Don’t bring that clábar into the house, a bhéic sí is baineadh geit asam.
Níor chuala mé Gaeilge uaithi go nádúrtha riamh roimhe sin.
Chonaic sí mé ag stánadh uirthi agus níor thuig sí cén fáth. What?
What did you say? ar mé. Níor thuig sí fós.
An raibh fearg orm léi mar bhí sí ag tabhairt amach do mo dhearthair? Ní raibh. É lántuillte aige. Ní cheistím í. Meas agam uirthi. Ach ansin a bhí mé roimpi is mo bhéal lán ar oscailt.
Tada.
What was the sentence you said? Again. The same words. Bhí mé ag caint léi ar nós caint le páiste beag. Bhí seo práinneach. Nóimeád sa stair.
Mearbhall ar a haghaidh. Céard? Focal ar fhocal? I told him not to bring the muck in. Tuige? sa ghuth.
That’s not what you said. You said Clábar.
Yes?
That’s Irish.
No.
Yes.
No
Yes.
Huuu. Bhí sí ag imeacht léi ag glanadh an salachar a thóg sé isteach leis ón ngairdín. Bhí an comhrá thart.
B’shin mar a d’fhoghlaim mé focal nua ó bhean nár thuig go raibh Gaeilge aici.
Inniu ar Twitter, tháinig an comhrá sin ar ais chugam.
“Oíche Aoine le linn paindéim dhomhanda!!! Is @SeaghanSionnach ag éisteacht le @AnTaobhTuathail agus ag bácáil. Fun fact: ó ‘clábar’ na Gaelainne a thagann ‘clabber’ in ainm na sóide bácála so.”
Dáiríre! Mud Girl?! Bhí an béal ar oscailt agam arís.
Google, a chara, wherefore art thou?
Raight. GRMA, Google. Is bainne géaraithe é Clabber. Bainne nach bhfuil paistéartha. Maith go leor. An ag teas ceart don am ceart, éiríonn sé cosúil le iógart. Coitianta in áiteachaí iarghúlta i SAM ó dheas. De nós ag daoine é a ithe don bhricfeasta le siúcra donn, torthaí, piobar agus uachtar srl. Spéisiúil.
Tá sé go maith don bhácáil in áit púdar bácala agus maireann sé go maith, áisiúil nuair nach bhfuil cuisneoir ag daoine. Tá Clabber Girl agam i mo chófra féin anseo. Ach conas dul ó mud go bainne géar? Agus tuige an t-ainm sin ar an gcailín sin? Masla?
Thóg daoine ó Albain an téarma Bonny clabber leo go dtí na Sléibhte Applachian ach ní bonny ón Scots a bhí ann ach bainne ón nGàidhlig. Bainne clábair (bainne géar – tiubh mar chlábar). Och, na diabhal Anglicizations arís agus mar a chuireann siad daoine amú.
Tá Amasi ón Afraic Theas agus Dickmilch ón Ghearmáin, mar aon le Filmjölk ón gCríoch Lochlann, Prostokvasha ón Rúis, Lithuanian Rūgpienis ó Lituáin, Latvian Rūgušpiens ón Laitvia agus Aludttej ón Ungáir cosúil leis.
Is anois, sin an t-ainm atá acu ar phúdar bácála atá i mo chófra agam anseo i mo chistin i Virginia!
Ní masla atá ann ach bainne tiubh blasta. Cuirfidh mé an á in áit a ann as seo amach. Clábar Girl Abú.
History says, Don’t hope On this side of the grave. But then, once in a lifetime The longed-for tidal wave Of justice can rise up, And hope and history rhyme
Seamus Heaney
Tá dóchas agus dúchas anseo i SAM agus ar fud an domhain inár dteanga féin.
Go raibh míle maith agaibh ar fad!
GRMA, Irish Echo, John McNally, agus Foras na Gaeilge. Teanga idirnáisiúnta againn go deimhin. Maith thú, Máirtín Ó Muilleoir ón Irish Echo a thug seó dúinn a bhí níos fearr ná na Oscars i mbliana! Is maith an rud é daoine agus ár gcultúr a cheiliúradh nuair a chuireann siad a gcroíthe isteach sa chultúr againne. Chonaic mé laochra go leor ar an scáileáin agus tuigim go bhfuil na céadta eile amuigh ansin, buíochas leis na Déithe! Deas Tadhg Ó Máirtín agus Ken O’ Malley ó Chathair na nAingeal a fheiceáil ann chomh maith. Ní neart go cur le chéile. Go raibh maith agaibh ansin i bhForas na Gaeilge. Míle buíochas as an gcineáltas seo. Teanga dhomanda againn. Nach maith sin! An t-ádh orm aithne a chur ar dhaoine le grá acu don Ghaeilge anseo i SAM agus ar fud an domhain ar Zoom. Cúrsa ollscoile ar líne saor in aisce ar seo amach, le cúnamh Dé! Samhlaigh é!
