This is really helpful for parents trying to keep up with the Irish primary school curriculum at home. Please do not put yourselves under pressure, parents. Learning one small important thing a day is great. Children need to have fun. Explore and choose whatever you think is useful for you at this time. Is féidir linn.
This is a guide to learning Irish. Many people are stuck indoors with the Covid-19 pandemic. Be safe, everyone. If you want to try learning Irish for the first time or to brush up on the Irish you already have or learn something you didn’t know before about the language, this is for you. Parents, you can learn this with your children and see if you can all learn to spell your names aloud. Have fun with it.
DAY 1 21st of March, 2020
Let’s start at the very beginning. ABCs. This is often neglected in Ireland but it’s important so let’s right the wrong of its neglect. Irish letters have sounds. Can you learn them? The challenge for Day 1 is to learn to spell your name aloud in Irish. Good luck.
How did you get on with your name? Can you spell it in Irish?
The next thing you need to know about the alphabet is that it only has 18 letters. The one in the video above was the English alphabet with the Irish sounds of the letters.
Some combinations of vowels and some of the effects of the h modifier
Here are some courses for people depending on their level
Beginner: Duolingo (a free app) Irish. If you choose Gaelic, you will learn Scottish. That is not Irish. It is a different language.
WRITE IN IRISH
WRITE YOUR PROFILE
Good luck parents, children, students of Irish. Let me know how you get on.
Here’s an exercise in writing. Make your profile in Irish.
Beidh ort próifíl fhíorúil a chruthú. Tá ceann samplach thíos.
Note: This is a word document so you will need to stay in English settings and use ctrl ‘ letter to get fadas if using a PC.
Sa Bhéarla, deirtear Turkish Delight. Ní fios go cinnte cé as a tháinig na milseáin seo. Bhí mé ag líonadh isteadh Mo rogha bia ar maidin agus ní raibh an focal ar Turkish Delight agam. Uachtar reoite le Turkish Delight is fearr liom, rud a d’ith mé don chéad uair ar Oileán Mhanainn.
San Tuirc, Lokum an focal ata acu air agus i tearma.ie, fuair me lócúm. Tagann an focal ó al-halkum agus rāḥat al-ḥulqūm (رَاحَة الْحُلْقُوم) atá orthu san domhan arabach. Ciallaíonn sé faoiseamh don scórnach. Rud eile le n-ithe in am Corona?
Such a sad old day when we heard it on the radio
Far away, in China.
Some people died
of a sickness with no name then.
You grew, Corona. Grew fast, Corona. Now we say, No more, no never!
(Bye, Covid!) Toora Loora Toora Loo-Rye Aye
We’ll see you don’t get any farther!
Chorus
Covid-19, we know you are mean.
But we’ll fight you (we will), we’ll do everything.
Wash our hands, do our best! Twenty seconds, no less.
No touching eyes, nose, or mouth! We’re gonna kick you out!
Covid-19
Some people ’round here ‘still going to crowded places, even though it’s dangerous.
Let them, Don’t do it. To get rid of it forever,
We all must be smart and clever.
Bye, Covid. Toora Loora Toora Loo-Rye-Aye
We’re gonna kick you out forever.
Chorus
Covid-19, we know you are mean
But from now on, we’ll do everything.
Covid-19, just go away
Covid-19, we’re here to say
We’re here to fight
With knowledge and might, Covid-19.
Tell Covid-19, Ta loo-rye-aye
Be gone!
So now (Show, how you feel)
Now we must say more than ever
We won’t let the virus stay.
We say, Too-ra-loo-ra-too-ra-loo-rye-aye!
Covid-19, we swear (and we mean)
From this moment, we fight with everything.
Wash our hands, do our best.
Twenty seconds, no less.
Eyes, nose, mouth: hands-free.
Covid-19 likes dirt so it seems, so we swear (and we mean)
All will be clean.
Wash our hands, do our best. Twenty seconds, no less. Face: hands-free
Covid-19,
Covid-19, We’ll BEAT you!
