Ghlac Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal páirt i gcuriarracht dhomanda don comhrá as Gaeilge is faide ar domhan idir ar an 10, an 12, is an 15 Deireadh Fómhair. Deascéal: d’éirigh linn! Bhí timpeall ar 60 ghrúpa ann is mhair an comhrá 711 uair a chloig! Muid chomh bródúil sin as.
Is iontach an rud ar fad bheith páirteach in ócáid mar seo is an comhoibriú a bhaineann leis a fheiceáil. Ardmholadh do Sheachtain na Gaeilge is chuile dhuine a chuireann le chéile é.
Seo muidne in Agoura ar an Mháirt
Seo muid i Redondo ar an Déardaoin
Seo muid i gCulver
Gliondar orainn bheith páirteach san gcuriarracht seo ó thosaigh sé. Míle maith agaibh, gach duine a tháinig agus a labhairt as Gaeilge. Deas bheith ceangailte le Gaeilge ar fud na cruinne mar seo.
Ag deireadh Comhrá 2016, bhí nod ó Jules go mbeadh cuairteoir againn. Ansin bhí ceist san ríomhphost: Ar mhaith libh..? Ba mhaith!
Is bhí áit, dáta, is gach rud socraithe. Is chuir Síne gach rud le chéile dúinn. Is scaipeamar an scéal i bhfad.
Tháinig an lá. Nollaig 11, 2016: deireadh na bliana do Chonradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal is bhí an t-ádh linn. Tháinig aingeal go Cathair na nAingeal le muid a threorú ar an mbóthar ceart.
Síne Nic An Ailí a rinne an taisteal ó Éirinn le Cultúr Club a mhíniú agus smaointe a roinnt linn. Tacaíocht den scoth a thug misneach dúinn is a spreag go leor, leor daoine le níos mó a dhéanamh. Maith í.
Seo í ag obair:
D’éirigh linn dráma as Gaeilge a léamh amach: Fíorú na hAislinge 1916, le cúnamh ó Shíne. Muid dáiríre anseo 😉
Cé go raibh neart le foghlaim, bhí neart le ceiliúradh freisin mar tá foireann den scoth againn. D’oibrigh ár gcraobh féin agus cairde linn go dian i 2016 is d’éirigh go geal linn. Mar sin bhí sé in am buíochas a ghabháil leo.
Muid buíoch as gach duine a thug cúnamh dúinn. Laochra iad ar fad. Mar a fheiceann sibh, ba leithscéal dúinn é le spraoi a bheith againn chomh maith is an Nollaig beagnach linn. Mar sin mheascamar obair le pléisiúr.
Míle buíochas le Conradh na Gaeilge, le Fulbright, & le rialtas na hÉireann a chuir an cheardlann ar fáil dúinn. Muid buíoch astu ar fad!
We have a language to save. It’s in big trouble. But we can save it. Mix the Irish you know in with English & grow it by degrees.IS féidir! Tabhair faoi.You can! Go for it!
Labhair í. Speak it. The CHALLENGE is to speak it. That can be a mental barrier to break for many people who are not used to doing this so start with one phrase for a week. It is easier for foreigners to do this as they have none of the emotional baggage that often comes with this in Ireland. Yes, you CAN do this abroad. Create you own Gaeltacht wherever you are. Lots of people speak lots of different languages in other countries. Empower yourself and discover how many have thrown away that baggage. Irish is thriving, even in the cities. Begin to join in and you’ll find it. Use phrases you know and you can stay in English for everything else. Don’t push too hard. Each week add another phrase. Persist. You can do this. Watch your Gaeilge grow. Have fun with it. #AnChaint
Month 1: ALWAYS say the phrase (or an equivalent you know) at the appropriate moment.
Week 1: Conas atá tú?How are you?
Week 2: Seo duit. Here you are (when giving stuff).
Week 3: Slán. Bye.
Week 4: Go raibh maith agat. Thanks.
Go maith! Good! The first step is the hardest but it’s a mental one. People will know what you mean. People are fond of Irish. They’ll be surprised but give them a little time to see you’re serious about doing this. Smile. Pat yourself on the back when the first week is over. That was the hardest part. Now it gets easy.
