Seo smaoineamh (AN-smaoineamh!) ó Eithne Dunbar ar Facebook
DÉAN SCEACH GHEAL NÓ CRANN GEAL NA BEALTAINE I DO GHAIRDÍN TOSAIGH.
Ar an Aoine bheag seo, beidh Bealtaine linn. Ins an bhféilire Cheilteach, is í an chéad lá de Bhealtaine, ‘Lá Bealtaine’ agus tús an tsamhraidh.
Ceann des na nósanna atá againn ag an tráth seo ná Sceach Gheal na Bealtaine. Is féidir sceach nó crann beag os comhair an tí agat a mhaisiú le bláthanna (caisearbháin, bainne bó bleachtáin, samhaircíní, nóiníní, agus cloigíní gorma) agus le píosaí páipéir ildaite, ribíní, agus araile.
Creideann daoine go gcuireann an sceach gheal an ruaig ar mhí-ádh agus go meallann sé ádh chugainn. Nach maith sin, go háirithe anois!
Seo linn i mbliana, iarrfaimis ar ár bpáistí agus garpháistí sceach gheal a mhaisiú mar imeacht thaitneamhach don cheantar ar fad. Scaipfidh sé áthas agus áilleacht mórthimpeall na háite.
Sceach sa ghairdín tosaigh agat is níl duilleoga air go fóill? Bheadh sin foirfe. Nó bain craobh ó chrann mór agus cuir sa ghairdín tosaigh é is maisigh é. Is féidir. Lá Bealtaine Sona daoibh ar fad.
Bhí ionadh orm faoi seo. Nuair a bhí mé óg, b’iad cloigíní gorma a chuireamar
amach ag an doras cúil le fáilte a chur roimh Banríon na Bealtaine. Ar scoil, rinne siad altóir gorm do Mhuire (ar ndóigh!) Tá an lus buí coitianta ag El Día de Los Muertos i Meicsiceó, áfach. Deas an nasc sin.
Dath buí mar sin. Beannacht: Lá Buí Bealtaine (Golden/MerryMayDay)
Nathanna Cainte:
Isfaidego brách nágoBealtaine (neverisalongword).
MínaBealtaine eochair nabliana (May‘s weathermakesor breaks the harvest).
Bímis ag ceiliúradh. Beidh teacht le chéile againn ar jit.si ar an Aoine, Bealtaine 1, 2020. Freagair má tá fonn ort bheith ann. Ceiliúradh le déanamh. Is maith sin.
Seo scéalta ó ‘Muintearas’ ar Facebook, bail ó na Déithe orthu! Tabhair cuairt orthu. Scéalta iad seo faighte ó Bhailiúchán na Scol (Dúchas.ie). Tá Scéim na gCúntóirí Teanga maoinithe ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. Bain taitneamh as na scéalta.
Níl tada cloíte agaibh ná tada foghlamtha agaibh munar fhoghlaim sibh go gcaithfidh sibh dídean a fháil do gach duine gan dídean, go gcaithfidh sibh fáil réidh le ciníochas is meas a thabhairt do na daoine a dhéanann an obair is deacra agus is tábhachtaí, agus go gcaithfidh sibh Cúram Sláinte Uilíoch a bheith agaibh.
Le foghlaim freisin, is iad na mná i gceannas is fearr sa troid in aghaidh Covid, iad a d’fhreagair go tapaidh agus go ciallmhar nuair a tháinig an bhagairt. Mairíonn fuath ban daoine. Féachaigí ar bhur rialtaisí le cinntiú go bhfuil mná le cumhacht iontu.
B’é an t-am ba mheasa. An bhagairt ba mheasa. Dúshlán. Theip ar rialtaisí le fir i gceannas orthu. Iad is measa. Caithfimid tuiscint cén fáth is foghlaim as.
Nuair a tháinig an scéal amach ón tSín, ba léir go raibh fadhb ollmhór acu. Ach b’shin an tSín. I bhfad uainn. Trua againn dóibh ach bheadh greim acu air. Iad a bhí in ann ospidéal a thógáil i ndá lá.
