
Archives
All posts by ancroiait
Fuair Chris Rock leiceadar sa straois ar an stáidse ag na Oscars is bhain sin stangadh asainn ar fad, is mearbhall. An raibh Will Smith ag aisteoireacht? Chualamar lasc ard. Maisíocht fuaime a bhí ann nó buille i ndáiríre? Bhí an cuma air go raibh Chris gortaithe. Ní rud beag a bhí ann ach oiread. Fan. Baineadh geit asainn. Bhí sé i ndáiríre. Tharla sin. Is nuair a shiúil, gml, nuair a rinne Will sodar giodalach ar ais go dtí a shuíochán is a lámh ar a chrios aige ar nós buachaill bó ag rá, ‘Féach anois, cé atá i gceannas anseo. Agamsa an chumhacht,’ thuigeamar go raibh rud déisteanach tar éis tarlú. Coir.
Tháinig sé aniar aduaidh orainn. Daoine gléasta suas go galanta i Versace srl. ag breathnú air san amharclann Dolby is gan a fhios acu le rá. An crème de la crème i Hollywood fágtha ina staic. Mar is féidir le fear amháin oíche álainn a scrios go hiomlán chomh héasca sin. Ach ba léir go raibh Will fíorshásta leis féin go bhfuair sé an ceann is fearr ar Chris.
Bhuel.
Cad a spreag seo?
Masla. ‘Greann’ nach raibh greannmhar ach tá daoine cleachtaithe le gáire a dhéanamh le teannas a bhaint as rud atá míchompordach. Agus tuiscint ina dhiaidh nach raibh sé greannmhar. Mar mhaslaigh Chris bean Will. Is chonaic Will mar a bhí sí gortaithe le focal go poiblí os comhair an tsaoil is na ceamaraí uirthi. Is d’airigh sé náire, is fearg, is tháinig an meon macho chun tosaigh. Bhí Chris Rock as bealach. Tá seo fíor. Is nuair a dúradh leis é, ní dúirt sé GML, ach ‘Come on!’ Botún. Samhlaigh Jaden ansin ag breathnú go hálainn, ansin le tacaíocht a thabhairt do Will. Am caite aici ar í féin a ghléasadh i gceart. Is le focail, mhaslaigh Chris go géar í. Mar bhí sé éasca dó sin a dhéanamh.
Neart le foghlaim sa scéal seo. Bí cúramach le greann. Níl greann i ‘Roasting.‘ Sin íde béil a thabhairt do dhuine in áit sláinte duine a ól. Nós feicthe agam anseo go minic. Rud gránna is uafásach míchompordach. Níl greann i gciníochas, feicthe agam rómhinic ar an mBBC: daoine ag magadh faoi bhlas ag duine ó áit eile ach go háirithe. Níl sin greannmhar.
Tá greann cliste. Tuigeann greann an domhan agus atá le ceartú ann. Tuigeann Jon Stewart greann. Thuig an saoi, Terry Pratchett é go maith. Thuig Amy Shumar é ag caint faoin scannán King Richard (is an gnéasachas ann) agus ag baint an teannas ón amharclann Dolby le ‘Did I miss anything?’ Cliste.
Le foghlaim?
- Meas do na mná:
a) Bhí siad as bealach nuair a chuir siad an tideal King Richard ar an scannán. Ag díriú ar an bhfear, an t-aon fhear sa teach in áit ar Serena agus Venus. Leo siúd an ghlóir. Iadsan a chuir an obair isteach.
b) King? Rí? Dáiríre? An gceapann éinne gur maith an rud é bheith i do rí? Níl gá le fear a bheith i gceannas.
c) Macho. Bhí Will go maith ann ach ní iontach. An raibh sé sa ról sin fós ina chloigeann féin nuair a bhuail sé Chris? Cosantóir? Tá muid in ann caint dúinn féin. Éist linn. Thosaigh Will ag caint mar sin le leithscéalta nuair a ghlac sé leis an Oscar don aisteoir is fearr. Is bhí leithscéalta go leor ann. Iad iomlán as bealach.
d) Grá mar leithscéal. Love made me do it. Nach uafásach an leithscéal seo. In úsáid ag fir a bhuaileann mná le fada.
Is fuair Will a Oscar.
Sular thosaigh sé ag caint, dúirt mé, Beidh seo spéisiúil. An ndéarfaidh sé go bhfuil brón air? Ní dhéarfaidh, arsa m’fhear céile. Ar ndóigh. Hmm, ar mé. Ba chóir dó. Is bhí an cuma air ar dtús nach raibh sé chun sin a dhéanamh. Ach, faoi dheireadh, thosaigh na deora ag titim ach leis an iomarca cainte ar Dhia ann.