Report your success with the hashtag #AnChaint
Month 2: The challenge is to ALWAYS say this phrase at the appropriate moment.
Week 1: Aon scéal? Any news?
Week 2: Diabhal scéal. No news.
Week 3: Deoch uait? Would like a drink?
Week 4: Gabh mo leithscéal. Excuse me.
Led’ thoilmeans Please. Are you feeling ceart go leor? Ok?
Month 3: The challenge is to ALWAYS say this phrase at the appropriate moment.
Week 1: Drochaimsir Bad weather. orLá BreáA fine day.
Week 2: Tabhair aireTake care (can be used as a form of Goodbye)
Week 3: Caithfidh mé imeacht. I have to leave.
Week 4: Slán abhaile.Safe home (form of Goodbye).
TIP: Try adding iontachwonderful, toghameaning great – rhymes with now, andfáilte(welcome) into your conversation too, if people start to answer you as Gaeilge. If all thisis far too easy, tryDheara, ní ag ceasacht ar Dhia éIt (the weather) is not God’s fault. Yeah, that last one is only for the super fluent! Sorry. Leave it until later.
Month 4 The challenge is to ALWAYS say this phrase at the appropriate moment.
Week 1: An bhfuil tú gaolta le…?Are you related to…? Tá/Níl.
Week 2: An bhfuil baint agat le ….?Do you have anything to do with …? Tá/Níl.
Week 3: ‘Bhfuil tú i do chónaí anseo le fada?Are you living here long?
Week 4: Le seacht mbliana anuas.For seven years now. OrMo shaol ar fad.My whole life. Or Ó 1991 or whatever year works for you.
Remember, where there’s a bhfuil, there’s a tá or a níl 😉 No Ach.No But.
Month 5 The challenge is to ALWAYS say these phrases at the appropriate moment.
Week 1: Dáiríre?Really? or Meas tú?You think?
Week 2: Ná habair é!No way! orA dhiabhal! God!
Week 3. Tá sé fíor.It’s true. or Sin a chloisim.That’s what I hear.
4: Scannalach!Scandalous!orIs mór an trua é.What a shame! orÉad orm!I’m jealous!
Month 6 The challenge is to ALWAYS say these phrases at the appropriate moment.
Week 1 Cé tusa?Who are you?
Week 2 Is mise…. I’m ….
Week 3 Cé mo dhuine?Who’s yer one? / Who’s yer man? Who is that person?
Week 4 Cén fáth?Why?
Sin é!That’s it! Mo bhuachaill= My boy (or boyfriend).
At this stage, I can’t fit all the phrases on a tree. See how fast the language grows! ____________________________________________________________________________
Beidh muid ag glacadh páirt i gComhrá 14, Curiarracht Dhomanda, amárach agus tá Ealaín mar téama againn. Thuas tá pictiúr a tharraing cailín 16 d’aois as Maigh Eo le peann luaidhe. Dáiríre. Is fiú smaoineamh ar an gcumhacht atá ag comórtas mar comórtas Texaco agus conas ealaín a spreagadh.
Ar dtús, cad é Ealaíon agus an fiú é?
Cén luach atá ag ealaín?
Cén fáth an bhfuil praghas ard ar obair Picasso?
An bhfuil luach i Graffitii?
An bhfuil luach in obair Banksy? Cén fáth?
An bhfuil rud álainn? Cén chaoi an bhfuil fhios agat?
Cén baint atá ag inspioráid & scil le ealaíon?
An dtéann píosa ealaíona i bhfeidm orm? An bhfuil an taithí céanna ag gach duine?
Níl na freagraí go léir anseo. Beidh muid ag plé na téamaí seo amárach. Ach seo cúpla smaointe.
Tosnóimid go bunúsach le dathanna.
An mar an gcéanna a fheicimid dathanna?
An bhfuil gnéasachas ag baint leis an íomhá seo?
Cén dath is fearr leatsa agus cén fáth?
Cén chaoi a n-úsáidtear dathanna le rudaí a dhíol sna siopaí?
