Ní raibh mé in ann scríobh faoi go dtí seo ach dhúisigh mé anois is tá mé fós ag smaoineamh ar a tharla ar an Mháirt le déanaí.
Thosaigh an mhaidin go maith. Tríd an bhfuinneog, chonaic mé an sionnach lán le bród lena choileán á leanúint ag pramsáil leis níos cóngaraí ná riamh don teach. Rinne sé cúpla léim le háthas is é sa ghairdín in aice linn agus away leo don chéad uair go páirceanna agus coillte eile. Rud álainn amach is amach.
Chaith mé an lá sa chistin, sa choill, san almóir. Sin m’oifig, an almóir sin. Ná bí buartha, bíonn an doras i gcónaí ar oscailt. Níl ann ach gur chuir mé deasc ann agus tá mo chathaoir taobh amuigh de sa seomra beag thuas staighre. Tá fuinneog ann díreach ag mo ghualainn agus feicim atá ag tarlú sa choill nuair nach bhfuilim ag cur ceachtanna le chéile.
Obair sa almóir, bia sa chistin, faoiseamh sa choill. Sin mo shaol anois. Is fiú, ní obair amháin atá ar siúl san almóir. Buailim le daoine ansin ar Zoom. Iad atá ag foghlaim Gaeilge. Cuireann sin áthas orm.
Is don chéad uair riamh, ní fhéachaim ar chócaireacht mar dhualgas nó teip. Leanaim a deireann Mo Food Blog liom, is a ghuth lán le cineáltas a thugann cead dom botún a dhéanamh is spraoi a bhaint as rithim an tsaoil is mé ag cur béile le chéile.
Ach nuair a théim amach, sin glóir.
Seo ré Covid agus táim in áit nua. Tá neart nach bhfuilim in ann caint faoi sin fós is tiocfaidh sin amach de réir a chéile. Ach chuile uair a théim amach an doras le dul ag siúl sna coillte le Ríra, airím éadtrom. Titeann ualach uaim. Bíonn aer úr sna scámhóga, gliondar orm ag súil le créatúirí na coille a fheiceáil arís. Is beag nach mbím ag damhsa in áit ag siúl. Rud nach raibh mé in ann a dhéanamh nuair a tháinig mé anseo ar dtús.
Ghlaoigh an choill seo orm ón uair a tháinig mé le féachaint cén chaoi raibh an teach seo is mé ag iarraidh bogadh amach ó árasán. Bhí cosán in aice an tí is chuaigh mé agus Rírá ag siúl ann, taiscéalaí gan eagla. D’eitil corr éisc sa ghleann thíos fúinn an bealach in éindí linn. Beidh muid togha anseo, ar mé le Rírá gan focal a rá is ceapaim gur thuig sé é freisin.
Seo a d’fhoghlaim mé:
Is fia ag tochas a chluas, tuigim go bhfuil sé ar nós a rá liom go bhfuil sé ag tabhairt deis dom le dul ar aghaidh. Ligeann sé air nach bhfeiceann sé mé mar tá mé nua anseo agus ní thuigim na rialacha. Buíoch as, tugaim barróg do Rírá ag míniú dó nach bhfuil contúirt ann is cailleann sé eagla. Claonaim mo cheann leis an bhfia is ar aghaidh linn go ciúin as an mbealach.
Is mé ag léamh ar stóilín a thógaim liom, déanaim dearmad ar an t-am is ní fheicim na fianna go dtí go gcloisim fuaim ait ón srón ag an gceann is mó acu. Buaileann sé a chrúb ar an talamh. Gabhaim pardún is bailíonn Rírá, nach ndéanann tafann níos mó ina gcomhluadar, agus mé féin linn mar bhíomar san mbealach. Is déanaim iontas den áilleacht is iad ag filleadh an treo seo ag deireadh an lae.