Léigh muid a scríobh an dochtúir sa tSín a fuair bás, é a bhí céasaithe leis an scéal a choinneáil ciúin. Ba léir ón tón gur chreid sé go raibh fadhb ollmhór ann don domhan ar fad. Bhí an víreas ag scaipeadh go heaspónantúil. Cé nár thuigeamar mórán ag an am sin, thuigeamar go raibh cumhacht ag an víreas ina luas is é ag taisteal ar fud an domhain ar nós na gaoithe.
Rinne drochrialtaisí mar a dhéanann drochrialtaisí i gcónaí: rinne siad iarracht a scéal a chur faoi cheilt, d’inis siad bréaga ag rá nach raibh ann ach rud ar nós slaghdán, agus dhírigh siad ar dul ar aghaidh gan tada a dhéanamh. B’shin feall agus coir.
Tá a tharla fireann agus fealltach. Le foghlaim as seo amach go bhfuil cuótaí uainn agus ar a laghad 50% baineann sna rialtaisí.
Teip iomlán le Boris agus Donald sna himpireachtaí. Ná lig do sochapath ná síceapatach bheith i gceannas ar thír riamh. Ní thuigim na daoine i SAM atá fós ag fanacht ar thoghchán eile. Ní thuigeann siad gur theip ar an gcóras ar fad. Níl clú acu conas é a dheisiú. Sin níos scanrúla ná Covid féin.
Is muid ag foghlaim, bíonn gá le cúnamh ón ngramadach ó am go ham. Mé ag tosnú ar bheagáinín a fhoghlaim gach lá ag tosnú anseo
Le tosnú
Introduction
The language is IRISH, not GAELIC.
Gaelic is not a language, but a group of languages. We do need Scotland to address the naming problem. There is no need for the word Gaelic at the end of Scottish Gaelic. The threes are sacred in our culture. We have three Gaelic languages: Irish, Scottish, and Manx.
They are in the Celtic Family of languages and that has another group of languages called Brythonic. There are there Brythonic languages: Welsh, Cornish, and Breton.
Each language has its own dictionary. They are distinct languages, not English with a different accent nor dialects. They do have their own dialects. Irish has three strong distinct dialects: Munster (Gaolainn, Gaeilge na Mumhan), Connacht (Gaeilge Chonnacht) and Ulster (Gaeilig/Gaeilge Uladh). The Celtic languages are Indoeuropean.
2. It is Ancient AND MODERN
We have writing in Irish in Ogham from around 500 – 700 AD. The country and the language suffered waves of invasions. The language evolved and incorporated words from Latin, from Scandanavian languages, and from French and English for example. Old Irish from 700-900 was influenced by Latin. That was followed by Middle Irish 900-1200 with some words from the Vikings influencing the language. That was followed again by early Modern Irish with the invasion of the Normans from 1200-1600.
The English take over did massive damage to the language but she lives and is growing still. Cromwell is considered a monster here, for good reason. Modern Irish is considered to be from 1600 on and now has words for Coronavirus and computers as the language adapts to an ever-changing world.
3. You CAN learn it.
Even in isolation! There are many resources to help you.
Duolingo (a free app). Remember, the language is called Irish, not Gaelic!
OK. So what will you learn about Irish Grammar on your first day?
Well, we have one accent mark. It is called a fada and is used to make a vowel long.
Éire is Ireland. It is pronounced Air – a. Eire is burden. It is pronounced Er – a.
Scottish also uses an accent but it goes in the other direction. Gàidhlig is Scottish (often Anglicized as Gaelic and leading to a lot of confusion). So now you can tell if you are reading Irish or Scottish by looking at the direction of the accent.
Mór v Mòr: Mór is Irish and Mòr is Scottish. Both mean big. Right, lesson 1 complete.
Now you have learned your ABCs, spell your name & we’ll use this frequently ♫.
Lá 3
Gramadach an Lae: The Famous 5 verbs we don’t conjugate
1. ar/arsa Ait, arsa daoine. ar/arsa mean says, said, will say, would say: any tense!
2. dar Ait, dar liomsa freisin. dar is used with le to mean It seems to (me, you etc.)