Muidne an Celtic Art Center
Céard atá ar eolas againn faoi ealaíon Ceilteach?
Céard faoi líníocht Ceilteach?
Sí an Bhrú, 3200rC
Ailtireachtiontach san áit seo freisin.
Fós le feiceáil sna geansaithe sa cniotáil … ag teach tar ais sa stíl leis an gclár Outlander.
Péinteáil:
Cé acu is fearr Mona Lisa nó Las Meninas?
Ar chuala sibh faoi Leonardo Da Vinci, El Greco, Monet?
Cén ealaíontóir is fearr libh?
Céard faoi Éireannaigh?
Céard faoi Mná? Seachas Georgia O Keefe.
Stíl ó na Lochlannaigh go minic againn mar stíl Ceilteach.
Grianghrafadóireacht
Tá pics iontach ar Twitter.
Seo glaoch amach do mo chairde ar Twitter:
@magnumlady Val i Sligeach,
@Buailtin Seán Mac An tSíghigh,
Fiontán Ó Caoláin @fiontanoc
Rónán Mc Laughlin @romclaughlin
agus an WWW An Wild Atlantic Way Slí an Atlantaigh Fhiáin
lena bpictiúirí de áilleacht na tíre, an fharraige, na gealáin thuaidh agus Bealach na Bó Finne mar shampla.
An-éasca pictiúr a thógáil sa lá atá inniu ann.
Níl gá le semora dorcha agus ceimicí níos mó.
ifón nó a leithéid ag gach duine agus tá scil faoi leith ag na daoine thuas.
Scannánaíocht
Cad é an scannán is fearr leat agus cén fáth?
Domsa, is é Once an scannán is fearr a tháinig ó Éirinn.
An raibh éinne anseo ag obair ar scannán?
Ar bhuail éinne anseo le aisteoirí mór le rá.
Bhuel, tá muidne i Hollywood agus caithfimid dul ag caint faoi scannánaíocht. Pictiúrí beo. Cathair Sony agus Paramount agus na dearthaireacha Warner. Muid ag bualadh le aisteoirí ar an tsráid sa café agus fiú sna Celtic Arts Center anseo ó am go ham. Réaltaí ar an gcosán i Hollywood agus gach duine ag scríobh Script. Ins an domhan Ceilteach na laethanta seo, tú clú agus cáil ar an gclár teilifíse Outlander ar tá Gaidglig le cloisteáil ann. Caitríona Balfe an príomhaisteoir ann agus is Éireannach í.Suimiúil mar tá sé bunaithe ar sraith leabhair. Bhí sé de nós go mór, mór sa Spáinn agus iad ag déanamh scannáin ar dtús na scannán a bhunú ar leabhar claisiceach.
Ach tá baint ag na hÉireannaigh le Hollywood le fada.
Rinne Roger Corman 20 scannáin B cosúil le Swamp Women i Stuideó i gConamara ins na 90dí le aisteoirí ó Hollywood agus muintir na háite.
Liam Neeson an-cháiliúil anseo agus Colm Farrell. D’éirigh go maith le In Bruges, The Guard, agus Clavary ó na dearthaireacha McDonagh. D’éirigh go hiontach le Daniel Day Lewis le In The Name Of the Father, My Left Foot, agus The Boxer. Bhí Michael Collins agus The Wind That Shakes The Barley iontach ag míniú stair na hÉireann dúinn ach mar bhean bhí díomá orm. An male gaze a thugann siad air agus sin atá le feiceáil sna scannáin de gnáth. Mar sin tá mé fíorshásta le Caitríona Balfe in Outlander.
Ar chuala sibh faoin scrúdú Bechdel?
Déan é tú féin an chéad uair eile a fhéachann tú ar scannán (ficsean) go bhfeicfidh tú an bhfuil bheirt bhan ainmnithe ann agus iad ag caint le chéile faoi rud éigin seachas fir. Sin an scrúdú. Gnéasachas i bhfad róláidir sa domhan fós agus i Hollywood freisin.
