Go maire tú an céad 😉 Popol Vuh na hÉireann?
Le Antaine Raiftearaí (1835)
1 Tráth faoi Lúnas ba domsa a tharla,
ar bhord Áth Cinn is é go mór ag báistigh,
dhruid mé i leataobh agus ní gan ábhar,
go bhfaighinn tom nó claí a dhéanfadh scáth dom.
2 Níor casadh orm ann ar bhéal na bearna,
ach seansceach chaite chraite ghránna,
ar thaobh an chlaí is a haghaidh le fána,
dhruid mé fúithi is ba fliuch an áit dom.
3 Bhí an tsíon go dian ag teacht as gach cearda,
anoir is aniar is anuas le fána,
ní fhéadfainn a shamhail a thabhairt duit i láithreach,
ach roithleán lán a bheadh ag criathrú ráibe.
4 Go feargach fraochmhar stoirmiúil ráigeach
mar bheadh fia ar luas nó siodaí ar rása,
bhí an chascairt ag teacht is na tíortha báite,
is nár mise an díol truaí is mé i nguais gan cágas.
5 Uair agus ceathrú a mhair sé ag báistigh
is níl braon dá dtiteadh nach gcuirfeadh maol ar charta,
níl muileann sa gcúige plúir ná ráibe,
nach gcuirfeadh sé ar siúl i lár na mbánta.
6 Rinne mé smaoineamh ní nár náir dom,
nárbh fhada mo shaol is go mba ghearr mo chairde,
go dtiocfadh an díle is go mbeadh daoine báite,
is go mb’olc an obair a bhí i ndiaidh mo láimhe.
7 A bheith ag déanamh an pheaca ó bhí mé i mo pháiste,
ag lua mionnaí móra is ag gearradh na nGrásta,
a ghabháil chun Aifrinn ní iarrainn trácht air,
faoistin Nollag a fháil ná Cásca.
8 Faoi bhris mo chomharsan, ar ndóigh, nínn gáire,
is na Deich nAitheanta a bhriseadh ní nínn aon chás de,
gach imirt is ól is gach aon tsórt pléaráca,
dá dtagadh orm trasna, bhíodh mo láimh ann.
9 Dá fhad an t-am tagann an cairde,
is tá mo shummons chun cúirte scríofa tarraingthe,
an uige in easnamh is an t-inneach gan fáil air,
agus triail mo chúise ar siúl amárach
10 A bheith ag gabhail in san áit nach mbíonn aon fháilte,
roimh shaibhir thar bhocht ach do réir a gcáilíocht,
an t-olc is an mhaith ó bhís i do pháiste,
thíos i bprionta i d’éadan tarraingthe.
11 Smaoinigh mé ar aithrí mar siúd go cráifeach:
“A Dhia atá thuas a níos na Grásta,
a bheir solas ar an ngealach is fás ar fhásach,
a stiúras farraige is a chuir grian in airde,
12 a thug torthaí ar chranna agus longa ó bháitheadh,
a thug na hIsraelites ó chosa a namhad,
a thug Éanoch is Éilias go Gairdín Phárthais,
is a rinne fíon den uisce le toil do Mháthar.
13 Féach anuas ar Oileán Phádraig
mar d’fhéach tú ar an ngadaí a bhí i gCrann na Páise,
mar rinne tú gach ní dá bhfuil mé a ráite,
tabhair mise leat saor is an saol láimhe.
14 Rinne mé smaoineamh arís ar ball beag,
go raibh sé in sa mBíobla scríofa tarraingthe
gealladh glan déanta ag Rí na nGrásta,
chúns bheadh an stua ceatha cam nár bhaol dúinn báitheadh
15 Ba ghearr an tsíon gur lag an bháisteach,
grian a las agus gaoth a d’ardaigh,
ghluais mé chun siúil is mé múchta báite,
gur tharraing mé ar Sheán agus bhí romham fáilte.
16 Is iomdha cárt uisce a rinne sé a fháisceadh
ó mo sciorta go dtí mo chába,
chroch sé mo hata suas ar thairne,
is chuir sé i mo chodladh mé ar leaba mhín bhláfar.
