Treise leat, a Mhicíl!
Aistrúchán: Art Hughes
- Seanmhairneálaigh a d’fhuadaigh is a dhíol muid le lucht na long,
caite i bpríosún dhubh dhorcha is an soitheach ag seoladh anonn.
Ach níor thréig an Tiarna Dia mé nó gur neartaigh sé mo lámh
Is gluaiseann muid sa ghlúin seo go buaiceach is go sámh:
CURFÁ
Ó cuidigh liom sa cheol, san amhrán saoirse,
an rud a choinnigh muid ó smacht na daoirse.
2 Saor d’intinn féin ó sclábhaíocht,
coinnigh díreach is ná cam!
Gan eagla roimh fhuinneamh niúclach
Nó ní stopfaidh sé a choíche an t-am.
3. Cuirfear chun báis gach fáidh is fíreán
ach glacfaidh sinne leis mar uain.
Deirtear nach bhfuil aon neart air
ach go gcoinníonn sé an leabhar buan.
CURFÁ