1. Áine Ní Ghlinn
2. Áine Durkin
3. Alex Hijmans
4. Réaltán Ní Leannáin
5. Anna Heussaff
1. Áine Ní Ghlinn
2. Áine Durkin
3. Alex Hijmans
4. Réaltán Ní Leannáin
5. Anna Heussaff
Tá an scannán Sleepless in Seattle cáiliúil go leor. Beidh orthu scannán nua a dhéanamh anois: Saoirse i Seattle. Tá gá leis an scéal seo a insint.
Fáilte go dtí an Capitol (Cap) Hill Autonomous Zone nó CHAZ. Tá Zón na Saoirse i Seattle agus fógra breá ann le rá leat go bhfuil tú ag dul isteach sa zón sin. Macalla den bhfógra i nDoire.
Dar le Jenny Durkan, Méara Seattle, is sampla é an zón seo de shaoirse cainte agus de thírghrá i ndáiríre. Dar le The New York Times is “part street festival, part commune” é.
Dochreidthe atá déanta ag daoine leis an gcathair a shábháil ó ionsaithe fíochmhara ó na póilíní le déanaí. Éacht! Ealaín den scoth ar na sráideanna. Ceol san aer. Bia blasta ar fáil ann. Síocháin.
Ní raibh sé éasca do Seattle i 2020. Bhuail Covid-19 an chathair go láidir go luath. Is mise, é féin, agus an madra ar eitleán ag bogadh ó Chalifornia go Virginia, tháinig an scéal ó Washington (an Stát, ní D.C.) go bhfuair duine ansin bás de Covid-19 i Seattle. B’shin an chéad tuairisc faoi bhás uathu ar an 29ú Feabhra 2020. Is muid ag socrú síos in árasán nua (agus é féin tinn agus faitíos an domhain orm go raibh Covid aige), chuaigh an víreas as smacht go sciobtha i Seattle.
Go dtí lár mí Mhárta bhí níos mó cásanna i Washington (an Stát) ná ina aon áit eile i SAM go dtí go ndeachaidh cúrsaí in olcas i Nua Eabhrac. ‘Sé sin le rá, bhí daoine ag fulaingt go géar i Seattle ó thús na bliana. Bhí frustrachas, fearg, agus faitíos ar dhaoine nach raibh an Stát réidh do Covid, nach raibh an fearas ag dochtúirí is altraí a bhí uathu. Seandaoine i gKirkland i Seattle is mó a fuair bás le Covid.
Is rudaí ag socrú síos faoi dheireadh is na cásanna ag laghdú, tharla dúnmharú George Floyd is bhíomar ar fad in ann sin a fheiceáil a tharla os ár gcomhair amac ar an scáileáin. Chualamar an Momma sin ag teacht óna bhéal. Impí. Chonaiceamar an póilín lena lámh ina phóca ag marú duine os comhair an tsaoil is ba cuma leis faoi. Mar is féidir leo. Mar níl freagracht ann. Sochapatach. Duine gan anam. Cruálacht.
Ar nós íomhá ó Vítneam, nuair a mharaigh saighdiúr Bảy Lốp le gunna ar an tsráid os comhair an tsaoil i 1968 agus ghabh Eddie Adams ó NBC an nóimeád lena cheamara is roinn sé leis an domhan é. Ní tuairisc a bhí ann ach fianaise. Finné a bhí ionainn ar fad a chonaic é.
Is tháinig fearg arís mar tá na mílte, mílte againn. Ar dhaoine gan jabanna, gan dóchas, gan árachas sláinte. Daoine a bhí ag déanamh a ndícheall ach a thuig an feall ar siúl ag na daoine i gceannas. Airíonn siad ar fad nach bhfuil siad in ann anáil a tharraingt. Mar is cuma cén ghearán a dhéanann daoine, leanann na póilíní ar aghaidh ag marú daoine dubha (braon den úsáid de ghorm. Seanfhaiseanta anois, leads. Feicim daoine dubha le Gaeilge in Éirinn ag scríobh daoine dubha agus is leor sin domsa).
Bhí freagracht ar bith ann le George Bush agus a chogadh san Iaráic. An fear fós saor agus daoine ag ceapadh gur laoch é. Bhí freagracht ar bith ann nuair a chuir ICE páistí i sluachampaí géibhinn. ICE fós dhá dhéanamh is iad ar nós SS Trump. Bíonn freagracht ar bith ann nuair a insíonn FOX, AON, Newsmax is a leithidí bréaga ar an ‘Nuacht’ acu. Iad fós ag scaipeadh bréaga agus níor dhún éinne síos iad. Freagracht ar bith ann nuair a ghoideann Trump fearas atá de dhíth sa troid in aghaidh Covid. Is léir nach bhfuil Checks & Balances ann ar chor ar bith.