2. Dia ag na Oscars
a) Thosaigh sé le ‘a fierce defender of my family’ leanta le ‘I am overwhelmed by what God is calling me to do.’ Hmmm Níl sin go maith, Will!
b) Ealaín agus an saol: Sa scannán bhí sé ag cosaint daoine, ar sé. Ní leithscéal sin, Will! Protect, á rá aige arís is arís. Hmmm. I’m being called on in my life, ar sé. Dia ag glaoch air? Ansin, cuireann sé grá & cosaint le chéile. Hmmm. Le foréigean, Will?
c) And to be a river to my people, ar sé. Cé hé, dar leis? Moses?
d) Dúirt Denzel leis, At your highest moment, that’s when the devil comes for you. Ní fhaca mé diabhal ansin. Chonaic mé Will Smith. Duine fásta.
e) I want to be a vessel, ar sé. Ceol na hEaglaise i mo chloigeann anois. Agus an Handmaid’s Tale. Yeah, no, Will.
f) For love, ar tú? Ups. Agus ansin, dúirt sé é: Love will make you do crazy things. Rud cloiste ag mná leis na cianta ó fhir a bhuaileann iad. Ná habair sin mar leithscéal.
Is roimhe sin, bhí rud nua ag na Oscars leis an gcór a chas go bríomhar dóibh siúd a bhí imithe ar shlí na fírinne. Cé go dtaitníonn an nós liom, chuir sé isteach orm ag na Oscars i mbliana mar
a) Níor chreid gach duine ar an scáileáin, duine atá imithe, i nDia.
b) Níl sé de nós ag gach duine cuimhniú ar dhaoine atá imithe sa stíl sin.
c) Tá baint ag an stíl leis na Evangenicals a rinne an oiread dochair i mbliana le Trump srl.
Is é an rud a d’fhan liom ná cuimhne. Fonn a bhí orm uair duine a bhualadh go láidir san aghaidh. Níor airigh mé é ach uair amháin. Is níor bhuail mé an duine. ACH d’airigh mé é sa scoil ina raibh páistí Will Smith ag freastal. Bhí an bhean béal dorais tar éis bás a fháil is bhí cúpla focal le rá ag minister in Oaks Christian, scoil in aice linn anseo. Ar mhaith linn bheith ann? Chuamar. Bean álainn a bhí inti. Duine lách. Chuamar ann le meas a thabhairt di. Mar is cóir.
Bhí gach rud mícheart san áit sin. Nuair a thosaigh an minister ag labhairt ón altóir faoin ‘rapture‘ is é ag rá go mbeadh na daoine ar fad nár chreid sa Rapture ag dul go hIfreann, tháinig fearg orm. Bhí sé chomh huafásach sin a bhí sé ag rá, ag ócáid mar sin, ag maslú daoine mar sin. Rug m’fhear céile greim ar mo lámh. Smaoinigh uirthi, ar sé. Ní anois, ar sé. Ní fiú é don diabhal sin, ar sé. Labhair mé le mo chairde ina dhiaidh is d’airigh siadsan fearg freisin.
In Oaks Christian, bíonn ar na múinteoirí a bheith ag rá rudaí ar nós Jesus Christ is my personal saviour os ard go rialta i rith an lae. Tá siad ‘called in their lives to be a river.’ Is caithfidh siad stuif mar sin a rá os ard chomh maith. Cultas damanta atá ann is a fhios acu conas $$$$$$$ a tharraingt isteach le daoine ar nós Will Smith. Macho amach is amach. Gach rud bun os cionn ann. Na páistí agus na múinteoirí faoi bhrú.
Ar aon chaoi, bhí an bua ag Coda. Is fiú go mór é a fheiceáil.
Neart fós le cearta sa saol. Saoirse ó na fir a cheapann go gcaithfidh siad muid a chosaint in áit meas a thabhairt dúinn, saoirse ó mheon macho, saoirse ó mhaslaí gléasta suas mar ghreann, saoirse ó Dhia mar leithscéal le bheith cruálach. Freagracht de dhíth agus athrú ollmhór.
Sin mo dhá cent faoina tharla ag na Oscars 2022.
Ach dúirt Kenneth Brannadh the island of Ireland is chuir sin áthas orm.
Tá Béarla níos fearr ná Gaeilge? Arb é sin a chuala mé ar Adhmhaidin inniu? Ná múin Gaeilge do na daoine ag teacht ón Úcráin mar níl maitheas inti? Ní fiú í.
An bhfuil dul amú orm anseo? Mar sin a cheap mé a chuala mé. Nó ar a laghad, ná faigh áit dóibh sa Ghaeltacht? An é sin é?
Paddy Kevane nó Paddy ó Caomháin atá i mbun cainte anseo thíos ina ról mar uachtarán ar Naomh Uinsionn de Pól i dTrá Lí agus Ciarraí Thiar agus é ag caint le Daithí de Mórdha. Tagann an cheist (dochreidthe uafásach) ó Dhaithí. Aontaíonn Paddy nach bhfuil sé oiriúnach do na teifigh atá ag teacht ón Úcráin áiteachaí a fháil sa Ghaeltacht. Sin a cheapaim a chuala mé ar maidin. Abair liom nach bhfuil seo fíor.
Éistigí ó 56:28 anseo
Daithí: Agus an bhfuil sibh ag féachaint ar áiteanna sa Ghaeltacht abair, nó an mbeadh fadhbanna ag baint leis sin, fé mar a dúirt tú le córas iompar, easpa seirbhísí agus, go deimhin, ó thaobh cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Ní bheadh sé féireáilte do mhuintir na hÚcráine iad a chur isteach i scoileanna Gaeltachta toisc uimhir a haon níl Béarla acu gan trácht ar Ghaolainn.
