Sceoin atá orainn. An Handmaid’s Tale tagtha go SAM. Mná is cailíní ag fáil réidh leis an aip a chuidiú leo féachaint mar a bhí a míostrú nó an raibh siad ag iompar. Ar fhaitíos. Daoine aerach a thuigeann nach stopfaidh Clarence Thomas is a chairde ansin. Deas teacht amach le bheith saor agus anois tá an saoirse sin imithe agus faitíos san aer. Tuigeann daoine. Nuair a deireann na meáin anseo coimeádach, is é bunúsach fanaiceach atá i gceist. Daoine de dhath pósta le daoine geala ag cuimhniú ar Loving v Virginia. Éadóchas san aer.
An fhadhb? An Namhaid?
Na meáin (FOX srl)
Na hEaglaisí (meáin eile)
Fir ar nós Trump, Bannon et al: Faisteachas ag siúl
Córas a chosnaíonn na daoine is measa
ATHRÚ IOMLÁN de dhíth.
Chonaiceamar seo ag teacht. Ach by Dad, goilleann sé! Deacair caint le cairde faoi gan deora ag titim.
Mo mhallacht ar na feallairí agus orthu nach ndéanann an rud ceart. Tá eagla i SAM agus cúis leis.
Dul amú ort maidir leis na meáin agus an Fake News a ghoid Trump mar fhrása?
Go DONA – Millteanach!: 1. FOX NEWS 2. OAN 3. SINCLAIR Broadcasting Group
Go MAITH: 1. Mother Jones 2. Last Week Tonight le Jon Oliver 3. Democracy Now
Seo le déanamh le rudaí a cheartú.
Fáil réidh le bolscaireacht agus fuathchaint ar na meáin. In Éirinn – Joe Duffy & Drivetime, bhí sibh as bealach! Tuairisc, abair slán go deo le Eoin Ó Murchú. Faigh réidh leis an téarma ginmhilleadh. Foirceann as seo amach!
Ina dhiaidh sin, neart le ceartú sa bhunreacht. Caithfear a chinntiú go bhfuil Stát agus Eaglais scartha agus go bhfuil dlíthe bunaithe ar chearta daonna. In Éirinn freisin! Agus caith an Eaglais amach as scoileanna is ospidéil.
Daonlathas a roghnú leis na daoine is fearr ann a chuideoidh le tír dul ar aghaidh le cearta. In Éirinn, tá drochmheas ar airí ar ár dteanga fiú. Ní labhraíonn siad í sa Dáil. Aithin gur ciníochas sin agus roghnaigh dream iomlán difriúil as seo amach.
Fuair triúr bás le déanaí. Gabh mo leithscéal. Mharaigh triúr iad féin le déanaí. GML. Mharaigh páistí iad féin le déanaí. Páistí. Aois 13, 11 & 9. Mar bhí an saol róchruálach dóibh. Iad den lucht siúil. Mincéirí. Daoine. PÁISTÍ. Cráite ar na meáin. I dtír a lig d’fhuath an lámh in uachtar a fháil.
Tá ionsaí lofa ar an bpobal Trans faoi láthair. Daoine thíos faoi. Tuigim seo. Tá mo ghasúr is óige ina measc. TÁ seo pearsanta. Duine. Mo pháiste i gcónaí. Trasinscneach. Daoine mar iad. Cráite ar na meáin. Sa saol seo a lig d’fhuath an lámh in uachtar a fháil.
Tháinig mé ar ghearrscannán le Colm Bairéad: Mac an Athar.
Rud a chuir ag caoineadh mé. Is cuimhin liom an ghráin ar an teanga. Mar a mhaslaigh daoine muid. Mar a d’fhéach duine orainn is muid ag labhairt Gaeilge. Mar bhí sin lofa. Thuig tú gurb shin a cheap siad óna súile. Is tú ag labhairt do theanga i do thír. Cráite ag ‘cultúr.’ Cultúr a thug cead dóibh bheith ag magadh fút is do theanga. Ag na meáin a bhí ag tabhairt amach faoi COMPULSORY Irish. Tagann na focail sin ón tSiúir Therese ar ais arís is arís eile: Ye haven’t gone all Gaelic on us, have ye? Is déistin sa ghlór aici. Mar. Ye know. Cultúr. Greann. Raight? Cén fáth nach raibh mé ag gáire? Mar aithním a rinne sí agus nílim ciúin agus ‘béasach’ níos mó. D’aithin mé an ciníochas ann. Ní raibh sé riamh greannmhar.
