An t-aon óráid a tugadh i nGaeilge amháin ar chéad lá na Dála Nua (in ainneoin córas comh-uaineach aistriúcháin a bheith ar fáil) – Ciarán Ó Coigligh
Feabhra 2020: tharla rud atá mé ag súil leis le fada. Gaeilge gan náire sa tír? Deashampla de dhíth ón rialtas. Cén maitheas teanga muna bhfuil sí i mbéal an phobail? Labhair í. Sin an chaoi! Tharla sé.
Maith thú, Catherine Martin. Samhlaigh an Dáil le Gaeilge. IS féidir. Tabhair faoi. Tús maith anseo! Is breá liom mar a fhéachann Mary Lou uirthi le meas. Maith sibh, mná lán le meas dár gcultúr. Sin atá ag taisteáil.
Ná bí buartha. Ná caill misneach. Ní cheapaimid gur feallaire thú. Ná ceap gur feallairí sinn. Tuigimid go ndearna tú go leor, leor don tír. Féach ar na pictiúirí, na cuimhní atá agat de do sheal mar thaoiseach má tá tú brónach faoi láthair le tuiscint an méid atá déanta agat.
Feicimid. Seo a thuigeann muintir na hÉireann. Pian agus grá. In íomhá mar seo, tá daoine leat. Tuigimid comhbhá. Le tuiscint ar a tharla, tá seans agat meas a fháil ar ais is eolas níos fearr a fháil ar phobal na hÉireann. Tiocfaidh biseach ar seo ar fad, le tuiscint.
Ní teip seo ar chor ar bith. Más aisteoir thú agus lig tú ort gur cuma leat faoi rudaí le Sinn Féin a ligint isteach, tá Oscar tuillte agat agus rinne tú éacht. Más pian i ndáiríre seo, agus creidim go bhfuil sé dian ort faoi láthair, tá rudaí iontacha ag tarlú mar gheall air i ngan fhios duit a fheicfidh tú ar ball.
Seans do bhean bheith ina Taoiseach? Is iontach an rud sin má sheasann tú siar le breathnú air. Bhí gá le Sinn Féin sa chaint ar Éire a chur le chéile arís mar sin an rud is fearr le déanamh do gach duine. Tiocfaidh rudaí maithe as agus beidh caint ar seo go deo. Anois, seo d’am le taispeáint don domhan go bhfuil tú ar son na hÉireann, ar son na síochána, ar son cearta, in ann comhoibriú le páirtithe eile. Gá géar leis sin. Seans go bhfuilimid ag caint ar thoghchán as seo amach mar tá damáiste déanta ag Never, No, Never. Ach IS féidir cúrsaí a dheisiú.
Cúpla lá ó shin bhí mé drochbhéasach le bean. Bhí sí ag obair in oifig an fhiaclóra. Bhí pian uafásach agam agus mé faoi bhrú ama. D’athraigh sí an t-am is mar gheall ar sin ní bheinn in ann fáil réidh leis an fhiacail damanta a bhí ag cur isteach orm le níos mó ná bliain. Bhí mé borb léi. Frustrachas a bhí ann. Tá na leithscéalta ar fad agam. Tuigim cén fáth ar tharla sé. Fós, níl leithscéal ar bith ann. An lá dár gcionn, thug mé bláthanna di agus bronntanas agus nóta ag rá Tá Brón Orm agus thosaigh mé ag caoineadh mar níor thaitin liom a rinne mé agus tuigim gur ghortaigh mé í agus ní dhéanann daoine dearmad ar dhrochmheas. Gortaíonn sé níos mó ná buille. Anois, tá an fhiacail imithe. Ní ghortaíonn sé níos mó agus cé nach bhfuil mé in ann na focail a ghlanadh amach, tá ceacht fíorthábhachtach foghlamtha agam. Is cuma céard atá ag tarlú sa saol, is tú ag iarraidh rud a bhaint amach, ná bí drochbhéasach le daoine nach ndearna tada as bealach. Bíonn bealach níos fearr ann i gcónaí.
Smaoinigh ar a rinne tú mar thaoiseach:
Éacht 1:
Thug tú agus Matthew misneach do na mílte, mílte ar fud an domhain. Is daoine ag fás le faitíos i dtíortha ina gcaitheann póilíní daoine aerach i bpríosún le bheith céasta agus curtha chun báis ina dhiaidh, chonaic siad tusa agus Matthew agus thuig siad go bhfuil dóchas ann. Thuig siad is tuigeann siad go bhfuil saol níos fearr amuigh ansin, go bhfuil áit inar féidir le daoine bheith os comhair an tsaoil gan eagla, bheith i gceannas ar thír fiú is ag caint leis na daoine is cumhachtaí ar domhan. Tuig chomh tabhachtach is atá sin. B’fhéidir nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí ná dóchas. Thug tú sin dóibh.
