
Bím ag iarraidh ar an INTO go minic labhairt amach faoin nDialathas againn in Éirinn. Iarraim orthu an fód a sheasamh ar son cearta daonna agus gan ligint d’Eaglais a chosnaíonn peidifíligh bheith i gceannas. Iad fíorchiúin le fada. Bhí mé fiosrach faoi.
Tá feabhas tagtha ar mo thír sa chaoi go bhfuil pósadh aerach dleathach agus rogha ag bean is féidir léi a dhéanamh lena corp féin. Bhí troid fhada ann (in aghaidh na hEaglaise) le sin a bhaint amach. Bhí sé pianmhar agus ar an mbealach roinn daoine scéalta a bhris ár gcroíthe is thuigeamar gur tharla seo dár muintir romhainn mar gheall ar smacht na hEaglaise ar an tír. Ach ní raibh éinne ag caint ar Stát/Eaglais a scaradh. Ait.
Greim.
Ceapann daoine go bhfuil saoirse agus daonlathas acu ach ní mar sin atá cúrsaí. I Sasana, íocann daoine maithe cáin don rialtas ach ní thuigeann siad go n-úsáidfaí an t-airgead sin le cuidiú leis an Araib Shádach leis na mílte, mílte a mharú in Éimin ná go bhfuil daoine ag fáil bháis den ocras sa tír sin mar gheall ar an ionsaí sin. Níor roghnaigh feirmeoir i Sasana sin. Ní thuigeann sé go bhfuil sé ag tarlú. Níl guth aige ann. Mar an gcéanna i SAM. Íocann daoine cáin agus úsáidtear an t-airgead le páistí a scaradh óna dtuismitheoirí ag an teorainn agus níl fhios ag na tuismitheoirí cá bhfuil siad níos mó. Rud a chuireann i gcuimhne dúinn na Magdalenes nuair a fuair an Eaglais airgead ón Stát le páistí a thógáil óna dtuismitheoirí is tá na mílte fós ag cuardú le fáil amach cá bhfuil a bpáistí. Níor roghnaíomar sin. Ní daonlathas sin. Ní muidne, na daoine, a bhí i gceannas ach fórsaí dorcha.
So, bhí ionadh orm inniu nuair a chonaic mé tweet ón INTO. Bhí logo acu nach bhfaca mé cheana agus pictiúr de na daoine atá i gceannas anois acu. Seo é

ABAIR LIOM, LEADS, GO BHFEICEANN SIBH AN FHADHB ANSEO!
Ar fhaitíos nach bhfeiceann sibh é, seo atá agaibh ar bhur suíomh Twitter fhéin:

An bhfeiceann sibh anois é?
So, agus mé ag iarraidh agus ag iarraidh le fada, fada an lá oraibh an fód a sheasamh in aghaidh cruálacht na hEaglaise agus ar son oideachas saor ó iompúchán, an é go bhfuil sibh róchompórdach leis an Eaglais agus sin an fáth nár chuala mé freagra uaibh? Is breá leis an Eaglais fir amháin bheith i gceannas. Oireann sin daoibh.
Bheadh sé éasca an Dialathas a bhriseadh. Ní gá ach a rá leis an Eaglais nach bhfuil sé cóir dóibh bheith i gceannas, nach nglacann sibh lena riail agus go bhfuil oideachas saor ó iompúchán uaibh. Má dhéanann gach múinteoir sin le tacaíocht ón INTO, is féidir briseadh saor ó ghreim na hEaglaise.
Ach tost uaibh ar an ábhar seo. An bhfuil sibh sásta le Ré na Magdalenes? Sásta lena tharla do na Tuam Babies? Sáta le simfiseatóime? Sásta le dream a chosnaíonn peidifíligh fós bheith i gceannas oraibh? MAR, muna ndéanann sibh tada leis an gcóras a athrú, sibh ciontach sa choir leo.
Is mé ag staidéar i Careysfort fadó, bhí 330 sa bhliain sin. Leads sa mhionlach le 30 acu. Ní dheachaigh an chuid is mó acu go léachtanna go minic ach ag deireadh na bliana, d’iarr siad ar na mná óga leis na nótaí is fearr an t-eolas a chóipeáil dóibh. Mo léan, nár roinn óinseachaí obair na bliana leo mar bhí siad lách is múinte le croíthe móra agus níor mhaith leo na leads a dhiúltú. Nuair a fuaireamar jabs, ag na leads ar fad a bhí na postanna mar príomhoidí. Ach cheap mé go raibh an ré sin thart. Go dtí go bhfada mé an pic seo inniu ar Twitter. DÁIRÍRE?! Tada athraithe!
Seo fadhb OLLMHÓR! Is mé sa bhaile feicim cailíní óga ag siopadóireacht le leabhar Teagaisc Críostaí a cheannach. Hijab ar na cailíní sin. Inis dom an ciall ansin. Tuig an drochmheas ansin. Níór roghnaigh mé mo reiligiún riamh. Fórsa atá ann. Córas gan rogha. Níl scoil ar bith sa tír saor ó iompúchán fiú más Educate Together atá ann. Ní córas saor ó religiún sin. Agus an Bord Patrúnachta?! Pater? Dáiríre? Nach BHFEICEANN sibh é?!
Cinnte go raibh Dóchas linn Naomh Pádraig i scoileanna fós i Márta i 2019. Éist leis na liricí: É do chloigh na draoithe, croíthe dúra gan aon mhaith. Samhlaigh páistí ag canadh sin. Tuig an masla ann. Tuig an drochmheas ar ár sinsir, ar ár gcultúr, ar aon chreideamh ach creideamh mar a leagann Impireacht na Vatacáine amach é.
Tuigim go bhfuil polaiteoirí fós atá fite fúite leis an Eaglais, go bhfuil paidreacha sa Dáil, an Angelus ar an raidió. Tuigim. Ach tuigim freisin go bhfuil seo IOMLÁN as bealach. Tá go Samhain againn le rudaí a cheartú. Tá Sasamach ag teacht. Ná habair riamh arís: This is a Catholic country. Ní leis an Róimh Éire. Athraigh an bhrí leis na dathanna ar an mbratach: Glas – an Nádúr, Bán – síocháin, Oráiste – an ghrian. Athraigh sa bhunreacht a chaithfidh cinntiú nach bhfuil Stát agus Eaglais le chéile níos mó. Seo thíos déanta ag an Cholóim i 1991. Bhunaigh siad a mbunreacht nua ar chearta, ní ar Dhia ar bith.

Tá Stát agus Eaglais scartha acu.
Más mian linn an tuaisceart a mhealladh le cónaí linn gan eagla, déan seo. Ar son gach rud maith, déan seo. Ní raibh sé ceart ná cóir riamh oideachas na tíre a chur i lámha na hEaglaise.
So, heló arís, INTO. Níl sibh mar a cheap mé go mbeadh sibh agus tá AN-Díomá is FEARG orm faoi sin. Ach seans agaibh cúrsaí a cheartú.
- Is léir go bhfuil cuótaí de dhíth oraibh. 50/50
- Seas an fód ar son Stát/Eaglais scartha.
- Diúltaigh reiligiún a mhúineadh agus tabhair post eile do mhúinteoirí a mhúineann reiligiún faoi láthair. Ná lig d’íómhánna na hEaglaise bheith i scoileanna náisiúnta agus éirigh as gach sórt iompúchán.
SAOIRSE UAINN!
