O, what a tangled web we weave when first we practise to deceive! – Walter Scott
Teangled má chuireann tú teanga le tangled. Béarla, go háirithe, i gceist. Ó, Béarla! An dochar a dhéanann tú! Tá d’fhocail níos cumhachtaí ná buamaí agus glanadh eitneach, scrios, agus goid ar siúl go laethúil le focail sa Bhéarla le fada. Conas? Dul amú le téarmaí. Mar shampla…
Cad é Britain? Cad í an dhifríocht idir Britain agus Great Britain? Is English British? Are Scotland and Wales countries? What is northern Ireland nó Northern Ireland? Ní tír í. Agus cé a tharraing an teorainn ar an mapa agus an raibh siad ar meisce is iad dhá dhéanamh? Teipeann ar an gcuid is mó de dhaoine na ceisteanna seo a fhreagairt i gceart. Agus nuair a chuireann tú an cheist Cén Béarla atá ar Ghàidhlig? ní bheith freagra amháin ann agus beidh bosca Pandora lán ar oscailte agat i ngan fhios duit. Tuige? Tá Béarla casta agus cúis leis sin. Oh what a teangled web they weave… Agus an impireacht atá san Ríocht Aontaithe ar tí titim, is fiú dul trí na téarma a chuir daoine amú chomh fada seo.
Scríobh mé sa Bhéarla thuas. Deacair sin a sheacaint scaití. Ach tosnóimid ansin. Cad é Béarla? Sacs-Bhéarla ó bélrae ó béal (mouth) go Béarla. Yer mouthings are killing us, erasing us. Yer killing us slowly (not softly) with your words. Glanadh eitneach atá ar siúl le fada agus ag dul in olcas anois. Ní thuigeann daoine eile ná muid féin cé muid níos mó. Sampla de dhíth.
An Spáinnis:
CSUN. Ollscoil i gCalifornia. Mo chéad lá ann. Cuir an t-ollamh mé (la gringa) in aithne don rang. Caitríona es anglo-sajón, ar sé. Ní hea, ar mé. Ni anglo, ni angla, ni sajón, ni sajona. Además, estos países no existen más hoy en día. Níl na tíortha sin ann níos mó. Yeah, bhí mé mar seo ó bhí mé an-óg. Pretentious a thug siad air. Focal a chuir isteach orm. Ach ní anglo-sajona mé. Is Éireannach mé agus ní cóir d’éinne é sin a ghoid uaim. Pues gaélica, arsa an t-ollamh leis na rang. ¿Habla galés? a d’iarr sé uaim.
A Thiarna, tabhair foighne dom!
Irlandesa, ar mé os ard. Y hablo irlandés. Ní raibh an téarma aige.
Ní drochdhuine é an t-ollamh. Ní raibh ann ach nach raibh fhios aige. Fuair siad ‘eolas’ ón mBéarla is chuir siad sin sa Spáinnis agus san turas sin, chuaigh m’fhéiniúlacht amú. Níl fhios ag daoine cé muid. D’fhoghlaim siad ón mBéarla is d’imir Béarla cleas suarach orainn. Tá trua agam dóibh.Nuair a chuireann siad ceist cén t-ainm sa Bhéarla ar Ghàidhlig, ba chóir go bhfaighidís Scottish ach níl an rogha sin ann agus faigheann siad go leor téarmaí in áit téarma amháin, na creatúirí, rud a chuireann daoine amú. Níl an fhadhb sin le Welsh, Manx, Cornish, ná Irish.
Agus féach a tharlaíonn le Welsh sa Spáinnis!
Tá difríocht ollmhór idir Cymraeg agus Gàidhlig! Teangachaí éagsúla amach is amach iad. Is teangachaí éagsúla iad Gaeilge, Gàidhlig agus Gaelg. Níl seo (léigh é le bhur dtoil agus tuig an fhadhb OLLmhór leis) ceart mar is léir nuair a chreid bean gur Gaelic iad uilig agus thosaigh sí ag cur cláracha ó TG4 ar shuíomh do dhaoine ag foghaim Gàidhlig chomh minic sin go raibh orthu a rá léi éirí as. MAR ní Gàidhlig a bhí ann ach Gaeilge. Caithfear é sin a rá go soiléir. Is caithfear foclóir a bheith ar fáil do dhaoine nach gcreideann gur teanga amháin atá i nGaeilge, Gàidhlig, agus Gaelg. Níl Gaeilge na hAlban oiriúnach. Níl Scottish Gaelic oiriúnach. Tá Scottish.