BAINEADH GEIT ASAM. Dáiríre? Seo an chaoi ina smaoiníonn daoine? Nach fiú Gaeilge a fhoghlaim?!
Paddy: Caithfimid bheith ana-chúramach mar gheall ar sin. Mar bhí muid ag féachaint ar dhá lóistín sa Daingean ach […] agus níl Gaolainn ag na Úcránaigh so... caithimid bheith ana-cúramach. Beidh sé níos fearr [do] na daoine [a bheith] ag dul go Trá Lí.
Ar chuala mé seo i gceart? Ar tharla seo? An cheist sin? An freagra sin?
Meas tú an gceapann daoine san Úcráin go bhfuil Úcráinis níos lú ná Rúisis agus nach fiú Úcráinis a fhoghlaim? Meas tú an gceapann daoine san Ísiltír nach bhfuil maitheas ina dteanga féin agus nár chóir í a fhoghlaim. B’fhearr Béarla a mhúineadh do mhuintir na hÍsiltíre? Bí cinnte nach gceapann.
An gcloiseann na leads iad féin anseo?
By Deaid, tá meon na hImpireachta le sonrú go láidir anseo agus an chaoi ina gceapann siad nach bhfuil Gaeilge chomh maith le Béarla do mhuintir na hÚcráine.
B’fhéidir nár chuala siad Nadia Dobrianska ón Úcráin ag labhairt go líofa ar an raidió agus le TG4 as Gaeilge? Mar tuigeann sí go bhfuil luach ag ár dteanga. Go bhfuil áilleacht ag baint leis an nGaeilge.
Gan teanga na tíre a mhúineadh do dhaoine a thagann anseo? Céard é sin? Sin rud uafásach.
Níl Gaeilge níos lú ná teanga ar bith eile ar domhan. In am fáil réidh leis an meon aigne a deireann linn go bhfuil sí níos lú.
Foghlaim ó mhuintir na hÚcráine. Tá a dtír i mbaol agus tuigeann siad cé chomh luachmhar is atá sí is a gcultúr. Is seasann siad an fód chun í a chosaint. Tá ár dteanga i mbaol agus cad a dhéanann muidne?
Tuigeann sibh, leads, nach bhfuil Béarla acu. Sin a chuala mé. Is dócha go dtuigeann sibh go mbeidh siad ag foghlaim Gaeilge i scoileanna eile in Éirinn agus go bhfuil Béarla ar an gcuraclam sa Ghaeltacht ach, dar libh, bheadh sé mícheart iad a chur i scoileanna sa Ghaeltacht lenár dteanga féin a fhoghlaim MAR…?
Ó, agus freisin, leads, ná cuirigí an Eaglais i gceannas ar stuif mar seo. Naomh Uinsionn, tá a fhios agaibh. Caithfidh go bhfuilimid níos fearr ná sin mar thír. Scar Stát agus Eaglais. Cearta daonna abú. Meas don teanga abú.
Ná coinnigí Gaeilge ónár gcuairteoirí.
Слава Україн. Glóir don Úcráin.
Glór don Ghaeilge.
San nuacht an tseachtain seo, An Prionsa William agus a bhean Kate is a dturas thar lear.
Caithfidh mé a mhíniú go raibh mé ag breathnú ar na Oscars aréir is an drochmheas ann le ‘jócanna’ is le foréigean agus ina dhiaidh sin, d’fhan mé i mo shuí ag breathnú ar sraith teilifíse The Vow is baint aige le máistear is sclábhaí is mar a chuireann grúpa dallamullóg ar dhaoine i gcultas. Fós tá cuimhní ó mo thaithí i DC agam agus Trump is an ionsaí ar an rialtas chomh maith le daoine ann ar bhuail mé leo is iad lán le dílseacht don am ina raibh scábhaíocht ansin. Ó, agus Putin is atá ar siúl aige san Úcráin. Bhí na téamaí seo ar fad ag rith thimpeall sa chloigeann agam is mé ag léamh faoi William, mac le Diana, agus Kate Middleton. Mar sin tá sé FÍORdheacair dom a tharla in Éirinn a thuiscint.
Cén chaoi ar éirigh leis na Royals thar lear?
William & Kate ar dtús. Bhuel i dtíortha ina raibh daoine dúisithe, inar thuig siad a stair, ina raibh meas acu ar a dtír is orthu féin, d’inis daoine go soiléir leis an mbeirt acu atá mícheart lena rinne Impireacht na Breataine. Cupán tae agus fáilte agus araile ceart go leor ACH le teachtaireacht láidir: sin Rinne an ríocht feall orainn agus anois tá sé in am daoibh imeacht. Nílimid ag cur suas leis an mí-úsáid uaibh níos mó.