Disciplíní ealaíonta eile, dar ndóigh cosúil le ealaíona-teicstíle, ealaíona-cócaireachta, troscáin srl Thaitin an scannán seo faoi troscán go mór liom:
Tá baint ag bean anseo sa Celtic Arts Center againne le animation agus bean eile ina aisteoir. Tá an t-ádh linn.
Bhuel, súil agam go mbeidh go leor againn le bheith ag caint faoi oíche amárach!
Beannacht: Go mbeannaí Dia daoibh agus tá fáilte romhaibh ag clár na seachtaine seo.
Ceantar: Caithfimid seal i gCorcaigh anocht agus fear as an taobh sin ag comhrá liom.
Duine: Sin é Gerry Motherway.
Cúlra: Anois nuair a bhí sé ag éirí suas ina lead óg san mbaile, ba é Christy Ring an comharsan béal dorais a bhí aige.
Fear é seo anois, bail ó Dhia air, a chaith tréimhse mhór le cúrsaí drámaíochta agus a chaitheann(s) fós ón mbliain míle naoi gcéad seachtó is a sé ar aghaidh.
Anois, níl fhios ‘am an gcreidfidh sibh é seo nó nach gcreidfidh ach i dteach ósta a rugadh é san mblian naoi déag ceathracha is a hocht.
Agus b’fhéidir, mar a deireann sé fhéin scaití nach é an rud is fearr ar an domhan é mar chaith sé ceithre bliana fiche dá shaol ina dhiaidh sin gan cloigeann ar bith a thógáil as an ól.
Beannacht: Céad mile fáilte romhat, a Gerry.
Freagra: Go raibh mile maith agat, a Mháirtín. Tá áthas orm bheith leat.
M: Agus tú fhéin, bail ó Dhia ort, tá a fhios ‘am go raibh tú ag gáire faoi go ndúirt mé nár thóg tú amach go chloigeann as an ól ach labhróimid ar sin ar ball agus ar an méid sin de do shaol.
Ach cén saghas (séacht?) duine a bhí I gChristy Ring?
G: Christy Ring. Fear ana-chiúin agus déarfadh daoine áirithe go raibh sé beagáinín ait ach bhí ana-aithne agmsa air mar bhí mise ag dul ar scoil, an t-aon duine amháin ón mbaile a bhí ag dul ar scoil i gCorcaigh agus gach Satharn bhíodh scoil againn go dtí leath uair tar éis a dódhéag. Agus ar a haon a chlog do bhuailinn le Christy lasmuigh den Coliseum agus do thugadh sé síob abhaile dom. So, do bhíodh ana-chomhrá againn. ‘Cuid is mó den am ag caint faoi cúrsaí sport agus iománaíochta. Agus théadh sé abhaile go dtí a dheirfiúr Marya bhí ina cónaí díreach in aice linne. Agus bhí an pháirc imeartha lastiar den dhá theach. So, tar éis don bheirt againn ár ndinnéar a bheith á ithe do bhailíodh sluaite amuigh sa pháirc, creid é nó ná creid, chun cluiche sacar a bheith againn. Agus go minic bhíodh cúigear déag ar gach taobh ag imirt. Agus bhí Christy ag dul beagáinín in aois ag an am so d’imríodh sé an cuid is mó sa chúl.
M: So d’imir Christy Ring sacar?
G: O d’imir.
M. D’imir. (Gáire)
G: Tá a lá finnéithe ann ..a…gur féidir leo é sin a crothú.
M: Muise, tá.
G: Agus is cuimhin liom lá amháin go bhfuaireas cúl ina choinne agus do rith sé amach I mo dhiaidh agus dúirt sé liom go híseal: Má dhéanann tú é sin arís, brisfidh mé do chos.
M: Dúirt.
G: Ní fhéadfadh sé a chailliúint.
M: Ní, ní…
G: Fiú amháin I gcúrsaí nach raibh aon rud ag baint leo, ní raibh aon tábhacht ag baint leo. Is minic a chonaic mé éag siúl den pháirc agus ag tógaint na peile leis mar gurbh leis an liathróid agus bhíodh …..?