Freagracht ar bith ann do na daoine a leanas is níos mó ná iad nach bhfuil ar an liosta seo ach iad ar fad marbh: ciontach as bheith dubh.
Momma, a dúirt George is é ag fáil bháis. Is chuala mé é. Bhí a mhamaí marbh ach bhí cúnamh uaidh is ní raibh duine ar bith ar an domhan in ann cúnamh a thabhairt dó is é ag fáil bháis faoi ghlúin Derek Chauvin mar bhí gunnaí ag na póilíní, Derek is a chairde. Mar sin, ghaoigh sé ar a Mhamaí is fios aige go raibh sé ag fáil bháis. Thuigeamar an feall. Dúnmharú gan náire. Na diabhail i gceannas is seans ar bith ag daoine maithe.
Ní raibh daoine in ann tada a dhéanamh seachas seo a fháil ar a gceamaraí. Samhlaigh sin. Tú ag fáil bháis agus an radharc deireanach agat ná daoine ag fáil fís de do bhás ar a ngutháin. #GeorgeFloyd. Ach is maith go bhfuair siad é. Mar chonaiceamar é is anois tá fonn ar mháithreacha an domahin, gach duine le croí, seo a stopadh. Ní do George. Ródhéanach dó. Ach do gach duine dubh eile. Mar TÁ ciníochas lofa sa tír agus TÁ na póilíní as bealach.
Mar sin a chuaigh daoine i Seattle, chomh maith le daoine ar fud an domhain, amach ar na sráideanna le rá leis na póilíní go raibh siad cruálach agus as smacht. I Seattle, d’fhreagair na póilíní le fórsa cruálach as smacht. In áit a rá, Tá an ceart agaibh agus bhíomar as bealach, d’iosaigh na póilíní páistí, cailíní óga, daoine i gcathaoireacha rotha le deorghás, le piléir rubair, le smístí, le foréigean damanta IN AM COVID!!!!!
Sháinnigh siad iad le chéile IN AM COVID is thóg siad iad go príosún i mbusanna IN AM COVID. Mar sin, thuig daoine go raibh siad ag cur a saol i mbaol ach FÓS sheas siad an fód ar son na síochána, ar son cearta daonna, mar d’fhreagair siad an glaoch sin ó George. Tá cúnamh ó dhaoine dubha. Ná maraigh iad níos mó. Seasann Seattle leo in aghaidh na póilíní. Mar TÁ na póilíní IOMLÁN as bealach.
Cos ar bolg i Seattle: https://www.youtube.com/watch?v=0MmCOEE5m-I
As seo ar fad, d’éirigh leis na daoine spás atá slán a bhaint amach. Shiúil siad le chéile ina mílte gan tada a rá le tabhairt le fios nach mbeadh an bua ag póilíní lofa. Chonaic an méara iad agus thuig sí (mall agus ní le tuiscint sách láidir)..
Bhunaigh daoine Zón na Saoirse ar an Luan. Tá an chathair ag cuidiú leo anois ag cur seirbhísí ar fáil dóibh. Tá na póilíní ar buile ach tá cosc orthu an gás a úsáid níos mó is tá siad ag fanacht amach ón gceantar seo. Tá bia saor in aisce i Zón na Saoirse is ceolchoirmeacha saor in aisce. Tá seans ann do dhaoine teacht le chéile le caint faoi a tharla is le cúnamh a thabhairt dá chéile. Tá deis ann domhan níos fearr a shamhlú. Sé sin le rá, tá daonnacht ann. Ba mhaith liom a ceapadh go dtabharfadh sin sásamh do George.
Ní leor seo. Tá freagracht de dhíth. Ach is rud álainn amach is amach é. Meas do na laochra a sheas an fód. Tugann siad dóchas don domhan tuirseach seo.
Mo mhallacht ar FOX agus AON agus a mbolscaireacht ghránna. Go hIfreann leo nó, níos fearr fós, dún iad.
Note fonn can mean tune/melody or desire
2.
3
3
2.
3
San am céanna ina bhfuil daoine ag argóint faoi Ghaeilge ar leac, tá an tArd-Aighne Barr sna Stáit Aontaithe ag argóint faoi Law & Order. Níl mórán idir an dhá rud. Impireacht agus ciníochas i gceist.
Scéal 1: Fuair Margaret Keane bás in Iúil, 2018. Rugadh í agus a fear céile in Éirinn. I 2017, fuair Margaret Gradham an Uachtaráin ón gCLG as ucht a rinne sí i Sasana ag cuidiú leis an bpobal ansin. Is léir go raibh grá mór aici dá cultúr. Is le déanaí, d’iarr a clann cead na focail In ár gcroíthe go deo a chur ar a leac. Ait go mbeadh orthu cead a fháil sa chéad áit, ach an cead sin ní bhfuair siad. Eolas faoi anseo.