17 Ach bhí mé ar ball beag arís i mo shuí ann
ag cur mire ar cheol, spóirt agus shiamsa,
is ar ndóigh is le bród a chaith muid an oíche sin,
ach ar fhilleadh ar ais dom ní narbh ionadh,
18 Bhí challenge liom tarraingthe i bhfoirm is i bhfábhar
siolla beag uaim le ciumhais na hátha
ach ar iontú thart liom lá arna mhárach
siúd mar dúirt mé ar a theacht dom i láithreach:
19 “A sheansceach chaite fógraim gráin ort,
nár fhása choíche snua ná bláth ort,
faoi shúiste Oscair go bhfaighe tú do charnadh,
do do bhrú is do do bhascadh le hord mór ceártan.
20 Mar b’olc an áit do dhuine a theacht i ndáil leat,
ná deasú fút ag iarraidh scátha ort,
níl braon dár thit ar do chamstuaic ghránna,
nár scaoil tú ar Raiftearaí le ciumhais do mhása.”
21 An Sceach
“Más file thú a thriall ag iarraidh sásamh,
tá mise anseo agat is mé ar mo gharda.
Seanóir mé atá le fada in san áit seo,
is ná tara níos sia le do chlaidhmhe tarraingthe.
22 “Nuair a bhí mise óg dá mbeifeá i ndáil liom,
b’fhogas duit díon ó ghaoth is ó bháisteach,
is í an ghaoth aniar d’fhág m’aghaidh le fána
is a shiosc mé síos ó chúl go sála”.
23 Raiftearaí
“Muise, a sceachín mhaiseach shochlach bhláfar,
snua agus meas ó Rí na nGrásta ort,
úllaí, piorraí ort, plumaí is b’láistí,
agus cuir dom síos in aois do dháta”.
24 An Sceach
“Céad agus míle roimh am na hÁirce
tús agus cruthú m’aoise is mo dháta
tá mé i mo shuí ó shin san áit seo
agus is iomdha scéal a bhféadaim trácht air.
25 Ochtar a thriall is na mílte a báitheadh,
mar bhí, Noah is a chlann, a gcéile is a máthair,
ach amháin gur scríobh an t-easpag cráifeach
gur mhair Parthalán mac Seara ar thaobh Chruach Phádraig.
26 Fuair muid cuntas eile in aghaidh an cháis seo
gur i Sruth na mBeo a mhair Parthalán
ina sheasamh suas in sa bhfuarlach báite
is gur fhan sé beo le toil na nGrásta.
27 Droim Toirc an uair sin ab ainm don áit seo,
agus ní raibh ann ach coillte agus fásach,
coin allta is broic ag éirí in airde,
gur bhuail na Fir Bhoilg cuan Phort Láirge.
28 Thóg siad seilbh gan fear a mbarrtha,
chuir siad fúthu agus rinne siad áras,
bhí siad faoi bhród agus lán d’áthas
mar stríoc siad a gcúrsa ó chumhacht a namhad.
29 Ghearr siad crainn agus rinne láthair
agus chuir siad an ríocht ar ndóigh i bhfáinne,
ó Dhún Dónaill go Droichead Átha,
ó Bhinn Bhorb ó thuaidh go cuan Chionn tSáile.
30 Ag fiach ar chnoic is ag seilg ar shléibhte,
ba mhór é a gcónaí i dteannta a chéile,
nó gur buaileadh fúthu ann dream nár naomhadh,
sliocht Thuatha Dé Danann as tír na hÉigipt”.
31 Mise Sceachín Áth Cinn a dúirt an méid sin,
is a chonaic an dá shlua ag teacht chun a chéile,
le saighde catha agus airm dá ghéire,
doirteadh fuil agus cailleadh na céadta.
32 Is iomdha cath in áit a chéile,
a thug an dá shlua trí mhóin is trí shléibhte,
ba é críochnú na cúise agus deireadh na scéalta,
gur chaill na Fir Bhoilg Droim Toirc ar éigean.
33 Sliocht Thuatha Dé Danann gan croí gan daonnacht,
ní le gníomh ná gaisce a níodh siad aon rud,
is éard deir Saltair Chaisil is Dochtúir Céitinn,
le diabhlaíocht, gleacaíocht agus mionna bréige.