M: Anois an áit ina rugadh agus a tógadh thú, cén t-ainm atá ar an áit?
G: Clauin Uamha. Meadow of Caves. Tá sé…
M: Agus sin an áit céanna ina rugadh é sin freisin, ab é Christy Ring?
G. Rugadh. Rugadh Christy ann chomh maith.
M: An mbíodh camán ag chuile leaidín beag a rugadh san mbaile sin ó bhí sé bliain, [nó] dhá bhliain?
G: Do bhí agus do bhí fiú ag an am sin, is cuimhin liomsa, nuair a chuireadh mo mháthair, beannacht Dé léi, go dtí an siopa mé, ní théinn go dtí an siopa gan mo chamán agus mo liathróid I mo lámh. Agus bheinn ag bualadh na liathróide in aghaidh gach balla ar an gcéad slat ón tigh go dtí an siopa. Agus tá ana-cháil ar Cluain Uamha mar ionad iománaíochta fiú amháin fós tagann Domhnall óg agus Diarmuid O Súilleabháin ón áit. Agus ó… traidisiúin iontach. D’imir m’athair féin, beannacht Dé leis, le Cluain Uamha nuair a bhuadar an Condae I naoi déag traocha naoi. Agus bhí sé phéire dearthair ar an bhfoireann an lá céanna, beirt Ring ina measc.
M: Do bhí. Agus ‘bhfuil ‘fhios agat anois, do shloinne, bail ó Dhia ort, Motherway. Ar Éireannaigh sibh?
G: Níl ‘fhios agam. Dúirt Ollamh le Gaelainn liom uair amháin, in Ollscoil Chorcaigh gur cheap sé gur tháinig sé ó na Huguenots. Agus nuair a déanadh gear-leanúint ar na Hugeunots, nuair a theitheadar ón Fhrainc, gur thángadar i dtír i mBaile Mhac óda in oirthear Corcaigh. Agus sin an fáth go bhfuyil an t-ainm sin ana-choitianta timpeall ar oirthear Corcaigh.
M: Tá sé coitianta.
G: O ana-choitianta.
M: An bhfuil?
G: Tá.
M: By [dad]
G: Agus tá daoine ann agus fiú amháin ní bheadh gaol agam leo leis an sloinne céanna.
M: Ní mar a chéile chuile Motherway?
G: Ní mar a chéile iad. Buíochas mór le Dia.
M: (Gáire) Céard a bhíod d’athair ag déanamh anois? Cén, cén…
G: D’fhág m’athair Cluain Uamha tar éis an cluiche sin nuair a bhuadar an Condae. D’fhág sé agus chuaigh sé ar imirce go Sasana cé go raibh an dara Cogadh Domhanda díreach tar éis tosnú.
A. 5:00 – 10:00
G: agus is cuimhin liom go ndúirt sé liom gur chuir sé faoi don chéad uair i Bath agus bhí sé ann an oíche a déanadh buamáil ar Bath. Agus thosaigh sé ag obair son chumhlacht ollmhór togála sin Wimpey.
M: O sea.
G: Agus do chaith sé, tríd is tríd ó naoi déag traocha naoi go dtí naoi déag seachtó a haon ag obair i Sasana. Agus ní fhaca mise m’athair ach dhá uair in aghaidh na bliana.
M: Muise.
G: Uair amháin i rith an tsamhraidh agus um Nollag. So ní raibh aithne agam air chun na fírinne a insint.
M: Sin a bhí mé ag dul a rá. Ní raibh aithne mhaith ‘at ar d’athair.
G: No. O Bhí stáinséar ag teacht abhaile dhá uair in aghaidh na bliana. Rud amháin a thugas faoi ndeara alright ná go raibh ana-ghrá ag mo mháthair dó, cé nach bhfaca sise é ach dhá uair sa bhliain.
M: Tá ‘fhios ‘am. A.
G: Ach bhíodh saol ana-chrua aici ag iarraidh seisear clainne a thógáil gan fear a bheith ann agus í ag feitheamh leis an registered letter gach Aoine.
M: Bhíodh siad sin ag teacht anall?
G: Yeah.