Caint faoi bhfocal ‘cunt’ ar Twitter ar maidin is na leads ag fearmhíniú an cultúr in Éirinn dom. Nach ‘c’ mé féin agus Plastic Paddy (ní ráite go hoscailte an uair seo) leis. BHÍ meas agam ar chuid acu cheana. Sin an rud a ghoilleann orm i ndáiríre. Níl spás sábháilte ann sna meáin. Fiú nuair a cheapann tú go bhfuil pobal agat ann. Deireann sé leat gan cur isteach ar ‘chultúr’ na leads agus nach bhfuil fáilte romhat in Éirinn, nach duine de na leads thú, ná Éireannach i ndáiríre. Cráite ar na meáin. Sa saol seo a ligeann d’fhuath an lámh in uachtar a fháil. Ní bheidh mé ag dul abhaile. Cuireann an fuath seo faitíos orm. Is díomá OLLMHÓR.
Tagann an stuf seo aniar aduaidh ort. Is tú ag iarraidh deighleáil le fuath in áit amháin, feiceann tú é chuile háit. Mar ligtear d’fhuath an lámh in uachtar a fháil.
Cé as a thagann sé? Ní rabhamar mar sin ag an tús. Go hIfreann le Godwin agus a dhlí. Seo an fhírinne.
Ciníochas & gnéasachas atá ann cibé áit ina dtarlaíonn sé. Fuath. Rud a d’fhoghlaim daoine. Ach, cá háit?
Fuair mé freagra ar sin fadó. Thug mé cuairt ar an lead is sine blianta ó shin nuair a bhí sé i Eureka i gCalifornia. Bhí am againn agus fonn orm cuairt a thabhairt ar áit ina raibh na dúchasaigh ansin. In áit iarghúlta, thángamar ar iarsmalann. Nó Ionad Léirmhíniúcháin más mian leat. Isteach linn. Bhí séipéal tógtha acu sa lár. Ar nós an ceann i Little House on the Prairie. Ait a cheap mé is isteach liom le scéal a léamh ann. Scéal faoin am a tháinig na daoine geala. Bhí scéalta ag na daoine nua seo faoi mar a thosaigh an saol agus Dia. D’éist na dúchasaigh leo agus a gcaint faoin Dia seo acu a bhí lán le grá. D’aithin siad go raibh na scéalta spéisiúil agus thug siad cead don dream nua seo séipéal a thógáil. Bhí na grúpaí cairdiúil lena chéile. Bhí go maith is ní raibh go holc.
Ansin, tháinig grúpa eile le creideamh eile go dtí an áit sin is dúirt siadsan go raibh an chéad grúpa mícheart. Nach raibh aon Dia ann ach a nDia. Bhí siadsan ceart agus gach duine eile mícheart. Is ansin a thosaigh an trioblóid. Mar ní raibh siad sásta glacadh le dearcadh ar bith eile. Cumhacht. Smacht. Fir i gceannas. Manifest Destiny mar leithscéal acu. Baineadh geit asam. Scéal a mhínigh an saol a bhí ann.
Cad é cultúr na hÉireann? Bhí fir ag iarraidh é a mhíniú dom ar Twitter ar maidin cé gur rugadh agus tógadh ann mé. Fir a bhí lánchinnte dhóibh fhéin. Níor thuig siad bagairt na Magdalenes. Níor thuig siad a bhí cearr le seasamh le meas níos mó a thabhairt do shagairt ná do mhná rialta sna scoileanna. Níor thuig siad mar a ghortaigh na maslaí ó na deartháireacha is ón raidió is chuile háit a dúirt linn nach raibh cearta againn, muidne le c againn. THUIG siadsan an saol agus bhí siad LÁNchinnte de. Bheadh postanna le fáil go héasca acu, ní againn. Bhí ar mhná éirí as an bpost nuair a phós siad. Ach iad breá sásta an saol a mhíniú dúinn. Tada cearr le ‘c’. Seo ár gcúltúr, ar siad le fearg. Tá sé de cheart againn ‘c’ a chur ortsa. Linne a thug saol dóibh.