Feicim mar a chabhraíonn an sionnach, na héin , agus na fianna lena chéile nuair atá bagairt ann. Tá a dteangachaí éagsúla acu ach tuigeann siad a chéile. Tuigeann na créatúirí na háiteachaí is áille sa choill is bailíonn siad ann ag tús agus ag deireadh an lae. Is aoibhinn liomsa na háiteachaí sin chomh maith.
Nuair a chloiseann siad mé ag teacht is na cluasa in airde acu, casaim amhrán le rá leo cé mé. Tuigeann siad agus bíonn siad ar a suaimhneas arís. Bailím adhmad sa choill, is plandaí. Glanaim is féidir liom a ghlanadh is tugann sin sásamh dom mar tá an áit seo fíorálainn. Níl sé riamh mar ag gcéanna, i gcónaí ag athrú, ag fás, ag nochtú iontaisí dúinn.
Sé sin le rá, seo mo leigheas. Tá draíocht anseo sa chlapsholas. Airím no chuisle anseo is suaimhneas. Tearmann. Mo Thír na nÓg ar chúl an tí. Déanann Rírá aithris ar na fianna ag preabadh leis abhaile.
Amantaí, téim go coill eile transa an bhóthair uainn. Sin a rinne mé ar an Mháirt sin.
Bhí an sionnach ann lena choileán, seans. B’fhéidir go bhfeicfimis ann iad. Bhí mé gafa le ceachtanna a ullmhú an lá ar fad agus ní dheachaigh mé amach go deireadh an lae, go dtí go raibh trua agam do Ríra a bhí thar a bheith foighneach. Siúil? a deirim leis is ritheann sé timpeall le pocléim is le gliondar.
Ligim do Rírá an treo a roghnú. Roghnaigh sé an cosán beag isteach sa pháirc agus aicearra a thógamar go carr chlós thíos cois na habhann an uair seo. Is ansin a chonaic mé na carranna. Is ansin a chonaic mé na fir ina nduaithníocht lena ngunnaí móra ag siúl thart ar na carranna sin is stop mé ar an bpointe. Bhí contúirt romham. Ní raibh sé i bhfad ó tharla ionsaí ar an gCaipeatól anseo i D.C.
Cad a bhí le déanamh? Casadh timpeall? Smaoinigh mé air. Ba léir go bhfaca siad mé ach bhí siad gafa lena bhí siad ag déanamh ag tógáil gunnaí móra eile amach ó na carranna. Cad a bhí ag tarlú?
Mheas mé go raibh siad ann le fianna a mharú. Is tháinig fearg orm. Fearg a bhí i bhfad níos láidre ná eagla. Mar sin, chuaigh mé ar aghaidh le caint leo is mé iomlán ar buile.
Thosaigh mé go ciúin le ceist. Bhí an ceart agam. Bhí siad ann le fianna a mharú. Nach bhfaca mé na fógraí? Ní fhaca mar ní raibh siad chuile háit is ba é Rírá a roghnaigh an bealach isteach sa choill. Tá an pháirc ag dúnadh, ar siad. Ba chóir duit an áit a fhágail go tapaidh, ar siad.
Ach ní féidir páirc mar seo a dhúnadh. Níl geataí ann ná ballaí. Tá sé iomlán ar oscailt ar gach taobh. Téann daoine ann óna ngairdíní mar tá siad ina gcónaí ar imeall na coille. D’fhéadfadh páistí rith amach san oíche le dul ag súgradh ann i ngach fhios do dhaoine, nó déagóirí bheith ann ag ól. Feicim na cannaí a fhágann siad ina ndiaidh.
Is mé ag caint le fear mór (a bhí ag breathnú orm ar nós breathnú ar chuileog atá san mbealach) le gunna mór ina lámh aige, thug mé faoi dearadh an aistreog ar an bhfuinneog ar an gcarr in aice leis. Lig mé, OH MY GOD! asam. Well, that explains a lot! ar mé go feargach. Brat SAM bhí ann ach é dubh agus bán le líne amháin gorm sa lár. Lucht Blue Lives Matter, ar mé liom féin. Ba iad fir mar seo a rinne an ionsaí ag an gCaipeatól.