Is Adam Schiff ag caint faoi na Founding Fathers go hómósach ar nós caint faoi Dhia féin agus é ag iarraidh Trump a tháinseamh, tháinig éadóchas orm. Fear ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh a bhí i Schiff, ach ní thuigeann sé. Deireann an chaoi ina labhraíonn sé le grá faoin gcóras nach dtuigeann sé an feall atá sa chóras féin. Ní féidir córas atá bunaithe ar bhréaga a cheartú.
Nuair a labhair an saighdiúr, Alexander Vindman, faoin rud ceart a dhéanamh, tháinig sceoin agus díomá damanta orm. Níor thuig sé. Thuig a Dheaid. Cheap an lead óg seo go rud seans ann an córas a cheartú. Ní raibh agus níl. Córas úr de dhíth. Tá bréaga ar bhréaga ar bhréaga sa dlí agus iad ann leis na gadaithe is cumhachtaí (na polaiteoirí san SAM Inc. seo) a chosaint.
Seo linn le toghchán nach toghchán é ach dallamullóg. Má tá córas casta, tuig go bhfuil uisce faoi thalamh ann.
Cad atá mícheart?
1. Super delegates? Caith amach iad. Sin córas lofa.
2. Electoral College? Caith amach é. Níl cothrom na féinne ann.
3. Ró-fhada? Toghchán mar spórt is cluichí gan stad? Is leor trí sheachtain.
4. Ríomhairí? Peann agus páipéar.
5. Anord? Ní sé eagraithe ar son an phobail ach le vótaí a choinneáil ó na daoine is boichte. Claonroinnt, póilíní & ICE thart le faitíos a chur ar dhaoine, stáisiúin vótála dúnta: tá ‘Daonlathas’ SAM iomlán lofa! Breathnóirí ( ó thíortha eile) de dhíth.
6. Ró-chostasach? Daoine ag ceannach spás sna meáin lena $$$$$$$$? NÁ ceadaigh sin!!! Bain airgead IOMLÁN as toghchán!
Chaith Bloomberg leath billiún $ ar an toghchán agus níor éirigh leis. Samhlaigh an maitheas a bhféadfadh daoine a dhéanamh leis an airgead sin!
Seo ar nós an cailín a phós prionsa cé gur bhagair sé í a mharú (Rumpelstiltskein srl). Cé a dhéanfadh sin? Éalaigh ón bprionsa! Tá sé contúirteach! Cé a roghnódh duine a chaithfeadh an oiread sin ar fhéin agus ní ar na daoine bochta?
Tá seo ar fad tinn, déistineach, uafásach, as bealach. Ní daonlathas seo! Seo an chuid is measa den chine daonna. Impireacht sa mheon aigne fós. Ní thiocfaidh an duine atá in ann sinn a shábháil ón dream is saibhre. Ní shin is fearr don tír.
7. Na meáin claonta? Is iomaí uair a bhí mé ag breathnú ar ‘iriseoirí’ ar an mbosca le huafás. Fan. Cad sa..? sa chloigeann agam. Is minic a chuir siad ionadh orm go bhféadfaidís mná a fhágáil ón gcaint chomh héasca sin, go nglacfaidís le ráiteaisí seafóideacha ó pholaiteoirí gan iad a cheistiú. Choinnigh siad Jill Stein amach ó na meáin, iad ag coinneáil Warren amach ó na meáin. Gnéasachas agus ciníochas fíorláidir san ansmacht seo. Níl seo ceart go leor. Agus DÚN Fox. Is ann a chónaíonn olcas. Tá daoine gan eolas. An locht ar na meáin faoi sin.
Seo an rud: níl na daoine atá i gceannas ar an tír ar son na tíre.
Rinne Impireacht SAM Peaca de mhaitheas agus Dia de shaint.
In God we trust scríofa ar an t-airgead acu. God = $, ach do dhream fíorbheag amháin (gadaithe corparáideacha iad le Dia mar leithscéal acu).
Is ní oibríonn seo ar fad. Feicimid an teip le páistí gan dóchas, rialtas gan chonsias, cogaidh gan stad. Is gach rud ag titim iomlán as a chéile le Cacalathas (Kakistocracy) i dtíoránacht Trump.