Masla le focal ar chuid de mo chorp a bhris fear gan cead? Away libh. Tuigim cultúr na leads.
Cad a rinneamar mícheart? a déarfaidh siad. Iad atá lánchinnte dóibh féin.
Seo a rinne sibh. D’fhan sibh ciúin mar oireann sin daoibh i saol na bhfear.
Ghlac sibh agus glacann sibh le Eaglais na Magdalenes i gceannas ar na scoileanna mar is cuma libh fúinn agus is breá libh an chumhacht a fhaigheann sibh ón fhuathbhan a bhronn an Eaglais oraibh.
Ghlac sibh agus glacann sibh le haicmeachas is ardnósachas is ciníochas is gnéasachas a deireann go bhfuil mincéirí níos lú, go bhfuil mná níos lú, go bhfuil daoine le creideamh eile níos lú, go bhfuil daoine LADTACIP2AE níos lú, go bhfuil Gaeilge níos lú mar sin a mhúineann Ethos na Vatacáine inár scoileanna agus sin a rinne siad le fada. Ní amháin go bhfuilimid níos lú ach go bhfuil cead agaibhse bheith ag magadh fúinn, ag ceapadh gur peacaí muid, gur rud lofa muid. Le focail mar vagabond nó raggle taggle nó dreaded Modh Coinníollach nó Pervert agus araile. Adhmhaígí é. Tá sé feicthe agaibh.
Seo a deirim libh. Tháinig éirí in airde oraibh agus is breá libh an radharc thuas ansin. Níl fonn oraibh teacht anuas. Níor mhaith libh smaoineamh ar na daoine a ghortaigh agus a ghortaíonn sibh. Níor mhaith libh smaoineamh ar an gcóras lofa a mhúineann Ethos DAMANTA in áit cearta daonna. Níor mhaith libh é a athrú. Níor mhaith libh meas a thabhairt dúinn mar baineann sibh TAITNEAMH as muid a ghortú.
Tugann sibh ‘cultúr’ ar sin. Sin leithscéal. Aithin an ghráin a mhúin siad daoibh. Compulsory ar an gcuraclam. Fós. Tuig mar atá sé sa chloigeann agaibh. I dteideal agaibh. Maslóidh sibh muid is ba chóir dúinn fanacht ciúin faoi mar a dúirt na mná rialta linn, bheith ciúin is béasach. Tuig cé sibh.
Cad ba mhaith liom?
Nach dtaitneoidh sé seo libh, leads, mar feicfidh sibh an fhírinne ann.
Cearta daonna ‘compulsory’ ar an gcuraclam. ‘Ethos’ agus an dream ar leo sin imithe ónár scoileanna.
Cothrom na Féinne. Freagracht. Cúis le dul ar aghaidh le dóchas.
Ainm ait ar an saoire seo: Juneteenth. Deas an focal sin Saoirse a fheiceáil leis. Bí ag ceiliúradh saoirse, ar siad linn. Nach deas sin.
Anois. Cuir na ceisteanna.
Saoirse ó chéard? Sclábhaíocht.
Cé a rinne sclábhaithe de dhaoine? Úps.
Sin ceisteanna nár mhaith leo. Seo náisiún bunaithe ar chinedhíothú agus sclábhaíocht is tá ciníochas fíorláidir le sonrú sa tír seo. Níl eolas san bhfocal sin Juneteenth. Sin dallamullóg. Ar an 19 de Mheitheamh i 1865, d’fhógair An Ginearál Gordon Granger i dTexas, saoirse do sclábhaithe.
Joe Biden a chuir tús le Juneteenth mar shaoire fheidearálach i 2021 nuair a bhí caint go leor ann faoi Black Lives Matter agus cúis mhaith leis. Ach tuige ainm mar sin. Faitíos? Déarfainn é.
