Torann uafásach a fhaigheann tú is tú róghar don maidhc. Goilleann sé ar na cluasa. Goilleann sé sa chloigeann. Goilleann sé chomh mór sin go mbaineann sé geit asat. Feedback. Dordfhocal.
Aiseolas a thugann siad air sa Ghaeilge. Torann eile. Ais. Ar nós teacht ar ais ar nós liathróid i gcluiche leadóige? Bhuel anois. Cé a chum sin? An duine céanna a chum fearcheartú in áit fearmhíniú ar mansplaining? Eolas, an ea? Nó tuairim?
Goilleann an focal orm. Goilleann an nós orm.
Bíonn na fir AN-tógtha leis rómhinic. Iad atá lán le féinmhuinín mar deireann an domhan leo gur leo an domhan.
Sna cásanna is measa, agus is minic a tharlaíonn sé, bíonn daoine i gceannas róleisciúil le tada a dhéanamh ach teachtaireachtaí gan ainm a roinnt leis na hoibritheoirí. Is mar sin, don té a fhaigheann an teachtaireacht, tá ceisteanna le freagairt.
Ar tháinig sé ó dhuine amháin?
An bhfuil tú ag iarraidh orm rud a dhéanamh faoi? Mo stíl ar fad a athrú mar gheall ar a dúirt duine leat?
An bhfuil tú ag rá nach bhfuilim go maith?
An mbeidh mé i dtrioblóid muna dhéanaim rud faoi?
Srl
Nó, níos measa fós, bíonn sé in úsáid le cumhacht a léiriú. Deireann sé, Léim nuair a deirim leat léimt.
Cibé rud a dhéanann sé, cuireann sé strus ar dhaoine. Ní anois ná riamh an t-am le seo a dhéanamh. Baineann sé muinín as daoine atá ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh.
Ar nós bheith ag iarraidh ar dhaoine céard ba mhaith leo mar phá (ná déan sin! A leithéid! Tabhair an rud céanna rud cóir agus cothrom do gach duine). Seo drochnósanna. Ar nós tipping. Córas lofa lán le haicmeachas agus dúshaothrú.
Má tá duine ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú i ndáiríre, éist leis na daoine atá ag déanamh an obair. Is MÁ tá gá le rud a athrú, bí lách agus abair é mar, Cad a cheapann tú faoi seo a dhéanamh? Agus éist leis an bhfreagra.
Meas atá ó dhaoine. Ní bhíonn sin le fáil sna cúrsaí a mhúineann gnó go minic. Daonnacht de dhíth. Cén maitheas brabús má chailleann tú na daoine a dhéanann an obair?
Ní aiseolas ná eolas seo ach comhairle. Anois, ar ais ag obair liom.
Mar a dúirt Molly le déanaí: Be excellent to one another. Is féidir linn. Ní comórtas atá sa saol seo ach muidne ar fad ar an turas céanna.