Bhí sé meirbh i Richmond, Virginia, ar an Satharn, an 19 Meithimh, 2021. Bhíomar ann mar thurasóirí agus bhí mé fiosrach faoi stair na háite is Juneteenth ann (ag ceiliúradh saoirse ó sclábhaíocht i SAM).
Bhí an chathair go hálainn. Bhí siúlóid againn (é féin, mé féin, agus Rírá) ar bhruach na canála ag baint taitnimh as an graffiti agus na páirceanna poiblí (le cearnóga daite fós orthu don scaradh sóisialta cé go raibh an ré sin thart is daoine ag dul thart gan mascanna).
Bhí saoirse san aer. Chuir cuid den stair a bhí le léamh ar fud na háite as dom.
This statue commemorates the contributions of African-American men as skilled boatmen on the James River and its canals and in the development of Industry and Commerce in the City of Richmond, ar sé.
Hmm, ar mé. Ní leor Go raibh maith agat nuair nach raibh rogha acu. Thug Waze le fios dúinn go bhfuil The White House of the Confederacy sa chathair seo. Tá. In aice leis an ospidéal. Neart le ceartú anseo. Neart le feiceáil is le tuiscint.
Leis an teas is a d’fhoghlamar, bhí mé traochta. Bhí sos uaim i Sin É, pub a chonaic mé ar an mbealach go dtí an chanáil.
Dúirt an biachlár liom go gciallaíonn Sin é This is it in ‘the Gaelic language.’ Osna. Thuig na daoine ag an mbord in aice liom go gciallaíonn sé That’s it in Irish. Féir plé dóibh. Gloine Diet Coke a thug fuinneamh dom nuair a tháinig an lead óg amach le hinsint dom go raibh uachtar reoite agus cáca Guinness acu. Beidh sin iontach, ar mé.
One Car Bomb, ar sé. Fan! Car bomb an t-ainm atá air? a d’iarr mé. Tá sin uafásach! Ba léir nár thuig sé cad a bhí cearr leis. Ar a laghad tá Fáilte, Sláinte, agus Slán ar eolas aige anois.
Bhí turas fada abhaile romhainn. Mar sin, bhí turas go dtí an leithreas de dhíth roimh dhul abhaile dúinn. Síos an staighre in aice leis an mbanna ceoil, a mhínigh sé féin dom. Bhí sé dorcha agus ní fhaca mé é go dtí gur tháinig mé amach. Bhí pictiúirí ar an mballa. Stad mé le féachaint orthu. Stad mé le hionadh os comhair an ceann ba mhó.
Rith mé aníos is amach is dúirt, I NEED your camera NOW leis. Bhí ‘fhios aige go raibh rud éigin ait ann is thug sé a ghuthán dom. Síos liom arís is rinne mé mo dhícheall íomhá maith a fháil de, cé go raibh sé dorcha agus soilse beaga ag cur isteach air.
Seo thuas ag barr an ailt seo a bhí ann. Dileagra. Don Chraoibhinn Aoibhinn. Ó Chonradh na Gaeilge i Nua Eabhach. As Gaeilge. I 1905.
Bíonn gliodar orm nuair a fheicim Gaeilge anseo. Ceol agus Craic nó Fáilte isteach srl. Seo rud eile ar fad. Bhí deifir air agus abhaile linn ach bhí mo phic agam de.
Cóip? B’fhéidir. Ach níor chuala mé faoi cheana. Mar sin, a dhaoine uaisle, an bhfuil a fhios ag éinne faoi? An bhfuil cóipeanna eile de thart? Ag Conradh na Gaeilge i Nua Eabhrach? Tá mé fiosrach faoi.
Tháinig mé ar lorg eolais faoi sclábhaíocht sa cheantar seo ach d’fhoghlaim mé faoin nGaeilge i SAM i 1905 i Nua Eabhrac.
RT @IrelandinLA: It's the week of the Santa Barbara International Film Festival 🌊✨, and there are SEVEN #Irish films playing over the next… 2 minutes ago