1:59 le Tim agus mise. Is maith an rud é an obair a dhéanann daoine don teanga agus don chultúr a aithint mar a tharla aréir. Máirtín Ó Muilleoir a bhí i gceannas ar an seó a bhronn gradam ar dhaoine a lean ar aghaidh i rith na pandéime lenár chultúr a scaipeadh le grá. Mar ardaíonn ár gcultúr muid. Eagraithe ag an Irish Echo. Maith an smaoineamh é. Caithfidh mé a admháil gur thosaigh mé ag caoineadh nuair a bhí sé thart. Déanann cineáltas sin dom.
D’éist mé le daoine ag rá gur scríbhneoir mé aréir. Níor aithin mé mé féin ann. Mise? Feicim jabanna ar líne sa bhaile ar mhaith liom cur isteach iontu ach tá sé go láidir sa chloigeann agam nach bhfuil mé maith go leor don jab. Níl muinnín agam asam féin.
Na focail a dúirt daoine liom fadó in Éirinn agus ó dhream faoi leith ar líne fós i mo chloigeann agus deireann siad liom nach bhfuil mé sách maith le pá a fháil ar an obair a dhéanaim. Sin múinte go luath sa saol ag an scoil. Múinteoireacht. She got the call, a dúirt siad. A vocation, ar siad. Ní thuilleann mná aigead. Déanann siad gach rud ar son Dé. Tá sé sin FÓS go láidir ionam.
Caithfear an náire sin a scrios. Rinne mé mo dhícheall ach ní féidir iad a shásamh. An rud ba mheasa ná nuair a chuaigh mé abhaile is d’iarr bean rialta orm le straois, You haven’t gone all Gaelic on us, have you? is uafás ina guth. Gaelic ar sí, ní Irish. Bhí masla san bhfocal sa chaoi ina dúirt sí é. Aithním sin.
Is aréir, thit na deora go trom. Tá ciníochas sa chóras. Caith an dream sin amach as. Níl cumhacht tuillte acu. Saoirse de dhíth orainn. Cosain ár dteanga is ár bpáistí. Maireann dochar i bhfad. Aon scéal? a deirim is tagann na scéalta amach a bhrseann mo chroí go minic. Táimid in ann a bheith i bhfad níos fearr ná sin. Saor ó iompúchán. Saor ó meon na himpireachtaí.
Tá muid anseo. Tá Gaeilge againn.
Ach.
Tá eolas ar an teanga álainn ach níl fiacla ann go dtí go ligimid go na focail titim amach ón mbéal go nádúrtha, go rialta, go héasca.
Ní labhraíonn daoine le Gaeilge a dteanga chomh minic agus is féidir. Tabú ann san aer agus eagla i gcónaí faoin drochmheas atá ag daoine eile orainn. An tall kingdom over your shoulder That you would neither cajole nor ignore san mbealach. Bac. Thóg an tall kingdom sin a mheon aigne leis go SAM sa Bhéarla. Chuile lá beo, tá orainn a mhíniú do dhaoine anseo cad atá mícheart le téarmaí faoi leith, conas ciníochas a aithint. Is fiú an obair seo a dhéanamh go lách, go cineálta. Níl sé éasca. Sin ualach.
Buíoch as an saoirse agus an meas aréir. Ní ghéillfidh mé go deo. Seo troid ollmhór v náire. Is má tá daoine míchompórdach leis sin, bíodh an diabhal acu. Seo mo shaol, mo rogha. Seo atá le déanamh. Níl dóchas ann gan meas ar an ndúchas. Tá sin le fáil sa teanga againn. Grá agus meas an arm againn sa troid seo.
A, tuigim anois. Bhí mé tuirseach. Is aréir bhí daoine liom. Bhí sos ann ón troid is níor thuig mo chorp a tharla. Faoiseamh a thit go talamh leis na deora sin.
