Amhrán na Samhna: Seo iarracht Gaeilge a chur ar nós atá ar Oileán Mhanainn le fada. Solas an lae ag trá. Oíche Shamhna ann. Téann na páistí ó dhoras go doras ag canadh.
Hup, tú, an é? Is trá an lae.
Seo, Oíche Shamhna. Hup, tú, an é?
Tá an oíche ag soilsiú. ‘Trá an lae.
Coileach, a cearcín, Hup, tú, an é?
Scioból na ngamhna. ‘Trá an lae.
Cé an gamhan le marú? Hup, tú, an é?
An gamhan beag breac. ‘Trá an lae.
An chéad ceathrú, Hup, tú, an é?
‘sa phota dhuit. ‘Trá an lae.
An ceathrú beag caol, Hup, tú, an é?
Tabhair dúinn, tabhair dúinn. ‘Trá an lae.
Bhlas mé an t-anraith. Hup, tú, an é?
Scall mé mo theanga. ‘Trá an lae.
Rith mé ag an tobar, Hup, tú, an é?
Is d’ól mé mo sháith, ‘Trá an lae.
Ar an mbóthar thiar. Hup, tú, an é?
Chonaic mé cat. Fuist! ‘Trá an lae.
Bhí an cat ag screadaíl. Hup, tú, an é?
Is rith mé liom. ‘Trá an lae.
Cár rith tú leat? Hup, tú, an é?
Rith mé go hAlbain, ‘Trá an lae.
Céard a rinne tú ansin? Hup, tú, an é?
Rinn’ bonnóga is rósta. ‘Trá an lae.
Hup, tú, an é? ‘Trá an lae.
Ag caint:
Má tá sibh ‘dul a tabhairt rud éigin dúinn
Tugaigí é dúinn go tapaidh
Is imeoimid linn
Faoi sholas na gealaí.
Hup, tú, an é? ‘Trá an lae.
.
.