Míthuiscint.
Nach minic a tharlaíonn sé! Go mór, mór nuair atá tú ag iarraidh teanga nua a labhairt. Mar shampla an uair sin a rinne mé iarracht Ní labhraím go maith. Tá náire orm a rá sa Spáinnis.
Mise: No hablo muy bien. Estoy embarazada.
Leads: Felicidades! (Comhghairdeas)
Ciallaíonn embarazada go bhfuil bean ag iompar, ní go bhfuil náire uirthi. Úps.
Níos measa fós an uair a tháinig mo mhúinteoir Mitake San ar cuairt ón tSeapáin is bhuail sé le mo chlann don chéad uair. Bhí sé chomh bródúil sin gur chleachtaigh sé óráid don ócáid le rá leo an meas a bhí aige orm. Níl Béarla éasca dó. Thosaigh sé go maith. Caitríona is a wonderful person, ar sé. Bhí mo dhearthaireacha is a gcéilí breá sásta leis sin. Lean sé ar aghaidh gur tháinig sé go dtí an líne dheireanach den óráid a bhí réitithe aige: Caitríona and I are very intimate, ar sé. Tost uafásach. D’fhéach gach duine i mo threo agus ansin ar mo chéile le trua. Thuig seisean a tharla leis an teanga ach bhain an-taitneamh as an nóiméad: git!
NO! ar mise agus náire an domhain orm. Ach níor chreid siad mé. Bhí m’aghaidh chomh dearg sin agus Mitake San ag rá gan stad, Yes, yes, we are! ag iarraidh cuidiú liom agus ag déanamh cúrsaí i bhfad níos measa. Is féidir liom gáire faoi anois ach ag an nóiméad sin, frustrachas ollmhór orm is níor thuig Mitake a rinne sé mícheart.
Bhí an ceart aige dar leis an bhfoclóir ach caithfear rabhadh a thabhairt do dhaoine conas focail a úsáid agus an tuiscint a bhainfidh daoine astu. Níor léigh sé brí #2.
Tá cumhacht ag foclóir. Brí. Sin jab le dualgas fíorthabhachtach. Tuiscint nó míthuiscint. Míníonn an foclóir (nó teipeann ar an bhfoclóir a mhníniú) an saol. Go minic cuireann sé daoine ar strae. Mar a dhéanann na meáin. Go minic. Go háirithe anois.
Caithfear focail a thuiscint i ndáiríre. Tá an oiread sin praiseach déanta d’fhocail ag cinnirí gan croíthe go bhfuil focail casta, brúite, is truaillithe. Ná caith na focail sin isteach san bhfoclóir gan comhthéacs.
Labhraíonn gasúir (agus daoine fásta gan clú) in Éirinn leo faoi Nationalism nó Unionism sa Bhéarla mar tá tuiscint amháin acu ar an bhfocal Nationalism atá álainn is lán le tírghrá gan fuath ach ní thuigeann siad go bhfuil tuiscint iomlán difriúil ag formhór na ndaoine i dtíortha eile ar an bhfocal sin is iad ag éisteacht leo. Focal eile ar NeoNazism atá acu siúd air. Muid ag rá i ngan fhios dúinn féin gur fundamentalist supremacists muid. Díoladh Sasamach le ciníochas. Ní thuigeann gasúir cad is fuathchaint ann muna bhfuil an bhrí sin in aice le focail a bhaineann leis sin san bhfoclóir. Sin fadhb ollmhór. Neart le ceartú. Cumarsáid #1.
Sampla eile inniu de mhíthuiscint. Is mé ag cuardach immigrants, seo a fuair mé:
Saigheada curtha isteach agam thuas. Níl duine ar bith neamhdhleathach agus níor mhaith linn (tá súil agam) go mbeadh daoine ag caint mar sin, go mbeadh gasúir ag ceapadh nach bhfuil tada cearr le sin a rá.
Cé as a tháinig na focail? Tuige? Ansin atá an bhrí.
Nuair a bhíonn mo dhaltaí ag scríobh aistí, molaim dóibh rud a dúirt duine cáiliúil a chur isteach san aiste. Bíonn abairt ó Heaney nó Mandela acu go minic. Ach bhí ráiteas ag duine uair a bhí cuma álainn air seachas gur tháinig sé ó Hitler. Cé as a thagann na focail agus cén bhrí atá acu i ndáiríre? Caithfear smaoineamh ar sin nó beidh an foclóir lán de chaint an KKK agus gan tuiscint ar ghasúr atá cearr leis.
Sin mo dhá cent inniu, a dhaoine uaisle.