Conas tabhairt faoi DeAnglicization?
Le frása amháin. Céim ar chéim.
Aon scéal? Seo scéal.
Bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893.
Ba é Dúghlas de hÍde an chéad uachtarán air.
Thuig sé go raibh an teanga i mbaol agus dochar á dhéanamh ag Anglicizations.
DeAnglicize an leigheas a bhí aige air mar sin. Cead a thabhairt do dhaoine labhairt gan náire an sprioc.
Is le gach duine an Ghaeilge. Teanga dhomhanda. Teanga luachmhar. Seoid. Ár stair inti. Ár bhfealsúnacht. Ár scéal. Muidne. Cé muidne? An Éireannach thú? Cad a chiallaíonn sé sin? Gruaig rua? Póigíní gréine? Domsa, is Éireannaigh iad daoine ar mhaith leo an tideal sin agua meas acu ar ár gcultúr. Tá laochra go leor againn anseo i SAM. Cé gur deoraí mé, tá an grá do mo thír láidir ionam mar atá ins na mílte, mílte sa tír seo, cuid acu a chuala scéalta óna sinsir.
Gaeilge i Meiriceá Thuaidh
Bhi Gaeilge i Meiriceá Thuaidh romhamsa, i bhFAD romhamsa. San 17ú aois, bhí sí fairsing i bPennsylvania. Tá cairdeas eadrainn is na dúchasaigh anseo, go mór mór leis na Choctaw a shábháil sinn in am uafásach is na mílte, mílte ag fáil bháis den ocras.
Tá filíocht as Gaeilge i gCeanada ó mhúinteoir ó Phort Láirge timpeall 1743 agus tá tionchar ag an nGaeilge ar Bhéarla Newfoundland. Tá Talamh an Éisc ansin agus Gaeltacht i dTamworth, Ontario. I ndánta eile, tuigimid gur scríobh Pádraig Cúndún ó Chorcaigh i nGaeilge amháin agus é i nDeerfield Nua Eabhrac. Ní raibh Béarla aige. Chuir siad leabhar leis amach i 1932. Tháinig daoine ó Na Blascaodaí go Massachusetts i 1953. Tá na hÉireannaigh chuile háit.
Gaeilge i SAM
Bhí nuachtán i nGaeilge i SAM sula raibh ceann in Éirinn. In 1881 a thánig An Gaodhal amach. An Gael an tideal air anois. Leanann tradisiún Barra Ó Donnabháin an nós sin san Irish Echo.
Labhraíonn daoine anseo Gaeilge. Neart acu. Is iontach an rud iad a chloisteáil. Múintear Gaeilge in Ollscoileanna ach tá gá le cúrsa ar líne do chách.
Conradh na Gaeilge i gCathair na nAingeal
Beidh Craobh na nAingeal seacht mbliana ar an bhfód ag deireadh 2021. Nach ait an bhliain í.
An méad atá déanta againn ó shin!
I rith na paindéimé i 2020 fiú, leanamar ar aghaidh le ranganna beagnach chuile lá sa tseachtain. Céard a chlúdaíomar as Gaeilge le chéile ar Zoom, a deir tú? Bhuel, 65 dán, 50 scéal, trí théacsleabhar +, obair ar fhoclóir nua, comhrá go leor, Pop-Up Gaeltachtaí, Deireadh Seachtaine Gaeltachta le timpeall 135 ag freastal air, ranganna le rince a fhoghlaim curtha le chéile ag Céilí Nua i bhfíseanna agus seóanna agus féilte le ceol agus amhráin is rince. Mar IS FÉIDIR LINN.
Ardmholadh do Arge O’ Neal atá ina uachtarán ar Chraobh na nAingeal anois.
Le Zoom, chuireamar aithne ar dhaoine ar fud an domhain! Daoine ón nGréig, ón Iodáil, ó Mheiriceá Theas. Tháinig na sluaite. Daoine maithe. Daoine le grá acu don teanga le sinn a spreagadh le níos mó a dhéanamh.
Chonaiceamar mar atá an saol ag daoine eile. Duine ag fáil foscadh ó thornádó i rith an ranga, daoine ag cloisteáil stair ag tarlú le argóidí BLM ag tarlú san áit ina raibh siad agus sin le cloisteáil ar Zoom.