Tá bean in Éirinn a bhronnfadh séad dom is mo sháith le n-ól There’s a woman in Ireland who’d give me a gem for to drink my fill,
‘S tá bean in Éirinn ba bhinne léithe mo ráfla ceoil ná seinm téad And there’s a woman in Ireland to whom my singing is sweeter than the music of strings
Tá bean in Éirinn, ‘s nárbh fhearr léi beo mise ag léimneach There’s a woman in Ireland who would much prefer me leaping
Ná leagtha i gcré is mo tharr faoin bhfód. Than laid in the clay and my back under the sod.
Tá bean in Éirinn a bheadh in éad liom mura bhfaighfinn ach póg There’s a woman in Ireland who’d envy me if I got naught but a kiss
Ó an bhean ar aonach, nach ait an scéal é, is mo dháimh féin leo From a woman at a fair, isn’t it strange, and the love I have for them
Tá bean ab fhearr liom ná cath is céad dhíobh nach bhfaighfinn go deo There’s a woman I’d prefer to a battle, and a hundred of them that I will never get
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan bhéarla, dubhghránna cróin And an ugly, swarthy man with no English has a heavenly girl
Tá bean a déarfadh dá siúlfainn léi go bhfaighinn an t-ór There’s a woman who would say that if I walked with her, I’d get the gold
Is tá bean ‘na léine ‘s is fearr a méin ná na táinte bó And there’s the woman of the shirt whose nature is better than herds of cows
Le bean a bhodhradh Baile an Mhaoir agus clár Thír Eoghain With a woman who would deafen Baile an Mhaoir and the plain of Tyrone.
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird an óil. And I see no cure for my disease but to drink a torrent.
Níl a fhios agat an mbím ag úsáid straoiseoige nó nach mbím.
Fiú má bhím, cén baint atá aige leatsa? Sin comhrá idir mé féin agus mo chairde agus ní tusa mo chara.
Cuireann sin as do dhaltaí is iad ag tabhairt faoi scrúdaithe. Níl sé cool. Ba chóir dóibh bheith ar a suaimhneas. Seo rud tábhachtach dóibh. Níl seo oiriúnach ar chor ar bith. Tuigeann siad sin.
Conas is féidir freagra a thabhairt air?
Mholfainn
1. Cén fáth?
2. Dáiríre?
3. Cé a scríobh seo?
4. Away leat!
5. Níor mhaith liom seo a dhéanamh. Ní maith liom an cheist.
6. Tá seo as bealach.
7. NO!
8. Cad atá cearr leat?
9. Cuireann seo isteach go mór orm.
10. Caithfear an duine a scríobh seo a cheistiú.
Ach tá sé éasca domsa é seo a rá mar ní páiste mé. Ar scoil, múintear do pháistí bheith béasach.
Idir dhá tine Bhealtaine a bhí siad.
Ba chóir go mbeadh daltaí slán is iad ag tabhairt faoi scrúdú. Seo bagairt. Duine ag trasnú teorann. As bealach. Tá seo míchuí, rud éigin creepy ag baint leis seo, nach bhfuil? Ar nós seanlead ag iarraidh a léamh cad iad na mothúcháin a bhíonn ag daoine óga is iad ag scríobh lena gcairde: féachaint ar a scríobhann siad. Samhlaím straois ar an té a scríobh é ag ceapadh go raibh siad cliste agus óg. Tá a spás féin ag na gasúir. Ná cuir isteach ar sin. Ní leatsa iad. Ní leatsa an spás sin.
Níl seo cgl. Fiosraigh é. Agus abair go bhfuil brón oraibh leis na daltaí. Freagracht de dhíth anseo.
Feicim, freisin go bhfuil daltaí agus múinteoirí míshásta amach is amach leis an scrdúdú soisearach.
Prescribed Pain. Sin atá ann. Sin a rinne siad. Sin a airím. Scríobh duine scéal bréagach agus táimid uilig ag fulaingt mar gheall air. Pian a leanann ar aghaidh agus a fhásann mar scríobh daoine mar sin é. Ar mhaithe leo féin. Chruthaigh siad domhan lán le pian is fulaingt le cumhacht a bheith acu, mo mhallacht orthu. Oideas de dhíth anois le leigheas a fháil ar a rinne siad. Oideas mar oide, oideas mar phlean, oideas mar leigheas. Oideas mar réiteach na faidhbe.