Inis dúinn mar a bhí, Jon Oliver (ó 2:16 – 8:00 anseo thíos):
Raight. An ceart aige. Teip iomlán don mhonarcacht. An ceart acu sna tíortha sin. Ná bí múinte le dream a d’ionsaigh do thír. Tabhair le fios dóibh nach bhfuil cumhacht acu níos mó, nach bhfuil smacht acu ort, nach leo thú. Ná déan dearmad a rá leo imeacht leo is gach rud a ghoid siad a thabhairt ar ais chomh maith le cúiteamh a fháil uathu.
Bualadh bos. Hup. Chuir seo gliondar orm. Bheadh Zelnsky bródúil asaibh ansin sa Bheilís, sa réigiún Mhuir Chairib, i Iamáice. Bualadh bos. Sin an chaoi. Seas an fód le bród. Inis an fhírinne. Ná géill. Bualadh bos.
An ndeachaigh siad aon áit eile? Bhuel, bhí Charles & Camila in Éirinn.
Agus?
Airím tinn. Nach muid atá ‘múinte’ is daoine ag lútáil ar an bprionsa anseo. Níor airigh mé chomh tinn seo ó chonaic mé an dream in nDoonbeg ag cur fáilte roimh Trump.
Was it for this the wild geese spread The grey wing upon every tide; For this that all that blood was shed,
For this Edward Fitzgerald died, And Robert Emmet and Wolfe Tone?
Níl bualadh bos ar bith tuillte anseo. Tá na daoine seo cloíte ar nós na Rúisigh a chreideann boscaireacht, ar nós na daoine i gcultas a bhíonn ag iarraidh meas a thabhairt do dhaoine a mhí-úsáideann iad.
Ar son Dé, labhair go díreach leo. Abair leo imeacht. Go soiléir. Amach. Sasana amach. Seo oileán na hÉireann. Sibhse an fhadhb, abair leo. Cúiteamh uainn, abair leo. Is saoirse. Ní rince. Ní linne sibh. Téigí abhaile. Is tabhair ar ais a ghoid sibh. In áit a bheith ag frollicking thart anseo.
Leads, dúisigí! Foghlaim ón mBeilís, ó Bharbadós, ó na tíortha ar fad ar fud an domhain a thug bata agus bóthar do Shasana. Mo náire sibh. Ní gá ach é a rá. Is theip oraibh.
Fós ag obair ar an gceann seo, a chairde. GML
An Droighneán Donn / The Blackthorn
Síleann céad acu gur leo féin mé nuair ólaim leann,
A hundred of them think they own me when I drink beer,
Téann dhá dtrian síos dom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom,
Two thirds [of them] fall for me when I think of how they talked to me,
Sneachta séidte agus é dá shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Snow drifts, snow ever falling on Flynn’s Mountain,
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní ‘bíos ar an droighneann donn.
My love is like the sloe blossom that grows on the blackthorn.
Fear gan chéill a bhíos ag dréim leis an chraobh ró-ard,
‘Tis a foolish man who goes climbing to the branch that is out of reach,
An crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a lámh,
A low tree right beside him, he could lay his hand on that,
Cé gurb ard an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr,
Although the rowan tree is high, it’s bitter from the top
Fásfaidh sméara ‘gus bláth sú craobh ar an chrann is ísle bláth.
Berries and raspberry blossoms will grow on the lowest blossoming tree.
Dá mbeinn ‘mo bhádóir ba deas a shnámhfainn ar an fharraige seo anonn,
Were a sailor, ’til well I’d swim across this sea,
Dá mbeadh léann agam scríobhfainn líne le barr mo phinn,
Were I learned, I’d write lines from the top of my pen,
Monuar géar gan mé is tú a chráigh mo chroí,
How bitter it is without me and you who tormented my heart.
I ngleanntáin sléibhe le héirí gréine ‘gus an drúcht ‘na luí.
In mountain vales, as the sun rises and the dew settles down.
Ní bean búclaí, nó bean ribín a d’fhóirfeadh dom
I am no fancy woman for buckles or ribbons that might fit me.
Ach an gearrchaille gruama a bhí dána dubh.
But rather, the wise old one who has been through darkness.
Mairéad na gcoirnín ‘sí a phógfadh mo bhéal,
Mairéad of the curls, ’tis she who would kiss my mouth,
Tá mé buartha fá mo mhuirnín agus ní náir liom é.
I am worried about my darling and not ashamed of it.
Má thig tú choíche, orú, tar san oíche go cúl an tí,
If you ever come, oh, come at night to the back of the house,
Tráthnóna nó go moch ar maidin nuair a bhíos an drúcht ‘na luí,
In the evening or early in the morning when the dew is settled in,
Cé nach labhraimse bím ag meabhrú go mór fá mo chroí,
Though I don’t speak of it, I ponder it often in my heart,
Is tú mo chéadsearc, agus ní féidir mo chumhaidh a chloí.
You are my first love, and the memory cannot be vanquished.
Ceol ó Hamilton i mo chloigeann anois: in the room where it happened.