Bíonn daoine fíochmhar liom ag rá nach Irish an teanga ach Gaelic. Níl sin fíor. Déanann sin damáiste. Goideann sé an náisiún ón ainm. Níl sin ceart ná cóir. Seift, cleas, feall atá ann agus tuigim go bhfuil go leor nach bhfeiceann sin fós mar dúirt Béarla leo rud eile ach, leads, insíonn Béarla bréaga go minic.
Mé fíorbhuíoch as Dara Ó Briain le déanaí nuair a mhínigh sé gur Irish atá ar Gaelige sa Bhéarla. Maith é!
Tuigimid nuair nach bhfuil fáilte romhainn. Tuigimid nuair atá drochmheas ag daoine orainn. Muid cleachtaithe leis. Tuigimid freisin gur fhás daoine in áiteachaí ina mbeadh faitíos ar dhaoine Irish a rá. Is mise ag fás aníos b’ionann Irish a rá agus Terrorist a rá dar leis an mBBC agus do neart sa tuaisceart bhí contúirt ollmhór ann is bhí orthu a bhféiniúlacht a choinneáil faoi cheilt. Whatever you say, say nothing. Is má deireann na saighdiúirí leat go bhfuil tú ag labhairt Gaelic, níl tú ag dul ag déanamh argóint leo. Níor tógadh sa tuaisceart mé mar sin bhí ionadh orm nuair a tháinig mé go SAM le fáil amach nár ghlac daoine le Irish anseo. Gaelic a thug siad ar mo theanga. foghlamtha acu ón mBéarla (nach Béarla agus Béarlachas é ach sin scéal eile). ACH nuair a smaoiním air, ní cóir go mbeadh ionadh orm. Na Sasanaigh a bhí anseo lena impireacht is na Redcoats i gceannas is faitíos ar dhaoine roimh JFK mar níorbh protastúnach é is na fógraí anseo le No dogs, No Irish glúin ó shin. Ach ní raibh mé ag súil leis sin in ionad do Na Ceiltigh. Ach tharla sin. Ciníochas ann. Roinnt acu ag ceapadh gur British muid agus go mba chóir dúinn meas a thaispeáin don bhanríon. Dochreidthe!
Ach ar maidin inniu, bhí ionsaí eile ann. Ní le focail ach le gunnaí. Rud coitianta anseo i Sam.
Is thosaigh mé ag smaoineamh ar a dhéanann impireacht is rinne mé iarracht a fháil amach cé a dhéanann na gunnaí. Seo a fuair mé amach. SAM is mó ach an Ríocht Aontaithe sa dara háit. Ach bhí mé fiosrach cén áit san Ríocht Aontaithe. By Deaid bhí sé deacair an t-eolas sin a fháil amach. Tá Scotland agus Wales imithe. Ní fhaigheann tú anois ach UK. Sin scrios. Sin goid. Líon mé isteach ab’fhéidir liom. Sasana is mó atá ciontach.
Níl ann ach an Ríocht Aontaithe anois. Tá Albain imithe de réir Cuardach Google. Féach a tharla nuair a chuardaigh mé SMO fiú:
Ceacht le foghlaim. Ní maith leis an impireacht náisiúin is níl meas aici ar teangachaí éagsúla ná cultúir éagsúla. Caillimid ár náit sa stair muna seasaimid an fód go soiléir.
Níl aon I’m UKish ann. Abair I’m Scottish más sin thú. Níl ach bréag i mBritish. Abair I’m Welsh nó I’m Cornish más fíor sin. Ní náisiún é NI. Níl ann ach bréag. Goid. Seo ár n-oileán. Fáilte roimh go leor daoine ó thíortha eile in Éirinn ach bíodh meas agaibh ar ár gcultúr le bhur dtoil. Tá ciníochas gránna. Raightso. In am dul ag an trá don Éireannach seo i SAM. Cearta, grá, meas: creidim i saoirse agus mo theanga féin. Hup. Braon d’ionsaithe na himpireachtaí. Gabhfaidh mé ag éisteacht leis na tonnta. Faoiseamh ann.
Chuir mise ‘like’ air seo … fhad ‘s a tha mi ‘ga thuigsinn …