Comhrá san aer in eitleán.

Cé a roghnaíonn jab mar shaighdiúir agus cén fáth? Ní raibh mé ag súil leis an scéal seo ach mar a tharlaíonn sa saol go minic, tagann rudaí aniar aduaidh ar dhaoine. Tharla an ceann seo ar eitleán beag ar mo bhealach go Montana. D’fhan a tharla liom ó shin is tuigim anois nach féidir liom gan scríobh faoi. Tá ualach le roinnt agam. GRM agus GML.
Ar an eitleán bhí mo shuíochán ag an bhfuinneog agus bhí orm cúnamh a fháil ón lead óg (fichidí?) ina shuí in aice liom. Tugtha faoi deara aige.
Can I put your bag up for you, Ma’am?
Sin mar a thosaigh an comhrá mar a tharlaíonn go minic. Och, cuireann an téarma Ma’am sin isteach orm chomh mór sin! Béasach, dar leo.
Thanks. Do you mind if I ask you not to call me Ma’am? It’s just it kind of means a crotchety old schoolteacher where I’m from. I know it’s different here. Sorry.
Mhínigh sé.
My Mom would beat me if I didn’t say it.
Jóc. D’aithin mé gur mar jóc a dúirt sé sin. Ar bhealach. É gealgáireach sa chaoi ina dhéanadh daoine jóc faoin gcailín imithe go Sasana mar dhea in am na Magdalenes. Ha ha. Tuigimid ar fad an fhírinne. Ní fiú caoineadh faoi mar sin an saol. An chéad tost uaim ansin. Bhris mé an tost faoi dheireadh le comhthéacs, le dearcadh éagsúil.
Níl sin ceadaithe in Éirinn. Níl sé ceadaithe páistí a bhualadh. Ach bhí fadó.
Tost.
Go raibh maith agat as cuidiú liom leis an mála.
Le rudaí a chur ina gceart, bhfuil fhios agat. Ní thuigeann sé an bagáiste againne. Ní thuigim a bhagáiste.
Fadhb ar bith. Is breá liom an blas agat. Cé as a thagann sé?
Seo linn.
Is breá liom an blas ar do chaint freisin. As Éirinn mé.
Sheacain sé an I like yours too. Spéisiúil.
Cén áit in Éirinn?
Nach iomaí comhrá mar seo a bhíonn agam.
Baile beag. Téann gch duine tríd is stopann éinne ann.
Níl sin fíor ach taitníonn an freagra sin le daoine áirithe. Thaitin sé go mór leis. Leath na súile air.
Dáiríre?
Aoibh. Rud a spreag é. Ba as baile beag é féin. Stevensville.
Bhí mé in Éirinn uair. Éireannach mé ar thaobh amháin de mo mhuintir.
Curfá anois b’fhéidir.
Cá háit in Éirinn an raibh tú is tú ann?
Bhí sé ag breathnú orm le feiceáil an raibh mé le trust. Nílim. Níor thuig sé sin.
Aerfort na Sionainne.
Buille faoi thuairim agam ansin.
Airm?
Is líon sé bearnaí.
Ag dul go dtí an Afganastáin.
Tost. Mé ag smaoineamh. Tuigim a tharla ar eitleáin ag Aerfort na Sionainne. Tuigim a chiallaíonn extraordinary rendition. Bhí íomhánna agam i mo chloigeann de na daoine istigh sna heitleáin agus iad scantraithe mar céasadh rompu is fhios acu sin agus iad le cloigeann clúdaithe, ró-the, a lámha ceangailte, is ceol uafásach ina gcluasa. Cad a cheapfadh Sionann is a daideó, Lir, faoi a tharla ar aerfort na Sionainne? Chuimhnigh mé ar na heitleáin a rinne SAM iarracht a choinneáil faoi cheilt ach bhí na griangrafanna feicthe agam, pics glactha ag Shannon Watch, bail ó na déithe orthu. Tost. Cinneadh. Ba cheart…
Tuigeann tú nach bhfuil na eitleáin ceadaithe bheith ansin? Tá muid neodrach. An raibh agóidí taobh amuigh?
Thuig sé ansin cé mé.
Mí-ádh bheith in aice le sochánaí?
Iarracht bealach amach a thabhairt dó. Bhí freagra aige. Caithfidh go dtarlaíonn seo go minic dó.
Muid ag cuidiú le daoine ann. Murach sinne, bheadh siad marbh.
Bíonn siad chomh siúráilte sin dóibh féin.
Cá bhfios duit? An labhraíonn tú a dteangachaí?
Ní raibh mé ag súil lena fhreagra. Bhí roinnt mhaith de theangachaí na háite aige. Bhí cúis leis.
Bhí mé ann níos mó ná uair amháin.
Níor chreid mé go raibh sé chomh flúirseach is mar a cheap sé.
Cé mhéad uair?
Is chuir sé ionadh orm.
Seacht n-uair go dtí seo.
Seacht? SEACHT? Cén aois é an lead seo? Tour, mo thóin! Ní turas atá ann. Served, mo thóin. I bhfad níos measa ná sin. Cén aois é? Tríochaidí? Dia dár sábháil! Caithfidh go raibh seo ar fad le feiceáil ar m’aghaidh. Caithfidh go raibh mé ag stánadh air le mo bhéal ar oscailt. No. An béal dúnta ach mo chroí istigh ann. Tost. Ansin, go mall agus go ciúin…
Conas mar a bhí?
D’fhéach sé orm go cúramach. Le trust nó gan le trust? Sin í an cheist. Ach thosaigh sé ag caint. Tugth faoi deara aige go raibh mé i ndáiríre ag iarraidh a scéal a thuiscint. Nuair a bhí sé ag tosnú amach, cheap sé nach mbeadh sé ann ach uair amháin. Anois thuig sé an feall ina dúirt siad leis. Ach shur, c’est la vie. Lean sé air le scéalta faoin saol ansin agus dúirt, idir rudaí eile,
Níor thug na mná ann aire dá bpáistí.
Fan. Céard? Creideann sé sin? Tuige? Conas?
GML. Dúirt tú nach dtugann na mná aire dá bpáistí. Conas sin?
Ba léir gur chuir sin isteach air.
Ligeann siad do na páistí bheith ag súgradh ar an tsráid. Is cuma leo fúthu.
Fan soicind, a mhac!
Cén fáth a ndéanann siad sin, meas tú?
Ní raibh ach drochmheas aige ar na mná ann. Tada le rá aige faoi na fir ach an locht ar fad ar na mná. Úaú. Just úaú.
That’s above my pay grade.
Bhuel! Bhuel! Bhuel! Tost. Anáil isteach. Anáil amach. An fhírinne ghránna ins na focail sin. Fuath ban mar leithscéal. Acu ar fad ansin? Hmmm. Go mall, go ciúin, go dáiríreach ag breathnú air …
Is minic a d’úsáid daoine an leithscéal sin sa stair.
B’fhéidir nár chóir dom féachaint air. Ní mar sin a bhíonn comhrá ag na leads de ghnáth. Labhraíonn siad gan féachaint ar a céile go minic.
Tá muid ag sábháil daoine. Is laochra sinn. Is í SAM an tír is fearr ar domhan.
Le bheith féireáilte bhí mé tar éis caint faoi Fort Benning, School of the Americas, agus American interests agus faoi mar a theipeann ar airm SAM thar lear chomh minic sin, sa chomhrá so bhí air a dhream a chosaint ó na hionsaithe uaimse, mar a thuig sé cúrsaí.
An gcreideann tú i ndáiríre gur í SAM an tír is fearr ar domhan?
Gan sos ar bith
Creidim sin.
Chreid mé gur chreid sé sin. Bhí air, is dócha.
Céard faoi na teaghlaithe scartha óna chéile ag an teorainn?
Ní chóir do na mná sin a leanaí a thógáil leo anseo.
Mná? Ar na mná amháin an locht arís! D’airigh mé an tinneas cinn ag teacht. Torann sna cluasanna. Soilse geala. Ar nós drúmaí ag bualadh go hard i mo chloigeann.
An mbeifeá sásta dá mba rud é gur tharla sin dod’ mhuintir a tháinig go SAM romhat?
Freagra ar bith ar sin.
Bhfuil fhios ‘at, mhol m’fhear céile dom dul a chodladh ar an eitilt seo. Sin a dhéanfaidh mé anois.
Is sin a rinne mé. B’fhéidir uair a chloig ina dhiaidh nuair a d’airigh mé an t-eitleán ag ísliú sa spéir, dhúisigh mé is bhreathnaigh mé amach an fhuinneog.
Úúúúúúúú!
Tú ceart go leor?
Bhí imní air.
Ó. Tá. Níl ann ach… Tá sé chomh hálainn amuigh ansin. An bhfuil cónaí ort thart anseo?
Tá.
Bród meascaithe le aire.
Tá an t-ádh ort. An bhfuil tú ag dul abhaile ar saoire? Le do mhuintir a fheiceáil?
Tá.
Bain taitneamh as.
Go raibh maith agat. Bain taitneamh as do thuras féin.
Bhí muid beirt i ndáiríre. Is bhí sé in am dúinn dul amach is síos pasáiste in aerfort an-bheag. In áit slán, dúirt mé
Tabhair aire duit féin. Bí cúramach amuigh ansin.
Thuig sé go raibh mé lán i ndáiríre. Ar aghaidh leis i dtreo an Slí Amach. Bhí sé níos tapúla ag siúl ná mé. Ní raibh sé ach cúpla slat amach romham nuair a chuaigh sé síos ar a ghlúin le glacadh le barróga óna leanaí. Ceathrar acu. Agus barróg óna bhean chéile. Grá mór do Dhaidí a bhí ag teacht ar ais. Grá mór d’fhear lán le gráin do mhná i dtíortha eile, do mhná ó thíortha eile. An raibh fhios acu faoi sin? CEATHRAR? Is go tobann ní raibh mé in ann deigleáil leis. Bhris sin mo chroí. Líon mo shúile le deora.