Ach tá an fhadhb anseo le fada is ag fás le fada.
Ní bhfuair G. W. Bush an chuid is mó de na vótaí.
Níor thuill Obama an Duais Nobel.
Ní bhfuair Trump an chuid is mó de na vótaí.
Is tá sé múinte ar scoil bheith ‘béasach.’
Géilliúntas an fhadhb is mó sa tír. Ní fhaigheann daoine freagracht. Meas acu ar an gcorás acu. Amadáin déanta díobh is iad ag íoc as na cogaidh gan ghearán uathu. Béasach? Géilliúntas atá ann.
Biden anois?
Airím tinn.
Is cuma le Trump faoi seo ar fad mar níl tada deisithe ón uair dheireanach. Tá an córas briste. Camastaíl bhallóide ar siúl. Toradh cam a bhéas ann. Is tuigeann Trump sin. Is níl duine san rialtas in ann smaoineamh thar na Founding Fathers, ar son Dé!
Taitníonn Disneyland liom. Ar a laghad ansin, tuigeann daoine ansin gur fhantaisíocht atá ann. Bunaíodh SAM ar chiorrú cine. Ná déan dearmad ar sin. Seo an fhírinne. Bhí gach rud thar a bheith cam ón tús.
Bunaíodh SAM ar chiorrú cine.
Tosaigh ansin. Déan iarracht sin a chur ina cheart.
Ansin beidh dóchas agam arís
agus seans ann
don ‘tír’ (impireacht nach bhfuil aontaithe ná féinfheasach) seo.
Maidir le COVID-19, faigh eolas ón CDC (feicim anois go bhfuil an CDC mall le figiúirí anois le dochar déanta ag Trump dóibh) agus WHO. Nuacht agus uimhreacha anseo freisin. Mapa buíochas leis an lead seoanseo
MOLTAÍ CUID A DEICH 4/15/2020
MOLTAÍ CUID A NAOI 4/13/2020
Sealgaireacht
Féach ar na plandaí atá ag fás go nádúrtha in aice leat agus foghlaim conas iad a úsáid ar mhaithe le do shláinte. Tá go leor alliaria petiolata ag fás thart anseo agus is fuath le daoine an planda ach tá sé fíormhaith don am atá ann. Leigheas do dhaoine le deacrachtaí ag tarraing annála atá ann.
Freisin, tá na plandaí a chur mé ag fás go maith i m’árasán. Tugann siad áthas is dóchas dom. Tá an tráth seo scanrúil ach mar sin féin, seans dúinn go leor rudaí sa saol a cheartú atá ann.
MOLTAÍ CUID A hOCHT 4/3/2020
Cogadh v Covid:
1. Dualgas ar ghardaí liostaí a bheith acu de chuile dhuine (& a sonraí) ina gceantair & na nithe de dhíth orthu.
2. Saighdiúirí ag cinntiú go bhfuil bia, leigheas srl go leor don tír (ar feadh bliain nó dhó).
3. Bailigh sin anois le earraí a sheachadadh go rialta.
4. Is maith go bhfuair an rialtas cúnamh ón tSín. Fós tá gá le mascanna do chuile dhuine. Cuir daoine ag obair ag déanamh ‘surgical wrap‘ in Éirinn (agus i ngach tír). Bíodh masc leis le fáil ag chuile dhuine sa tír.
5. Caithfidh an rialtas a bheith ag obair le chuile dhuine cáilithe. Níl cluiche ná spórt le toghchán ann anois. Na páirtithe ar fad ag obair go dian anois v Covid. Seo saol nua, domhan nua. Riail 1: mair.
