Níl sé ceart, ar ndóigh: an G sin sa ‘Guit’ mar atá i ‘Gilead.’
Dia duit a fheicimid ach níor chuala mé Dia duit ó dhuine ar bith sa Ghaeltacht riamh. Dia dhuit a chloisim. Fiú ar scoil, níor chuala mé Dia duit. Sin a bhí ar an leathanach ach Dia dhuit a léigh an múinteoir amach agus Dia dhuit a dúramar. Níl fhios agam cén fáth nach scríobhaimid dhuit in áit duit, mar dhuit a deirimid.
Go minic is daoine ag foghlaim ar dtús, níl an fhuaim dh acu agus fuaim g a thagann uathu. Níl siad ceart. Ach muid ar fad ag foghlaim, nach ea?
Fiú sa Bhéarla, cheapfá gur Jilead in áit Gilead a bheadh ann mar fhuaim leis an litriú Gi sin i nGilead. Seans nach dtugaimid sin faoi deara fiú. Tagann an fhuaim amach mar a mhúintear dúinn í, is cuma céard atá ar an bpáipéar. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Nuair a bhíomar ag foghlaim ar scoil, mhúin siad Dia duit dúinn mar bheannacht. Sin atá i mbeagnach gach téacs is daoine ag foghlaim Gaeilge. Freagra? Dia is Muire duit. Sin a deirtear, ar siad linn. Beannacht traidisiúnta, ar siad.
Is breá liom traidisiún is muid ag caint ar cheol nó rince. Mheas mé fhéin (ní féin – níl sé nádúrtha dom) nárbh shin ár dtraidisiún. Múinte dúinn ar scoil. Na mná rialta a mhúin mise, na Bráithre Críostaí a mhúin mo dhearthaireacha: nach raibh vested interest (vestido, invested, sheep’s clothing) acu sna frásaí seo?
Bhí agus tá, ar ndóigh!
Is mé ag múineadh daltaí ón Araib Shádach, labhair siad liom faoina dtraidisiúin. Thaitin a dúirt siad liom go dtí gur úsáid siad ‘traidisiún é’ le cosc a chur ar shaoirse na mban a mhíniú. San India is muid i dtuaisceart na tíre, níl fhreagair fear aon cheist uaim. D’fhreagair sé m’fhear céile nuair a chuir mé an cheist air. Ní traidisiún sin. Sin guth agus aitheantas a bhaint díom mar is bean mé. Mar an gcéanna leis an mburka. Glanann sé an bhean amach ón scéal. Mar a bhí mná Éirebrushed as stair na hÉireann.
Mar sin, mínigh arís dom an Dia dhuit seo. Cad a chiallaíonn sé? An gcloistear daoine ag rá God be with youAGUSGod and Mary be with you mar fhreagra air go minic sa Bhéarla? God be with you cloiste go minic againn ón altóir ach ní ag daoine ar an tsráid. God bless you coitianta ach ní God and Mary bless you mar fhreagra air. Ní labhraíonn muid mar sin. Labhraíonn na sagairt mar sin.
Cad a d’fhoghlaim muid anseo? Mhúin an Eaglais atá fós i gceannas ar 90%+ de scoileanna na tíre frása dúinn ar leo é. Múinte do gach páiste sa tír le fada fada an lá. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn. Ach níl sin ceart. Níl sé de cheart acu sin a dhéanamh. Sin iompúchán agus ní chóir go mbeadh spás dhó sin sna scoileanna.
Agus Gilead? Sin an tír sa scéal le Margaraet Atwood, The Handmaid’s Tale. Beannachtaí acu a mhúineann siad le chuile dhuine ann: Blessed be the fruit. Freagra: May the Lord open. Múinte ann: Lord, sin té le cumhacht nach féidir a cheistiú. Fireann, ar ndóigh. Bean? Níl inti ach fruit. Tortha. Ní duine. Cead ag fir í a oscailt. Níl guth ná cearta aici. Focal deas, tortha. Milis. Ansin le ceadú a thabhairt d’fhir mná a éagnú: i bhfad ó mhilis an bhrí leis. Ainmneacha bainte de na mná i nGilead agus ainm an fhir ar leis í tugtha do gach bean. Anseo san bhfíseán, tugann siad faoi deara go bhfuil siad róchleachtaithe leis an saol nua agus cuimhníonn siad cé hiad i ndáiríre. Cumhacht ag focal agus ag ainm.
Níl beannacht ar bith eile ceadaithe seachas Blessed be the fruit. May the Lord open nuair a bhuaileann tú le bean i nGilead. Níl cead ag páistí tada a rá seachas Dia duit is Dia is Muire duit is iad ag foghlaim Gaeilge ar scoil in Éirinn. Sin a tharlaíonn. Admhaigh é.
Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Admhaigh nach bhfuil sé ceart. Aithin é. Athraigh é. In am sin a athrú.
Mar tá impireacht i gceannas. Faisiteachas fós linn.
Dóibh siúd ag ceistiú cén fáth nach bhfuil daoine ag screadadh go hard faoi atá ag tarlú do na páistí i SAM anois, cuirigí an cheist seo oraibh féin: cén fáth nach bhfuilimid in Éirinn ag screadadh amach go hard faoi Eaglais na Magdalenes fós bheith i gceannas ar scoileanna na tíre?
Cé a ligfeadh do dhream ciontach as coireanna in aghaidh na daonnachta bheith i gceannas ar rud ar bith? Ní i SAM. Ní i gceannas ar oideachas na hÉireann.