Ar líne ag iarraidh eolas a fháil amach faoi dhuine faoi leith a bhí mé nuair a sheol Google mé go duine eile. Sin Padraig O’Malley. Bhí mé ar tí dul go leathanach eile nuair a chonaic mé an focal Virigina os mo chomhair amach, áit ina raibh mé fhéin le déanaí is stop mé le léamh: O’Malley spent 20 years involved with the conflict in Northern Ireland. Working with all the political parties to the conflict, he convened the Amherst Conference on Northern Ireland (Massachusetts, 1975), the Airlie House Conference (Virginia, 1985). Anois, bhí mé fiosrach. Ghoogláil mé Airlie House Conference agus seo a fuair mé scríofa ag Sir Kenneth Percy Bloomfield.
Stair. An bhfuil sé rúnda? Níl, dar an idirlíon a thug seo dom. Mar a chonaic Bloomfield é agus cé leo a roinn sé é:






Ag samhlú comhrá as seo amach.
Ceantar álainn iargúlta áit éigin in Éirinn.
Páiste: Is this our house?
Tuismitheoir: No. It is someone else’s summer house. We cannot stay here forever. But we can stay here now.
Éireannach: I’m afraid it is not free. We will need you to do a lot of work to help others in the community. With translation and the like. And maybe to repair homes so other people can stay in them. Tost When you are ready. When you have settled in. Tost. I know you have people back in Ukraine. I know you need to help them too. I am sorry I cannot do more. I hate to ask you this. Deora sna súile.
Tuismitheoir: No. We are grateful. It is good to be busy. We will do what we can for our community of course. What can we do for YOU?
Éireannach: We are fine. Take time. Recover however much you can. Find some peace where you can.
Tuismitheoir: Please. Let me give something back for you. I really want to.
Éireannach: Tost níos faide. Ag machnamh… I have no right to ask, but if you really want to help us… When your little one goes to school here, …. Can you maybe try to help them with Irish homework? Maybe learn a few words in Irish? You don’t have to but…
Tuismitheoir: Ag féachaint air go géar. Fiosrach. Of course!
Taobh amuigh de shiopa i sráidbhaile. I bhfad ina dhiaidh sin.
Páiste: Seo an siopa.
Tuismitheoir: Seo an siopa.
Isteach leo.
Sa siopa.
Tuismitheoir: Ag breathnú thart. Ag cur earraí i gciseán. Ag cuartú siúcra. Ag siúl go dtí an cuntar le fiosrú.
An bhfuil siúcra agat?
Duine ag obair sa siopa: Ag gáire. Ha. We don’t speak Irish here.
Tuismitheoir: Cén fáth?
Duine ag obair sa siopa: Because we don’t. No one speaks it around here.
Tuismitheoir: Ach tuigeann tú Gaeilge?
Duine ag obair sa siopa: Yeah but, what’s the point?
Tuismitheoir: Ba mhaith liom siúcra le do thoil.
Duine ag obair sa siopa: Ag díriú a mhéar air. At the back.
Faigheann an tuismitheoir an siúcra.
Tagann an páiste go dtí an cuntar..
Páiste: Is mise Yavik. Cad is ainm duitse?
Duine ag obair sa siopa: Colm
Páiste: Colm! Éan!
Duine ag obair sa siopa: Éan?!
Tarraingíonn an páiste pictiúr de cholm as an mála scoile agus Colm scríofa leis.
Duine ag obair sa siopa ag féachaint air.
Páiste: Ní raibh a fhios agat?
Duine ag obair sa siopa: Ní raibh a fhios agam.
Tost. Ag féachaint ar an bpáiste agus ansin ar an tuismitheoir ag teacht ar ais ag an gcuntar.
Duine ag obair sa siopa ag caint leis an bpáiste: Go raibh maith agat.
Duine ag obair sa siopa leis an tuismitheoir: Aon rud eile uait?
Tuismitheoir ag breathnú ar an bpáiste. Sásta.
Parent: Níl. Go raibh maith agat. Sin é domsa.
Ag dul amach ón siopa.
Páiste: Bhí an fear sin go deas.
Tuismitheoir: Tá tusa go deas freisin. Seo. Abhaile linn.
Bíonn na hÉireannaigh gnóthach ag an tráth seo i Meiriceá. Roimh Covid, bhíodh daoine ag rith thart ó áit go háit ag seinm ceoil, ag damhsa, ag múineadh Gaeilge, ag caint faoin gcultúr. Anois, domsa, fós ar líne seachas d’ócáid amháin aréir. Is ansin a chuala mé an scéal a chuir áthas orm.
Ar lámh amháin, tá ardáthas orm go bhfuil na ceoltóirí agus na rinceoirí ar ais ag obair. Bhí an phandéim an-dian orthu. Ar an lámh eile, feicim na pictiúirí de na háiteachaí ina bhfuil siad ag bailiú le chéile agus cuireann sin faitíos orm. Áiteachaí plódaithe. Le Gaeilge a shábháil, caithfimid daoine a shábháil.
Ar líne, ní raibh orm peitreal a chur sa charr ná dul ag taisteal. Bhí an lá gnóthach inné, fóirghnóthach agus bhí an ríomhaire ag tabhairt amach faoi ó am go ham. Labhair mé faoin gcultúr ónár suíomh féin le Conradh na Gaeilge LA, agus ina dhiaidh sin ar ‘Teams’ le grúpa i Seattle (GRMA, Kris), is ina dhiaidh sin arís ag ócáid ar Duolingo, is sa deireadh bhí Pop-Up Gaeltacht eagraithe ag Ramona don chéad uair. Maith í!