Éacht 2.
Sasamach a oibriú amach. Sin éacht. Simon Coveney ag do thaobh san obair seo. Maith sibh. Fuair tú moladh os comhair an tsaoil faoina rinne tú. Tuillte agat agus ag Simon. Labhair tú le meas do Shasana san AE. Iontach ar fad sin. Bualadh bos. Cheap daoine go raibh seo dodhéanta ach choinnigh sibh simplí é agus d’oibrigh sé. Sin éacht.
Éacht 3+.
D’fhoghlaim tú Gaeilge agus labhair tú í. ARDMHEAS agam ar sin. Dá mbeadh daoine eile in ann sin a dhéanamh sa Dáil! Ach, tá. Agus tuigim an bac, an tabú a scantraíonn daoine a bhfuair siad ó dhrochmheas na himpireachta orthu. Maireann na cuimhní. D’éirigh leat agus cabhróidh sin le daoine eile misneach a bheith acu le Gaeilge a labhairt. Sin ardmheas don chultúr is don teanga. Cabhraíonn sé GO MÓR. An + san 3+ sin? Tá go leor, leor eile san + a bhain tú amach mar thaoiseach le líonadh isteach sa spás anseo agus fágfaidh mé fútsa sin a dhéanamh: ………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….
Seans nár chualamar faoi chuid acu. Faigh leathanach eile más gá. Neart acu ann. Bí bródúil astu.
Cad a tharla mar sin?
Ní teip seo. Go minic is mé ag caint le m’fhear céile deirim leis go bhfuil rud éigin a rinne sé cearr agus in áit a rá, ‘Ó raight. Ní fhaca mé sin’, bíonn sé á chosaint féin le leithscéalta ar nós gur ionsaigh mé é. Cuireann sé ionadh orm. Ach neart léite agam faoi. Tá leabhar maith ann ar an ábhar seo: You Just Don’t Understand. Gá dúinn an chaoi ina labhraímid le chéile a athrú le rudaí a oibriú amach.
Sin mar atá sé leat is leis an tír, ceapaim. Rinne tú go leor dúinn agus an cuma air nach bhfuilimid buíoch as. Tá. Ach is féidir ton nó focal as bealach gach rud a rinne tú a mhilleadh. Is sin a tharla, ceapaim.
Níl duine ar bith ar domhan in ann gach rud a dhéanamh. Má tá meas agat ar dhaoine is iarrann tú cúnamh uatha, gheobhaidh tú é. Caithfidh muinnín a bheith ag na daoine sin asat (ní go bhfuil na freagraí ar fad agat ach go seasann tú leo agus gur mhaith leat cúnamh a thabhairt dóibh) le go rachaidh siad leat.
Ag an nóiméad seo, ag breathnú ar an íomhá thuas anseo, ba mhaith liom cúnamh a thabhairt. Seans go ndéanfaidh mé praiseach de leis na focail mícheart ach ‘séard atá mé ag rá ná: Ná caill misneach. Deis iontach seo foghlaim ó na botúin (seacht ngeata) agatsa agus ó na botúin a dhéanaimid ar fad. Sin deis le rud nua a fhoghlaim.
As seo amach? Rudaí a fheabhsú. Ní le bláthanna ná bronntanas ach le tuiscint ón bpian. Le meas orthu atá i bpian. Le comhoibriú. Níl cúrsaí polaitíochta agus toghchán ar nós babhta dornálaíochta nó ní chóir go mbeadh siad mar sin. Seo toghchaí na tíre dár bpáistí. Níl páirtithe ann le bua a bheith ag dream amháin nó ní chóir go mbeadh sé mar sin. Ní oibríonn an meon aigne sin d’éinne ná do pháirtí ar bith. Má ‘éiríonn’ le páirtí sa chaoi sin, tá sé go dona don tír.
Níl i Sasamach d’Éirinn (cé gur rud ollmhór é) ach céim ar an mbealach go saoirse. Is trua linn go bhfuil sé ag tarlú agus súil againn go dtiocfaidh Sasana amach as agus ar ais san AE lá éigin. Idir an dá linn, seans ann do shaoirse gan foréigean. Anois an t-am do Shinn Féin. Gá leis agus gá le bean i gceannas faoi dheireadh. Déanfaidh siad botúin scaití. Déanfaidh tú botúin scáití ach ní neart go cur le chéile. Ná caill misneach. Taispeáin go bhfuil tú in ann rudaí iontacha a dhéanamh don tír fós i do ról nua agus beidh an tír agus an stair leat.