3. dóbair Dóbair dom dearmad a dhéanamh ar seo. Dóbair + do means almost
4. feadair N’fheadar cén fáth. No preposition, mé. tú…. It means I (or others) wonder
5. is (an chopail) Is fíor seo ar fad. It means is/are for definitions and many expressions
Examples
1. Ait, arsa daoine. Strange, people say.
2. Ait, dar liomsa freisin. It seems strange to me too.
3. Dóbair dom dearmad a dhéanamh ar seo. I almost forgot this.
4. N’fheadar cén fáth. I wonder why.
5. Is fíor seo ar fad. All of this is true.
I feel so sorry that people refer to them as defect verbs. That seems defective to me. I stand up for these amazing verbs! The are different and different is essential for the survival of the species so here’s to the weirdos including the weirdo verbs!
Now I go to the dark side because, that’s our default and that’s tomorrow’s lesson.
Phrases with dóbair in am Corona:
1. Dóbair sé mé a mharú: It almost killed me.
2. Dóbair di! It was a near thing for her!
3. Chuaigh sé go dtí an dóbair. It was touch and go.
Raight. Lesson 3 complete.
FOR THOSE WHO KNOW A LOT OF IRISH ALREADY:
Here are wee snippets, one for each day of the year
Fuair 2,000 bás den víreas Covid-19 sna Stáit Aontaithe inniu. In Éirinn stadann daoine le héisteacht le ceoltóirí a chaoineann na mairbh le meas ar an teilfís. I SAM, iad gafa le bheith perky faoi chúrsaí eacnamaíochta ar an mbosca. Déanann sé tinn mé. An fhírinne faoi cheilt. D’eitil sagart thar a pharóiste in eitleán anseo lena phobal a bheannú. B’fhearr éadaí cosanta do dhoctúirí ná eitilt thart. Cosc ar dhaoine masc a chaitheamh in áiteachaí fiú. Meas ar bith ar na daoine is fearr is an spotsholas fós ar an diabhal. SAM 2020
Olluaigh ar Oileán 2020
Cuireadh ar oileán thú
i mbosca i dtrinse. Bosca fút,
bosca os do chionn, boscaí taobh leat.
Leag príosúnaí gléasta in éadaí cosanta bána
na boscaí seo i ndíog atá
ite amach ag tochaltóir glórach.
I do bhosca ansin atá tú
i gcarn ar nós bricí
caite amach ó naíolann
nó coimeádán dearmadtha
ar an gcé nó rún le clúdú.
Ar an oileán seo fadó, threanáil siad
saighdiúirí gorma. Bhí campa géibhinn
is teach na ngealt ann tráth.
In ospidéal, choinnigh siad daoine le heitinn
i bhfad sular tháinig tusa ar an saol.
Iad curtha ar an oileán céanna leat.
Tá diúracáin Nike fiú sa chré anseo.
Salachar. Contúirt. Is tusa.
In áit nimhneach gan rath.
Gan cara amháin le slán a rá leat
le crá croí, le deor, le meas.
An bhfuil tú réidh don chré?
Akeldama atá ar an áit seo,
ainm ón mbíobla a chiallaíonn gort fola
Folamh seachas príosúnaigh is boscaí lán.
Ach bhí am ann nuair a thagadh potairí anseo
le cré rua a fháil is dhéanaidís criadóireacht léi.
Níor tháinig feabhas ar an domhan ó shin.
Cuireann uachtarán páistí i gcampaí géibheann
is goideann sé leigheas ó na dochtúirí
nárbh fhéidir leo tú a shábháil.
An tír is saibhre ar domhan, ar siad.
Sin bréag a thuig tú go maith.
Shiúil tú thar daoine gan dídean
sular chuir an víreas faoi ionat, a stór.
Rud nach raibh tuillte. Rud nár thuig do ghlór,
do scéalta, do thuiscint, do gháire.
Faoi ghlas go deo i mbosca
ar oileán fuar Hart.
Ar an scáileáin romham iad fós ag éisteacht
leis an diabhal, an trumpadóir. Cuir ann é, ní tú.
Má tá leabhair do pháistí agat sa bhaile, tá go leor leor acu ar Soundcloud. Bain triail as anseo
Molaim scéal a léamh duit féin nó do na gasúir nó ligint do ghasúir léamh duit nó don mhadra nó peata ar bith nó do na bréagáin fiú, gach lá. Seo scéalta ó Chomhaltas.