6. Sábháil teanga agus tú sa bhaile:
7. Ceannaigh ar líne más féidir.
MOLTAÍ CUID A SEACHT 3/31/2020
Conas masc a dhéanamh: éasca péasca
2. Muna bhfuil do charr in úsáid agat le tamaillín, déan cinnte nár fhág tú solas ar siúl agus go bhfuil an ceallra spíonta. Má tá, is féidir é a thosnú arís le luchtaire cellaire ar nós seo Bí réidh ar fhaitíos go mbeidh carr de dhíth ort arís go luath.MOLTAÍ CUID A SÉ 3/29/2020
Fan sa bhaile. In am a téarma a rá, é sa chloigeann le fada agus tuigimid anois go bhfuil sé fíor: aeriompaithe (airborne) anseo
3. Ceist eile as seo amach faoin uisce. Súil leis na Déithe agam nach bhfuil fadhb ansin freisin. Bígí slán. Súil agam go bhfuil dóthain ag daoine sa bhaile le n-ithe. Ná téigh ag an siopa anois muna bhfuil fíorghá leis.
4. Do na hospidéil: múineann gá seift. Le mascanna maithe a dhéanamh go simplí, mar tá ganntanas ann faoi láthair féach anseo.
5. In am na rudaí ar fad a bhí ar do liosta a dhéanamh anois. Leabhar a léamh? Leabhar a scríobh?
7. Tabhair aire dod’ anam. Neart arlíne le suaimhneas a thabhairt dúinn: ealaín, ceardaíocht, duolingo. Molaim Coláiste Lurgan. Bain taitneamh as gach atá againn, cairde is muintir san áireamh. Ith go ciallmhar agus bain taitneamh as is ná cuir bia amú. Fiú in árasán is féidir do gháirdín a bheith agat gan dul ag na siopaí. Féach anseo.
MOLTAÍ CUID A CÚIG 3/27/2020
Físeán: Conas na hearraí a cheannaíonn tú a thabhairt isteach sa teach. Fiú is muid ag ceannach rudaí arlíne, tagann siad i málaí agus boscaí agus tá contúirt i rudaí mar sin a thabhairt isteach sa teach. Tuigimid anois go maireann Covid-19 i bhfad níos faide ná mar a cheap daoine ar dtús san aer agus ar rudaí. Sin an fáth a bhfuil sé ag scaipeadh gan stró. Muid a tabhairt cúnamh dó muna bhfuilimid cúramach. Moltaí as Béarla san bhfíseán, gml ach neart le déanamh againn ar fad na laethanta seo le bheith réidh agus sábháilte.
MOLTAÍ CUID a CEATHAIR 3/23/2020
Soto wa soto, uchi wa uchi. Oni wa soto, fuku wa uchi. Sin rudaí a chuala mé sa tSeapáin. Amuigh, sin amuigh agus istigh, sin istigh. An diabhal amuigh agus ádh istigh. Thuig siad an chaoi is fearr le gach rud a dhéanamh. Ord agus eagar sa saol. Tuigim anois cén fáth. Tá an stoirm beagnach linn. Dúradh linn nach mbeadh sé chomh mór leis an Fliú Spáinneach i 1918. Ach bhí fhios ag an dochtúir sa tSín a d’inis don domhan faoin víreas seo againn anois, go raibh neart aige níos láidre ag Covid-19 ná mar a bhí ag an Fliú Spáinneach. Baineadh geit asam nuair a chuala mé Leo ag déanamh tagairt do Fukushima. Thuig mé go mbeadh siad rómhall is iad ag iarraidh bheith cúramach. Thuig mé is é ag caint go réasúnta faoi árachas sláinte nár thuig sé an gá le hospidéil nua a thógáil agus le tosnú orthu go tapaidh. Rud amháin eile nach raibh fonn orm a rá ach ba chóir caint faoi anois. Rud a mhíneodh a chumhacht is mar a scaipeann sé chomh fairsing. Maireann sé i bhfad ar rudaí agus é in ann taisteal san aer fiú is duine ag análú go rialta.
Scar éadaí a bhíonn agat taobh amuigh ó éadaí a bhíonn agat taobh istigh. Coinnigh seaicéidí, lámhainní srl taobh amuigh i gcófra nó i gcófra in aice leis an doras.
