Fuair Chris Rock leiceadar sa straois ar an stáidse ag na Oscars is bhain sin stangadh asainn ar fad, is mearbhall. An raibh Will Smith ag aisteoireacht? Chualamar lasc ard. Maisíocht fuaime a bhí ann nó buille i ndáiríre? Bhí an cuma air go raibh Chris gortaithe. Ní rud beag a bhí ann ach oiread. Fan. Baineadh geit asainn. Bhí sé i ndáiríre. Tharla sin. Is nuair a shiúil, gml, nuair a rinne Will sodar giodalach ar ais go dtí a shuíochán is a lámh ar a chrios aige ar nós buachaill bó ag rá, ‘Féach anois, cé atá i gceannas anseo. Agamsa an chumhacht,’ thuigeamar go raibh rud déisteanach tar éis tarlú. Coir.
Tháinig sé aniar aduaidh orainn. Daoine gléasta suas go galanta i Versace srl. ag breathnú air san amharclann Dolby is gan a fhios acu le rá. An crème de la crème i Hollywood fágtha ina staic. Mar is féidir le fear amháin oíche álainn a scrios go hiomlán chomh héasca sin. Ach ba léir go raibh Will fíorshásta leis féin go bhfuair sé an ceann is fearr ar Chris.
Bhuel.
Cad a spreag seo?
Masla. ‘Greann’ nach raibh greannmhar ach tá daoine cleachtaithe le gáire a dhéanamh le teannas a bhaint as rud atá míchompordach. Agus tuiscint ina dhiaidh nach raibh sé greannmhar. Mar mhaslaigh Chris bean Will. Is chonaic Will mar a bhí sí gortaithe le focal go poiblí os comhair an tsaoil is na ceamaraí uirthi. Is d’airigh sé náire, is fearg, is tháinig an meon macho chun tosaigh. Bhí Chris Rock as bealach. Tá seo fíor. Is nuair a dúradh leis é, ní dúirt sé GML, ach ‘Come on!’ Botún. Samhlaigh Jaden ansin ag breathnú go hálainn, ansin le tacaíocht a thabhairt do Will. Am caite aici ar í féin a ghléasadh i gceart. Is le focail, mhaslaigh Chris go géar í. Mar bhí sé éasca dó sin a dhéanamh.
Neart le foghlaim sa scéal seo. Bí cúramach le greann. Níl greann i ‘Roasting.‘ Sin íde béil a thabhairt do dhuine in áit sláinte duine a ól. Nós feicthe agam anseo go minic. Rud gránna is uafásach míchompordach. Níl greann i gciníochas, feicthe agam rómhinic ar an mBBC: daoine ag magadh faoi bhlas ag duine ó áit eile ach go háirithe. Níl sin greannmhar.
Tá greann cliste. Tuigeann greann an domhan agus atá le ceartú ann. Tuigeann Jon Stewart greann. Thuig an saoi, Terry Pratchett é go maith. Thuig Amy Shumar é ag caint faoin scannán King Richard (is an gnéasachas ann) agus ag baint an teannas ón amharclann Dolby le ‘Did I miss anything?’ Cliste.
Le foghlaim?
- Meas do na mná:
a) Bhí siad as bealach nuair a chuir siad an tideal King Richard ar an scannán. Ag díriú ar an bhfear, an t-aon fhear sa teach in áit ar Serena agus Venus. Leo siúd an ghlóir. Iadsan a chuir an obair isteach.
b) King? Rí? Dáiríre? An gceapann éinne gur maith an rud é bheith i do rí? Níl gá le fear a bheith i gceannas.
c) Macho. Bhí Will go maith ann ach ní iontach. An raibh sé sa ról sin fós ina chloigeann féin nuair a bhuail sé Chris? Cosantóir? Tá muid in ann caint dúinn féin. Éist linn. Thosaigh Will ag caint mar sin le leithscéalta nuair a ghlac sé leis an Oscar don aisteoir is fearr. Is bhí leithscéalta go leor ann. Iad iomlán as bealach.
d) Grá mar leithscéal. Love made me do it. Nach uafásach an leithscéal seo. In úsáid ag fir a bhuaileann mná le fada.
Is fuair Will a Oscar.
Sular thosaigh sé ag caint, dúirt mé, Beidh seo spéisiúil. An ndéarfaidh sé go bhfuil brón air? Ní dhéarfaidh, arsa m’fhear céile. Ar ndóigh. Hmm, ar mé. Ba chóir dó. Is bhí an cuma air ar dtús nach raibh sé chun sin a dhéanamh. Ach, faoi dheireadh, thosaigh na deora ag titim ach leis an iomarca cainte ar Dhia ann.
