Chuir dalta ceist orm inniu faoi Jo Cox, an bhean a luaigh Peter Gabriel aréir ag an gceolchoirm aige san Hollywood Bowl. D’inis sé don slua go raibh sé ar chúrsa ar feadh seachtaine léi: cúrsa ceannaireachta tamall ó shin. Ceoltóir amháin sa ghrúpa, é féin, gníomhaithe an 14 eile ar an gcúrsa. Chuir sé aithne ar Jo Cox ansin, duine fíorlách le croí mór. Roghnaigh sí bheith ina polaiteoir ar an gcúrsa sin le cabhrú le daoine. Mharaigh duine lán le gráin í. Toradh gluaiseacht Brimeacht. Mar a scríobh Frankie Boyle faoi Shasana maidir le Brimeacht: dhíríomar ar a aontaíonn le chéile muid agus, mór an trua, sin gráin. Ciníochas agus fuath a mharaigh Jo Cox.
Is mé ag cur síos faoi Jo Cox do mo dhalta, luaigh mé Yorkshire agus mar a thaitníonn daoine ón áit sin liom. Fiafraigh mo dhalta cén sórt talún atá acu asin is go cuardach Google linn le fáil amach. Seo a fuaireamar:
Sin díreach cosúil le mo thír! ar sise agus mise le chéile. As an gCoiré mo dhalta.
Dáiríre?
Curadach eile. Thaispeán sí Jenju dom. Ba bhreá liom cónaí ansin, ar sí go mianchumhach.
Ait agus álainn. Bhí suim faoi leith agam sna fir clochach ag an mbun. Caithfidh tú do mhéar a chuir ar shrón ceann acu mar tá leanbh uait, ar sí liom ag gáire faoi. Bhíomar tar éis breathnú ar Song of the Sea agus bhí mé ag smaoineamh ar na fir clochach ann.
Ar ndóigh, thaispeáin mé pictiúirí ó mo thír féin di:
Ní chreidim é, ar sí. Tá sé díreach cosúil leis an oileán againn sa Choiré! Cén chaoi an féidir leo bheith chomh cosúil lena chéile is muid ar an taobh eile domhan óna chéile?
Níl ‘fhios agam ach tá ‘fhios agam is mé i gcónaí ag foghlaim ó mo dhaltaí nach bhfuilimid chomh difriúil óna chéile má fhanaimid gar don nádúr is do na scéaltaí a mhair na cianta le teacht chugainn ónár sinsear.
Smaoinigh mé siar ar an gcaint a thosaigh an turas seo. Cé a chaithfidh an chéad chloch? an cheist a tháinig chugham. Ní fhéadfadh Jo Cox rud mar sin a dhéanamh ina saol ar aon nós. Tá áiteanna ann ar an domhan inar chloígh ‘reiligiún’ na seanscéalta is na sean nósanna, áfach. Sna háiteacha siúd, mairíonn daoine a chéile rómhinic. Amantaí fós le cloch a chaitheamh. D’oibrigh Jo Cox le deireadh a chur le haineolas mar sin agus le grá do chuile dhuine a thaispeáint.
Clocha agat? Bain taitneamh astu. Tóg balla leis an áilleacht a chosaint agus an talamh a úsáid i gceart, ní le daoine a choinneáil amach. Tá suaimneas le fáil i measc na gcloch.
An gcríochnaíonn amhrán na farraige ar an gcladach nó i gcroíthe an dream a n-éisteann leis?
– Kahlil Gibran
Beidh seans ag muintir na hÉireann an scannán seo a fheiceáil ón 10iú Iúil 2015. Ná caill é!!!
Bhí scannán le Gaeilge san iomaíocht d’Oscar i mbliana. Nuair a chonaic mise é ní raibh Song Of The Sea le Tomm Moore le fáil ach i bpictiúrlann amháin i gCalifornia agus an lá deireanach ann dó é. Mór an trua é. Chonaic mé an scannán le beochan seo i gCathair na nAingeal. Spreag sé mórtas cine is meas do mo chultúr ionam níos láidre ná ariamh. Bhí mé ag casadh amhrán ón scannán: ♫ Idir am is idir áit… ♫ ar mo bhealach amach ón bpictiúrlann Nuart ar Santa Monica Blvd. Mé idir am is áit. Ardáthas agus ionadh orm tar éis scannán le Gaeilge, seanchas & ealaín ceilteach den scoth a fheiceáil.