Nuair a thagann tú isteach, bí cúramach leis an ord ina dhéanann tú rudaí. Ná leag lámh ar rud ar bith sa teach go dtí go bhfuil na lámha nite i gceart agat. Más gá na héadaí a chaith tú amuigh a chur sa maisín níocháin, déan sin go cúramach agus nigh na lámha ina dhiaidh.
Bíodh dhá phéire láimhíní agat ar a laghad agus caith isteach na cinn a chaith tú amuigh san níochán díreach nuair a thagann tú isteach.
Na lig dod’ ghuthán bualadh le rud ar bith is tú amuigh.
Tuig nach gá do dhuine gar duit bheith ag casachtach. Fiú is daoine ag análú go rialta, is féidir leis an víreas bheith san aer. Domsa, mar sin, tá contúirt ann mar tá cónaí orm in árasán. Ní théim isteach san ardaitheoir anois má tá duine eile ann. Ní féidir spás 2 mhéadar ó dhuine a choinneáil ansin. Fanaim ar an gcéad ceann eile ag teacht.
Bí cinnte go bhfuil do leigheas agat ón dochtúir (má thógann tú piollaí go rialta) ar feadh trí mhí ar a laghad.
Déan cinnte go bhfuil bindealán, pacoighear, pianmhúchán, agus análór agat sa teach.
Nótaí: 1. Níl daoine óga slán. Tá an víreas ag athrú agus is féidir leis an víreas pé duine is mian leis a leagadh síos. 2. Muna bhfuil tú in ann blas nó boladh a aithint níos mó, sin comhartha. Faigh cúnamh. 3. Mo mhallacht ar Trump, Johnson et al. Níl spás sa troid seo do dhuine ar bith le ego nach bhfuil sásta bheith sa troid seo le chuile dhuine atá in ann cabhrú. Seo an domhan ar fad v an víreas nó BA CHÓIR go mbeadh sé mar sin. Moladh do Cuba, an tSín, agus an Rúis atá ag cabhrú le tíortha eile.
MOLTAÍ CUID A TRÍ 21 Márta 2020
Scéal ó bhean sa Spáinn faoi láthair agus go leor moltaí ann anseo. LÉIGH É AR FAD! Dáiríre. Béarla ann ach léigh é.
Fan sa bhaile fiú muna bhfuil tú tinn. Féadfaidh tú Covid a thabhairt do dhaoine eile atá níos laige ná thú. Ná déan sin. Bí i dteagmháil le daoine aosta ar an nguthán nó ar an idirlíon.
Fiú sa bhaile, clúdaigh do bhéal le ciarsúr páipéir is tú ag casacht nó ag sraothartach, is cuir san mbruscar é láithreach agus déan cinnte go bhfuil an bruscar clúdaithe ina dhiaidh sin. Bíodh a nithe féin ag chuile dhuine sa teach. Ná roinn rudaí.
Labhair led do dhochtúir agus má tá tú ag tógáil drugaí a mhéadaíonn ACE2, iarr CCB in áit ACE nó ARB. Tuigfidh an dochtúir. Baineann sé seo le daoine le hipirtheannas, diaibéiteas, galar croí srl.
Eagraigí le cúnamh a thabhairt dá chéile. Téigh go @Muintearas i gConamara nó ar fud na tíre (agus ar fud an domhain) #SelfIsolationHelp
Déan is féidir leat sa bhaile: scoil, cruinnithe, siopadóireacht… Is féidir leis an idirlíon. Ith sa bhaile. Bíodh dóthain agat sa teach ar feadh, AR A LAGHAD, trí mhí.
RIALTAS: Úsáid eminent domain le daoine gan dídean a chur i dtithe atá folamh agus tabhair cúnamh dóibh.
MOLTAÍ CUID 1 Seo ar an 2 Márta 2020
Abair Haigh agus Slán is araile le cion ach gan barróga, póigíní, croitheadh láimhe…
Má tá tú tinn, ná téigh amach. Fan sa bhaile.
Clúdaigh do bhéal le ciarsúr páipéir is tú ag casacht nó ag sraothartach, is cuir san mbruscar é láithreach agus déan cinnte go bhfuil an bruscar clúdaithe ina dhiaidh sin.