San iomlán bhí deis againn Gaeilge agus eolas faoinár gcultúr a roinnt le os cionn 100 a d’fhreastail ar na hócáidí seo! D’fhan siad is d’éist siad is d’fhoghlaim siad is chuir sin gliondar orm. Sin bua.
Is san oíche chuaigh mé amach le bualadh le daoine ag ócáid mhór anseo. Seo an dara uair dom dul amach le bualadh le daoine i ndáiríre ar son na Gaeilge. Tuigim anois nach bhfuil mé réidh dó fós. Tuigim na huimhreacha i Sasana is in Éirinn is atá ag tarlú sa tSín le Covid. Níor fhan mé i bhfad ansin aréir.
Ach thug sé le fios dom cé chomh mór is atá ár bpobal anseo agus an gá le hócáidí mar seo amach anseo le daoine a bhailiú le chéile. Bhí cineáltas ann is daoine ón Pholainn is ón Rómáin ann a thuigeann atá ar siúl in Úcráin. Bhí Gaeilge ann. Is tháinig lead óg chugam le scéal agus áthas air mé a fheiceáil leis an scéal seo a roinnt liom. Is bhí sin álainn.
Comhthéacs ar dtús. Seo fís ó 2013
Píosa spraoi a bhí ann agus nach álainn sin agus is léir gur bhain na leads sult as. Tá baint aige seo le mo scéalsa.
D’inis an fear óg aréir dom (is ceoltóir é) go raibh sé ag obair ar an bhfuaim i seomra anseo i gCathair na nAingeal nuair a bhí Chris Pine ag ullmhú le dul ar Zoom le rá le daoine ag féile scannaíochta i mBaile Átha Cliath cé a bhuaigh an duais don scannán is fearr.
Bhí Chris ag cleachtadh os ard, ag léamh amach a bhí ar an bpáipéar roimhe. Ar ndóigh bhí na focail An Cailín Ciúin ann. Chuala an lead a bhí ag obair ar an bhfuaim é is bhí sé in ann a insint do Chris an bhrí leis na focail sin agus conas iad a rá. Mar sin a dhéanann daoine. Cabhraíonn siad lena chéile.
Ach. Ní rud beag a bhí ann, dar le daoine eile ansin. Bhí ionadh ar chuile dhuine sa seomra. Bhí siad buíoch as a rinne sé. Is ionadh orthu. Thar aon rud eile, ionadh. Gur thuig sé seo. Go bhfuil ár dteanga fós againn agus in úsáid ag daoine anseo atá ina gcónaí i gCathair na nAingeal fiú. Go bhfuil sé ag lead óg. Go bhfuil Gaeilge beo.
Tá Gaeilge againn ar fad ón scoil, nó ónár dtuismitheoirí, nó ó TG4 srl. Tuigimid. Agus is rud IONTACH sin. Rud nach dtuigimid féin ach rud a thuig gach daoine eile sa seomra sin. Thuig siad gur seoid atá againn.
Is é ag insint an scéal seo dom aréir, bhí bród ina shúile. Mar is cóir. Rud beag déanta aige. Rud nádúrtha. Ach cabhraíonn sé GO MÓR.
Ag caint le daoine eile ar líne maidin inné, mhínigh mé dóibh go bhfuil ár dteanga i mbaol. Tá. Tá feabhas mór ar an scéal le déanaí ach ní leor é. Thaispeáin mé do dhaoine an méid daoine a bhí ag tweetáil as Gaeilge i 2014 agus anois. Sin biseach ollmhór. Céim. Ach fós in áit sábháilte ar líne, ní sa Dáil, ní sna siopaí don chuid is mó.
Go dtí go bhfuil polaiteoirí againn atá sásta Gaeilge a úsáid sa Dáil, táimid i mbaol. Go dtí go bhfuil an fógra English Speakers Available in áit Tá Gaeilge Againn i siopaí mar is í Gaeilge an teanga is mó a chloistear, táimid i mbaol. Go dtí go bhfuil níos mó leabhair as Gaeilge ná as Béarla sna leabharlanna is sna siopaí leabhar, táimid i mbaol. Go dtí go gcaillimid an drogall atá orainn ár dteanga fhéin a labhairt le daoine a thuigeann í, táimid i mbaol.
Ach thar aon rud eile anois, táim ag cuimhniú ar an mbród a bhí ina shúile aige is é ag insint a scéal faoin nGaeilge is An Cailín Ciúin is Chris Pine. Mar ansin, tá tuiscint ar an luach atá sa teanga. Is bród. Is chuir sin ardáthas orm.
Ní raibh na leads ón Pholainn is ón Rómáin i bhfad amach uainn is an comhrá seo ar siúl. Chuala mé iad ag rá We are one. Táimid araon.
Seasaimid le Úcráin. Ná scrios tír. Ná scrios daoine. Ná scrios cultúr.