Ansin thug mé faoi dearadh ón treo eile póilín ag siúl i mo threo is thuig mé go raibh sé ann leis an dream seo, iad lán le ciníochas gan meas acu ar mhná agus fonn orthu ainmhí a mharú, a chosaint. Thuig mé nach raibh maitheas ar bith i gcaint leis na fir leis na gunnaí. Níor bhac siad le tada a bhí á rá agam. Ar nós nach raibh mé ann ar chor ar bith. Aithním sin. D’airigh mé é cheana is níl bean slán le daoine mar sin.
Chuaigh mé le caint leis an bpóilín a dúirt liom go raibh orm imeacht as an áit. Chonaic mé go raibh a charr ag blocáil an bealach isteach ag an gcarrchlós, rud nach bhfacamar mar tá cosáin go leor eile ann le teacht go dtí an áit seo. Ní raibh maitheas ar bith le caint leis ach oiread. Scríobh litir ag an gcoiste, ar sé, má tá gearán agat. Ní stopfadh sé sin a bhí le tarlú an oíche sin. Is bhí litir scríofa agam cheana. Níor tháing aon tairbhe as.
Ar ais linn, mise agus Ríra, ar lánluas ag filleadh go dtí an taobh eile den choill. Is ansin a thángamar ar dhaoine sa charrchlós eile. Póilíní arís. Tháinig fear i mo threo le caint liom. Don’t do it, ar mé. Thosaigh sé ag caint agus stop mé é le Don’t do it eile is sheas sé siar. Thuig sé go raibh mé i ndáiríre agus gur thuig mé a bhí le tarlú. Bhí ciall aige. Ní mar an gcéanna an bhean a d’inis dom nach raibh ar siúl acu ach Just following orders. Dia dár réiteach!
Cad a bhí le déanamh? Bhí orm rabhadh a thabhairt do na fianna agus ligint do na póilíni a ceapadh go ngabhfainn ar ais sa choill. Is caithfidh mé a admháil gur smaoinigh mé air. Ba mhaith liom a ceapadh nár mharaigh siad fianna an oíche sin mar bhí baol ann go raibh mé sa choill ach dáiríre creidim gur cuma leo. Rinne mé torann le rabhadh a thabhairt do na fianna agus chuaigh mé thart go na háiteachaí ina mbíonn siad ag an tráth sin den oíche le iad a mhealladh ar ais dár gcoill féin.
Is nuair a bhí siad ar ais, chuaigh mé thart ag canadh an amhrán is ansa leo le rá leo go raibh siad slán ansin.
Tharla seo. Is chuir sé as dom. Mar aithním daoine nach bhfeiceann mé, nach gcloiseann mé. Iad gan croíthe. Mhínigh mé do na póilíní an oíche sin mar a bhí mé scanraithe nuair a tháinig mé ar na leads leis na gunnaí móra. Ba cuma leo. Mhínigh mé an chontúirt do dhaoine i bpáirc nach féidir a dhúnadh. Ba cuma leo. Ní cosantoirí iad daoine mar sin.
Ach thar aon rud eile, chuir sé as dom go raibh mo chairde, na fianna, i gcontúirt. Ní dhearna na fianna tada as bealach d’éinne. Tá siad maorga, álainn, uasal. Ní mar an gcéanna na fir sa choill an oíche sin. Bhí siad gránna, aineolach, contúirteach. Sin galar.
Sin mo scéal nach raibh mé ag iarraidh a insint ach a thit amach anocht.
Caithfimid bheith níos fearr ná seo. Bíodh meas againn ar an Nádúr. Muidne na cuairteoirí anseo. Bhí na fianna anseo romhainn. Iadsan an leigheas.