Mar sin, nuair nach dtuigeann tú, smaoinigh is tuig go bhfuil turas fada go dtí an pointe seo. D’éignigh siad ár n-inchinn le bolscaireacht ó bhíomar an-óg. Dúradh linn bheith múinte. Nuair a rinneamar rud as bealach, bhíomar ciontach. Nuair a rinne siad rud as bealach, eisceacht a bhí ann is bhí maithiúnas ag teastáil, ar siad linn. Respect for the office, ar siad i SAM. Religious freedom, ar siad in Éirinn.
Impireacht an fhadhb: iad a ghoid agus a scar leanaí óna dtuismitheoirí is a dhíol iad i SAM (sclábhaíocht fadó, príosúin anois) agus in Éirinn (Eaglais fós ag fáil airgid is ag múineadh rudaí do na páistí nach gcreideann na tuismitheoirí is iad lán le cumhacht sna scoileanna).
Aithin an fhadhb. Tuig cé chomh cleachtaithe is atáimid leis an bhfeall go ndéanaimid dearmad. Denial Central: my country is better than that! ach an bhfuil sí? An raibh sí riamh? Tuig nuair nach gceartaíar cúrsaí le freagracht go leanann an dochar ar aghaidh, ag fás, agus ag méadú. Aithin an namhaid.
Agus, ar ndóigh na Magdalenes, peidifíligh atá siad fós ag cosaint, Tuaim srl ssrl srl.
Coireanna. Freagracht de dhíth. Am i bpríosún agus cumhacht bainte ón dream ciontach atá de dhíth. I SAM agus in Éirinn.
Cad a dhéanfaimid?
Boycott. I SAM ar gach duine is grúpa a bhaineann tairbhe as an gcruálacht. Ar gach duine a thugann tacaíocht do Trump et al.
In Éirinn ar gach duine is grúpa a bhaineann tairbhe as greim na hEaglaise ar an tír. Diúltú reiligiún a mhúineadh sna scoileanna agus diúltú bheith ag obair i seomra ina bhfuil iompúchán ann le siombail na hEaglaise de dhíth. An INTO srl le dhíth sa troid seo. Cinntiú go mbeidh postanna nua le fáil do dhaoine a mhúin reiligiún cheana.
Scar oideachas ón Eaglais. An Pápa ag teacht, ná ceannnaigí ticéidí. Ná tógaigí páistí scoile ann. NÁ ligigí do na scoileanna bhur bpáistí a thabhairt ann ná caint faoi fiú. Bígí ansin, daoine fásta, le teachtaireacht láidir don cheannaire ar dhream ciontach (An Eaglais) as coireanna in aghaidh na daonnachta. Ar nós a tharla i The Handmaid’s Tale le rá leis
We believe the women
It’s sad what they’ve done to us, is neart fós inár measc nach bhfeiceann an fhadhb, nach dtuigeann nár chóir go mbeadh fáilte roimh cheannaire mar sin inár dtír, in aon tír.
Ná déanaigí dearmad
Ná déanaigí dearmad
NÁ FANAIGÍ CIÚIN FAOI.
DÉANAIMIS AN RUD CEART. Mar TÁ guth againn. Níl ag na leanaí ná ag na Magdalenes nach bhfuil linn níos mó.
Ireland’s Call. Sin atá daoine ag iarraidh mar Amhrán Náisiúnta nua. B’fhearr liom féin Amhrán Dóchais.
Glaoch eile atá anseo. Glaoch ar dhaoine in Éirinn an rud ceart a dhéanamh do na Magdalenes. Glaoch an fód a sheasamh ar son saoirse na tíre. Nach dtarlóidh seo arís. Nach mbeidh cumhacht fanta sa tír ag an dream a bhris an saol do na Magdalenes. Céasadh a bhí ann. Ní thuilleann dream mar sin meas ná cumhacht níos mó.
Fan. Feic an náire sin. Ní muidne a rinne é. Níl brón uathu. Tá freagracht uathu. Is sin rud nach bhfuil siad ag fáil.
Le tuiscint, ní thuileann an garda thuas an barróg sin. Dáiríre, ní thuilleann. Is cuma más é do mhac nó do dhearthair nó do chara nó d’athair é. Muna bhfuil sé agus na gardaí eile sa tír amuigh amárach ag treabhadh le na leanaí eile in áiteachaí ar nós Tuaim (is tá neart acu ar fud na tíre) a aimsiú is cás a thabhairt in aghaidh na hEaglaise agus in aghaidh na gardaí iad féin a thabhairt os comhair na cúirte, níl an barróg tuillte.
Agus muid ag caint i ndáiríre freisin, ní thuilleann múinteoir ar bith sa tír barróg uathu muna bhfuil siad sásta an fód a sheasamh le rá leis an Eaglais nach bhfuil fáilte leis an Eaglais againn ina scoileanna níos mó. Dáiríre. Nuair a cheadaíonn sibh don Eaglais dul ar aghaidh i ndiaidh a rinne siad do na Magdalenes, sin masla do na mná seo ar fad. Tuairisc ann inniu le bean acu ag rá nach raibh fonn ar chuid de na Magdalenes teacht ar ais go hÉireann riamh arís. Is tuige? Níl rudaí aithrithe anseo. Tá 90%+ de na scoileanna ag an Eaglais fós. Amárach, seas an fód i do scoil agus abair leo nach bhfuil tú ag múineadh reiligiúin agus nach n-athnaíonn tú údarás ar bith uathu. Má dhéanann tú sin, beidh barróg ó na Magdalenes tuillte agat.
