Féir plé do Spillane, tá dóthain againn le leanúint ar aghaidh ag múineadh ó bhaile agus amhrán go leor ar fáil do ghasúir le foghlaim. Seo ceann iontach lán le stair.
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal ag díol ná ag reic mo shláinte
Ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla im scaoinse ar leataoibh sráide
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill dá fhiafraí an bhfuilim hírálta
“Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada.” Seo ar siúl an Spailpín Fánach
Im Spailpín Fánach fágadh mise ag seasadh ar mo shláinte
Ag siúl an drúchta go moch ar maidin .s ag bailiú galair ráithe
Ní fheicfear corrán im’ láimh chun bainte, súiste ná feac beag rainne
Ach bratacha na bhFranncach os cionn mo leapan is píce agam chun sáite
Mó chúig céad slán chun dúiche m’athar ‘gus chun an oileáin ghrámhair
Is chun buachaill na Cúlach os díobh nár mhiste in aimsir chasta an ghárda
Ach anois ó táimse im chadhan bhocht dhealbh Imeasc na ndúichí fáin seo
‘Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm bheith riamh im Spailpín Fánach
Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad thiar ag droichead Gháile
Fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga gheala agus capaill ann le h-áireamh
Acht b’é toil Chríost é gur cuireadh sinn asta ‘s go ndeaghamhar i leath ár sláinte
‘S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn “Call here, you Spailpín Fánach”