Tá rud nach dtuigeann na daoine seo ar fad is iad ag foghlaim go dian le spraoi: tá Gaeilge ag daoine in Éirinn ach ní labhraíonn siad í. Cén fáth?
Seo an dúshlán is mó.
Conas fáil réidh leis an tabú, an náire, an bac a chruthaigh impireacht a choinníonn muid gan ár nguth féin.
Níl an bagáiste sin ag ár ndaltaí. Iadsan, cuid láidir den leigheas, an DeAnglicization romhainn.
Tá mé chomh buíoch as an saol seo againn.
Moladh agus buíochas speisialta do Tim Martin, Ramona Reeves, Tanya Klein, Dennis Doyle, Céilí Nua, Ceol na nAingeal, Comhaltas i SF, Shanti i San Diego, Audrey & Galt i Santa Cruz, Michael Chitjian, Michael Kelly, John Mc Nally, CnaG, An Rialtas, Erin Scott Haines, Jean, Maria Brady, Desirée, Aly Hoy, agus na céadta eile a thugann cúnamh dúinn.
Agus anois seo mé le Conradh na Gaeilge i DC! Tús nua. Tá muid ag súil le himeachtaí go leor as seo amach. Leis an scoil Let’s Learn Irish i DC, chuir mé aithne ar Ronan Connolly, Quinton Beck, is bhuail mé le Brian Ó hAirt arís. Laochra ag múineadh anseo. Ardmholadh don ghaeltacht anseo atá bunaithe ag Rónán le gaeltacht.net. Éacht.
Dúirt Máirtín Keep the Faith go minic i rith na hoíche agus chuir sé mé ag smaoineamh ar an scannán The Crying Game. Cén Faith a bhí i gceist aige agus cén Faith atá agamsa? Ní bhaineann sé le religiúin ná le hEaglaisí. Creidim i saoirse, i meas, san fhírinne, sa troid v náire.
#GilbertoMalvestuto – the first Partisan to enter Bologna after liberating it from the Nazis on April 21, 1945 – turned 100 a few days ago. The last surviving officer of #BrigataMaiella, a crowd sang ‘Bella Ciao’ to him from outside the nursing home 🚩✊🏼🇮🇹pic.twitter.com/BUGaiRcDWr
Seo an fhírinne. Ní raibh sé chomh fada sin siar uainn sa stair. Bagairt ann i gcónaí. Meas do na laochra. Seasaimis an fód v fuath go deo.
ÉIST LEIS SEO. Ná déan dearmad. Ní raibh sé rófhada ó tharla seo. Tá an bhagairt fós ann. Caithimid ar fad bheith inár ANTI-FASCISTS, ANTI-NAZIS. Caithimid bheith ANTI-HATE.
Níl tada le plé anseo. Is iad Trump, na Proud Boys, iad lán le ciníochas, iad atá ag scaipeadh Covid in áit masc a chaitheamh nó instealladh a fháil a chuireann gach duine i mbaol. Tá muid cráite leo rófhada.
Freagracht DE DHÍTH. Meas do na laochra. Ná tabhair spás d’fhuath riamh.
Dún FOX et al agus cuir Trump et al i bpríosún. Creid i maitheas, sláinte, saoirse: saol níos fearr ná saol a thugann meas do na diabhail.
Éist arís leis:
#GilbertoMalvestuto – the first Partisan to enter Bologna after liberating it from the Nazis on April 21, 1945 – turned 100 a few days ago. The last surviving officer of #BrigataMaiella, a crowd sang ‘Bella Ciao’ to him from outside the nursing home 🚩✊🏼🇮🇹pic.twitter.com/BUGaiRcDWr
Tá an-tóir ar Sea shanties ó chas fear an phoist in Albain The Wellerman ar Tik Tok.
Ach cad is Sea Shanty ann? Ón ainm, tá sé éasca a thuiscint. Shanty nó chantey nó chanty nó amhrán (smaoinigh ar chanter sa Fhraincis) agus an fharraige mar téama ann. Tuigeann daoine gur amhrán iad ann a chas mairnéalaigh is iad ag obair don chuid is mó acu.
Tá dream ann nach nglacann leis gur shanty é muna bhaineann sé le longa ag impireacht na Breataine. Tá chanties ann mar Oh, Riley, oh agus Paddy on the Railway a chas mairnéalaigh ar bord loinge agus níor bhain gach ceann acu leis an fharraige.