Mar an gcéanna le ospidéil, tithe altranais srl. Caith an Eaglais amach. Feicthe agam an chaoi ina dtóg siad mná ag an séipéal sa teach altranais ina raibh mo Mhaim agus mo Dhaid. Cuid de na mná ann, seans mhaith go raibh siad i Magdalene fadó, agus ag deireadh an saol acu ní raibh éalú fós ó ghreim na hEaglaise. Sibhse ag obair sna háiteachaí sin, bainigí na siombail den Eaglais ón áit. Bíodh sláinte, ní iompúchán ag na daoine ansin.
Glaoch mar sin.
Is iontach an rud ar fad fáilte a chur rompu, le rá leo go bhfuil grá againn dóibh, ACH go dtí go bhfuil Stát & Eaglais scartha againn agus freagracht faigthe as a rinne siad do na Magdalenes, níl rudaí athraithe. Ní leor focail. Cuir an grá ag obair le Éire nua saor ó ghreim na hEaglaise. Seas an fód. Sin grá.
Meáin: is trigger é an Angelus. Faigh réidh leis.
Rialtas: Scar Stát/Eaglais. ANOIS.
Taispeáin grá dóibh sa chaoi is fearr. Le athrú. Le saoirse. Le Daonlathas in áit an diabhal Dialathas atá fós againn.
B’íomhá i bhfíseán le Jean a spreag seo. É sin agus Pele i Hawai’i.
Fadó, fadó agus is fadó a bhí, bhí Éire agus SAM le chéile. Bhuel cuid di. Ar bhealach. Muise, lig dom tosnú arís. Fadó fadó bhí Éire ina dá leath. Bhí farraige mhór eatarthu. Iapetus a thug siad uirthi. Bhuel, aigéan a bhí ann le bheith cruinn.
Seo anois. Sé an rud é go raibh iarthuaisceart na hÉireann ar imeall SAM (nárbh SAM é ag an am, le bheith cruinn tá fhios agaibh). Bhí oirdheisceart na hÉireann ar imeall na hEorpa (nárbh … dheara, tuigeann sibh). Tháinig an dhá leath le chéile agus insíonn clocha i gCo. na Mí an scéal sin.
Bhí mé ag smaoineamh ar seo go léir is mé ag smaoineamh faoi lár na tíre is Bealtaine, is tinte ar Uisneach. Nuair a tháinig mo chomharsan béil dorais ón tSeapáin go hÉirinn bhí fonn uirthi Eiscir Riada a fheiceáil. Níor thuig mé an thábhacht leis an áit. Tá scéalta againn a mhaireann faoi Leath Choinn agus Leath Mhogha. N’fheadar an mbaineann na scéalta le am i bhfad níos sine ná mar a cheapamar?
Smaoinigh mé ar an gCruachán agus Uisneach agus an thábhacht le tine ar bharr an chnoic i lár na tíre. I gcuimhne ar bholcáin fadó?
Bhíomar scartha fadó agus thángamar le chéile. Meas tú an féidir linn bheith le chéile arís? Sin na smaointe a bhuail mé inniu agus mé ag caint ar stair, tíreolaíocht is scéalta.
See change. Sea change
Leis na focail cuí, is féidir. Neart le ceartú leis na focail a roghnaímid.
Gaeilge marbh, ar siad? Ancient language, ar siad? Fíor ach ní shin an fáth a deireann siad sin. Neart ciníochas #NílSéCGL thart ag iarraidh go sleamhnóidh Gaeilge siar faoi charraig éigin le bás a fháil ansin. An t-ainm mícheart ar an teanga le dul amú a chur ar dhaoine. Ní Gaelic í ach Irish, leads. Lean seo, Albain ldt. Gàidhlig / Scottish is bródúil as.
Gaeilge marbh? HA! Ar nós TNT, fuair Trasna na dTonnta réidh leis an gcreideamh sin.
Feachtas a bhí ann. Plean. Seift. Dúshlán. Smaoineamh. Just tweet as Gaeilge ar feadh 5 lá leis an # #TransaNadTonna a d’iarr siad. Dírithe ar dhaoine thar sáile le Gaeilge. Bliain na Gaeilge srl, tá fhios agat. Spreagadh.
Ach bhí teicneolaíocht leo. Bhí fianaise acu. Le mapaí. Le staitisticí. Is thuigeamar go raibh rud ollmhór ag tarlú os ár gcomhair amach. Tá neart againn amuigh ansin is nílimid ciúin níos mó. Muid ceangailte le chéile agus ag dul i dteagmháil lena chéile
as Gaeilge.
Is chonaiceamar iad léirithe dúinn go soiléir. Is chonaiceamar nach bhfuil Gaeilge marbh. A mhalairt. Chuir sé ionadh ar dhaoine an méid daoine ar fud an domhan a bhain taitneamh as bheith as tweetáil as Gaeilge. Tóg sin, lucht Gaelic is dead! Spior spear déanta de! Pléascaithe as an uisce!
Is ag an deireadh, céard a bhí againn? Cúigear le Gaeilge thar lear? Seisear? Ní hea ach
Le moladh. Raight, sampla de moladh mar sin
GRMA, Dara!
Bhí ardáthas ar Chraobh na nAingeal faoi a bhí ag tarlú is bhíomar páirteach ann.