Deacair a mhíniú an bród a tháinig orm ag éisteacht le mo theanga féin i scannán chomh hiontach leis seo. Béarla is mó atá ann ach ó am go ham briseann an dúchas amach le amhrán nó comhrá beag as Gaeilge. Tá leagan as Gaeilge amháin de le feiceáil anois faoin tideal Amhrán na Mara. Feicthe agam i mí Iúil in Éirinn agus iontach ar fad an leagan sin freisin. Ardmholadh do chuile dhuine a bhí páirteach ann. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach ceapaim go bhfuil na dathanna níos fearr fós sa leagan as Gaeilge. Tá mé fiosrach cén fáth nár ghlaoigh siad selchidh ar Shaoirse in áit bean róin. Tá ‘fhios agam nach raibh an focal san bhfoclóir ach bhí sé sa chaint agus in am dúinn an focal a chur isteach san bhfoclóir. Tá leagan as Fraincis feicthe ag daoine sa Fhrainc cheana féin agus an-chaint dearfach ansin faoi.
Tháinig an chéad gáire os ard uaim nuair a chonaic mé an fógra: Feic off ar dhoras. Nach minic a úsáidim fhéin an stíl sin ar Twitter! Liricí as Gaeilge sa cheol atá álainn ar fad. Cuid acu traidisiúnta mar Dúlamán, Báidín Fheilimí, agus Cailleach an Airgid. Spéisiúil go n-athraíonn siad go Cailleach Oíche é. Téarma eile d’ullchabhán. Cuid eile nua ar nós an amhrán le tideal an scannáin: Amhrán na Farraige. Tá mé iomlán gafa leis. Seo cuid láidir den draíocht sa scannán a chuireann muid idir am is áit.
Tuigeann chuile dhuine sa scéal Gaeilge. Deireann an seanchaí ‘Ar aghaidh leat’ agus níl fothidil ann ná gá leo. Tuigeann daoine ón gcomhthéacs céard atá sé ag rá. Piocaimid suas snáth an scéil mar a déarfá. Fíorchliste. Seo an domhan atá uaim. Domhan ina dtuigeann gach duine Gaeilge agus, dáiríre nuair a smaoinímid air, an domhan atá againn. Fíordheas an chaoi a d’aithin siad é sin a fheiceáil sa scannán. An dúshlán tugtha dúinn ag an deireadh ó Bhrónagh: cé go dtuigimid Gaeilge agus na scéalta, caithfimid a luach a thuiscint agus iad a choinneáil beo.
Seanchas is seanchaí is eachtra den scoth a thugann fuinneamh agus neart don scannán seo. Tosnaíonn an scannán le dán YeatsThe Stolen Child. Is ina dhiaidh sin leanann muid scéal Human Child amháin. Ní dearthair maith é Ben ach de réir a chéile tuigimid cén fáth. Tá eachtra aige a mhúineann dó an cheacht is tábhachtaí is é ♫ ag cuardú go damanta ♫ grá a bhí caillte. Buaileann sé le seanchaí a chabhraíonn leis ar an mbealach. Cloisimid faoi Mhanannan Mac Lir, Macha, na daoine sí, selchidh, Cú agus araile. Tá na scéalta tábhachtach agus sin an teachtaireacht ann. Níl ort ach snáth an scéil a leanúint le foghlaim. Ní thuigeann Ben a scéal féin ar dtús. Ní thuigeann sé an draíocht atá ag an taobh baineann dá chlann. Ach cé go bhfuil an-chumhacht ag Saoirse, a deirfiúr (selchidh óg), caithfidh Ben cabhrú léi. Tá saoirse ó na daoine beaga agus is í Saoirse amháin is féidir é sin a thabhairt dóibh. Scaoiltear an scéal amach go nádúrtha ag dul ó dhomhan gnáthpháiste go domhan atá faoi cheilt. Domhan lán le draíocht.