Cad faoinár gcultúr féin? Níl le déanamh ach í a labhairt. Tá an bhagairt sa chloigeann mar náire. Tuig an bréag a chuir siad sa cheann againn. Níl ár dteanga níos lú. Níl sé drochmhúinte Gaeilge a labhairt go poiblí. A mhalairt an scéal. Tá buamaí le feiceáil. Níl náire. Tá Gaeilge againn. Ná scrios í le tost, le í a choinneáil faoi ghlas. Lig amach í. Le cion. Is cuir ionadh ort féin.
Nuacht an lae:

Bhuail leoraí geata ag an Ambasáid Rúiseach i mBaile Átha Cliath.
Aideen an t-ainm a bhí ar an leoraí agus is dócha go raibh an tiománaí ag iarraidh aidín (cúnamh beag) a thabhairt d’Úcraíne is teachtaireacht ó Dhia a thabhairt don dream san Ambasáid is do Putin.
Is é an gnó atá Wisely, gml Wisley, an té ar leis an leoraí, ná earraí a chur ar fáil don Eaglais.
Mar sin, tá éan na síochána ar an leoraí aige ar thaobh amháin de agus coinnle ar an taobh eile.
Scríofa ar an leoraí: Simply the best. Ní féidir le duine níos mó ná a dhícheall a dhéanamh ach amantaí freisin, bíonn cuidiú Dé de dhíth.

Chonaic na gardaí a tharla agus is dócha go raibh siad ag súil go raibh an tiománaí ceart go leor agus nach raibh aon dochar déanta do na hearraí don Aifreann.
Bhí go leor le rá ag daoine faoi ar líne.
Rinneadh dochar transubstaintiúil don gheata, is cosúil, a scríobh Antain Mac Lochlainn ar Twitter.
Did the driver lose consecration? a chas Aodhán Ó Coileáin amach mar cheist ag iarraidh an bhunchúis a thuiscint.
Seans go raibh sé ag iarraidh EAGLAis a chur ar na Rúisigh, dar le duine eile.
Bhí @benmorby ag iarraidh a fháil amach ar éalaigh an tiománaí ar Versper?
Is dócha, mar a déaradh an tAthair Ted go minic, ceist éacúiméineach atá ann.
Ar ndóigh, má tá éinne ag iarraidh coinnle a lasadh do na daoine in Úcraíne, is féidir iad a cheannach ag https://www.desmondwisley.com/
Faraor, ní thuigeann na Rúisigh san Ambasáid seo agus tá fógra oifigiúil curtha amach acu (iad a sheasann do Putin atá ag scrios daoine is cathracha in Úcraíne:
Ait ar fad ón dream atá ag marú en masse in Úcraíne. Ní raibh Dessie ach ag iarraidh tacú leis an Mass.
Meas tú cad atá i gceist acu leis an ‘diplomatic mission‘ nó misean taidhleoireachta sin?
Ní misean ó Dhia é. Diabhal, ‘fhios agam cé uaidh a tháinig an misean in Úcraíne acu.
Beidh an cheist sin le freagairt acu ag geata eile as seo amach.
Mar a scríobh Don Lavery ar Twitter: #Ukraine The Russian embassy in Dublin have described the truck attack as “barbaric”. No. That would be using SU-34 bombers; Multiple Launch Rocket Systems; T-72 tanks and thermobaric weapons against civilians and cities. Not only barbaric but war crimes.
Tháinig na gardaí leis an geata a chosaint. Feicim go bhfuil a gcarr gléasta i mbuí agus gorm 🙂

Do na daoine ar thaobh Pontius Pilot ar an scéal seo: Aidín leis na lámha a ghlanadh le fáil ó Wisley freisin.
Bímis cúramach leis an bhfocal sin NUACHT. Tá dualgas ar an nuacht an fhírinne a rá le daoine. Tá dualgas ar dhaoine cosc a chur ar bholscaireacht is fuathchaint gléasta suas mar nuacht. Ní cinsireacht sin ach cosaint mar is ionsaí í bolscaireacht ar an fhírinne agus ar dhaonnacht.
Is í bolscaireacht an namhaid. Chreid saighdiúirí na Rúise an ‘Nuacht’ a chonaic siad sa Rúis. Chreid siad é mar bhí sé ar an teilifís is tháinig sí ón Stát.
Creideann formhór na ndaoine a fheiceann siad ar an teilifís nuair atá an tideal NUACHT air. D’fhás muid leis an teilifís. D’fhoghlaim muid go leor, leor ón teilifís. Neart nár mhúin siad ar scoil is nár inis siad dóibh sa bhaile. Ceapaimid go bhfuil sé deacair scéal a chur ar an nuacht mura bhfuil sé fíor. Faraor, níl sin fíor níos mó.
Seo ceacht don domhan ar fad: Ní hionann saoirse cainte agus bolscaireacht/fuathchaint.
Seo príosúnach ag caint faoina chreid sé sular ionsaí sé Úcraíne.
Is ná creid nach mbaineann an gcaint seo faoi bholscaireacht le do thír féin.