34 Nuair a fuair siad cumhacht a thainig léirscrios,
an síol a craití ní fhásadh déas air,
níor fhan sliocht ar bhó ná clann ar chaora,
torthaí ar chranna ná maise ar aon rud.
35 Cuirtear síos dúinn, do réir mar léitear,
gurb é an chéad fhear a thriall don tír, Gaidéalas,
prionsa ríúil den fhiorfhuil Ghaelach,
de phór na ngríobh is de shíol Mhiléisis.
36 Nuair a thriall an rí go mbraithfeadh sé Éire,
níor smaoinigh a chroí go ndéanfaí scéal air,
nó gur fágadh breithiúnas aige le déanamh,
ba é deireadh na cúise gur cailleadh é féin leis.
37 Ach chuaigh sé beo don Spáinn ar éigean,
gur scríobh sé ar dhlí is ar cheart na hÉireann,
dúirt a chlann béal ar bhéal leis,
go bhfaigheadh siad cinn agus fuil in éiric.
38 d’ardaigh siad leo i gcuallacht ghléasta,
gur bhuail siad bruach ar chuan Bhinn Éadair,
tharraing amach a gcuid lánna géara
is dúirt nach nglacfadh bríb ó aon neach
39 Dúirt Mac Céacht go mba mhór an éagóir,
a theacht isteach agus fios a bheith ag aon neach
ach a ghabháil naoi dtonn in sa mbealach céanna
is dá bhfillfeadh ar ais go bhfaigheadh siad géilleadh
40 d’ardaigh siad leo le díth céille,
fosclaíodh leabhra draíochta is bréige,
d’ardaigh stoirm is farraigí tréana,
a mhúch, a bháigh is a bhasc na céadta.
41 Is beag acu a thainig de bharr an lae sin,
ach an méid a chuaigh don Spáinn le scéala,
go ndearna siad suas an oiread céanna,
gur bhuail siad an dara huair faoi Éirinn.
42 Níor ghlac siad caint, bladar ná bréagadh,
ach ag lascadh is ag gearradh le lanna géara,
is siúd í an mhaidin ar dearnadh an sléachtadh
gach ceannfort ag teacht is a mhonghar féin leis.
43 Bhí cinn agus coirp dá ngearradh in éineacht,
agus fuil ag imeacht mar thuile shléibhe,
ach siúd é an cath ar cailleadh na tréanfhir,
ach i ndeireadh na cúise bhí an lá ag Miléiseas.
44 Cailleadh Mac Cuill, Mac Céacht is Mac Gréine
le lanna tanaí glana géara, ‘
bhí cead caointe ag na trí mná Gaelach
mar bhí, Fódla, Banbha agus Éire.
45 Scoilteadh trasna Inis Éilge,
bhí fear den dís nár thaithnigh an scéal leis
idir Éibhear is Eireamhón thug na mionnaí’ tréana,
mura bhfaigheadh siad a gceart go bhfaigheadh dá bhféadfadh
46 Thosaigh slad, feall agus éigeart,
is do dhlí na gceart ní thugtaí géilleadh,
ach cúigí is tíortha ag gabháil trína chéile,
nó gur thóg Cormac mac Airt láimh le hÉirinn.
47 Chuir sé sluaite i dteannta a chéile,
bhí ainm eile orthu Fianna Éireann,
lucht gnímh agus gaisce, lóith agus léimnigh,
nár chuir ariamh ar laoch ach aon fhear.
48 Mar bhí, Goll mac Morna is a sharlann líofa,
láimh nár theip ó ghaisce ríthe,
Áille agus Flann na n-arm géara,
agus Conán maol mallaithe fear mhillte na Féinne,
49 Oscar is Coireall, Faolán is Caoilte,
agus Diarmaid Ó Duibhne a thógfadh draíochta,
Fionn fear feasa agus ceist a scaoileadh,
togha na ngaiscíoch, Clanna Baiscinn.
50 Clanna Dháibhí i bhfuíoll na ndaoine
agus a chraoiseach féin i láimh gach taoisigh,
Cairbre cnisgheal an mearfhear scaoilte
agus Clanna Dhuibhne as Teamhair na ríthe.