Creideann na daoine sa scéal i ndraíocht. Cineál Realismo mágico na nGael le sonrú ann. Tá dhá dhomhan ann agus muid idir eatarthu go minic. Tá cuid mhaith de na carachtairí i ndomhan daonna & i ndomhan na sióga chomh maith. Seanmháthair agus Macha, Conor agus Manannan, Saoirse agus selchidh srl. Ar nós Spirited Away ar bhealach.
Bhí mé ag déanamh ceangail i mo chloigeann an chéad uair a chonaic mé an scannán Miyazaki úd leis na scéalta againne faoi na daoine beaga. Bhí mé ag ceapadh ag an am go bhféadfadh duine scannán a dhéanamh cosúil leis bunaithe ar ár scéalta. Go mór mór nuair a chonaic mé na clocha ann. Ach ní raibh mé in ann scannán chomh hálainn le Song Of The Sea a shamhlú. Fós inniu táim ag déanamh iontas de agus ag smaoineamh ar na scéalta eile atá againn a bhféadfadh siad a úsáid as seo amach.
A áille na háille, Song Of The Sea, ní fhaca mé farraige níos áille in aon scannán nó pictiúir riamh. Mé cinnte anois go raibh mé cineáilín high ar an dtaithí seo. Fonn orm dul ar ais agus é a fheiceáil arís is arís eile. Pléisiúir do na súile. Stíl Cheilteach chuile háit.
Curtha le chéile le ceol draíochtach, baineann sé ón gnáthshaol thú go áit aoibheann is leanann an t-aoibhneas sin i bhfad. Ealaín & ceol den scoth a chruthaíonn an draíocht is fearr ann. Bruno Coulais a chum an ceol draochtúil le Kíla. Aisteoirí ag casadh ann chomh maith mar is teanga draoíochtach an ceol: David Rawle, Fionnuala Flanagan, Lisa Hannigan, Lucy O’Connell… Oireann sé. Ní chasann Brendan Gleeson mar tá a charachtar croíbriste.
I bhfad, i bhfad níos fearr ná an scannán álainn The Secret of Kells ón ngrúpa Cartoon Saloon céanna a bhí san iomaíocht d’ Oscar i 2010, tuilleann an scannán seo 98% ar Rotten Tomatoes. Tháinig an comórtas is láidre don Oscar dó ó The Tale of Princess Kaguya. Caighdeán ard i mbliana? Cinnte. Níl The Lego Movie fiú san iomaíocht. Sa deireadh ba é Big Hero 6 a bhuaigh an Oscar. Tá mé ag rá libh go bhfuil Song of The Sea nó Amhrán na Mara níos fearr.
Locht ar bith mar sin? Ar dtús chuir an t-amhrán seo a leanas a bhí ag an deireadh isteach orm mar bhí an stíl chomh difriúil sin ar nós amhrán do scannán Disney. Bhris sé an draíocht a bhí ann roimhe leis an rithim is an mblas nua. Ach ag an deireadh thaitin sé liom.
Cúig réalt uaimse. An chuid is fearr dínn i The Song Of The Sea. Ardmholadh do Cartoon Saloon, an chomhlacht atá bunaithe i gCill Chainnigh a chuir le chéile é. Súil agam go bhfeicfidh gach duine ar fud an domhain é. Maith sibh. Buíochas ó chroí uaimse. Seo blas den scannán. Bainigí taitneamh as. Ná cailligí The Song of The Sea. Oscar tuillte go maith aige mar a fheicimse é. Draíocht níos láidre ná aon Oscar ann.
Gach uair a fheiceann tú é, feiceann tú rud nua. Rud a thug mé faoi deara uair amháin: an uimhir ar an gcarr OW 45. Tagairt don reifreann in Albain? Cliste más ea. Ow. Bhí sé pianmhar ceart go leor. Comhbhrón leo.
Saoirse ó gach duine. Mar sin, cosúil le Ben a chaill eagla leis an rud ceart a dhéanamh agus Saoirse a fuair a guth, caithfidh muide labhairt amach agus na rudaí is fearr sa saol a shábháil. Ná coinnigh pain taobh istigh. Ná fan ciúin faoi mar leanaidh sé ar aghaidh agus gheobhaidh áilleacht bás má fhanaimid ciúin. Ceacht iontach tábhachtach.
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 7 minutes ago