Aisling.
Aisling caillte.
Ní cóir go dtarlódh rud mar seo anois.
Bhí sí óg, ag dul ag rith i lár an lae, a saol ar fad roimpi.
Is mharaigh fear í. Is d’airíomar ar fad an pian.
Aisling Murphy a bhí uirthi. Bean óg álainn, múinteoir bunscoile, ceoltóir den scoth.
Ní raibh sí slán. Is nuair nach raibh sise slán, níl duine ar bith againn slán ach oiread.
Cur i gcéill atá sa saol. Ná habair tada ag tabhairt amach faoi, a deirtear linn, le dul ar aghaidh sa saol.
Más múinteoir i mbunscoil in Éirinn tú, chuile sheans go mbeidh ort reiligiún a mhúineadh. Ethos, tá a fhios agat.
Ethos a deireann le fir go bhfuil siad níos fearr ná mná, a dúirt go raibh mná salach is churching uathu, a ghoid is a dhíol páistí, cumhacht fite le fuath ban. Abair é. Tá sé fíor. Tá na Magdalenes imithe ach tá a scéalta fós le cloisteáil. Tá freagracht uainn. Na rudaí a rinne siad dom, do mo mháthair, is a máthair is araile. Ní raibh sé ceart ná cóir.
Bhí bean in Éirinn? Scéal brónach mar sin.
Ar nós an fhearg chiúin a thit orainn faoi na daltaí i mBerkeley nuair a thit an bhalcóin, ar nós an scéal uafásach faoin gclann i gCabhán nuair a mharaigh an t-athair (leas-phríomhoide) iad is a bhean, ar nós scéal Ann Lovett. Bhí ár gcroíthe briste arís. Ní raibh neart againn air. Níl neart againn. Sin an fhadhb.
Theip ar an rialtas nár saor sinn ó olc na hEaglaise is a greim a thugann cumhacht do na fir is náire do na mná.
Dúirt Micheál Martin, Tá Brón Orainn.

Ní leor, Tá Brón Orainn má ligeann tú don chóras dul ar aghaidh mar atá nuair atá na diabhail a dhéanann an dochar FÓS i gceannas ar oideachas na tíre! Múineann siad fós a mhúin siad an uair sin. Tá an Ethos acu damanta agus NÍL brón orthu faoina rinne siad.
Tá codarsnacht idir 0:30 agus 0:41 anseo https://www.youtube.com/watch?v=AkwYEhjjZhs Ceist v Ordú. Tá an buachaill ag rá lena mháthair atá le déanamh. Níl sin cute ná ceart. Ach tá sé coitianta. Sin mar atá an saol in Éirinn. Tá an chumhacht ag na leads. Deas gur vótáil siad YES ach ná labhair le do mháthair mar sin. Is iad na rudaí beaga a bhriseann muid.
Éist linn, Clois sinn. Cruthaigh domhan níos fearr dúinn bunaithe ar chearta daonna. Sin Aisling.
Tabhair faoi. Gá le bheith saor agus slán inár dtír féin.
Bris an Club na Leads. Bris an fuath ban. Bris an Dialathas a dhéanann tada faoi na Magdalenes ná na Tuam Babies mar tá Ethos na bhfear fós i gceannas in Éirinn is tuigimid nach bhfuil an dlí ar ár dtaobh.
Tá aithne againn ar fad ar bhean a bhí ionsaithe. Muid féin, aintín, iníon, máthair.
NÍL sé ceart go leor.
TOSAIGH le Tá Brón Orainn ó na Gardaí agus ón Rialtas. Ansin, FREAGRACHT uainn le daoine i bpriósún. Ansin, SAOIRSE uainn agus cearta daonna in áit fuath ban na hEaglaise i gceannas orainn.
NEART le ceartú.
Is ná lig do na leads caint mar sin leat. Níl sé cgl. Níl siad i gceannas ort.
Cosain muid le tuiscint is le meas is lenár nguth níos láidre ná guth na hEaglaise a ghoid leanaí uainn.
Ní raibh aithne againn uirthi ach thuigeamar nár thuill sí a tharla di, nach bhfuil sin tuillte ag bean ar bith.

Ach ní raibh sí san áit mícheart. Is í an tír atá san áit mícheart. Dlí a chreideann go ndearna an bhean rud éigin as bealach agus a dhéanann leithscéalta do na fir.