Toghchán 2020. Tháinig sé aniar aduaidh ar dhaoine nár thuig a bhí ag tarlú sa tír, nach raibh ag caint ar Twitter, nár thuig a bhí ag cur isteach ar dhaoine: bua ag Sinn Féin.
Bhí an bua ag Sinn Féin i dtoghchán 2020 agus ní dóigh liom go raibh siad féin fiú ag súil leis an mbua a bhí acu. Mór an trua nár chuir siad níos mó daoine ar aghaidh.
Cad a tharla mar sin?
Aineolas. Nuair nach gcloisimid fúthu san nuacht, ceapaimid nach bhfuil seans dá laghad acu. Ach tá nuacht le fáil in áiteacha eile seachas ó RTÉ anois. Níl an tír chomh dall is claonta is atá RTÉ is tá go leor foghlamtha ag daoine ó rinneamar comóradh ar 1916. Tá na scileanna ag daoine anois le fáil amach a tharla i ndáiríre. Tuigimid anois go raibh céasadh sa tuaisceart. Bhí pogroms ann. D’fhulaing na mílte is choinnigh na meáin sa deisceart an t-eolas sin uainn. Theip ar an rialtas an rud ceart a dhéanamh arís is arís eile. Níor sheas siad an fód don tuaisceart. Níor inis siad an fhírinne dúinn. Rinne siad macalla ar theanga na himpireachta. Thug siad cumhacht don Eaglais agus mar gheall ar sin, tá orainn troid arís is arís eile lenár gcearta a bhaint amach. Muid braon de na bréaga, den dallamullóg. Ní raibh RTÉ ag caint faoi ach bhí daoine arlíne ag cur aithne ar Shinn Féin agus atá siad ag déanamh is mar atá siad anois is thaitin sin linn.
Conas ar athraigh cúrsaí chomh tapaidh sin? I bhfocal amháin? Drochmheas.
D’fhág daoine geataí ar oscailt. Seacht ngeata. Buíochas le
#HealthGate: Drochmheas ar an bpobal. Aire gan meas orainn.
#HousingGate: Drochmheas ar an bpobal. Aire gan meas orainn.
#GetUpEarlyGate: Drochmheas ar an bpobal. Taoiseach gan meas orainn.
#TanGate: Drochmheas ar an bpobal. Aineolas & drochmheas ar a tharla dúinn.
#MaryLouBanGate: Drochmheas ar mhná, ar pháirtithe eile, ar rogha dúinn.
#NeverNeverNeverGate Drochmheas agus gráin láidir. Gránna.
Gá le Sinn Féin le 32 a bhaint amach: Drochmheas sa tost sna meáin fúthu
Bhí an bua ag Sinn Féin. Bhí an tír braon den drochmheas orthu sa bhaile, is cuma a bhí déanta thar lear. Bhí rogha agus athrú uainn. Thuig daoine freisin le seans an tír a chur ar ais le chéile, bhí ról ag Sinn Féin ansin. Níor ghlac RTÉ, FG ná FF leis sin. B’shin botún ollmhór.
Na teipeanna:
Sláinte #1 #HealthGate
Is cuimhin liom nuair a chuala mé go raibh Simon Harris le ospidéal a thabhairt do na mná rialta. Seo mar a d’airigh mé:
Nár chuala sé faoi na Magdalenes, na Tuam Babies? Cad sa diabhal a bhí sé ag déanamh? An raibh sé iomlán folamh sa chloigeann nó an raibh sé ag iarraidh sinn a mhaslú? An raibh sé traenáilte ag Opus Dei? Ina dhiaidh sin, tháinig costaisí agus teipeanna eile isteach sa chaint ach domsa, bhí an damáiste déanta ansin a bhí chomh huafasach sin nach bhféadfaidh sé leanúint ar aghaidh i gceannas.
CAITHFEAR, CAITHFEAR, CAITHFEAR Stát/Eaglais a scaradh! Níl tada Charitable faoi na Sisters of Charity. Tuigim nach bhfuil Sláinte éasca d’éinne ACH…! Bhí mé lánchinnte go gcaillfeadh sé a phost faoi ach níor chaill. Is níor tháinig feabhas ar a scéal. A mhalairt. Níl muinnín ag daoine as.
2. #Tithíocht Tír gan Foscadh, Tír gan Anam
Níl muinnín ag daoine as Eoghan Murphy ach oiread. Is ar éigean a mhair sé dhá rún mímhuiníne sa Dáil. Tá na polaisithe aige damanta. Níl meas ag daoine ar thír ina bhfuil daoine gan dídeain agus trua ar bith ag an rialtas dóibh. Tá fearg ar dhaoine agus an ceart acu. Níl sé ceart go leor.