Seas an fód!
Dúisím le tinneas cinn. Rómhinic. Ag an bhfiaclóir inné agus cuideoidh sin le feabhas a chur ar an scéal. Pianta eile agus beidh an dochtúir in ann cabhrú leis sin. Ach seafóid an domhain? Cad a dhéanaim leis sin? Conas sin a cheartú?
Bhuail mé le mo chomharsa inné. Í a scríobh an Nollaig seo chaite ar chárta Nollag dom go raibh sí buíoch as ár ‘freedoms‘. Cód atá ann. Is breá léi Trump is gunnaí agus ní maith léi BLM. Tuigeann sí go maith cá seasaim ar na hábhair seo. Comhrá againn go múinte inné agus cheapfá tú gur maith an bhean í agus go bhfuil sí ag iarraidh a dícheall a dhéanamh dá páistí. Creideann sí i nDia agus a hEaglais. Tugann sí aire mhaith dá madra. ACH is breá léi a ‘freedoms‘ go láidir mar a thug sí le fios sa chárta Nollaig sin dom leis an bhfocal sin Freedoms ann. Rud a d’athraigh gach rud dom. Is cuma cad a deirim léi, níl sí le trust. Tuigim sin. Níl gunna ina lámh aici ach tá tinneas ann sa mheon aigne aici. Cén fáth an raibh mé múinte léi? Mhúin siad sin dom. Prescribed. It is written, a bheadh ag Slumdog Millionaire air. Ach sin ficsean. Ní an bochtannas ach an bua aige. Agus níl sé scríofa ag na déithe. Scríobhann daoine seo. Scríofa sa chloigeann ó bhíomar ar scoil. Iompar ‘ceart’. Ba chóir dom a rá léi go bhfuilim fós ar buile léi. Sin an fhírinne. Tada le rá aici faoi Uvalde. Ar ndóigh.
Sclábhaíocht abú, arsa an bhratach seo.
Ar maidin, dhúisigh mé le tinneas cinn arís agus na híomhánna ó na ‘Capitol Hearings‘ i mo chloigeann. Bhí mé ag breathnú orthu nuair a thit mé i mo chodladh aréir. Meiriceánaigh ag ionsaí an Capitol is iad lán le fearg. Rud a tharla nuair a bhí cónaí orm ní i bhfad ón áit sin. Bhuail mé le daoine i Virginia a chreid sa ‘dlí’ (an dara leasú), a chreideann a deirtear leo: go bhfuil cead acu gunnaí a bheith acu. Bhuail mé le cuid acu sa choill lá. Iad nach dtuigeann tú nuair a deireann siad It’s legal mar feiceann siad nach raibh tú ag súil le daoine le gunnaí ansin is ionadh ort faoi agus freagraíonn tú le Slavery was legal but that didn’t make it right! ar an It’s legal sin. Ach tada. Ní thuigeann siad. Is de réir a chéile tuigeann tú nach dtuigeann siad mar ceapann na daoine seo gur smaoineamh maith a bhí sa sclábhaíocht chéanna. Is baineann sin geit asat. Ní mó ná an gheit nuair a chonaic tú iad le gunnaí sa chéad áit. Is imíonn tú is do mhadra libh abhaile mar tá an tsiúlóid sa choill millte acu.
Tuigeann tú nach daoine maithe iad na daoine seo. Is nuair a fheiceann tú na bratacha Confederate ag na Capitol Hearings sin, tuigeann tú cé hiad. Mar bhuail tú le daoine mar iad ag Féile na nGael in Alexandria lena seastán nó both ann. Bhí áthas ort ar dtús nuair a chuala tú an ceol is chonaic tú na rinceoirí. Dáiríre. Gliondar is d’fhan tú ansin le breathnú ar an bhféile cois an Potomac. Ach ansin chonaic tú an bhratach Don’t Tread on me is chuaigh tú ag caint leis an bhfear feargach ann. Is rinne tú argóint leis. An bua agat, ar bhealach. Ní cóir go mbeadh gunnaí riamh ag daoine mar é. Dream amháin ag caint os ard faoi Good Catholic Men de dhíth ag an Ancient Order of Hibernians ar thaobh amháin, lead ag caint faoin Dara Leasú Naofa ar thaobh eile agus páistí ag déanamh rincí gaelacha sa lár. Is ócáid eile millte ar fad, ‘Bhfuil oideas ar seo?