51 Is fúmsa a bhíodh siad ag déanamh siamsa,
ag imirt is ag ól de ló is d’oíche,
a gclogaid, a sciatha agus a gclaimhte i bhfaobhar,
a bhíodh acu ar bord agus corn lán líonta.
52 Ag fiach ar chnoic, ar mhóin is ar shléibhte,
ag rith ar bhroic is ar eilití maola,
le mire na gcon a cailleadh na tréanfhir
mar nach dtug siad ariamh do Dhia géilleadh.
53 Conchúr a tháinig i gCoróin ina dhiaidh sin
agus curaidh chliste na ngaiscí tréana,
Clann Uisnigh a chuir Albain faoi chíos le hÉirinn,
cailleadh an triúr, ar ndóigh, le Deirdre.
54 Tógadh suas í i gciall is i gcríonnacht
le bheith ag an rí mar chéile is mar chaoifeach,
thréig sí a coróin, a cuid óir agus gaolta,
agus lean sí Ardán, Ainle agus Naoise.
55 Cú Chulainn na gCleas láimh bhriste gach bearna,
agus Cú Raoi a cailleadh leis an mbruinneal Bláthnaid,
a chomhoide múinte a mbítí ag trácht air,
Fearghas mac Róigh agus Conall Cearnach.
56 Sin iad ainmann na gcuradh atá mé a rá leat,
a bhíodh ar cuanta ag seasamh garda,
ach Conchúr amhain ó thús an dáta,
níor naomhadh duine go dtáinig Pádraig.
57 Easpag beannaithe a thriall go hÉirinn,
a thug an tSacraimint Bheannaithe i mbéal gach aon neach,
a rinne an marbh beo is an fear mallaithe naofa,
is a mhúch Coinneal na Carraige lena sméideadh
58 Thug sé ola agus baiste do shagairt is do chléirigh,
is slánú a n-anama, an tSacraimint Naofa,
seacht gcéad reilic a chuir sé le chéile,
an bhliain is trí fhichid a stiúir sé Éire.
59 An dream a thriall i ndiaidh an scéil sin,
Lochlannaigh, a chuir buaireamh agus angar ar Éirinn,
Tuirgéiseas mar cheannfort orthu ag réabadh,
an fear ba mheasa dlí agus béasa.
60 Nárbh olc an dlí a bhí ag na péiste,
aon fhear óg a thiocfadh chun feidhme,
nó a rachadh chun pósta le mnaoi nó céile
nár leis a tús ach le Tuirgéiseas.
61 Gur scríobh Maoleachlainn litir bhréige
agus teachtaire falsa a chur léi le scéala,
rún na cúise a cheilt is a shéanadh,
ach ba é críochnú na cúise gur cailleadh é féin leis.
62 Nuair a cailleadh an ceannfort is dháréag a bhí ar aon leis
bhí Lochlannaigh i sáinn ar ndóigh ag Miléiseas,
gach duine in sa tóir ar dhream Thuirgéisis
gur ruaigeadh a ndeireadh amach as Éirinn.
63 D’fhan triúr ina ndiaidh ag bailiú scéalta
a chuir an bun is an cúig is an cluiche in éineacht,
i sé bharc déag, do réir mar léitear,
an dara huair is ea a thóg siad Éire.
64 Ardchíos crua agus sciúirsí geara
a leagadh ansin anuas ar Éirinn,
buannaí ins gach teach le faitíos scéala
nár rún don dís a ghabháil trí chéile.
65 Dualgas eile i gceann an méid sin,
unsa den ór a bheith ar gach aon teach,
agus an té nach n-íocfadh é i gceann gach féile,
bhí an tsrón le baint de ó chlár an éadain.
66 Nó gur ghlac Brian Bóirmhe truaí d’Éirinn
a bheith ag Lochlannaigh faoi chuireadh daortha,
go dtáinig sé féin is Ó Conchúir in éineacht,
is gur chuir siad a gcúnamh i dteannta a chéile.
67 Phreab an ríochta suas in éineacht,
agus tugadh focal na faire i mbéal gach aon neach,
lucht faire a theacht agus soip a shéideadh
Oíche Fhéil Sin Seáin ins gach ceard d’Éirinn.