I measc na hamhráin oibre as Béarla againne tá Molly Malone, Mc Alpine’s Fusiliers, agus Hot Asphalt. Is iad amhráin oibre na hamhráin seo a chasadh daoine is iad ag obair, sa chistin, sa pháirc nó ar an bhfarraige mar shampla.
Tá neart againn as Gaeilge ar nós Ding Dong Dederó, Amhrán na Cuiginne, agus ‘Sé Ocaim mo Phríosún mar shampla.
Ach, ar ndóigh, más ag caint ar Sea Shanties atáimid, b’fhearr go mbeadh baint ag na hamhráin leis an bhfarraige. Rabhcháin Mhuirí an t-ainm atá aginne ar Sea Shanties.
Seo cuid de na hamhráin atá againn. B’fhéidir nach raibh longa mhóra ar nós longa na himpireachta againn ach bhí báid againn agus daoine ag obair iontu agus amhráin acu.
Seo cuid acu: Faoitín, Báidín Fheilimí, Tá na Báid, Mo Cheallaichín Fionn, Óró mo Bháidín, Thíos cois na trá dhom,
Cúmha an Oileán. Trasna na dtonnta.
Mar sin, tá ár Sea shanties againn, is cuma cad a cheapann daoine a cheapann go mbaineann siad le longa na Breataine amháin.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
A little boat and a big boat (repeat 3x) has my fair-haired Callaghan, A little boat and a big boat and a ship under sail
Óra chuaigh sé ag rith geallta, chuaigh s é a’rith geallta, Chuaigh sé ag rith geallta, mo Cheallachín Fionn Chuaigh sé ag rith geallta i sliogáinín bairneach Is bhuach sé trí gheall, mo Cheallachín Fionn
2. ‘Dul soir Cora Fhidhinse, ‘ dul soir Cora Fhidhinse ‘Dul soir Cora Fhidhinse ‘ sea chaith sé a stiúir. ‘Dul soir Cora Fhidhinse, ‘ dul soir Cora Fhidhinse ‘S ní phósadh sé anois nó go bhfágha sé bád nua.
Curfá
‘S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é ‘S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é ‘S go seoladh Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
3. Tá capall is carr, tá capall is carr, Tá capall is carr i nGaillimh le mí Tá capall is carr, tá capall is carr, Ag iarraidh gléas bainse don Cheallachín Fionn.
4. Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile, Ag bun Chruaich na Caoile is ea stríocann na báid. Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile Agus siúd e siar Green, is tá bratach ina chrann.
5. Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór, Ag tóin Sceirde Mór, tá soithigh mo lao, Ag tóin Sceirde Mór,, ag tóin Sceirde Mór, Agus raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.
Curfá
‘S nach fada uaim siar é, ‘s nach fada uaim siar é, ‘S nach fada uaim siar é mo Cheallachín Fionn? ‘S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é, ‘S go seoladh Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
6. Óra máistir báid mhóir é, óra máistir báid mhóir é, Óra máistir báid mhóir é mó Thomáisín Green. Ní chraitheann sé an smól ach oibríonn se an scód. ‘S nac shin drochmheas mór ar do Cheallachín Fionn?
7. ‘Sé Páidín na hAirde, ‘ sé Páidín na hAirde, ‘Sé Páidín na hAirde a chuir clár ina taobh. ‘Sé Páidín na hAirde, ‘ sé Páidín na hAirde, ‘Gus rigeáil sé amach í don Cheallachín Fionn.
8. ‘S nach fada uaim siar é, ‘s nach fada uaim siar é, ‘S nach fada uaim siar é mo Cheallachín Fionn? ‘S nach fada uaim siar é, is ón gClochlán aniar é, ‘S go seoladh Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
9. ‘Sé mac Mháinín Mór é, ‘sé mac Mháinín Mór é, ‘Sé mac Mháinín Mór é, ‘sé mac Mháinín Mór é As Baile Iorrais Mhóir e, mo Cheallachín Fionn.
10. Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó ‘S bhí punt do Dhaideo ag mo Cheallachín Fionn. Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó Is an chuid eile len ól ag mo Cheallachín Fionn.
11. Is iúdáil í adail í, iúdáil í adail í Iúdáil í adail í,, soithigh mo lao. Iúdáil í adail í, iúdáil í adail í Iúdáil í adail í, mo Cheallachín Fionn.