3. #GetUpEarlyGate Drochmheas in áit freagraí
Nuair nach bhfuil obair le fáil, ná habair le daoine éirí níos luaithe ar maidin. Sin IOMLÁN as bealach. Dáiríre. NÁ déan sin. Deireann sé le daoine nach bhfuil meas agat orthu. Éist, tuig, is ná déan sin arís RIAMH má tá tú ag iarraidh bheith i do thaoiseach ar dhaoine. Níl éinne ag iarraidh bheith le duine nach dtugann meas dóibh. Nílimid leisciúil agus ní cheats muid. Caithfear smaoineamh ar cé atá ag léamh na fograí agus ar cé acu atá sé dírithe. Nó an raibh sé ag iarraidh sceithirí a dhéanamh dínn?
4. #TanGate Bhí an ceann seo chomh haineolach sin agus maslach leis. Tá cuimhne orainn ar a rinne na Tans ach is léir gur cuma leis an rialtas faoi. In áit ‘Tá brón orainn’ bhí caitheamh anuas orainn. Ná fan i gcaidreamh dochrach.
5. #MaryLouBanGate Fir Amháin? NÍL áthas ar Éiriu!
Níor lig RTÉ do Mary Lou bheith sa chaint go dtí go raibh orthu. Bhí ról an-láidir ag RTÉ sa bhua nuair a choinnigh siad Mary Lou amach ón díospóireacht. Nuair a chonaic muintir na tíre Leo, Micheál, agus fear eile (Pat Kenny) le ceisteanna ar an stáidse ag Virgin Media One, thuig siad go raibh feall mór ann. Bhain sin rogha ó dhaoine, agus bhain sé guth ó mhná sa chaint. Chuir sin isteach go mór ar dhaoine. BHÍ ar RTÉ Mary Lou a ligint isteach agus nuair a chuala daoine í, thuig siad go raibh ciall aici agus thaitin a dúirt sí leo.
6. #NeverNeverNeverGate Macalla Ian Paisley
An pobal a dhéanann an rogha, ní páirtí faoi leith. Níl bealach níos fearr le rá le daoine go bhfuil sibh diúltach ná Never, never, never a rá. Níl bealach níos fearr le gráin a chur in iúl ná focail Ian Paisley a roghnú. Iomlán sotalach agus fís dochreidthe aineolach. Fadhb anois dóibh. Níl Fianna Gael leis na daoine má dhiúltaíonn siad a roghnaigh daoine. Céim siar nach ndéanfaidh daoine dearmad uirthi. Ar ndóigh, chuir daoine ceist eile le fís Leo in áit Will you go into coalition with Sinn Féin?
7. Chomh maith leis sin, thuig an tír go bhfuil seans níos fearr againn ná a bhí riamh le hathaontas a fháil le vótaí is ní féidir Sinn Féin a fhágáil as an gcaint sin. Tuigimid go bhfuil dream nua ann. D’éisteamar leo. Iad amháin a bhí ag déanamh caint ar 32. Bealach eile inar theip na páirtithe eile orainn. Láinseáil i mBÁC i mbliana:
Mar fhocal scoir:
Níl páirtí ar bith fós ag caint faoi Stát/Eaglais a scaradh agus sin fadhb OLLmhór. Caithfear tabhairt faoi go luath le bheith saor agus gaelach. Is féidir.
Ó, agus do na meáin thar lear / This is for the foreign press.
Nationalism in Ireland ≠ Right-wing Neo-Nazism. Brexit is the anti-immigrant one.
2. Nationalism in Ireland = Left-wing, human-rights loving, love of country. Immigrants welcome.
3. Sinn Féin ≠ The IRA. It IS the best chance ever for a reunited Ireland with NO violence. A future to be chosen by the people with a vote.
Ó, agus leads: éist leis an bpobal. In am do bhean ina taoiseach ar an tír againn.
Pic le Liana, bail ó na Déithe uirthi. Bhí an oíche iontach. Bhí an t-urlár lán le rinceoirí. Cor 16, agus go leor, leor rincí eile le SPRAOI. Leanfaidh na Céilithe ar aghaidh ach gan mise agus aireoidh mé uaim iad. Buíoch as an gcraic ar fad le cultúr na nGael i gCathair na nAingeal.
Seo mise, Erin, agus Liana. Féach a thosaíomar. Ardmheas go Erin, go háirithe, a thosaigh seo, agus do Liana a leanfaidh ar aghaidh leis.
Is daoine ag foghlaim Gàidhlig ar Duolingo, feiceann siad go bhfuil go leor atá cosúil le Gaeilge agus focail eile nach bhfuil. Seo cuid de na focail atá éagsúil go leor.
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 38 minutes ago