Ardmheas do laochra na hÚcráine agus mo mhallacht ar Putin agus ar gach a thugann tacaíocht dó.
Tá Putin ag iarraidh an triú cogadh domhanda a thosnú agus thosaigh sé lena ionsaí damanta ar Úcráin ar an 24 Feabhra, 2022, trí lá ó shin.
Tá laochra go leor in Úcráin, ina measc an t-uachtarán atá ag troid ar na sráideanna leis na saighdiúirí lena thír a chosaint, an bhean a thug síolta do na saighdiúirí ón Rúis ag rá leo iad a chur ina bpócaí go bhfásfadh bláthanna sa chré nuair a fhaigheann siad bás, na gardaí ar oileán a dúirt le long Rúiseach dul trasna orthu féin sular mharaigh na Rúisigh iad.
Conas mar a thosaigh seo?
An chéad rud le bás a fháil i gcogadh? An fhírinne. I mí Feabhra i 2014 bhí Putin ar buile faoin gcaoi inar tugadh an doras don Uachtarán Yankovych. Roimh ionsaí a dhéanamh ar an Crimea agus Donbass, thosaigh ionsaí ar an fhírinne ar líne. Iarracht an dallamullóg a chur ar chuile dhuine a bhí ann, daoine a chur amú le aineolas. Ag an am céanna, thosaigh an Rúis ionsaí eile ar an fhírinne in áit eile, i SAM. Léiríonn an Tuarascáil Meuller seo. Léiríonn sé gur ionsaigh na Rúisigh an toghchán i 2016 ar na meáin. Bíonn feallairí ann i gcónaí a chuidíonn leis an diabhal ar a mhaithe féin. San áireamh anseo, tá
Cambridge Analytica,
Paul Manafort,
Dominic Cummings,
agus a leitheidí.
An Cambridge Analytica sin a ghoid saoirse ó Albain nuair a bhí an reifreann acu! Tá fiche dollar agam ort, a Chiaráin!
Le tuiscint mar sin: seo ionsaí le gunnaí móra ar Úcráin, caint ar arm nuicléach fiú, ach níl Putin sásta le cuid den Úcráin, ná cuid den domhan. Tá sé go léir uaidh. B’fhéidir go roinnfidh sé leis an tSín é. Ach is cuma leis cé a mharaíonn sé ar a bhealach le cumhacht a fháil.
Is é an diabhal é féin é agus ar nós Trump, ní bheidh sé sásta go deo. Bíonn tuilleadh cruálachta, tuilleadh damáiste, tuilleadh uafáis uaidh i gcónaí.
Níl sé ag teacht go SAM as seo amach. Tá an ionsaí tosnaithe cheana fhéin. Thug sé Trump dúinn. Níl sé ag teacht go Sasana. Tá an ionsaí sin tosnaithe cheana fhéin agus tacaíocht tugtha aige do Sasamach.
Le ceartú go tapaidh ag an domhan ar fad: ná tabhair spás do nuacht nach nuacht í. Cuir cosc ar an aineolas ar fad. Tuig gur cuid den cogadh sin. Dún FOX. Dún FB más gá. Tuig mar a thángamar go dtí an pointe seo. Ná tabhair orlach do bholscaireacht. Ní saoirse cainte sin ach arm.
An costas nuair nach ndéanaimid seo? Féach ar atá ag tarlú in Úcráin agus tuig go bhfuil cúsaí ag dul in olcas go tapaidh. Ní stopfaidh Putin ansin. Tuig seo. Is déan an troid atá ar siúl ar líne freisin. Dún na hionsaithe ansin chomh maith. Anois.