Note: This post is not finished. There are so many more things to add. Huge thanks to Steve Pribyl who spoke and played and recorded for others and for being brave. To everyone who came from near and afar, for those (CIACLA) who made this space available to us. To those who brought watermelon and those who set out brown bread and cheese and those who were quiet but were there. Will be adding more when I can.
We had two celebrations here. The first was to hold ourselves up as we waited for word of the official wake. We gathered at CIACLA.
Seo an pictiúr a chuir Mark Romano amach. Míle buíochas leis. This is the picture of Peter from his brother Mark that captures the light and joy he brought with him everywhere.
Ceiliúradh a bhí ann i ndáiríre, cé go raibh ár gcroíthe briste. Daoine ag teacht le chéile le cuimhniú ar Peter Romano a d’imigh uainn róluath: le caint faoi, le ceol a chasadh is rince a dhéanamh, le bheith ann lena chéile, le grá a roinnt mar a rinne sé linn. Ní raibh a fhios againn ag an am ach ba é taom croí a ghoid uainn é. Ní raibh éinne ag súil leis.
Bhailigh ceoltóirí, amhránaithe, filí, daoine le scéalta, rinceoirí, cairde in aon áit amháin le cuimhniú ar saoi a bhí imithe romhainn. Saoi le croí ollmhór.
Bhí seisiún ann ar dtús ag CIACLA ach bhí sé deacair a dhéanamh amach cár thosaigh an seisiún agus cár thosaigh an tórramh ach bhí sin an-nádúrtha go deo. Thaitneodh sin leis. Go hoifigiúil, stad an seisiún ag a trí agus thosaigh an tórramh ina dhiaidh sin ach bhí roinnt mhaith de na ceoltóirí ann do Pheter ón tús.
CEOL: Bhailigh na ceoltóirí le chéile! Le cláirseach, bodhrán, fidil, feadóg, giotár… Tháinig siad ó i bhfad, i gcéin. Mar bhí orthu bheith le céile le cuimhniú ortsa, Peter. Is chas siad ón gcroí le grá is le meas is le buíochas is le scil. Is bhí sé iontach.
Ealaín
Sin ealaín Maser, Éireannach, sa chúlra. Rud a thaitneodh leis freisin, ceapaim. Muid fíorbhuíoch as an spás seo a fháil ó Matthew Nevin agus ó Shinéad Finnerty-Pyne don ócáid seo. Chonaiceamar a rinne sibh! Mo cheol sibh! Beidh cuimhne i bhfad ar an gcineáltas seo. Chabhraigh sé go mór. Bhí gá géar leis is bhí faoiseamh ann.
Ealaín na linne seo le ceol linn leis na cianta. Pics le Lynnette Kay
Is bhí an ceol thar barr mar tháinig sé ón gcroí.
Amhránaíocht
Tá sé fíor. B’é ár laoch é. GRMA, Saya! Bhí mé ag ceapadh go raibh sé ann ag éisteacht agus ag breathnú anuas orainn.
Chas Eoin, Pat, Ken, is go leor eile amhráin den scoth is thit na deora is bhí leigheas ansin.
Rince
Bhí idir óg agus aosta ag déanamh rince ann. Bhíodh fáilte i gcónaí ag Peter roimh na rinceoirí. Is d’ardaigh sin ár gcroíthe. Is minic a tháinig sé isteach sa rince lena ghiotár linn.
Tuilleadh pics agus físeáin ag teacht. GO RAIBH MAITH AGAIBH, laochra atá fanta againn in LA agus sibh a tháinig ó áiteachaí eile i gcéin. Thug sibh ómós dó mar is cóir. Seo an chuid is fearr dínn. Bheadh áthas air ceol mar seo a chloisteáil, le tuiscint go leanfaimid ar aghaidh le cairdeas is cineáltas mar a mhúin sé dúinn a dhéanamh.
The second wake and celebration was held at the Celtic Arts Center 8/5/2019 agus seo mar a bhí. Bhí sé plódaithe, mar is cóir is bhí a dhearthair is a chlann ann. Pics le Joeseph Lopez.
Roinn daoine, scéalta, amhráin, rine, ceol is bhí grá san aer. Ardmheas do Mark Romano a bhí ina fhear an tí. Sárjab! Naomh a bhí i Peter Romano a d’ardaigh muid ar fad le grá is cineáltas. Mairfidh a mhúin sé dúinn go deo.
Ceiliúradh 1
Ceiliúradh 2
Mé chomh buíoch sin as a thug sé dúinn ar fad! Seo cuimhne amháin
Anseo a fuair Conradh na Gaeilge spás lán le fáilte is grá.
Seo an leagan a roghnaigh mé dó den Parting Glass:
Abair Slán
Liricí:
1. Bhuel cibé saibhreas a bhí aige, tá sé caite ar a chairde dhíl
Agus cibé dochar a rinne sé, dó fhéin a rinne sé an dochar sin.
Níl rud ar bith suarach a rinne sé. Ní bheidh dearmad air is é sa chré.
Curfá: Líon go barr an gloine is abair, Slán.
Oíche mhaith is aoibhneas daoibh, mo chlann X2
2. Is iomaí uair i lár an lae go raibh muid thíos & muid ar strae
Thug sé cabhair dúinn is muidne thíos agus thug sé fáilte romhainn ar ais arís.
Ba bhreá liom seans sular imigh sé, le rá leis gurb é solas an lae.
Curfá: Líon go barr an gloine is abair, Slán.
Oíche mhaith is aoibhneas daoibh, mo chlann X2
3. Na cairde uilig a bhí aige, tá siad brónach go bhfuil sé imithe.
Is an ceol a bhí aige ina chroí, tá sé liom is mé ag dul a luí.
Tá bóthar fada le taisteal fós, ach cuimhní againn ar a nós.
Curfá: Líon go barr an gloine is abair, Slán.
Oíche mhaith is aoibhneas daoibh, mo chlann X2
Agus seo ó Peter é féin. Comhairle dúinn ar fad. GRMA, Jas Hilsdon
Saya, you need to make an album of his songs, a chroí.