D’imigh Percy French ón saol céad bliain ó shin, Eanáir 24, 1920.
Thaitin dánta Percy French le chuile dhuine in am mo mháthar. Party piece ag Seamus Heaney fiú The Four Farrellys
Seo an fear é féin dhá rá:
Och, I dunno an party piece a bhí agam is mé óg.
Bhí stair agus greann sna dánta go minic
Thaisteal a cheol thar farraige agus chuala an domhan mór
na hamhráin aige cé nár thuig go leor daoine cé a scríobh iad.
Seo an chéad amhrán a scríobh sé, casta ag Data ó Star Trek
Seo casta ag grúpa ó Cheanada: Eileen Óg
Tá clú agus cáil ar an gceann seo casta ag Don McClean:
Ach bhí mná in Éirinn ag an am i grá leis. Chonaic mo mháthair é sa Mhuileann gCearr fadó san halla in aice leis a séipéal protastúnach agus ar nós mná na tíre, thit sí i ngrá leis. Drochbhail ar an halla sin anois, faraor.
Tá a dhánta is na hamhráin ar eolas ag go leor daoine ach bhí sé go maith ag ealaín chomh maith.
Samplaí:
Ach caithfear meas a thabhairt do Ros Comáin mar is ann a rugadh é agus scríobh sé faoi ina hamhráin. Meas freisin do Chontae an Chabháin is Baile Shéamais Dhuibh, go háirithe.
Cé nár scríobh sé as Gaeilge, is cuid dár gcultúr a thug sé dúinn. Moladh go deo leis. Maireann a chuimhne an chéad is níos mó.