Lean í. Éist léi. Ceannaigh atá sí ag díol. Seo leibhéal eile ar fad! Moladh go deo le Síomha.
Liricí
Tógfaidh me sos
Ag sú éirí na gréine
Ag machnamh go mion
Is an ré faoi cheilt na néalta
Braithim an talamh faoi mo bhoinn
‘S mé ag seasamh is ag siúl chugat
Táim gan buairthí ar mo chroí
Mar mian mo chroí go deo is ea thú
[Curfá]
An dtitfeása liom
Isteach i spéir rua an Iúil
Súfaidh sé isteach
Inár n-aigne go mór
Fearsaid solais scáite sliú
Le chéile titfimid isteach i spéir rua
Spéir rua
[Véarsa 2]
Canfad duit go bláthach
Le fáinne geal an lae
Ar teitheadh Aurora
Breacann sí an aer
Is caithfimid an lá
I lainne agus lúchair
Is beirim liom mo ghrá
Le néalta inár iompair