Is nuair a osclaíonn tú Bing (mo mhallacht air) ar an ríomhaire le fáil isteach ar shuíomh faoi leith, feiceann tú íomhánna ó Uvalde agus daoine ag rá It’s impossible maidir le cosc a chur ar ghunnaí. Tinneas cinn, tinneas croí, tinneas anama, tinneas sa chóras. Seafóid an domhain os do chomhair amach. Níl sé dodhéanta! a screadann tú i do chloigeann. Ach sin an teachtaireacht atá ann go láidir anseo. Sin a chreideann siad. Ar nós, ní féidir Stát agus Eaglais a scaradh sa bhaile in Éirinn. Duine ar bith sásta caint faoi. Páirtí ar bith sásta tabhairt faoi. Mar? ‘Bhfuil oideas air? Scríobh amach é go mbeidh an leigheas agam.
Is fós, tá FOX ag craoladh ar an aer. Prescribing pain. Ag scaipeadh, prescribing fuath, foréigean, fearg. Is fós, tá Tuairisc.ie ann le scéalta iontacha cinnte ACH le seastán ann ag Eoin Ó Murchú is a bholscaireacht, rud a mhilleann Tuairisc ar fad. Níl siad le trust, iad a cheadaíonn sin. Is fós, tá Trump is Bush saor agus ag siúl thart. Is fós beidh daoine ag rá, They’re coming to take our guns! Mór an trua NACH bhfuil siad ag teacht leis na gunnaí sin a bhaint de na daoine feargacha sin. Mór an trua nach bhfuil FOX dúnta agus Tuairisc saor ó bholscaireacht. Mór an trua go bhfuil Éire i ngreim na hEaglaise fós. Mór an trua, mór an trua, mór an trua. Ní leor trua. Ná paidreacha. Ná comhbhrón.
Seas an fód.
Scríobh mé thuas, ‘Tuigeann tú nach daoine maithe iad na daoine seo.’ Ach tá maitheas agus olcas ionainn ar fad. Rinne gach duine againn drochrud ar a laghad uair amháin sa saol. Ghortaíomar duine agus náire orainn faoi. Chailleamar an cloigeann uair. Nílimid le trust le gunnaí. Níl éinne. Ach an namhaid is mó ná iad a scríobhann na bréaga a spreagann fearg is fuath is an dúil sin sna gunnaí. Dírigh orthu siúd. Bolscaireacht, sin an namhaid.
Nach ait an rud é nach mbíonn an galar scríofa ar an Prescription a fhaighimid ón dochtúir. Go minic, ní bhíonn trácht air fiú. Seo na piollaí agus away leat. Is mar dhaoine múinte, tá cuid againn sásta glacadh leis sin. Ach tá an domhan tinn. Ní leor ciúnas. Ní leor, Ach shur, tuigeann daoine. Tá an phian prescribed, curtha sa chloigeann, le bolscaireacht. Scaipthe sna meáin. Gach cogadh, gach feall sa chóras. Is níl mé réidh le caint faoin gcogadh fós mar tá an iomarca ann. Pian nach féidir a shamhlú fiu. Tromluí. Ach ann.
Mar sin, athscríobh an scéal. Deisigh an córas. Tóg do leigheas. Seas an fód. Ná géill. Riamh.
Samhlaigh bheith sláintiúil. Anois, tabhair faoi. IS féidir!
Tá guth agat. Déan an rud ceart. Ná géill.
Maidir le Tuairisc agus an Dialathas, NÁ fan ciúin. Sin feall.
Anois, cupán tae. Airím beagáinín níos fearr.
Faigh an t-oideas is tabhair aire duit féin agus don domhan seo againn.
Ar líne as seo amach, le bhur dtoil, TEG. Na scrúdaithe TEG.
Tá teanga le sábháil againn agus daoine ag déanamh a seacht ndícheall anseo.
Tuigimid anois gur féidir na scrúdaithe a dhéanamh ar líne. Ach níl cead i mbliana. Tuige?