M: Bhí. Ach an raibh deis aige bheith san mbaile le, Gerry, dá dtriailfeadh sé gan bacadh le Sasana? B’fhéidir go raibh sé ag iarraidh an oireadh a shaothrú a chuirfeadh oideachas agus chuile short oraibhse?
G: Bhuel, sin a dúirt sé liomsa: nach raibh an t-airgead céanna le tuilleadh aige in Éirinn agus a bhí le tuilleadh aige i Sasana. Agus b’fhéidir gurbh é sin an cás. Ach ar an lámh eile, cheapas go raibh sé ana-éagóireach arm o mháthair bheith ag iarraidh seisear páistí a thógáil. Agus mise an duine ba shine so mise a d’éist(igh) leis na gearáin go léir a bhí ag mo mháthair bhocht.
M: Agus an mbíodh sí ag caint… an ndúirt sí go minic ar mhaith léi é ‘bheith sa bhaile?
G: Dúirt… ní dúirt sí go minic gur mhaith léi go mbeadh sé sa bhaile. Ach dúirt sí liom go minic gur mhaith léi ‘bheith marbh; go raibh an saol chomh crua aici ag iarraidh an mactíre a choimead ón doras gur chaill sí dóchas ana-luath ina saol. Agus bhris sé sin mo chroí mar mise a bhí ag éisteacht léi ag rá na rudaí seo.
M: Agus fuair sí fhéin bás an-óg, go ndeana Dia grásta uirthi.
G: Bhí sí ina daichead a sé nuair a fuair sí taom croí agus…ceap… bhí mise ceithre mhí ó bheith i mo mhúinteoir. So ní fhaca sí mise ag fágaint…ag fáil mo chéime.
M: Tá ‘fhios ‘am. A.
G: Agus b’shin an t-aon aidhm amháin a bhí aici ina saol: go bhfeicfeadh sí mise ag déanamh go maith sa saol. So, i mí Eanáir, mile naoi gcéad seasca naoi d’éag sí agus cheapas go raibh an domhan thart.
M: Sea
G: Raight. Bhíos fiche bliana d’aois. Bhí cúigear níos óige ná mé sa bhaile. Ní raibh ‘fhios agam cad a bhí I ndán dúinn in aon chor. Agus bhí…
M: Ar fhan…ar fhan an rud sin i bhfad leat?
G: Tá sé liom fós, caithfidh mé a rá.
M: Ag cath i ndiaidh do mháthair? Tá?
G: O tá, tá.
M: Agus cá raibh d’athair? An raibh sé thall nó thuas an uair sin nuair a fuair sí bás?
G: Bhí sé trína chéile ach d’éirigh sé … tháinig sé chuige féin ana-thapaidh ina dhiaidh sin agus d’imigh sé ar ais ag obair i Sasana trí sheachtain tar éis di bás a fháil.
M: An riabh tusa ag fáil an litir registered lán le airgead uaidh?
G: Bhuel, do bhí. Bhuel.. mo aintín ( a dheirfiúr) a bhí dá dhéanamh. Bean álainn séimh ba ea í. Ach ní fhéadfadh sí seisear dínn a láimhseáil. Bhíomar réabhlóideach agus cainteach agus rudaí mar sin.
M: Agus cé a thug aire don seisear agaibh mar sin, Gerry?
G: Bhuel, bhí triúir againn sa bhaile. Mise an duine ba shine, mo dhearthair, Frank, a bhí ag déanamh meicneoireachta ag an am, agus mo dheirfiúr Áine a bhí ag dul ar scoil. Agus bhí triúir eile ansin. Do chuireamar amach iad go dtí uncailí éagsúla timpeall an bhaile.
M: Sea.
G: Agus tógadh iad le clainne difriúla.
M: Hmm
G: Agus em bhris sé suas an chlann chunna fhírinne a insint. N raibheamar riamh chomh dlúth is ba chóir do clan a bheith.
M: Ní raibh? Huh
G: No.
M: Cosúil le niuair a deir tú go raibh an oiread sin aithne ‘at fhéin ar d’athair ar a chéile, is dócha nach raibh an oiread aithne ar dhearthaireachaí agus ar dheirfiúrachaí ar a chéile go raibh siad níos sine.