68 Ghluais chugainn ó Mhumhain, do réir mar léitear,
Ó Cearúill is a shluaite ó Dhún Éile,
Cinnéidigh is Lorcánaigh thréana,
gus clann Mhic Con Mara ón gCreatalaigh ghléigil.
69 Ó Súilleabhain aniar as iarthar Éireann,
Móránaigh is Brógánaigh gafa gléasta,
Ó Donnabhain ‘na ndiaidh, Ó Meachair is Ó Béara,
agus Ó Seachnasaigh ón nGort nár chóir a shéanadh;
70 Ó Móra, Ó Doinn is Ó Floinn le chéile,
Catháin, Cochláin agus clanna Mhéalóid,
Mac Cáirthinn ón sliabh, fear fial gan aon locht,
Ó Briain is Ó Murchú na laochra tréana.
71 Ó Fearaíl, Ó Ruairc, Ó Ceallaigh ná séantar,
Raghallaigh, Dúdaí agus Flaitheartaigh thréana,
Ó Conchúir as Sligeach, an fhíorfhuil Ghaelach,
agus Clann nDonncha ó bhun na Céise.
72 Dochartaigh, Branáin, Beirnigh agus Céitinn,
Mag Uidhir is Mac Mathúna thóg láimh le hÉirinn,
Ó Néill is Ó Dónaill ó bhruach Loch Eirne
agus gach duine acu ag teacht in arm is in éide.
73 Mar bheadh sionnach roimh ghadhair ar chúrsa sléibhe,
bhí Lochlannaigh i sáinn mar bheadh caoirigh léithe,
go moch ar maidin Aoine an Chéasta,
idir Áth na gCliath agus cuan Bhinn Éadair.
74 Bhí dhá mhíle dhéag, dúirt Dochtúir Céitinn,
de Lochlannaigh leagtha i gcoinne a chéile,
ach an méid acu a rith agus nár fhan le scéala,
i mBaile Átha Cliath a thit tubaiste an lae orthu.
75 Brian Bóirmhe is a chlann ba mhór a n-éagmais,
i gCluain Tarbh a cailleadh na tréanfhir,
aon fhear a bhí ann is nár thit in sa sléachtadh
chonaic sé ár de bharr an lae sin.
76 Céad bliain eile i ndiaidh an scéil sin,
go dtug mac Rí Laighean murar cuireadh bréag air,
an bhean ón Ruarcach d’fhág buaireadh ar Ghaelaibh,
is a chosain Sasana ó thús ar Éirinn.
77 I gceann Rí Sacsan tháinig Tiarna Bhréifne,
is thug sé dó a fhocal is a mhionnaí tréana,
go dtabharfadh sé suas dó a cheart féin d’Éirinn,
ach sásamh a fháil dó i leaba an scéil sin.
78 Teachtaire a d’imigh agus adharca a séideadh,
gur cuireadh le chéile mórán céadta,
an Tiarna Strongbó orthu mar léadar
gur thóg siad Cúige Laighean den réim sin.
79 Trí chéad ansin agus cuir leis éiric,
gur rugadh i Sacsanaí an prionsa céasta,
Mártan Liútar a thiontaigh na céadta,
a shéan an Pápa agus an tSacraimint Naofa.
80 Chúns bhí sé i gcoinbhint b’olc a thréithre,
ag scríobh is ag tarraingt leabhra bréige,
ag foghlú torthaí is ag leagan plantations,
ag réabadh geataí, ballaí agus foundations.
81 Is iomdha comhrá cruiteach bréagach,
tarraingthe amach as lár an Bhíobla Ghaelaigh
gach duine as a cheann ag piocadh léinn as, ‘
ag dearbhú an chirt i mullach na héimhe.
82 Mar bhí Anabaptists, Seekers is Quakers,
Protastúin, Swadlers agus Presbyterians,
ach in san am sin ní raibh caint ar Chromwellians,
nó go dtáinig Cromail an fear a thóg Éire.
83 Míle agus cúig chéad, do réir mar léitear,
a naoi agus a hocht i gceann an méid sin,
ó thuirling Críost i gcolainn daonna,
gur thosaigh Hanraí an Reifirméisean.