Seo ó Maria ón rang in Agoura:
Seo ó Joe ón rang i gCulver:
Seo ón rang i Redondo:
Agus seo Tweet le greann uainn, le haghaidh an craic 😉
Mar a fheiceann sibh, is breá linn áilleacht is spraoi le Gaeilge a fhoghlaim. Sin an chaoi.
Cuireadh ceist orm go poiblí le déanaí faoi #MeToo agus a tharla faoi Weinstein i Hollywood. Ceist mhaith. Duine na bliana an ghluaiseacht #MiseFreisin sin. D’fhreagair mé ag an am nach i Hollywood amháin a tharlaíonn sé agus ní anois amháin. Ann i ngach áit agus ag tarlú ó bhí daoine ar an domhan seo, seans mhaith.
Ní chreidim go mbeidh réiteach ar an bhfadhb (fuath ban agus ionsaithe orainn a bhaineann luach agus brí dínn is a ghortaíonn muid go tréan arís is arís is arís eile) go luath. An iomarca le déanamh againn sa troid in aghaidh gnéasachais atá i ngach tír ar domhan.
Briseann daoine muid chuile lá beo le maslaí, le neamhaird, le crúalacht a deireann linn nach fiú tada sinn. Demeaned, Rialaithe, Feargach: ligimis dóibh a thuiscint nach nglacfaimid leis sin níos mó. Ní stopfaidh mé riamh ó bheith ag labhairt amach faoi. Mar caithfimid.
An Mean i DeMEANed
Níor tháinig mé ar Ghaeilge ar an mBéarla Demean a shásaigh mé. Dhá bhrí le mean agam anseo. Cruálach: Don’t be so mean! Brí: What does it mean? Does my existence mean something? Fite fúite le chéile. Cruálach ar fad brí a bhaint de dhuine. Briseann is maraíonn fuath ban muid is nílimid in ann dul ar aghaidh ná tada a rá faoi go dtí go dtagaimid ar an mbrí atá ionainn féin. Le misneach, le cúnamh ó mhná eile a thuigeann.
Maslaithe, curtha inár dtost, brúite ag focail is ionsaithe, éignithe sna mílte chaoi: níl gá le burka le cumhacht a bhaint de mhná. Tá an scil sin go foirfe ag fir atá ag cleachtadh conas muid a dhéanamh dofheicthe le fada, fada an lá.
Is minic a bhaineann fir (agus mná a shlogann siar an tseafóid a scaipeann siad) an ghaoth dár seolta. Rómhinic. Is nílimid in ann bogadh ar aghaidh mar gheall air. Is cluiche atá sa saol do go leor fir is caithfidh siad an ceann is fearr a fháil orainn, dar leo. Sin bua, dar leo.
Fun Fact: sin a dúirt an fear a d’éignigh mé fadó. Nuair a bhí sé críochnaithe, dúirt: Fuair mé an ceann is fearr ort anois sular fhág sé an carr lena mhún a dhéanamh ar thaobh an bhóthair.
Ach tá an fhadhb i bhfad níos measa ná sin. Forleathan. Coitianta. Diongbháilte. Baineann daoine, fiú iad a cheapann go bhfuil grá mór acu dúinn, an ghaoth dár seolta lena bhfocail go mion minic. Mar a dhéanann fógraí mórthimpeall orainn.
Raight. Anáil isteach, anáil amach.
An Riail i Rialtas
I walk the line ♫, a chan Johnny Cash. Tá líne ann dúinne. Líne a cheanglaíonn muid is a choinníonn smacht orainn. Líne a thachtann muid.
Ní ghlacaim le línte mar sin. Dlí na tíre, dlí na hEaglaise, dlí nach bhfuil scríofa ach tuigeann gach duine é mar nuair a thrasnaíonn tú an line, aireoidh tú é mar bhuille a bhainfidh d’anáil is do mhisneach díot. Cosnaíonn na línte sin daoine ar nós Weinstein. É gafa anois ach i Rehab deas agus gan brón ar bith air. Scrios sé mná. Mhill sé iad. Iad beo ach damáiste ann nach féidir a dheisiú. Agus fulaingt. Fulaingt nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo. Go leor, leor acu. Níl an dlí ann le mná a chosaint. Tuig sin. Aithin é. Admhaigh é. Athraigh é.
Na Magdalenes gan saoirse le gardaí na hImpireachta. Sin sibh, gardaí! An ndúirt sibh go raibh brón oraibh?
Níl meas agam ar rialtas a ligeann d’Eaglais (lán le fuath ban is ciontach as stair fhada d’uafáis) bheith i gceannas ar oideachas is roinnt mhaith de shláinte na tíre. Ná níor cóir d’éinne meas a bheith acu ar rialtas mar sin. Is tá ar an tír dúisiú.
Riail: An Reacht in Impireacht
An fhadhb is mó ag mo thír le fada, fada an lá: impireacht amháin nó impireacht eile nó impireachtaí ag rá linn nach fiú tada sinn! D’éignigh Sasana Éire. Abair é. Os ard. Foghlaim faoi anseo. Tá impireacht na Vatacáine fós ag éigniú Éire. Aithin é. Abair é. Os ard. Níos deacra, raight? Mar tá a greim chuile háit. Bhur bpáistí ina scoileanna. Bhur dtuismitheoirí ina nospidéil. Tuig chomh mór is atá an chumhacht sin. Ná déan dearmad ar a rinne siad is atá siad fós ag déanamh. Bhí an ceart ag Sinéad O’ Connor. Thuig sí.