‘Mhínigh’ an breitheamh Stephen Eyre QC, nach mbeadh cead Gaeilge a bheith ann gan aistriúchán air sa Bhéarla leis mar d’fhéadfadh the passions and feelings connected with the use of Irish Gaelic (NÍL gá leis an Gaelic sin!!!! SOIT!) a ligint do dhaoine a cheapadh gur “some form of slogan nó a political statement a bhí ann.
GML! Raaaaight. Labhraím slogans? Sin mo theanga? Cúpla rud anseo, Stephen Eyre, agus a dhaoine uaisle. Uimhir a haon: Irish, ní Irish Gaelic, atá ar mo theanga agus tuigimid an díspeagadh atá sa Gaelic sin. Uimhir a dó: ní dóigh liom go gcaithfear Laidin ná teanga ar bith eile a aistriú go Béarla. Agus sin ciníochas: bun agus barr an scéil.
Seo a cheap Dara Ó Briain faoi agus aontaím leis
Scéal 2: Rinne an tArd-Aighne Barr tagairt don leac seo ar an teilifís inniu
Everything is created by Law and Order, ar sé. Rud a thaitneodh le Trump. Rud a oireann d’fhaisisteachas. Cúpla rud anseo, a dhaoine uaisle. Uimhir a haon, bhí ionadh orm go mbeadh meas ag Barr ar rud ar bith nach raibh scríofa i mBéarla agus uimhir a dó, mheas mé do ndearna duine éigin ar fhoireann an Trumpadóra an frása Law & Order a ghoogláil. Sin talking point na huaire ag an tíoránach sa Teach Bán. Féach agus éist ag 11:40 thíos
Bhí Barr mícheart. LEGE ATQVE ORDINE OMNIA FIVNT atá scríofa thar an mbealach isteach ag an Roinn Dlí agus Cirt i nDC. Ciallaíonn sé Lig do gach rud bheith déanta de réir dlí agus oird. Lean Wray, stiúróir an FBI, é ag rá (i bhfocail níos deise), All Lives Matter. Le bheith cruinn bhí siad ansin le rá leis an bpobal, Is cuma sa tsioc linn fúibh, tá an chumhacht againn, mar a dúirt Trump leo a rá.
Laidin. Teanga na hImpireachta. Sin ceadaithe ach feic na daoine ag teacht anseo ó thíortha eile? Raaaaight.
Ceist faoin bhfrása sin Dlí & Ord nó Riail & Reacht anseo. An bhfuil ciníochas ag baint leis? an cheist. Tá, an freagra.
Bris na ballaí, a dhaoine uaisle. Bris an náire, Bris aineolas. Leag impireacht a ligeann d’fhuath mar seo fás. Scríobh an stair i gceart agus tóg córas níos fearr. Airím na ballaí ag titim anois is tugann sé dóchas dom. Ná fan ciúin.
An scéal anseo
Amhrán le We 4
Ceol le Roger Whitaker
1. Bhí mé óg is bhí mé amaideach
I was young and I was foolish.
Is gan splanc agam i mo cheann,
And not a spark [of sense] in my head.
Nuair a casadh cailín deas orm,
When I met a nice girl
Agus phóg mé i mar ghreann.
And married her for fun.
Curfá:
Cóilín (Cóilín!) Tar abhaile liom,
Cóilín (Cóilín!) Come home with me.
Beimid díreach in am don tae,
We’ll be just in time for tea.
Fóillín! (Fóillín!) Go raibh míle maith agat.
Take it easy! A thousand thanks.
Ach go fóillín, go dté tú slán.
But may you stlll go safely.
2. Bhí na blianta spóirt is óil agam,
I had years of sport and drink.
Sean gach dí, is nua gach bia.
Every drink, old, and every food fresh.
Is na sluaite ban sa tóir orm,
And there were crowds of women chasing after me
Is a muintir leis im’ dhiaidh.
And their people chasing after them.
Curfá 2:
Cóilín (Cóilín!) As an mbaile leat!
Cóilín (Cóilín!) Out of town with you!
Tá an posse ag teacht faoi do dhéin!
The posse is coming to get you.
Fóillín! (Fóillín!) Go raibh míle maith agat.
Take it easy! A thousand thanks.
Ach go fóillín, go dté tú slán.
But may you stlll go safely.
3. Ach anois tá mé ag dul in aois,
But now I am going on in years.
Tá mé fós im’ cheann, imithe.
I am still gone in the head.
Is má chím cailín mar í arís
And if I see a girl like her again.
Ise a bhéas ag déanamh grinn.
‘Tis she who’ll be making fun (of me).
Curfá 3:
Cóilín (Cóilín!) Gread abhaile leat!
Cóilín (Cóilín!), Clear off home!
Tá tú súgach is beagnach braon.
You are tipsy and almost drunk.
Fóillín! (Fóillín!) Go raibh míle maith agat.
Take it easy! A thousand thanks.
Ach go fóillín, go dté tú slán.
But may you stlll go safely.