84 Thug sé cúl do Dhia agus shéan sé a chéad bhean
agus thóg sé a iníon féin mar mhnaoi is mar chéile
Liútar is Cailvín ab ainm don phéire,
a scaoil an bheirt i bpáirt a chéile.
85 Bhain sé an ceann di le lann faobhair,
ní dise amhain ach de thuilleadh léithe,
nárbh olc an dlí a bhí ag an té sin,
a chuir a iníon is a bhean chun báis in éineacht.
86 Banríon Máire cuinge na nGael,
an mhaighdean bharrúil mhaiseach bhéasach,
a stríoc crainn, toim agus géaga,
agus murach í a chailleadh tharraingeodh fréamha
87 Isibéal thainig i gcoróin ‘na déidh sin,
nár phós fear is nár throisc gan céile.
Chuir a cúl is a droim le cuing na cléire,
chuir ruaig ar easpaig is ar an Eaglais Ghaelach
88 Séamas a thainig i gcoróin ina dhéidh sin,
an fear ba mheasa gníomh agus béasa,
do dhlí Strafford níor thug sé géilleadh,
ach ag leagan slabhraí ar mhóin is ar shléibhte.
89 Níor mheasa an t-athair ná an mac Séarlas,
ag leagan sciúirsí crua ar Éirinn
an uair ba dian le Dia agus le daoine an scéal sin
chaill sé a cheann le cíonán spéirid.
90 Ansin a ghluais Cromail is a shluaite trí Éirinn,
ag gearradh roimhe an méid a d’fhéad sé,
thug sé dúiche agus fearann do Chromwellians,
agus chuir sé lucht cóistí agus eachraí chun móna agus sléibhe.
91 Rith an dá iarla nuair a fuair siad scéala,
go raibh cuilead ar ceann faoi chíonán spéirid.
Mag Uidhir is Mac Mathúna thóg láimh le hÉirinn,
i Londain a baineadh an ceann den phéire.
92 Eoghan Rua a thainig i ndiaidh an scéil sin,
maiseach, fearúil, barrúil, béasach,
cleasach, súgach, lúfar, éasca,
a bhain léim leataoibh as Cromwellians.
93 Ó Charraig na Siúire go Dún Éile,
ó Chluain Meala go Baile Shéamais;
i mBaile Átha Luain is ea a fuair sé géilleadh,
ó Chaiseal Mumhan go cuan Bhinn Éadair.
94 Ó Chill Dalua go bruach Loch Gréine,
agus an dá chúige Mumhan a chur le chéile,
ach le Tiarna an chláir a cailleadh an péarla,
i gContae Chiarraí in iarthar Éireann.
95 Is é bás Eoghain Rua a d’fhág buaireamh ar Ghaela,
ord agus Aifreann agus Eaglais séantach
mar bheadh liathróid ar bhéal fuadaigh á cascairt ag céadta,
bhí Cromail is a shluaite is an ruaig orthu as Éirinn.
96 Séamas an chaca milleán géar air,
thug a iníon d’Uilliam mar mhnaoi is mar chéile,
is é a rinne Gaelach Gallda agus Gallda Gaelach,
mar chuirfeá cruithneacht agus eorna trína chéile.
97 Nár bhuartha an tsraith í i mbéal an fhómhair
in Eachroim Dé Luain de bharr an Domhnaigh,
is iomdha mac Gaeil ar fhág sé brón air,
agus gan trácht ar ar cailleadh i mbriseadh na Bóinne.
98 Trí Mhuine Gall a thriall lucht Béarla,
agus i gCeapaigh na gCeann a rinne siad sléachtadh,
an Rutrialach falsa a dhíol na Gaela,
ar scilling an triúr mar fuair mé scéala.
99 Ag Cillín Ó gCuanach bhí na Gaill ar féasta,
nuair tháinig an Sáirséalach, croí na féile,
gur lig sé leis an tSionainn a gcuid arm is éide,
agus thóg sé Luimneach an mhaidin chéanna.
100 Ná bígí gan misneach i bhfochair a chéile,
is treise le Dia ná leis na Cromwellians,
dúirt Naomh Seán in sa Revelation
an cúigiú bliain fichead go bhfaigheadh muid géilleadh”.