Níl meas agam ar shagairt ná easpaig mar tá baint acu le dogma lán le fuath ban. Fhad is a fhanann siad le himpireacht nach dtugann meas do mhná, níl meas agam orthu.
Ní bheidh mé ag glaoch Father nó Sister nó Brother nó Reverend ná seafóid eile mar sin orthu mar tuigim an fhaladhúdaíocht ansin. Bhí bean le déanaí ag rá go raibh a Daidí Pro-Life agus thug mé faoi deara nach raibh fonn ar dhaoine sin a fhreagairt. D’fhreagair mé é le Tá do Dhaidí mícheart agus míniú cén fáth. Ach deacair sin a dhéanamh. Níl sé múinte, ceapann daoine. Tuig an chumhacht ag bheith múinte.
An FEAR i bhFEARg
Dhá bhrí ag FEAR agam sa tideal sin. Eagla sa Bhéarla. An EAGLA in EAGLAis srl. An eagla ar mhná nuair a thuigeann siad nach bhfuil seans acu sa saol mar tá an chumhacht ag na fir. Ceantrach. Is iomaí fear a imríonn cluichí orainn go mion minic le tabhairt le tuiscint dúinn go bhféadfaidh siad a rogha rud a dhéanamh linn. Freisin, ciallaíonn fear duine fireann. Rud a chuirfidh fearg ar fhir, cinnte.
Is déarfaidh fir, Ní GACH fear. Is an ceart acu. Ach ní shin an pointe. Sa chaoi céanna nach All Lives Matter an pointe le Black Lives Matter. An cuspóir ná eipidéim gan srian a nochtú. Sin atá ann. GML. Tuigim go bhfuil níos mó ná fear agus bean ann. Ag caint faoi gach duine gortaithe ag an gcóras seo atáim.
Anáil isteach, anáil amach.
Níl fearg ar mhná mar lámhsáil daoine ár gcuid tóineachaí i bpic. Maith agat, Alyssa Milano, as sin a mhíniú do dhaoine. Muid feargach mar tugtar le fios dúinn gur ghnáthrud seo ar chóir dúinn glacadh leis! Normálta! Tá orainn fanacht ciúin faoi?! Sin an rud múinte, múintear dúinn ar scoil (ar leis an Eaglais í).
Nuair a chloisimid an focal fearg, samhlaíonn muid fir de ghnáth. Muid cleachtaithe le smaoineamh mar sin. Mar atá mná cleachtaithe le bheith ciúin. SIN an feall. Ciúin agus dofheicthe. Ach tuig, TÁ FEARG orainn!
An PATER i bPatrúnacht
Is tusa Peadar agus ar an gcarraig seo…
Chuir sin Song of Granite i gcuimhne dom. Ceoltóir den scoth ach gafa lena shaol féin gan in ann smaoineamh ar a chlann. Ba cuma leis. D’fhéadfadh sé ceol a dhéanamh faoi fhulaingt dochreidthe a shinsir agus daoine a chur ag caoineadh leis an mbrón sa ghuth aige. Ach ní leor sin. Shábháil sé nós. Éacht. Thréig sé a chlann. Feall.
Is sin an rud. Is féidir le daoine focail milse a rá, dánta a scríobh, greim a fháil ar do thír ar fad le caint ar Dhia éicinnt. Má dhéanann siad sin ar a mhaithe féin is gan meas acu ar na daoine is laige sa saol, tuig an feall.
Pearsanta arís anois. Mise freisin. Do na daoine ar fad san áit ina raibh mé ag múineadh a dúirt liom, Use your womanly charms to disarm them (dáiríre sin ráite liom!). You just have to put up with it. That’s just (insert man’s name here) srl, deirim, NO! Ná bígí comhpháirteach leis. Is cuid ollmhór den fhadhb sibhse a deireann sin. Tugann sibh cumhacht do bhullaíocht. Do na daoine a deireann Ach is rud beag sin. Lig leis, deirim NO!
Labhair amach. Ar an bpointe!
Maith í Alyssa Milano a mhínigh nach gcabhraíonn sé a rá nach bhfuil duine ag lámhsáil do thóin gan cead, gan cuireadh níos lú ná éigniú. Mar is éigniú é: It’s the micro that makes the macro, ar sí. An ceart aici.
Aithin, mar sin, gach uair a chuireann sibh pictiúirí amach le fir amháin ann mar glacann sibh go bhfuil na mná ró-chúlánta le bheith ann, gur cuid den fhadhb sibh. Tabhair misneach do na mná is athraigh an domhan. Ná fág amach iad ón nóiméad, ón stair, ón am atá romhainn.
Ar ais go Hollywood. Ní laoch Matt Damon níos mó mar is léir nach dtuigeann sé an fhadhb. Thug Minnie Driver íde béil dó. Tuillte aige.
God God, SERIOUSLY? There are so many men I love who do NOT frame the differentiation between sexual misconduct, assault and rape as an excuse or worse – our problem. AMEN ladies! – Minnie Driver le Matt Damon.
Mé ag rá Good God, SERIOUSLY? le go leor daoine na laethanta seo. Faoin tacaíocht acu do Trump. Faoin drochmheas acu ar chearta na mban. Faoin drochmheas ar dhaoine bochta. Galar atá againn, a chairde. Ná tabhair spás, tacaíocht ná ardán d’fhuath. Ná bí comhpháirteach ann. Oideachas, a deireann daoine liom. Sin an chaoi. Aontaím. Ach ní oideachas atá i lámha na hEaglaise. Neart le ceartú!