Rud dearfach a thit amach ón bpaindéim ná gur fhoghlaim muid conas teiceolaíocht a úsáid níos fearr le Gaeilge a scaipeadh ar fud an domhain. Tá daoine santach le níos mó a fhoghlaim. Ní in Éirinn amháin.
Lig dóibh sin a dhéanamh le bhur dtoil ar líne, ar son na cúise. Is nuair a theastaíonn uathu tabhairt faoin
scrúdú, lig dóibh sin a dhéanamh is cuma cá bhfuil siad ar domhan.
Tá ciall leis. Scaipfidh na daoine seo an teanga. Roinnfidh siad a d’fhoghlaim siad.
Ná cuir brú orthu dul ar eitleáin agus íoc as lóistín in óstáin atá ródhaor nó nach bhfuil ar fáil. Ní teanga do dhaoine shaibhre amháin í.
Más múinteoir thú agus dalta ag iarraidh teanga a fhoghlaim uait, ní dhúnann an doras ar an dalta sin.
Osclaíonn tú é agus déanann tú chomh héasca agus is féidir leat an teanga sin a mhúineadh is a scaipeadh. Go mór, mór nuair an teanga í féin i mbaol.
Nach ea? An bhfuilimid i ndáiríre faoin teanga a shábháil? Sin atá ann, nach ea?
Daltaí ag tabhairt faoin scrúdú TEG i gCathair na nAingeal sular tháinig an phaindéim.
Le déanaí, chan (scread) daoine ag an Ord Oráiste amhráin lofa. Bhí na liricí ar eolas go maith acu. Ní rud nua seo. Ach an uair seo, chonaic daoine eile é. Is thosaigh chuile dhuine ag rá cé chomh huafásach is a bhí sé. Arlene ina measc. Seo físeán de ‘leads’ san Ord Oráiste
Comhthéacs: Mharaigh daoine an múinteoir seo agus í ar mhí na meala. Bhí baint aici is ag a teaghlach le cultúr na hÉireann. Is léir ón amhrán gur chuir a bás áthas ar dhaoine nach maith leo Éireannaigh agus cultúr na hÉireann
An raibh ionadh ar Arlene i ndáiríre? Ní dóigh liom é.
Ciníochas. Sin an freagra duit, Arlene. Ach caithfidh go raibh sin ar eolas agat. Chleachtaigh tú fhéin é go minic. Nach cuimhin leat an rud sin a dúirt tú faoi chrogaill?
Cén téarma atá ar sin anois? Ó, raight. Dídhaonnú. Ar nós atá ar siúl ag mo dhuine anseo:
This is pastor Barrie Halliday only this week calling for the slaughter of children. He describes catholics as ‘rats that need to be murdered with rifles and grenades’. He has close ties to a number of unionist politicians and an old friend of Willie Frazier pic.twitter.com/YlRSTlUBly
Ní thosaíonn cogadh le gunnaí, le roicéid, le buamaí. Tosaíonn sé le bréaga, le fuathchaint, le bolscaireacht.
Feall
Too little done to reject Putin’s imperialism, says Taoiseach. Sin an ceannlíne san Irish Times inniu.
Too much done [by you] to promote Putin’s imperialism, a deirimse le Tuairisc.ie.
Coir
Scéal mór i mbéal an phobail inniu, físeán de ‘leads’ san Ord Oráiste ag casadh amhráin faoi Michaela Harte agus áthas an domhain orthu gur mharaigh daoine í. Mar? Mar is Éireannach í. Sin a chuireann áthas orthu. Go bhfuil Éireannach eile marbh.
Tosaíonn foréigean le fuathchaint mar seo. Tosaíonn cogaigh le gráin mar seo.
Uasdátú: Cháin na daoine seo a tharla agus thug siad bata agus bóthar dóibh siúd ciontach as rud uafásach a chanadh:
Thug Hutchinson Engineering, Doire bata agus bóthar do na daoine san Ord Oráiste a bhí páirteach san mhasla den amhráin sin.
Bhain Portadown FC fógra den chlub mar bhí baint ag duine a bhí páirteach san amhrán lofa sin leis an bhfógra sin.