Fuair Aisling bás ag 23 mar mharaigh fear í. Níl ciall leis. Seo a tharlaíonn nuair a thuigeann fir gur féidir leo seo a dhéanamh, nuair nach bhfuil bhfuil freagracht ann.
Ag a ceathair a chlog, ar bhruach na canála. Eanáir 12, 2022. Mharaigh sé i is d’imigh sé leis.
Is níl muid ceart ó shin.
Cuireann pobal na hÉireann ionadh orm. Mar a thagaimid le chéile ag am mar seo. Tá nasc eadrainn. Airímid an feall, an bhagairt, an teip.
Ní tharlaíonn seo rómhinic, arsa Drew Harris, an fear i gceannas ar na gardaí. Hmm… Fan go bhfeicimid:
1996 1. Marilyn Rynn 2. Joyce Quinn 3. Mary Molumby 4. Sandra Tobin 5. Noeleen Cawley 6. Alison White 7. AnneMarie Duffin 8. Martina Halligan 9. Angela Collins 10. Patti Bainbridge 11. Patricia Murphy 12. Veronica Guerin 13. Margaret O Sullivan14. Maura McKinney 15. Fiona Pender 16. Ms Shirley Clince 17. Janet Mooney 18. Sophie Toscan du Plantier 19. Belinda Pereira 20. Geraldine Diver 21. Miriam O’Donohue
1997 22. Ciara Breen 23. Mary Callinan 24. Sylvia Sheilds 25. Bernie Sherry 26. Kitty Gubbins 27. Mandy Wong 28. Elizabeth Troy 29. Catherine Doyle 30. Margaret Murphy 31. Sheila McDonagh 32. Gillian Thornton 33. Mary Cully 34. Mary Kelehan 35. Eileen Costello O’Shaughnessy
1998 36. Mandy Smyth 37. Fiona Sinnott 38. Joan McCarthy 39. Georgina O’Donnell 40. Sinead Kelly 41. Deirdre Jacob 42. Chantal Bergeron 43. Theresa Doherty 44. Christina Hackett 45. Marie Dillon 46. Siobhan Hynes 47. Sheila Lynch
1999 48. Catherine Hegarty 49. Layla Brennan 50. Marie Hennessy 51. Gertrude Dolan 52. Bente Carroll 53. Eileen Coyne 54. Bridget McFadden 55. Margaret Concannon 56. Raonaid Murray 57. Charlene McAulliffe 58. Catherine Mullins
2000 59. Rachel Sandeman 60. Nancy Nolan 61. Jennifer Donnan 62. Maeve Byrne 63. Rachel Keily 64. Dearbhla Keating 65. Jean Reilly 66. Jennifer Wilkinson 67. Sandra Collins 68. Susan Prakash
2001 69. Mary Whelan 70. Lui Quing 71. Teresa Joyce 72. Debbie Fox 73. Geraldine Kissane 74. Margaret Fahy 75. Linda Dunne 76. Bettina Poeschel 77. Lorraine O’Connor 78. Sr Philomena Lyons 79. Lisa Bell
2002 80. Grainne Dillon 81. Joan Power 82. Rosie Collinson 83. Nichola Sweeney 84. Niamh Murphy 85. Nora Kiely 86. Carmel Coyne 87. Mook Ah Mooi 88. Christine Quinn 89. Sasha Pimosieje
2003 90. Jean Scanlon 91. Marie Bridgeman 92. Cliona Manger 93. Natasha Gray 94. Lindita Kukaj 95. Georgina Eager 96. Xiang Yi Wang 97. Ann Flynn 98. Attracta Harron
2004 99. Dolores McCrea 100. Joan Casey 101. Janet Chaney102. Lorraine Crowley 103. Ms Jamie Farrelly Maughan 104. Paiche Onyemaechi 105. Lynette McKeown 106. Mary Walsh 107. Elizabeth McCarthy 108. Rachel O’Reilly 109. Margeurite O’Dwyer 110. Colleen Mulder
2005 111. Celia Bailey 112. Irene White 113. Emer O’Loughlin 114. Mary Hannon 115. Catherine McEnery 116. Frances Ralph 117. Ann Walsh 118. Rosemary Dowling 119. Regina O’Connor
2006 120. Amy Farrell 121. Rebecca Kinsella 122. Siobhan Kearney 123. Donna Cleary124. Karen Guinee 125. Sheola Keaney 126. Breda Ryan 127. Melissa Mahon 128. Meg Walsh 129. Baiba Saulite