Is galar córasach é na hionsaithe ar mhná a tharlaíonn chuile lá beo agus is rud damanta fite fúite le foréigean é. Caithimid an galar a ghearradh amach mar a mhol Aylssa Molina. Tá sin ag tarlú anois gan ainéistéise. Leanár scéalta. Please send flowers, arsa Aylssa. Agus athrú iomlán sa chóras, a deirimse.
Ar aghaidh linn, sa treo ceart. Mar bhíomar ar strae ag glacadh lena dúirt na diabhail linn le fada. Caill iad agus faigh fíorchairde. Agus cearta. Agus freagracht.
MEAS do na MNÁ.
PS. Beidh Nollaig na mBan againn arís i 2018 agus beidh fáilte ann roimh na fir a thugann meas do na mná mar a bhí anuraidh. Seas an fód.
Ní raibh na Béarlóirí in ann é a rá. Mar sin ghlaoigh siad Rickshaw air. Seo mar atá:
Pic ó Yuta Sakaguchi
Níor chuir mé suim iontu ná níor smaoinigh mé orthu is mé sa tSeapáin le déanaí go dtí go bhfaca mé seo.
D’fhéadfá rith thart le do theach féin! Seo pics ón mhaidin dheireanach againn sa tSeapáin. An Satharn seo caite bhí féile (お祭り/ Omatsuri) ar siúl i bPáirc Ueno agus is ann a chonaiceamar iad: na tighíní soghluaiste.
Is mé ag léamh faoi dhaoine sa bhaile gan dídean, b’é an chéad smaoineamh a bhuail mé ná an gcabhródh siad leo? Ach tá i bhfad níos fearr ná seo ó dhaoine: jabanna, dóchas, spás ceart.
Thuig mé go bhféadfadh daoine cónaí iontu. Bhí ár n-árasán sa tSeapáin fíorbheag fadó ach ní chomh beag seo! Is níl mé chomh beag anois agus a bhí mé an uair úd.
Ar fhaitíos nach gcreidfeadh daoine gur teach atá ann, scríobh siad é as Béarla air:
Is féidir do thighín a mhéadú (tarraing cuid de amach), agus a bhogadh (rothaí air), agus tá fuinneog bheag agat ar an domhan mór.
Ar nós óstán capsúil, ar bhealach, ach níl dréimirí le dreapadh agus is leat féin é. Cúirtíní ar an bhfuinneog agat agus níos mó ná fuinneog amháin ann fiú!
Is féidir iad a tharraingt ó áit go háit go héasca. Spás fiú le cócaireacht a dhéanamh sa cheann seo. Is seilfeanna dod’ leabhair. Stíl eile. Rogha agat.
Seo mar atá sé ón taobh amuigh. Féach cé chomh beag is atá sé anseo.
Bhí ceann ann a bhí beagáinín níos mó. D’fhéadfainn dul isteach sa cheann seo.
Bord agat sa ló agus leaba san oíche le athrú beag. Nach cliste iad!
Anois, tá bhféadfaidís ceann a chur ar an gcairrín seo, bheadh ceann uaim!
Seo na carranna a bhí acu ag an margadh éisc. Turret truck a thugann siad air. Chonaic seanfhear mé ag féachaint air is thuig sé go raibh fonn orm triail a bhaint as. Bhí! D’ofráil sé dom dul é a thiomáint ach ní raibh fonn orm bheith i dtrioblóid leis na póilíní. Ach thaitin siad liom is iad ag gluaiseacht tharam san áit sin! Craic. Mé róleisciúil don Jin Riki Sha ach Turret Truck Riki Ouchi (teach) uaim. Laghdú méide 😉
Féilte is mó: Bealtaine & Samhain. Tá sos ag Bealtaine nuair a thagann Samhain (an raithe marbh – deireadh an tSamhraidh ). Is í an chailleach a bhíonn i gceannas ar an ráithe seo.
Gaeilge Gàidhlig Gaelg
Geimhreadh: Tús na bliana san turas ó dhorchadas go solas
Tharla Seachtain Éire (Ireland Week) idir 16 & 21 Deireadh Fómhair 2017 anseo i gCathair na nAingeal. Nós nua lán le himeachtaí, léachtanna, agus spraoi a bhí ann. Bhí dhá chuid d’Ireland Week: gnó & cultúr, agus is minic a bhí siad meascaithe le chéile. Bhí dhá thaobh leis freisin: Meiriceánaigh ag cur aithne ar Éireannaigh a tháinig anseo ó Éirinn don ócáid & daoine ag cur aithne ar Éireannaigh i Meiriceá. ‘Sé sin le rá, cur in aithne a bhí ann. Bhí dhá rud le déanamh againne i gConradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal dó: Pop-Up Gaeltacht is Tobshlua. Is bhí gach rud a bhain le Ireland Week iontach.
Ní neart go cur le chéile.
Nuair a chuala mé faoi Ireland Week ar dtús tamall siar, bhí ceisteanna agam. Ní gnó amháin, tá súil agam: b’shin an smaoineamh ba láidre a bhí agam. Ina dhiaidh sin: ná déan dearmad ar an hÉireannaigh anseo. Seo seans d’Éireannaigh nach dtuigeann cad iad Éireannaigh/Meiriceánaigh a aithint gur ambasadóirí iad.