G: Ach amháin agam féin mar nár mhúineas gach duine díobh ach amháin an duine ba chóngaraí dom. Mhúineas mo dheirfiúr agus do mhúineas triúr dearthair nuair a thosnaíos ag múineadh.
M: Nuair a thosaigh tú ag múineadh.
G Yeah.
M: Muise, mhúin.
G: Agus nuair a thosnaíos ag múineadh, thisaigh mé sa Chlochar I Mainistear na Corran agus go múineadh mo dheirfiúr agus ní raibheas ach b’fhéidir cúig bliana níos sine ná í. Agus bhí mo mháthair imithe ar shlí na fírinne so do bhínn ag tabhairt amach do mo dheirfiúr ag an scoil.
M: Bhí saol sách crua ‘at. An raibh aon chineál.. níl mé ag iarraidh a rá ró-dhomhain é, … mímheas ‘at ar d’athair mar gheall ar nach raibh sé ansin i gcónaí?
G: Bhuel. Do bhí. Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán meas agam ar m’athair. Cheapas do raibh sé leithleachas é sin dúinne. Agus nuair a bhuaileas leis, dúras leis go minic é. Now, dheineas ana-iarracht níos déanaí I mo shaol, nuair a phós mé fhéin, go mbeadh ceangail idir é féin agus mo pháistí ach do theip orm chun na fírinne a insint.
C: 10:00 – 15:00
M: Tá ‘fhios ‘am.
G: Agus tháinig sé abhaile ar deireadh i naoi déag seachtó haon. Fuair mise jab dó. Agus d’fhan sé go dtí naoi gcéad nócha dó go dtí go bhfuair sé bás. Agus d’fhan sé le mo dheirfiúr.
M: Sea. Fuair dearthair eile leat bás, an, an-luath sa saol agus é an-óg.
G: Fuair. Yeah. Gárda ab ea Frank. D’éirigh sé as an meicneoireacht. Theastaigh uaidh I gcónaí bheith ina ghárda agus fuair sé post álainn in aice le Conna in oirthear Corcaigh. Agus oíche amháin glaodh amach é chun troid idir fear agus a bhean chéile a bhriseadh suas agus thit sé marbh de thaom chroí os comhair na beirte.
M: Cé aois a bhí sé?
G: Traocha hocht a bhí aige agus triúr iníon aige fágtha ina dhiaidh agus bean chéile ó Loch Garman. Agus…er…ní dóigh liom go…ó …Do phós a bhean chéile arís cúpla bliain ina dhiadh sin ach baineadh geit uafásach asainn go léir nuair a fuair sé bás. Is cuimhin liom nuair a chuala mé. Fuaireas glaoch abhaile ag a cúig a chlog ar maidin ó mo dheirfiúr agus dúirt sí liom: Tá sé marbh agus cheapas gur mo athair a bhí i gceist aici. Ach mo dhearthair a bhí i gceist.
M: Agus…an bhfuil aon imní ort ná ag an gcuid eile agaibh faoi an..an pian chroí mar a deireann siad? Le do mháthair…eh …le do..le do dhearthair agus oiread? An bhfuil sé ‘ rith ionaibh agus an bhfuil sé ag rith ins na glúine romhat meas tú?
Go mbeannaí dia daoibh agus tá céad míle fáilte romhaibh isteach…
Nuair a fhoghlaimímid teangachaí ba mhaith linn bheith in ann comhrá breá a bheith againn le duine sa teanga sin. Ba mhaith linn aithne a chur ar dhaoine agus níos mó a fháil amach faoina gcultúr uathu. Ba mhaith linn bheith flúirseach, ní amháin le píosa páipéar le A air ach le scil agus frásaí agus muinnín agus tuiscint conas comhrá a dhéanamh. Ach cén chaoi?
1. Éist, éist, éist.
2. Déan aithris air.
3. Bain triail as.
Seo samplaí (go leor acu) de conas comhrá a dhéanamh.