2007 130. Rose Patterson 131. Ciara Dunne 132. Anne Marie O’Neill 133. Sara Neligan 134. Mary Sleator 135. Jean Gilbert 136. Sharon Coughlan 137. Amanda Jenkins 138. Manuela Riedo 139. Joanne Mangan 140. Marion O’Leary 141. Ciara Ní Chathmhaoil 142. Sylvia Roche Kelly
2008 143. Marioara Rostas 144. Lorraine Flood 145. Nicola Vonkova 146. Kezia Gomes Rosa 147. Carmel Breen 148. Noeleen Brennan 149. Yvonne O’Shea 150. Celine Cawley 151. Rebecca Hoban 152. Sharon Whelan
2009 153. Anne Corcoran 154. Joan Vickers 155. Tracey O’Brien 156. Carmel Marrinan 157. Eugenia Bratis 158. Brenda Ahern 159. Lisa Doyle 160. Rebecca French 161. Joselita De Silva
2010 162. Loradena Pricajan 163. Catherine Smart 164. Breda Cummins 165. Helen Donegan 166. Sarah Hines 167. Alicia Brough
2011 168. Breda Waters 169. Marie Greene 170. Katarzyna Barowiak 171. Noreen Kelly Eadon 172. Deirdre McCarthy 173. Diane Burroughs 174. Ann Henry
2012 175. Veronica Vollrath 176. Rudo Mawere 177. Melanie McCarthy McNamara 178. Sarah Regan 179. Mary Ryan 180. Siobhan Stapleton 181. Elizabeth Duff 182. Jacqueline McDonagh 183. Elaine O’Hara 184. Anna Finnegan 185. Aoife Phelan
2013 186. Olivia Dunlea O’Brien 187. Deirdre Keenan 188. Jolanta Lubiene 189. Aleksandra Sarzynska 190. Patricia Kierans 191. Susan Dunne 192. Sara Staunton
2014 193. Sonia Blount 194. Mary Dargan 195. Mairead Moran 196. Lynn Cassidy 197. Antra Ozolina 198. Carol McAuley 199. Marie O’Brien 200. Kathleen Cuddihy 201. Angelique Belling 202. Valerie Greaney
2015 203. Jane Braidwood 204. Anne Shortall 205. Marie Quigley 206. Natalie McGuiness 207. Brigid Maguire 208. Marian Horgan
2016/2017 209. Clodagh Hawe 210. Kitty Fitzgerald 211. Nicola Collins 212. Samantha Walsh 213. Amy McCarthy 214. Saoirse Smith 215. Rita Apine 216. Patricia O’Connor 217. Linda Evans (Christian) 218. Antoinette Corbally 219. Anne Colomines 220. Rose Hanrahan
2018 221. Joanne Ball (Lee) 222. Natalia Karaczyn 223. Anastasia Kriegel 224. Jastine Valdez 225. Giedre Raguckiate 226. Ingrida Maciokaite 227. Amanda Carroll
2019 228. Elzbieta Piotrowska 229. Jasmine McMonagle 230. Cathy Ward 231. Skaidrite Valdgeima 232. Valerie French Kilroy 233. Nadine Lott
2020/2021 234. Jean Eagers 235. Neasa Murray 236. Seema Banu2021 237. Urantsetseq “Urnaa” Tserendorj 238. Mary O’Keffee 239. Sharon Bennett 240. Jennifer Poole 241. Eileen O’Sullivan 242. Fabiole Camara De Campos 243. Zeinat Dashabsheh
2022 244. Ashling Murphy
Díreach tar éis Jennifer Poole ag 240 a thabhairt faoi deara. Ar labhair mé léi uair?
“Bhí Gaeilge fiú ag an bhfear ó Shasana sa siopa rothar. Moladh do Kenneth i Heatons, do Holly Grey i Just Baked, do Jennifer Poole sa café in aice le Dunne’s, don cailín lách i bPeppers, do na daoine i ngach áit a labhair liom as Gaeilge. Bhí mo thaithí sa bhaile i bhfad níos saibhre mar gheall oraibh.” ó Gaeilge i nGach Áit