Tá 35 milliúin acu, lán le meas, muintearas, agus bua dár gcultúr. Scaipeann siad grá don chultúr saor in aisce chuile lá beo le heolas is cairdeas. Dochreidthe a dhéanann daoine ina Ireland Life i SAM, ní hamháin Ireland Week. Roinnt acu nach Éireannaigh iad ar pháipéar agus lán le grá don chultúr. Mar sin is Éireannaigh iad amach is amach mar a fheicimse é.
Tuigim freisin go bhfuil gá le daoine a tharraingt le chéile sa chathair mhór seo. Gá le Éire a mhíniú do dhaoine nach dtuigeann Éire na linne seo. Is d’éirigh go breá le Ireland Week leis sin.
Tosnóimid le mná a bhí lánpháirteach ann mar ní minic a fheictear sin. Seo muid ag an bPop-Up Gaeltacht, an imeacht is mó a chuir gliondar orm is ar dhaoine eile chomh maith de réir na hathtweetanna agus na croíthe ar fad a bhfuair sé ar Twitter.
Nach orm a bhí an t-ádh bualadh le Deirdre O’Neill Machin agus Caoimhe Ní Chonchoille! Is í Caoimhe a spreag mé chun Pop-Up Gaeltacht a bheith againn le linn Ireland Week. Is í Deirdre a chuir Ireland Week le chéile anseo i gCathair na nAingeal. Meas do na mná iontacha seo! Treise libh!
An dúshlán: conas Gaeilgeoirí LA a tharraingt le chéile ar an gCéadaoine i lár LA?
Os rud é go bhfuilimid i Hollywood, bhí aisteoirí mór le rá ag Ireland Week. Ina measc Angelina Jolie agus Fionnuala Flanagan. Bhí díomá orm nach raibh mé in ann bheith chuile háit. Ba bhreá go mór liom caint leis na mná seo. Scileanna den scoth acu mar aisteoirí agus daoine fíorspéisiúla iad leis. Le caint faoi na rudaí atá tábhachtach dúinne agus don domhan mór. Rus atá gar do mo chroí: tá teanga le sábháil againn. Mo theanga féin. Ní féidir ligint di bás a fháil. Sin an obair a roghnaigh mé dom féin. Mo shaol le Gaeilge. Mo chultúr #1 dom fiú is mé i bhfad ó bhaile. Faraor, bhí mé ró-ghnóthach (Seaside Games, Comhrá 17, Tobshlua, ranganna srl) le freastal ar na hócáidí seo:
agus ní raibh mé in ann scannán a bhí mé ag súil go mór leis, The Breadwinner le Nora Twomey ó Cartoon Saloon a fheiceáil ach oiread. Ach beidh seans agam as seo amach. Bhí an oiread sin ag tarlú go raibh fonn orm mé féin a chlónáil! Díreach roimhe seo bhíomar tar éis bheith páirteach i gComhrá 24 agus na Seaside Games. Sos uainn ina dhiaidh seo! Dochreidthe nuair a fhéachaim siar air. Chaill mé imeachtaí den scoth.
Ach NÁ bíodh trua agaibh dom! Bhí mé ag ceolchoirm le The Strypes, Lisa Hannigan, Lisa Hannigan, Strypes, Elm and All Tvvins ar an Luan ar Sunset Blvd,
ag léacht i Loyola Marymount University ar an Mháirt ag éisteacht leis an Ambasadóir ag caint faoi Shasamach, ag ár bPop-Up Gaeltacht féin ar an gCéadaoin, ag múineadh Gaeilge agus rince do dhaoine i Redondo ar an Déardaoin is ag ullmhú don tobshlua ar an Aoine, ag déanamh tobshlua leis an rince sin ar na réalta ar an talamh i Hollywood ar an Satharn, agus ag seó Panti an oíche chéanna. ‘Sé sin, bhain mé an-sult is tairbhe as Ireland Week! Is orm a bhí an t-ádh agus an bród.
Ceol, rince, scannánaíocht, óg & aosta tagtha le chéile do Ireland Week. Lucht Tobshlua.
B’iad an tobshlua agus an Pop-Up Gaeltacht na himeachtaí a d’eagraigh CnaG, Craobh na nAingeal le cúnamh ó chairde: Conradh na Gaeilge LA, Pint of Irish, Scoil Rince McNulty, Gypsy Ethnic Arts Center, Céilí Rua, is daoine ar fud na cathrach. Daoine ar bhuail mé leo an oíche roimhe sin ag LMU agus daoine a mhúin mé fadó san Celtic Arts Center. Níor cheap mé nuair a tháinig mé go Meiriceá go mbeinn ag caint as Gaeilge sa chathair le Deirdre nó Consal nó Ambasadóir nó Caoimhe ó TG4.
Cur in aithne den scoth go nádúrtha i bpub le hÉireannaigh ag éisteach le Meiriceánaigh ag caint as Gaeilge agus ag iarraidh orthu, Cén fáth? Cuireann sin áthas orm. Cén fáth? Mar tá cultúr fíorálainn againn agus tuigeann daoine anseo a luach (ní i $$$ ach i saibhreas níos tábhachtaí). Níor fhoghlaim siad náire faoi mar a mhúineadh dúinne in Éirinn. Rud a mhaireann is a chaithfear a scriosadh. Ardmheas do Osgur agus Peter a smaoinigh ar an bPop-Up sa chéad áit!
