrán. Cailiúil do dhream nua anois le leagan Outlander de
Cuireann sé as do dhaoine scaití mar níl na liricí mar an gcéanna ach bunaíodh an leagan seo ar dhán le Robert Louis Stevenson i 1892 poem Sing Me a Song of a Lad That Is Gone
Sing me a song of a lad that is gone,
Say, could that lad be I?
Merry of soul he sailed on a day
Over the sea to Skye.
Mull was astern, Rum on the port,
Eigg on the starboard bow;
Glory of youth glowed in his soul;
Where is that glory now?
A lass that is gone ag Outlander in áit éan ag eitilt ag Outlander ach ar bhealach, d’eitil Claire ó am amháin go ham eile.
A bird on the wing. Cá bhfuil an sciathán? Éan ag eitilt i gceist? Éalú? Sciathán?
Raight, Wiki le do Bhéarla nach ndéanann trácht ar áiteachaí nach bhfuil suim ag Sasana iontu go minic, inis dom faoin ainm Skye ldt.
Skye:
(Nóta – Mise ciontach as na habairtí i gcorcra. Ní raibh neart agam air!)
Blurred Lines, chuile háit anseo, chomh maslach leis an amhrán leis an tideal céanna.
Níl éinne ciontach anseo. Just, tharla rudaí. Clearances that replaced entire communities with sheep farms (cé a rinne sin arís?). Nó má tá duine ar bith ciontach, nach iad na hAlbannaigh féin atá ciontach. Jacobite risings led to the breaking up of the clan system and subsequent Clearances. Dáiríre? Agus ná habair Albanach, ar son Dé. In aon áit!
A, Béarla! Tú chomh dílis sin dod’ Impireacht! Le fada.
Agus cad a deireann an teanga, an Ghàidhlig, Scottish faoi seo ar fad? Ye know, ina bhfoclóir féin:
Soiléir go leor domsa.
Tha mi sgìth de na Blurred Lines ar fad sa Bhéarla. Nuair nach bhfuil siad ag tarraingt líne ar mhapa, tá siad ag glanadh amach brí agus daoine le clearances sa teanga, sa stair, sa tuiscint den domhan orainn anois.
In am rudaí a rá go soiléir, go dtuigfidh an domhan ar fad cad a tharla is cad atá ag tarlú.
RT @IrelandinLA: It's the week of the Santa Barbara International Film Festival 🌊✨, and there are SEVEN #Irish films playing over the next… 15 minutes ago