Bain taitneamh astu: Cuardaigh Comhrá i Youtube.
Seo sampla amháin:
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an comhrá i láthair. Cuirfidh tú aithne ar dhaoine ann. Cloisfidh tú ghnáthshaol daoine, a scéalta, ceol, agus béaloideas. Feicfidh tú ár mbealach féin, ár meon aigne, ár stíl féin: rud nach féidir a fháil go minic ó théacs.
Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Ba mhaith leo comhrá a dhéanamh le daoine eile. Tá daoine ann a bhfuil Gaeilge ón scoil acu ach ní cheapann siad go mbeadh siad in ann abairt a chur le chéile, ná bac le comhrá a dhéanamh le daoine. Deirim leo gur fiú go mór éisteacht le Máirtín Tom Sheáinín ar TG4 go rialta. Má táimid dáiríre faoin dteanga, caithfear a thaispeáint do dhaoine conas dul ag caint leis na daoine in aice leo mar tá Gaeilge ag beagnach chuile dhuine in Éirinn. Freisin, do na daoine thar lear, is áis iontach í!
Is féidir ceacht a dhéanamh ar chomhrá amháin gach seachtain agus frásaí a fhoghlaim uathu. Tá sé i gceist agam é sin a dhéanamh le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge. Domsa, tá comhrá i bhfad níos tábhachtaí ná scrúdaithe. Is rud nádúrtha é cumarsáid a dhéanamh le daoine eile sa teanga. Tá Máirtín Tom Sheáinín iontach nádúrtha leis na daoine anseo sna físeanna. Tá Gaeilge Chonamara aige agus meascán le fáil i measc na daoine atá ag caint leis anseo.
Tóg d’am. Roghnaigh ceann amháin gach seachtain agus ar aghaidh linn.
Seo Máirtín ag casadh amhrán daoibh mar Bonus beag 🙂
Ansin, leis an méid a d’fhoghlaim tú cuir fáilte roimh duine éigin. Tosaigh le ‘Céad fáilte romhat, a …’
Suigh síos. Lig bhur scíth agus cuir ceisteanna ar dhaoine faoi rudaí a rinne siad ina saolta.
Chonaic mé an pictiúr seo ar Twitter seo le déanaí agus thaitin an smaoineamh go mór liom.
Ba mhaith liom Gaeilge a chloisteáil ar na scráideanna, ins na siopaí, i gcaféanna, i ngach áit. Mar sin ins na seachtainí atá fágtha againn i mBliain na Gaeilge (agus as seo amach) an féidir linn spreagadh a thabhairt do dhaoine an méid Gaeilge atá acu a úsáid?
1. Ba chóir do na daoine ins na siopaí tosnú le Fáilte go …. (ainm an tsiopa)
2. Ba chóir go mbeadh comhartha le feiceáil go soiléir i siopa leis na praigheasanna air.
Mar shampla i gcafé:
Coffee 7€
1 Coffee plz 6€
Caife 5€
Caife amháin 4€
Caife, led’ thoil 3€
Lá deas. Caife amháin, led’ thoil 2€ …
Haigh. Conas atá tú? Táim ag iarraidh cupán caife led’ thoil 1€
3. Má iarrann duine cúnamh leis an bhfoghraíocht, bíodh píosa páipéar le fáil le cúnamh (foghraíocht le Phonics) ann.
4. Ba chóir go gcuirfeadh duine sa siopa ceist ar dhaoine cosúil le
An bhfuil gach rud ceart go leor? nó An bhfuil sé go maith? (má tá siad ag siúl thart) nó
An raibh gach rud ceart go leor? nó An raibh sé go maith? (ag an deireadh roimh an tairgead a bhailiú)
5. Ag an deireadh agus daoine ag fágáil na háite ba chóir go na daoine a bhíonn ag obair ann a rá rud éigin cosúil le
Slán anois. Go raibh maith agat.
Spreagadh don scéim.
D’fhéadfadh daoine ó na stáisiúin raidió dul timpeall go na siopaí le féachaint ag bhfuil sé ag obair agus duaiseanna agus moladh a thabhairt do na siopaí is fearr.