Ní bheidh sé sa bhaile i bhfad go dtí go mbeidh air dul ar ais le bheith ina shaighdiúr arís. Seans nach bhfuil rogha eile aige le airgead a fháil dá chlann. Sa seomra folctha san aerfort sin, thit na deora amach go trom. Cén focain domhan atá cruthaithe againn? Cé a dhéanfadh domhan mar sin dá ngasúir?
Thuig mé is é ag dul as radharc go bhfanfadh a scéal liom, mar thaibhse.
Sular tháinig mé abhaile trí lá ina dhiaidh sin, bhí cúpla uair a chloig agam dom féin. Ar thaobh an bhóthair, chonaic mé an treo go Stevensville. Cúpla mhíle as an mbealach. Maith go leor. Chas mé an roth stiúrtha is chuaigh mé siar in am go Historic Stevensville.

Áit álainn ach uaigneach b’fhéidir.

Siopaí ann ach duine ná deoraí thart.

Páirc idir na siopaí.

Is pub, ar ndóigh.
Seans go raibh i bhfad níos mó ná seo ann ach d’airigh mé nach raibh rogha ag saighdiúir Montana. Is briseann sin mo chroí. An taibhse fós thart. A scéal fós i mo chluasa. Mo chroí fós trom. Seo teip ollmhór.