2. Dia ag na Oscars
a) Thosaigh sé le ‘a fierce defender of my family’ leanta le ‘I am overwhelmed by what God is calling me to do.’ Hmmm Níl sin go maith, Will!
b) Ealaín agus an saol: Sa scannán bhí sé ag cosaint daoine, ar sé. Ní leithscéal sin, Will! Protect, á rá aige arís is arís. Hmmm. I’m being called on in my life, ar sé. Dia ag glaoch air? Ansin, cuireann sé grá & cosaint le chéile. Hmmm. Le foréigean, Will?
c) And to be a river to my people, ar sé. Cé hé, dar leis? Moses?
d) Dúirt Denzel leis, At your highest moment, that’s when the devil comes for you. Ní fhaca mé diabhal ansin. Chonaic mé Will Smith. Duine fásta.
e) I want to be a vessel, ar sé. Ceol na hEaglaise i mo chloigeann anois. Agus an Handmaid’s Tale. Yeah, no, Will.
f) For love, ar tú? Ups. Agus ansin, dúirt sé é: Love will make you do crazy things. Rud cloiste ag mná leis na cianta ó fhir a bhuaileann iad. Ná habair sin mar leithscéal.
Is roimhe sin, bhí rud nua ag na Oscars leis an gcór a chas go bríomhar dóibh siúd a bhí imithe ar shlí na fírinne. Cé go dtaitníonn an nós liom, chuir sé isteach orm ag na Oscars i mbliana mar
a) Níor chreid gach duine ar an scáileáin, duine atá imithe, i nDia.
b) Níl sé de nós ag gach duine cuimhniú ar dhaoine atá imithe sa stíl sin.
c) Tá baint ag an stíl leis na Evangenicals a rinne an oiread dochair i mbliana le Trump srl.
Is é an rud a d’fhan liom ná cuimhne. Fonn a bhí orm uair duine a bhualadh go láidir san aghaidh. Níor airigh mé é ach uair amháin. Is níor bhuail mé an duine. ACH d’airigh mé é sa scoil ina raibh páistí Will Smith ag freastal. Bhí an bhean béal dorais tar éis bás a fháil is bhí cúpla focal le rá ag minister in Oaks Christian, scoil in aice linn anseo. Ar mhaith linn bheith ann? Chuamar. Bean álainn a bhí inti. Duine lách. Chuamar ann le meas a thabhairt di. Mar is cóir.
Bhí gach rud mícheart san áit sin. Nuair a thosaigh an minister ag labhairt ón altóir faoin ‘rapture‘ is é ag rá go mbeadh na daoine ar fad nár chreid sa Rapture ag dul go hIfreann, tháinig fearg orm. Bhí sé chomh huafásach sin a bhí sé ag rá, ag ócáid mar sin, ag maslú daoine mar sin. Rug m’fhear céile greim ar mo lámh. Smaoinigh uirthi, ar sé. Ní anois, ar sé. Ní fiú é don diabhal sin, ar sé. Labhair mé le mo chairde ina dhiaidh is d’airigh siadsan fearg freisin.
In Oaks Christian, bíonn ar na múinteoirí a bheith ag rá rudaí ar nós Jesus Christ is my personal saviour os ard go rialta i rith an lae. Tá siad ‘called in their lives to be a river.’ Is caithfidh siad stuif mar sin a rá os ard chomh maith. Cultas damanta atá ann is a fhios acu conas $$$$$$$ a tharraingt isteach le daoine ar nós Will Smith. Macho amach is amach. Gach rud bun os cionn ann. Na páistí agus na múinteoirí faoi bhrú.
Ar aon chaoi, bhí an bua ag Coda. Is fiú go mór é a fheiceáil.
Neart fós le cearta sa saol. Saoirse ó na fir a cheapann go gcaithfidh siad muid a chosaint in áit meas a thabhairt dúinn, saoirse ó mheon macho, saoirse ó mhaslaí gléasta suas mar ghreann, saoirse ó Dhia mar leithscéal le bheith cruálach. Freagracht de dhíth agus athrú ollmhór.
Sin mo dhá cent faoina tharla ag na Oscars 2022.
Ach dúirt Kenneth Brannadh the island of Ireland is chuir sin áthas orm.