Thug Club Peile Linfield bata agus bóthar do dhuine eile a bhí páirteach ann.
Fuair siopa gróseara réidh le duine a bhí páirteach ann chomh maith. Agus leanann freagracht mar seo ar aghaidh. Mar is cóir.
An gcaithfimid glacadh scun scan le dearcadh amháin i gcás ceisteanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin, ar sé.
Mar fhreagra ar bhean uasal a thuigeann an domhan i bhFAD níos fearr ná é!
Is tugann Tuairisc.ie spás dá bholscaireacht. Tacaíocht do Putin. Is muintir na hÉireann ag déanamh a seacht ndícheall le cuidiú le daoine ón Úcráin, seo Eoin agus Tuairisc ar an taobh mícheart den stair. Níl leithscéal ar bith air seo!
Freagracht? Níl a leithéid ann. Feicimid Eoin ann go gealgháireach seachtain i ndiaidh seachtaine! Fós.
Le bolscaireacht damanta. Ní bhfuair sé bata agus bóthar agus ní bhfuaireamar ráiteas oifigiúil ag rá go bhfuil brón ar Tuairisc.ie faoin damáiste a rinne agus a dhéanann Eoin.
Ní thosaíonn cogadh le gunnaí, le roicéid, le buamaí. Tosaíonn sé le bréaga, le fuathchaint, le bolscaireacht.
Tá mise cleachtaithe le bolscaireacht FOX, OAN, agus a leithéid anseo i SAM. Fuathchaint lofa iontu ar fad.
Feicim an dochar a dhéanann sé go laethúil. Tuigim cé as a thagann sé. Aithním an bhagairt.
Ní rud nua seo.
Thuig mé an bhagairt a bhí ann nuair a dúirt na Hutu gur chiaróga a bhí sna Tutsis i Rwanda.
Aithním an bhagairt nuair a deireann Arlene gur chrogaill muid.
D’aithin mé an bhagairt nuair a dúirt Trump gur ‘Rapists’ a bhí ins na Meicsiceánaigh.
Nuair a spreag sé ionsaí ar an Capitol.
Aithním an bhagairt nuair a deireann Barrie Halliday gur fhrancaigh muid.
Aithním gur fhuathghrúpa é an tOrd Oráiste.
An é nach naithníonn Tuairisc.ie an damáiste atá Eoin ag déanamh nó go n-anontaíonn eagarthóir leis nó rud éigin eile? Mar, dáiríre, níl leithscéal ar bith anseo. Tá daoine ag fáil bháis mar gheall ar bholscaireacht.
Feall, Coir, Teip
Ní thosaíonn cogadh le gunnaí, le roicéid, le buamaí. Tosaíonn sé le bréaga, le fuathchaint, le bolscaireacht.
Tuig an damáiste agus an bhagairt atá ann nuair a thugann duine ardán do Putin, duine ciontach as scrios is cinedhíthú.
Dochreidthe gur roghnaigh tú seo, Tuairisc.ie.
Mínigh seo do na páistí ag fanacht go dtiocfaidh Daidí abhaile slán ón gcogadh a thosaigh Putin. Mínigh seo do na mná ag fanacht ar fhir atá sciobtha ag Putin agus iad in áit éigin iarghúlta sa Rúis anois. Ag fanacht go dtiocfaidh siad abhaile, b’fhéidir. Mínigh é seo do na daoine a chaill tuismitheoirí, cairde, gach a bhí acu sa saol ag éalú óna dtír féin.
Déan an rud ceart.
Mínigh é ar nós Póilín i dTexas ag míniú do mháthair cén fáth nár shábháil sé a páiste ar scoil i Uvalde.
Más féidir leat. Ach, ní féidir.
Dul amú.
Cad a bhí i do chloigeann? Go raibh dhá thaobh don scéal ann? Níl. I dTexas ná san Úcráin.
Nár thuig tú sin? Ar nós póilín nár thuig go raibh air páistí a chosaint.
TEIP. COIR. FEALL.
Bata agus bóthar d’Éoin gan mhoill. Tá na focail i dTuairisc ar nós ionsaí eile ar mhuintir na hÚcráine chuile sheachtain agus ní thuilleann siad sin!