Míle buíochas leis an údar is iriseoir, Bonnie Greer. Is í ag caint faoin ‘Good Friday Agreement‘ ar BBC Question Time le déanaí, labhair sí go soiléir faoin dallamullóg le focail ag Béarla. Ní Good Friday Agreement ach Truce atá ann, ar sí. An ceart aici.
“Ireland owes this country nothing. Ireland owes this country no concessions, it owes it no quarter, it owes it nothing,” arsa Greer.
Daoine ann a dhéarfadh go bhfuil sé rud ar a laghad uainn. Ach mar sin féin, maith thú, Greer. An ceart agat. Tá neart le déanamh ag Sasana le cúiteamh a thabhairt dúinn. Tuigimid nach ndéanfaidh siad é. Tuigimid nach bhfuil siad le trust. Tuigim mar caithfidh mé rudaí a mhíniú chuile lá beo faoin teanga. Dallamullóg atá ar siúl le téarma sa Bhéarla a chuireann daoine amú. Le bheith soiléir, insíonn Béarla bréaga.
- Níl IMPIREACHT go maith. Ní raibh riamh. Ná COILÍNIÚ. Ní raibh cnag ag an doras agus d’iarr Sasana cead isteach i dtíortha eile. Ní raibh cupán tae agus fáilte ann. Ní cóir dúinn bheith buíoch. Scrios is mharaigh siad ár sinsir (na mílte, mílte acu) agus d’fhág siad drochmheas orainn féin ionainn agus náire inár meon aigne. Dúirt siad linn go bhfuilimid níos lú ná iad, nach bhfuil luach ionainn ná inár gcultúr.
IMPIREACHT = IONSAÍ agus goid fíóchmhar le ciníochas agus fuath. Sléacht ann go minic. Níl sí RIAMH maith.
Stair le Seamus Heaney anseo
ACT OF UNION = RAPE OF MY LAND
Abair i gceart é.
Stair in amhrán anseo le “coilíneacht” le Aoife Scott.
“ I thought I said something that everybody knew,” arsa Greer. Ach faitíos ar dhaoine rudaí a rá os ard fós mar NÍL Westminster le trust.
2. Ní TRIOBLÓIDÍ a bhí ná atá againn. Bíonn trioblóidí agam nuair a dhéanaim dearmad ar mo ríomhaire, nuair atáim déanach don bhfiaclóir, nuair atá mo ghasúir tinn. Ní nuair nach bhfuil post le fáil d’Éireannach, nuair a fhéachann siad orainn le déistin, nuair a mharaíonn siad muid.
TRIOBLÓIDÍ = COGADH
Is níl sin compóirdeach do na Sasanaigh. Níor mhaith leo a ceapadh gur ionsaigh siad éinne. B’fhearr leo a rá go bhfuil siad ag cosaint daoine. Ach ghoid siad ár dtír is ár dteanga is chuir siad praiseach ann in áit ár dteanga ársa atá fós beo. Doire? Álainn. Londonderry? Dallamullóg agus masla le goid a dhéanamh. Bréag.
Níor thuig Greer nár thuig na Sasanaigh seo. Oireann sin dóibh. Is cuma le Westminster fúinn. An tír ar fad. Le fada, fada an lá.
3. Good Friday Agreement / Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhuel ar dtús, tá an t-ainm go dona. Fág reiligiún as an gcaint ar fad. Cearta uainn. Ní comhaontú atá ann. Neamhspleachas ar bhealach. Ach cad é Northern Ireland? Domsa northern Ireland atá ann le n beag. Ní tír í. Ní Stát é. Ní Cúige. Níl rialtas ann le fada anois. Rudaí scríofa san GFA le deireadh a chur le foréigean ach is cuma le Boris faoi sin. Ní PC thar fóir é nuair a deirim go bhfuil Boris lán le ciníochas. Fíorthabhachtach sin a thuiscint is a rá os ard. Agus mé ar an ábhar, bíodh brí nua againn ar na dathanna ar an mbratach. Scar reiligiún ón Stát. Tá a dallamullóg ag an Eaglais freisin. Forgiveness mar bhealach le freagracht a éalú acu agus Ethos acu le gnéasachas agus ciníochas a cheadú.
Good Friday Agreement = A Truce
4. Irish Border = British Border mar a dúirt Dara Ó Brian.Tá an teorainn againn san bhfarraige. Abair sin. Go soiléir.
A truce
noun: between warring nations etc.
hey called a truce with France. D‘fhógair siad sos cogaidh leis an bhFrainc.
b. comhréiteach
noun: between people, groups
The two parties agreed a truce. Tháinig an dá pháirtí ar chomhréiteach.
5. Gaelic? It’s not our language. Our language is IRISH
Ní deirimid Welsh Brythonic. Welsh atá ann. Nuair a fhágaimid amach ainm na tíre san ainm ar an teanga, cabhraíonn sé sin le dallamullóg a chur ar dhaoine a cheapann nach teanga na hÉireann í agus chuile sheans go bhfuil an teanga marbh. Seas an fód. Linne ár dtír is ár dteanga.
Níl a stair ar eolas ag Sasana. Inis dóibh go soiléir a tharla. Is ná labhair leo ins na focail a mhúin siad dúinn. Ná bíodh dallamullóg ann níos mó. Saoirse uainn. Ó Shasana agus ón Eaglais. Tabhair faoi ANOIS.
Le dul siar ar an teanga
Béarla le Dallamullóg – Gaeilge go soiléir
- Impireacht = Ionsaí & Goid
- Coilíneacht = Ionsaí & Goid
- Trioblóidí = Cogadh (Ionsaí & Goid)
- Teorainn na hÉireann = Teorainn na Breataine (nach bhfuil ann mar tá ár dteorainn san bhfarraige)
- Comhaontú Aoine an Chéasta = Sos Cogaidh
- Gaelic = Gaeilge / Irish
- Maithiúnas = Éalú ó fhreagracht
- Ethos = Bealach le Ciníochas agus Gnéasachas a cheadú
An dtuigimid? Labhraigí go soiléir le bhur dtoil. Saoirse uainn.
Nach ann ach mise air son ‘like’ a chur air seo? Is truadh sin!
GRMA!