Nigh do lámha go maith ( ar feadh 20 soicind) is go minic le gallúnach, ní le sláintiú (sanitizer).
Ná téigh thar fóir ag ceannach mascanna agus leigheas. Beidh siadsan de dhíth sna hospidéil.
Déan is féidir leat sa bhaile: scoil, cruinnithe, siopadóireacht… Is féidir leis an idirlíon. Ith sa bhaile.
Ná bí ag taisteal muna bhfuil gá (fíorghá) leis.
Maidir le COVID-19, faigh eolas ón CDC (feicim anois go bhfuil an CDC mall le figiúirí anois le dochar déanta ag Trump dóibh) agus WHO. Nuacht agus uimhreacha anseo freisin. Mapa buíochas leis an lead seoanseo
Ins na scoileanna, má tá siad ar oscailt, nó fiú ar líne bain úsáid as ceol le ceachtanna a mhúineadh. Amhrán as Gaeilge anseo. Amhrán as Béarla anseo. B’fhéidir go tabharfaidh Coláiste Lurgan fúthu?
Ná creid gach a scríobhaim thíos. Níl anseo thíos ach mar a thuigimse an scéal óna léigh mé go dtí seo.
Tá an coróinvíreas linn. Ní féidir sin a sheachaint. Pandéim a bhéas ann ach ní chomh holc leis an bpandéim i 1918 de réir dealraimh. Mar sin féin, seans ann go mairfidh sé bliain nó dhó fiú.
Bhuail an Fliú Spáinneach (1918) páistí, daoine óga agus daoine fásta go trom. Níl an COVID-19 mar sin (ón atá feicthe againn go dtí seo) sa chaoi go mbuaileann sé na seandaoine go trom, ní na daoine óga ná daoine fásta nach bhfuil sean. Ar ndóigh, tá baol ann do dhaoine atá lag le neamhord córas imdhíonachta freisin. Bí cúramach agus léigh a deireann an CDC leat. Eolas an cara is fearr againn. Ná coinnigh rudaí faoi rún (Tú ag éisteacht, HSE?).
Bíonn an nuacht agus na meáin ag caint faoi chursaí eacnamaíochta thar rud ar bith eile anseo. Ní stopfaidh gach rud. Beidh an tIdirlíon againn agus an teilifís agus uisce srl srl. Cé go mbeidh dochar déanta, ní shin is tábhachtaí. Daoine thar brabús.
Ceacht anseo do SAM. Gá géar le Cúram Sláinte Uilíoch. IS ceart daonna é. Beidh sé dian ar na hospidéil go háirithe. Fan i dteagmháil ar an nguthán le seandaoine le cinntiú go bhfuil siad ceart go leor. Gá géar le duine i gceannas ar an gcóras sláinte atá eolach agus muinnín ag an bpobal as an duine sin. Sibh ag éisteacht, rialtais an domhain?
Tabhair aire duit féin agus lean na moltaí le do thoil agus beidh seans níos fearr againn ar fad. Is féidir. Am agat na leabhair ar fad a bhí tú ag iarraidh a léamh, a léamh anois. Molaim leabhair as Gaeilge, ar ndóigh. Agus féach ar TG4. Cúrsaí go leor ar líne. In am bheith cruthaitheach. Cúlú is sos don domhan atá ann.
Grá mór agus bí slán. IS féidir má tá chuile dhuine ag déanamh mar is cóir.
Bímis faireach.
Scéal ón tuaisceart. Níl na scoileanna dúnta ansin. Bhí ceann acu mar bhí duine le Covid ann ach iad ag rá leis na daltaí dul ar ais ar scoil ansin arís! Uafásach! Gá leis an Border Poll anois le daoine ar an oileán seo a chosaint.
CUID A TRÍ ar 21 Márta 2020
Scéal ó bhean sa Spáinn faoi láthair agus go leor moltaí ann anseo. Léigh é ar fad. Dáiríre.
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 11 minutes ago