Seo scéal inniu faoin gcumhacht ag na Pop-Up Gaeltachtaí
Bhí sé iontach breathnú ar dhaoine ag caint go nádúrtha le chéile as Gaeilge i gCathair na nAingeal.
Rinne an tAmbasadóir caint ar seo ar an Mháirt nuair a luaigh sé go Chuala mé mná óga ag screadáil Mrs. Weafer! i Loyola Marymount is fuair mé barróga ó dhaltaí a mhúin mé blianta ó shin sa mhéanscoil. Bhí mé ag múineadh Spáinnis agus Seapáinis ag an am. Beagnach dearmadtha agam anois le mo shaol nua. Bhí áthas orm iad a fheiceáil is bhuail an cheist, cad is Éireannach ann? mé arís nuair a d’imigh siad leo. Airím níos Éireannaí anois agus sásta gur thaistil mé go cultúir eile agus fíorshásta gur fhill mé go mo theanga féin.
Ná habair é, déan é.
Nós nua é Ireland Week agus súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh chuile bhliain. Cur in aithne ar nós Lá ‘Fhéile Pádraig atá ann ach níos fearr sa chaoi nach bhfuil baint ag reiligiún leis agus tá Éiriu sa tideal nó leagan dá hainm. Is tarlaíonn sé gar go Féile na Samhna. Ársa ach nua-aimseartha. Éire na linne seo. Ardmheas do na daoine a smaoinigh ar Ireland Week ar dtús agus dár nÉireannach anseo, Deirdre O’Neill Machin. ‘Sé an gnó aici anseo ná ócáidí a eagrú. Ní bhíonn baint agam le gnó an oiread sin mar tá mé sáite i gcultúr lenár n-eagraíocht neamhbhrabúis: CNAG Gaelic League LA. Ach rinneamar caint is chuireamar aithne ar a chéile. Is tharla rudaí iontacha le linn Ireland Week. Gnó agus cultúr meascaithe le chéile. Is maith sin. Deacair dom scaití deighleáil le gnó. Peaca caint ar airgead is mé óg. Ach caithfear, go féireáilte gan náire, mar a chaithimid Gaeilge a labhairt go féireáilte (Acht na Gaeilge de dhíth) gan náire. Ná bíodh faitíos orainn ag ceapadh go bhfuil ár dtír róbheag: níl. Go bhfuil ár dteanga rófhágtha: níl. Nach féidir linn rud a dhéanamh: is féidir. Tabhair faoi. Níl ach teip amháin ann: sin gan iarracht a dhéanamh. Creid i rudaí iontacht agus tabhair fúthu. Féach a tharla le Ireland Week!
Meas do na fir a thugann meas do na mná: Míle Buíochas leis an Ambasadóir nua go SAM: Daniel Mulhall a d’fhreastal ar an bPop-Up Gaeltacht le Robert O’Driscoll, an Consal Ginearálta d’Iarthar SAM a d’éist go cúramach agus a shásaigh gach duine (fíordheacair sin a dhéanamh!), le Finbar Hill a bhí ag obair mar chonsal onórach ar seo le fada.
Labhair an triúr acu as Gaeilge ag Ireland Week sular labhair siad as Béarla agus cuireann sin ARDÁTHAS orm! Maith sibh! Fíorbhuíoch!
Míle buíochas le Darragh Doyle a chuidigh linn arlíne le eolas faoin bPop-Up a scapadh srl. agus le Johnny O’Reilly is a fhoireann a bhí linn ag an Tobshlua lena gceamairí.
Agus le go LEOR, LEOR, daoine eile. Sea, tharraing Ireland Week le chéile sinn!
Mar fhocal scoir:
Ní féidir tír a dhíol agus ní cóir tír a dhíol. Ag imirt Monopoly as Gaeilge, d’airigh mé tinn. Ar mhaith liom óstán a thógáil ar áit ársa nó ar mhaith liom an áit ar fad a dhíol, a d’iarr na cartaí orm. Ar son na Déithe, níor mhaith! Cén sórt ceist sin?! Tá an focal féireáilte fíorthábhachtach sa chaint seo agus chuir rud amháin isteach orm nuair a bhí caint ar chúrsaí polaitíochta anseo. Chuala mé caint ar Fhianna Fáil agus ar Fhianna Gael. Chuala mé faoi Shasana agus teorainn. Níor chuala mé faoi Shinn Féin ná páirtí ar bith eile agus níor chuala mé go soiléir go raibh deis níos fearr againn anois ná riamh an tír a chur ar ais le chéile. Cén fáth? Faitíos? Ní neart go cur le chéile mar a léirigh Ireland Week. Muna gcreidimid féin in Éire le Chéile agus muna ndeirimid os ard é agus muid ag míniú Éire do SAM, tá an teachtaireacht mícheart seolta agus deis caillte. Tá Éire le Chéile ó na hÉireannaigh i SAM agus sa bhaile ACH tá daoine sa rialtas róchiúin faoi. Ceartaigí seo le bhur dtoil.
B’fhéidir go bhfuilimid neither here nor there mar a deireann Seamus Heaney linn ina fhilíocht, muid atá i gcéin, ach b’fhearr linn bheith le chéile agus bheith Éireannach is cuma cá bhfuilimid. Ná déanaimid dearmad ar ár dtír ná ar chuid di.
RT @IrelandinLA: It's the week of the Santa Barbara International Film Festival 🌊✨, and there are SEVEN #Irish films playing over the next… 4 minutes ago