Sna Stáit Aontaithe, tá FOX, Breitbart et al. fós ag craoladh agus Trump fós saor. Freagracht ar bith ansin.
In Éirinn, tá an Eaglais a ghoid agus a dhíol leanaí, Eaglais na Magdalenes is na Tuam Babies fós i gceannas ar oideachas na tíre agus ospidéil acu chomh maith. Sin coir. Sin ionsaí ar gach bean in Éirinn.
Mar a dúirt an saighdiúir thuas, tá sé níos éasca duine a mharú ná duine nua a thabhairt ar an saol.
Muidne, na mná a dhéanann an obair is deacra. Is iad na mná is na leanaí a fhulaingíonn is mó is cogadh ann. Is féidir le duine amháin (ar nós Putin) an triú cogadh domhanda a thosnú le
1. Bolscaireacht
2. Arm
3. Ciúnas (ó dhaoine nach labhraíonn amach, nach ndéanann a jab, nach ndúnann bolscaireacht, nach tugann freagracht don tír).
Is sin atá déanta aige, seans.
Sin an bac: bolscaireacht, arm, ciúnas is áit labhairt amach.
Is fós siúlann Trump is Bush thart saor cé gur mharaigh siad na céadta lena rinne siad. Is fós leanann FOX leis ag scaipeadh aineolais is gráin. Is fós in Éirinn casfaidh páistí Dóchas Linn Naomh Pádraig sna scoileanna leis an líne ann a deireann
‘Sé do chloígh na draoithe, croíthe dúra gan aon mhaith.
Sin bolscaireacht a mhaslaíonn ár sinsir, ár gcultúr. Sin rud a deireann linn nach bhfuil maitheas ionainn. Nach fiú tada sinn. Sin ionsaí. Sin bréag. Sin feall. Sin coir.
AITHIN É! Is caith an dream sin amach as oideachas na tíre go deo.
Tá IRELAND WEEK beagnach linn i gCathair na nAingeal. Ar mhaith liom bheith páirteach ann? Fan go bhfeicfidh mé. Cad atá ar siúl acu i mbliana? THE MASS? Dáiríre?
Ar chuala siad faoi Catherine Corless? Is cuma cén leithscéal a bheidh acu maidir leis an bpíosa ceoil seo. Éacúiméineach blah, blah, blah. NÍ seo an t-am dó! An bhfuil siad ag iarraidh sinn a mhaslú? A ghortú? Le rá linn, Fanaigí ciúin? Le rá go bhfuil an Eaglais fós i gceannas agus gur chóir dúinn suí síos mar chailíní maithe leis na cosa le chéile ag éisteacht le THE MASS? Leis an nDialathas a neartú? An bhfuil siad ar nós na Rúisigh, chomh cleachtaithe sin leis an mboscaireacht nach bhfeiceann siad fhéin í? Dall? Bodhar?
Abair liom anois, cén páirtí in Éirinn a gheallann go scarfaidh siad Stát/Eaglais? Níl Éire saor sa ‘deisceart’ ná sa ‘tuaisceart’ is ní aithníonn siad fós é. Sin a dhéanann bolscaireacht do dhaoine.
Ardmheas d’Úcraíne. Tuigim. Níl an focal sin san bhfoclóir. Ach tá neart nach bhfuil ann san bhfoclóir. Ní thugann ‘An Úcráin’ meas don tír. Éist leo. Tá sin tuillte go mór acu. Ní saoirse go seasann daoine an fód. Ní saoirse go gcloiseann daoine an fhírinne. Ceachtanna le foghlaim againn ar fad leis an domhan ar fad a shábháil.
Mar sin, labhair amach leis na focail cuí.
Bíodh nuacht ina nuacht agus saoirse ina saoirse. Ní bréag ná dallamullóg.
Ár dtír féin againn. Bród ar dhaoine ina gcultúr féin sna scoileanna agus ar fud fad na tíre agus ina dteanga féin agus polaiteoirí sásta í a labhairt sa Dáil. Rudaí nach bhfeicim, rudaí nach bhfuil ann.
Iarraim ar mhúinteoirí na tíre an fód a sheasamh. Ná múin boscaireacht níos mó. Ní leis an Eaglais muid. NÁ múin Dóchas Linn Naomh Pádraig. Ná cuir an stuf damanta sin sa chloigeann ar dhaoine óga. Tuilleann siad níos fearr ná sin. Roghnaimis síocháin agus an fhírinne i gcónaí. Saor sinn ó gach bréag. Le focail. Le tuiscint. Le freagracht.
Le sinn a chosaint ón ionsaí seo atá orainn le fada, fada an lá.
Le cúnamh a thabhairt?
- In Úcraíne? Anseo, is anseo, is in áiteachaí eile anseo.
- In Éirinn? Ná glac leis an Eaglais in Oideachas ná i Sláinte. Ná lig don bholscaireacht dul ar aghaidh. Scar Stát/Eaglais go hiomlán. Ná glac le himpireacht na Breataine, ná le himpireacht na Vatacáine. Ní leo ár dtír.
- Tá brí ag focail. Úsáid na focail a thugann meas don tír, ní na focal a mhaslaíonn í:
