Níl sé ceart, ar ndóigh: an G sin sa ‘Guit’ mar atá i ‘Gilead.’
Dia duit a fheicimid ach níor chuala mé Dia duit ó dhuine ar bith sa Ghaeltacht riamh. Dia dhuit a chloisim. Fiú ar scoil, níor chuala mé Dia duit. Sin a bhí ar an leathanach ach Dia dhuit a léigh an múinteoir amach agus Dia dhuit a dúramar. Níl fhios agam cén fáth nach scríobhaimid dhuit in áit duit, mar dhuit a deirimid.
Go minic is daoine ag foghlaim ar dtús, níl an fhuaim dh acu agus fuaim g a thagann uathu. Níl siad ceart. Ach muid ar fad ag foghlaim, nach ea?
Fiú sa Bhéarla, cheapfá gur Jilead in áit Gilead a bheadh ann mar fhuaim leis an litriú Gi sin i nGilead. Seans nach dtugaimid sin faoi deara fiú. Tagann an fhuaim amach mar a mhúintear dúinn í, is cuma céard atá ar an bpáipéar. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Nuair a bhíomar ag foghlaim ar scoil, mhúin siad Dia duit dúinn mar bheannacht. Sin atá i mbeagnach gach téacs is daoine ag foghlaim Gaeilge. Freagra? Dia is Muire duit. Sin a deirtear, ar siad linn. Beannacht traidisiúnta, ar siad.
Is breá liom traidisiún is muid ag caint ar cheol nó rince. Mheas mé fhéin (ní féin – níl sé nádúrtha dom) nárbh shin ár dtraidisiún. Múinte dúinn ar scoil. Na mná rialta a mhúin mise, na Bráithre Críostaí a mhúin mo dhearthaireacha: nach raibh vested interest (vestido, invested, sheep’s clothing) acu sna frásaí seo?
Bhí agus tá, ar ndóigh!
Is mé ag múineadh daltaí ón Araib Shádach, labhair siad liom faoina dtraidisiúin. Thaitin a dúirt siad liom go dtí gur úsáid siad ‘traidisiún é’ le cosc a chur ar shaoirse na mban a mhíniú. San India is muid i dtuaisceart na tíre, níl fhreagair fear aon cheist uaim. D’fhreagair sé m’fhear céile nuair a chuir mé an cheist air. Ní traidisiún sin. Sin guth agus aitheantas a bhaint díom mar is bean mé. Mar an gcéanna leis an mburka. Glanann sé an bhean amach ón scéal. Mar a bhí mná Éirebrushed as stair na hÉireann.
Mar sin, mínigh arís dom an Dia dhuit seo. Cad a chiallaíonn sé? An gcloistear daoine ag rá God be with youAGUSGod and Mary be with you mar fhreagra air go minic sa Bhéarla? God be with you cloiste go minic againn ón altóir ach ní ag daoine ar an tsráid. God bless you coitianta ach ní God and Mary bless you mar fhreagra air. Ní labhraíonn muid mar sin. Labhraíonn na sagairt mar sin.
Cad a d’fhoghlaim muid anseo? Mhúin an Eaglais atá fós i gceannas ar 90%+ de scoileanna na tíre frása dúinn ar leo é. Múinte do gach páiste sa tír le fada fada an lá. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn. Ach níl sin ceart. Níl sé de cheart acu sin a dhéanamh. Sin iompúchán agus ní chóir go mbeadh spás dhó sin sna scoileanna.
Agus Gilead? Sin an tír sa scéal le Margaraet Atwood, The Handmaid’s Tale. Beannachtaí acu a mhúineann siad le chuile dhuine ann: Blessed be the fruit. Freagra: May the Lord open. Múinte ann: Lord, sin té le cumhacht nach féidir a cheistiú. Fireann, ar ndóigh. Bean? Níl inti ach fruit. Tortha. Ní duine. Cead ag fir í a oscailt. Níl guth ná cearta aici. Focal deas, tortha. Milis. Ansin le ceadú a thabhairt d’fhir mná a éagnú: i bhfad ó mhilis an bhrí leis. Ainmneacha bainte de na mná i nGilead agus ainm an fhir ar leis í tugtha do gach bean. Anseo san bhfíseán, tugann siad faoi deara go bhfuil siad róchleachtaithe leis an saol nua agus cuimhníonn siad cé hiad i ndáiríre. Cumhacht ag focal agus ag ainm.
Níl beannacht ar bith eile ceadaithe seachas Blessed be the fruit. May the Lord open nuair a bhuaileann tú le bean i nGilead. Níl cead ag páistí tada a rá seachas Dia duit is Dia is Muire duit is iad ag foghlaim Gaeilge ar scoil in Éirinn. Sin a tharlaíonn. Admhaigh é.
Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Admhaigh nach bhfuil sé ceart. Aithin é. Athraigh é. In am sin a athrú.
Ireland’s Call. Sin atá daoine ag iarraidh mar Amhrán Náisiúnta nua. B’fhearr liom féin Amhrán Dóchais.
Glaoch eile atá anseo. Glaoch ar dhaoine in Éirinn an rud ceart a dhéanamh do na Magdalenes. Glaoch an fód a sheasamh ar son saoirse na tíre. Nach dtarlóidh seo arís. Nach mbeidh cumhacht fanta sa tír ag an dream a bhris an saol do na Magdalenes. Céasadh a bhí ann. Ní thuilleann dream mar sin meas ná cumhacht níos mó.
Fan. Feic an náire sin. Ní muidne a rinne é. Níl brón uathu. Tá freagracht uathu. Is sin rud nach bhfuil siad ag fáil.
Le tuiscint, ní thuileann an garda thuas an barróg sin. Dáiríre, ní thuilleann. Is cuma más é do mhac nó do dhearthair nó do chara nó d’athair é. Muna bhfuil sé agus na gardaí eile sa tír amuigh amárach ag treabhadh le na leanaí eile in áiteachaí ar nós Tuaim (is tá neart acu ar fud na tíre) a aimsiú is cás a thabhairt in aghaidh na hEaglaise agus in aghaidh na gardaí iad féin a thabhairt os comhair na cúirte, níl an barróg tuillte.
Agus muid ag caint i ndáiríre freisin, ní thuilleann múinteoir ar bith sa tír barróg uathu muna bhfuil siad sásta an fód a sheasamh le rá leis an Eaglais nach bhfuil fáilte leis an Eaglais againn ina scoileanna níos mó. Dáiríre. Nuair a cheadaíonn sibh don Eaglais dul ar aghaidh i ndiaidh a rinne siad do na Magdalenes, sin masla do na mná seo ar fad. Tuairisc ann inniu le bean acu ag rá nach raibh fonn ar chuid de na Magdalenes teacht ar ais go hÉireann riamh arís. Is tuige? Níl rudaí aithrithe anseo. Tá 90%+ de na scoileanna ag an Eaglais fós. Amárach, seas an fód i do scoil agus abair leo nach bhfuil tú ag múineadh reiligiúin agus nach n-athnaíonn tú údarás ar bith uathu. Má dhéanann tú sin, beidh barróg ó na Magdalenes tuillte agat.
Mar an gcéanna le ospidéil, tithe altranais srl. Caith an Eaglais amach. Feicthe agam an chaoi ina dtóg siad mná ag an séipéal sa teach altranais ina raibh mo Mhaim agus mo Dhaid. Cuid de na mná ann, seans mhaith go raibh siad i Magdalene fadó, agus ag deireadh an saol acu ní raibh éalú fós ó ghreim na hEaglaise. Sibhse ag obair sna háiteachaí sin, bainigí na siombail den Eaglais ón áit. Bíodh sláinte, ní iompúchán ag na daoine ansin.
Glaoch mar sin.
Is iontach an rud ar fad fáilte a chur rompu, le rá leo go bhfuil grá againn dóibh, ACH go dtí go bhfuil Stát & Eaglais scartha againn agus freagracht faigthe as a rinne siad do na Magdalenes, níl rudaí athraithe. Ní leor focail. Cuir an grá ag obair le Éire nua saor ó ghreim na hEaglaise. Seas an fód. Sin grá.
Meáin: is trigger é an Angelus. Faigh réidh leis.
Rialtas: Scar Stát/Eaglais. ANOIS.
Taispeáin grá dóibh sa chaoi is fearr. Le athrú. Le saoirse. Le Daonlathas in áit an diabhal Dialathas atá fós againn.
But you follow Catholicism in Ireland? a d’iarr fear ó tSín orm le déanaí.
Ní LEANaimid é. Níor roghnaíomar é.
Agus inné, nuair a roghnaíomar Tá v Níl, b’shin Grá v Fuath.
Agus leis an bhFuath sin bhíomar ag caint faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn: a Ethos, a greim ar na tír, a rinne siad do mhná na tíre.
Dúramar NO láidir leis an Eaglais.
Níl cead agaibh bheith i gceannas orainn níos mó!ar muid.
Grá v Fuath. Bua ag grá.
Grá do mhná. Grá don tír. Grá do shaoirse, rud nach raibh againn is iad i gceannas.
Tá seo le tuiscint mar sé fuath ban bun agus barr na faidhbe agus tá rudaí le ceartú mar tá Dialathas fós againn.
Beidh seo deacair do dhaoine nach dtuigeann Eaglais na tíre seo. Dóibh siúd atá fós dall lena mhúin an Eaglais dóibh. Dóibh siúd le cumhacht mar sin a thug an Eaglais dóibh.
ACH do dhaoine le croíthe móra agus misneach, tá sé éasca a thuiscint mar seasann an Eaglais d’fhuath is cruálacht is níl faitíos orainn sin a rá níos mó. Fuath a mharaigh Savita, a chuir leanaí faoin talamh i dTuaim, a ghoid leanaí ó Mhaithreachaí is a dhíol na leanaí, a chuir mná ag éalú thar sáile faoi rún le aire a thabhairt dá sláinte. Cumhacht as smacht, lán le fuath ban.
Tá na scoileanna is ospidéil acu agus CAITHFEAR sin a cheartú. Beidh gá le réabhlóid, a mhúinteoirí, le Boycott ar reiligiún i scoileanna muna bhaineann an Stát cumhacht ón Eaglais.
Seo bua i gcath ach tá cogadh romhainn. Beidh an bua ag grá arís.
Gearrchaille: sin a ghlaoigh mo Dhaid orm. Cailín ar eolas ag chuile dhuine. Focail deasa. Ach Cailleach? Míthuiscint faoin bhfocal sin mar … bhuel …rinne ‘Oideachas’ na tíre an-dochar ansin. Dúchas caillte againn.
Is breá liom Dúchas.ie Is aoibheann liom atá le foghlaim ann ó am go ham ann faoin ár nósanna féin. Ríshoiléir, faraor, go bhfuil lámh láidir na hEaglaise ins na rudaí a d’fhoghlaim is a scríobh an chuid is mó de na gasúir ina chóipleabhair fadó. An nós sin ag leanúint ar aghaidh i scoileanna fós.
Nach raibh mé féin ciontach ann chomh maith is mé i mo mhúinteoir bunscoile! Dúradh linn go raibh orainn sin a dhéanamh, is cuma céard a chreid muid féin. An córas sin fós ann. Iompúchán láidir a scriosann ár scéalta féin. Dúchas glanta amach is bolscaireacht na hImpireachta ann in áit ár noidhreacht féin. Neart le ceartú.
Féach a chonaic mé ar maidin ar Dúchas.ie
Féach an difríocht idir a scríobh Cathal agus a scríobh Niki. Bheadh an freagra céanna is atá ag Cathal ag beagnach gach fear in Éirinn. Tá drochmheas san bhfocal sin Hag buíochas le fuath ban is aineolas ó go leor áiteachaí, fiú ó Disney. Ní shin a bhí i gceist ag Cathal, déarfainn. Ach caithfear a thuiscint, nuair a chloiseann daoine an focal sin smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr.
Is muid ag déanamh caint ar #MeToo, caithfimid a thuiscint cé as a thagann an fuath is an chumhacht sin a loiteann mná. Is féidir domhan níos fearr a chruthú le oideachas. Cloiste againn go minic. Is féidir, cinnte. ACH, is féidir fuath agus drochmheas a chruthú le ‘oideachas’ freisin. Sin an fhadhb. Sin atá ag tarlú leis na gcianta.
Impireacht amháin nó impireacht eile, cumhacht amháin nó cumhacht eile. Sin atá againn. Deireann siad le mná go bhfuilimid lag agus go bhfuil na fir i gceannas. Le stair a fhágann muid amach ón scéal. Le creideamh nach dtugann meas dúinn ach a ghléasann an feall sin le Sibh níos tabhachtaí: sin an fáth a chaithfidh muidne, na fir, ‘aire’ a thabhairt daoibh. Deireann siad an rud céanna le mná san Araib Shádach.
Thaitin freagra Niki ar Dúchas.ie go mór liom. Tuiscint iomlán difriúil ag fear agus ag bean ar an bhfocal sin Cailleach in áit amháin ar maidin. Chuir sé gliondar orm sampla mar sin a fháil. Bronntanas na Nollag dom.
Seo a scríobh sí
Nach álainn sin.
Nuair a chloiseann daoine an focal Hag smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Nuair a úsáideann daoine an téarma witch huntsa pholaitíocht, fir de ghnáth, tá siad ag déanamh dearmad air nó is cuma leo faoi na mílte cailleachaí a chuireadh chun báis sa stair mar bhí siad cliste agus níor thaitin sin le fir. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr. Tá cumhacht ag focail. Demonization a tharla ar scoil de na focail againn agus an bhrí leo. Bhain siad brí dár ndúchas. Níos measa fós, mhúin siad fuath dúinn ar ár gcultúr féin. Thóg siad rud maith is rinne siad drochrud de. Mar? Sin fuath ban ag obair.
Salem, Woody? Dáiríre?! Chuaigh tú ansin?! Náire ar bith ar na diabhail a ghoideann ár stair uainn.
Nuair a d’úsáid siad an focal illegitimate ar scoil agus sa séipéal, mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh tuismitheoirí acu a bhí pósta in Eaglais. Mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh baistithe chomh maith. Saint, airgead, cumhacht is cúis leis sin. Ach an dochar!!! Fuath, eagla, náire an arm acu. Is mhúin siad an ‘oideachas’ sin go láidir le greim acu ar an dtír ar fad (atá fós acu).
Mar gheall ar an bhfuath, an drochmheas, an dehumanization sin, tá na Tuam Babies agus na Magdalenes agus drochdlíthe againn. Tá fir is mná sa tír nach dtuigeann céard is cailleach ann. Hag, ar siad. Seans mhaith nach dtuigeann siad cé as a tháinig an focal sin. Caithfear dul thar lear nó éalú ó ghreim na hEaglaise ar bhealach éigin le tuiscint an luach atá san bhfocal is inár gcultúr féin.
Inniu Lá Nollag. Nollaig Shona, a chairde. Céard atá ar eolas againn, sinne na Gaeil, faoi?
Ar chuala daoine in Éirinn faoi Alban Arthuan? Ainm eile ar Ghrianstad an Gheimhridh atá ann. Céard atá ar eolas ag daoine in Éirinn faoi Yule (roth na bliana)? Cearchall sa tine ar feadh 12 uair a chloig in ómós don Mháthairdhia. Baineann an nós le torthúlacht. Cuireadh luaith sa gháirdín an lá dár gcionn. Bhfuil sé ar an gcuraclam? Ar cheart féilire a bhunú ar mian na bPápaí nó ar an Nádúr, ar na séasúir?
Chrochadh daoine réalta, maisiúcháin dhearg srl ar chrann fadó mar shiombal d’áilleacht agus cumhacht na spéirthe os ár gcionn. Chrochadh siad rudaí air freisin i gcuimhne ar dhaoine a d’imigh rompu. Le meas. Nach álainn sin. Do chailleachaí agus gach duine ar shlí na fírinne. Tugadh bronntanaisí do na déithe. Nós lán le meas don Nádúr. Na réinfhianna? Baint acu le Pan. Elves? Na sióga. Ná déanfaimis dearmad ar an stair, ar ár ndúchas i gcodarsnacht le bolscaireacht na himpearachta.
Mar sin, is fir ag iarraidh #MeToo agus conas ar tharla sin ar fad a thuiscint, tosaigh le fuath ban a thuiscint agus cé as a thagann sé. Dúradh liom le déanaí nach mbeadh grúpa (fir amháin) compórdach bualadh liom. Tuigim nach raibh dochar i gceist ag an bhfear a dúirt sin liom. Is breá liom é is tá sé ag iarraidh an grúpa a shásamh le focail a míneoidh mar atá rudaí dom. Meas aige féin orm ach… bhuel, tuigim… raight? Tuigim. Tuigim rómhaith. Ná féach in aon áit eile, ar mhaith liom a rá leis. Foinse na faidhbe agat ansin.Ná glac leis sin. Tuig an feall agus an dochar ann. Tabharfaidh mé seans dó. É fós ag foghlaim. Deacair do dhaoine feall chomh mór seo a thuiscint go tobann.
Focail & Brí
Tugtha faoi deara agam ag deireadh na bliana gur bhain focail nua stádus oifigiúil amach i mbliana. Ionadh orm faoi mar bhí uair ann a bhí mé lánpháirteach i ndíospóireachtaí faoi chúrsaí mar sin ar Twitter. Sin sula bhfuair daoine amach gur bean a bhí ionam agus nár thaitin liom Ethos na hEaglaise i bhfocail ar nós Ginmhilleadh sa bhfoclóir. Tháinig ionsaí nimhneach ó fhear amháin i SAM, rath feirge ó fhear eile in Éirinn (an t-aon duine a bhí orm a bhlocáil riamh ar Twitter), agus bhí mé blocáilte ag fear amháin le grá mór aige don Eaglais ar Twitter. An ceann deireanach ansin an ceann a rinne an jab a bhí uathu: mé a choinneáil amach ón gcomhrá. Cliste.
Mar sin, ceist agam ar focloir.ie: cad é an % de mhná a chabhraíonn le focail nua a cheapadh a ghlactar leo go hoifigiúil? Chuala mé léacht ó fhear as Maigh Nuad i UCLA faoin stair a bhaineann leis na foclóirí againne. Fir i gceannas ar iad a chur le chéile. Le fada. Bhí Máire Mhac an tSaoi ag tabhairt amach faoi. Dhéanfainn jab níos fearr air, ar sí. An ceart aici. Neart le ceartú. Cothrom na féinne, leads. Tá #MuidneFreisin anseo. Guth uainn.
Ba bhreá liom bheith saor agus Gaelach. Ní féidir liom bheith Gaelach i ndáiríre gan saoirse. Tá aineolas san mbealach ar sin. Foinse na faidhbe. ‘Oideachas’ v dúchas.
Ná caill an bhrí le Cailleach. Ná bíodh eagla ar dhaoine roimpi. Ná múin sin d’éinne. Ná glac leis.
Meas, a chairde. Sin an méid atá uainn.
Nollaig Shona, a chairde. Bímis Saor agus Gaelach. Seas an fód do mheas agus grá.
Cuireadh ceist orm go poiblí le déanaí faoi #MeToo agus a tharla faoi Weinstein i Hollywood. Ceist mhaith. Duine na bliana an ghluaiseacht #MiseFreisin sin. D’fhreagair mé ag an am nach i Hollywood amháin a tharlaíonn sé agus ní anois amháin. Ann i ngach áit agus ag tarlú ó bhí daoine ar an domhan seo, seans mhaith.
Ní chreidim go mbeidh réiteach ar an bhfadhb (fuath ban agus ionsaithe orainn a bhaineann luach agus brí dínn is a ghortaíonn muid go tréan arís is arís is arís eile) go luath. An iomarca le déanamh againn sa troid in aghaidh gnéasachais atá i ngach tír ar domhan.
Briseann daoine muid chuile lá beo le maslaí, le neamhaird, le crúalacht a deireann linn nach fiú tada sinn. Demeaned, Rialaithe, Feargach: ligimis dóibh a thuiscint nach nglacfaimid leis sin níos mó. Ní stopfaidh mé riamh ó bheith ag labhairt amach faoi. Mar caithfimid.
An Mean i DeMEANed
Níor tháinig mé ar Ghaeilge ar an mBéarla Demean a shásaigh mé. Dhá bhrí le mean agam anseo. Cruálach: Don’t be so mean! Brí: What does it mean? Does my existence mean something? Fite fúite le chéile. Cruálach ar fad brí a bhaint de dhuine. Briseann is maraíonn fuath ban muid is nílimid in ann dul ar aghaidh ná tada a rá faoi go dtí go dtagaimid ar an mbrí atá ionainn féin. Le misneach, le cúnamh ó mhná eile a thuigeann.
Maslaithe, curtha inár dtost, brúite ag focail is ionsaithe, éignithe sna mílte chaoi: níl gá le burka le cumhacht a bhaint de mhná. Tá an scil sin go foirfe ag fir atá ag cleachtadh conas muid a dhéanamh dofheicthe le fada, fada an lá.
Is minic a bhaineann fir (agus mná a shlogann siar an tseafóid a scaipeann siad) an ghaoth dár seolta. Rómhinic. Is nílimid in ann bogadh ar aghaidh mar gheall air. Is cluiche atá sa saol do go leor fir is caithfidh siad an ceann is fearr a fháil orainn, dar leo. Sin bua, dar leo.
Fun Fact: sin a dúirt an fear a d’éignigh mé fadó. Nuair a bhí sé críochnaithe, dúirt: Fuair mé an ceann is fearr ort anois sular fhág sé an carr lena mhún a dhéanamh ar thaobh an bhóthair.
Ach tá an fhadhb i bhfad níos measa ná sin. Forleathan. Coitianta. Diongbháilte. Baineann daoine, fiú iad a cheapann go bhfuil grá mór acu dúinn, an ghaoth dár seolta lena bhfocail go mion minic. Mar a dhéanann fógraí mórthimpeall orainn.
Raight. Anáil isteach, anáil amach.
An Riail i Rialtas
I walk the line ♫, a chan Johnny Cash. Tá líne ann dúinne. Líne a cheanglaíonn muid is a choinníonn smacht orainn. Líne a thachtann muid.
Ní ghlacaim le línte mar sin. Dlí na tíre, dlí na hEaglaise, dlí nach bhfuil scríofa ach tuigeann gach duine é mar nuair a thrasnaíonn tú an line, aireoidh tú é mar bhuille a bhainfidh d’anáil is do mhisneach díot. Cosnaíonn na línte sin daoine ar nós Weinstein. É gafa anois ach i Rehab deas agus gan brón ar bith air. Scrios sé mná. Mhill sé iad. Iad beo ach damáiste ann nach féidir a dheisiú. Agus fulaingt. Fulaingt nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo. Go leor, leor acu. Níl an dlí ann le mná a chosaint. Tuig sin. Aithin é. Admhaigh é. Athraigh é.
Na Magdalenes gan saoirse le gardaí na hImpireachta. Sin sibh, gardaí! An ndúirt sibh go raibh brón oraibh?
Níl meas agam ar rialtas a ligeann d’Eaglais (lán le fuath ban is ciontach as stair fhada d’uafáis) bheith i gceannas ar oideachas is roinnt mhaith de shláinte na tíre. Ná níor cóir d’éinne meas a bheith acu ar rialtas mar sin. Is tá ar an tír dúisiú.
Riail: An Reacht in Impireacht
An fhadhb is mó ag mo thír le fada, fada an lá: impireacht amháin nó impireacht eile nó impireachtaí ag rá linn nach fiú tada sinn! D’éignigh Sasana Éire. Abair é. Os ard. Foghlaim faoi anseo. Tá impireacht na Vatacáine fós ag éigniú Éire. Aithin é. Abair é. Os ard. Níos deacra, raight? Mar tá a greim chuile háit. Bhur bpáistí ina scoileanna. Bhur dtuismitheoirí ina nospidéil. Tuig chomh mór is atá an chumhacht sin. Ná déan dearmad ar a rinne siad is atá siad fós ag déanamh. Bhí an ceart ag Sinéad O’ Connor. Thuig sí.
Níl meas agam ar shagairt ná easpaig mar tá baint acu le dogma lán le fuath ban. Fhad is a fhanann siad le himpireacht nach dtugann meas do mhná, níl meas agam orthu.
Ní bheidh mé ag glaoch Father nó Sister nó Brother nó Reverend ná seafóid eile mar sin orthu mar tuigim an fhaladhúdaíocht ansin. Bhí bean le déanaí ag rá go raibh a Daidí Pro-Life agus thug mé faoi deara nach raibh fonn ar dhaoine sin a fhreagairt. D’fhreagair mé é le Tá do Dhaidí mícheart agus míniú cén fáth. Ach deacair sin a dhéanamh. Níl sé múinte, ceapann daoine. Tuig an chumhacht ag bheith múinte.
An FEAR i bhFEARg
Dhá bhrí ag FEAR agam sa tideal sin. Eagla sa Bhéarla. An EAGLA in EAGLAis srl. An eagla ar mhná nuair a thuigeann siad nach bhfuil seans acu sa saol mar tá an chumhacht ag na fir. Ceantrach. Is iomaí fear a imríonn cluichí orainn go mion minic le tabhairt le tuiscint dúinn go bhféadfaidh siad a rogha rud a dhéanamh linn. Freisin, ciallaíonn fear duine fireann. Rud a chuirfidh fearg ar fhir, cinnte.
Is déarfaidh fir, Ní GACH fear. Is an ceart acu. Ach ní shin an pointe. Sa chaoi céanna nach All Lives Matter an pointe le Black Lives Matter. An cuspóir ná eipidéim gan srian a nochtú. Sin atá ann. GML. Tuigim go bhfuil níos mó ná fear agus bean ann. Ag caint faoi gach duine gortaithe ag an gcóras seo atáim.
Anáil isteach, anáil amach.
Níl fearg ar mhná mar lámhsáil daoine ár gcuid tóineachaí i bpic. Maith agat, Alyssa Milano, as sin a mhíniú do dhaoine. Muid feargach mar tugtar le fios dúinn gur ghnáthrud seo ar chóir dúinn glacadh leis! Normálta! Tá orainn fanacht ciúin faoi?! Sin an rud múinte, múintear dúinn ar scoil (ar leis an Eaglais í).
Nuair a chloisimid an focal fearg, samhlaíonn muid fir de ghnáth. Muid cleachtaithe le smaoineamh mar sin. Mar atá mná cleachtaithe le bheith ciúin. SIN an feall. Ciúin agus dofheicthe. Ach tuig, TÁ FEARG orainn!
An PATER i bPatrúnacht
Is tusa Peadar agus ar an gcarraig seo…
Chuir sin Song of Granite i gcuimhne dom. Ceoltóir den scoth ach gafa lena shaol féin gan in ann smaoineamh ar a chlann. Ba cuma leis. D’fhéadfadh sé ceol a dhéanamh faoi fhulaingt dochreidthe a shinsir agus daoine a chur ag caoineadh leis an mbrón sa ghuth aige. Ach ní leor sin. Shábháil sé nós. Éacht. Thréig sé a chlann. Feall.
Is sin an rud. Is féidir le daoine focail milse a rá, dánta a scríobh, greim a fháil ar do thír ar fad le caint ar Dhia éicinnt. Má dhéanann siad sin ar a mhaithe féin is gan meas acu ar na daoine is laige sa saol, tuig an feall.
Pearsanta arís anois. Mise freisin. Do na daoine ar fad san áit ina raibh mé ag múineadh a dúirt liom, Use your womanly charms to disarm them (dáiríre sin ráite liom!). You just have to put up with it. That’s just (insert man’s name here) srl, deirim, NO! Ná bígí comhpháirteach leis. Is cuid ollmhór den fhadhb sibhse a deireann sin. Tugann sibh cumhacht do bhullaíocht. Do na daoine a deireann Ach is rud beag sin. Lig leis, deirim NO!
Labhair amach. Ar an bpointe!
Maith í Alyssa Milano a mhínigh nach gcabhraíonn sé a rá nach bhfuil duine ag lámhsáil do thóin gan cead, gan cuireadh níos lú ná éigniú. Mar is éigniú é: It’s the micro that makes the macro, ar sí. An ceart aici.
Aithin, mar sin, gach uair a chuireann sibh pictiúirí amach le fir amháin ann mar glacann sibh go bhfuil na mná ró-chúlánta le bheith ann, gur cuid den fhadhb sibh. Tabhair misneach do na mná is athraigh an domhan. Ná fág amach iad ón nóiméad, ón stair, ón am atá romhainn.
Ar ais go Hollywood. Ní laoch Matt Damon níos mó mar is léir nach dtuigeann sé an fhadhb. Thug Minnie Driver íde béil dó. Tuillte aige.
God God, SERIOUSLY? There are so many men I love who do NOT frame the differentiation between sexual misconduct, assault and rape as an excuse or worse – our problem. AMEN ladies! – Minnie Driver le Matt Damon.
Mé ag rá Good God, SERIOUSLY? le go leor daoine na laethanta seo. Faoin tacaíocht acu do Trump. Faoin drochmheas acu ar chearta na mban. Faoin drochmheas ar dhaoine bochta. Galar atá againn, a chairde. Ná tabhair spás, tacaíocht ná ardán d’fhuath. Ná bí comhpháirteach ann. Oideachas, a deireann daoine liom. Sin an chaoi. Aontaím. Ach ní oideachas atá i lámha na hEaglaise. Neart le ceartú!
Is galar córasach é na hionsaithe ar mhná a tharlaíonn chuile lá beo agus is rud damanta fite fúite le foréigean é. Caithimid an galar a ghearradh amach mar a mhol Aylssa Molina. Tá sin ag tarlú anois gan ainéistéise. Leanár scéalta. Please send flowers, arsa Aylssa. Agus athrú iomlán sa chóras, a deirimse.
Ar aghaidh linn, sa treo ceart. Mar bhíomar ar strae ag glacadh lena dúirt na diabhail linn le fada. Caill iad agus faigh fíorchairde. Agus cearta. Agus freagracht.
MEAS do na MNÁ.
PS. Beidh Nollaig na mBan againn arís i 2018 agus beidh fáilte ann roimh na fir a thugann meas do na mná mar a bhí anuraidh. Seas an fód.
Psychological control is far greater than any kind of physical control - Niamh Ní Dhomhnaill
♫ You’ll be seven years a-ringing the bell; you’ll be seven more a-portin’ in Hell ♫
14 v 2.5
B’fhuath liom ceol Country & Western nó Folk is a leithéid. Stuf do na seandaoine agus na culchies, a cheap mé. Leadránach. I bhfad ó cool. Tada ann ach lead ag caoineadh faoi bhean a thréig é nó rud mar sin. Feicthe agam anois an chumhacht i scéalta sna hamhráin sin nach raibh ceadaithe caint fúthu in aon áit eile agus, faraor, go bhfuil rithim an tabú is an cruachás sin fós linn le NÁR tharla do Tom Humphries.
Ar maidin anseo ar scoil dom, bhí fear ón tSín atá ag foghlaim Béarla liom ag iarraidh an focal insect a léamh. Tháing an focal incest óna bhéal trí thimpiste. Botún beag le fuaim, míthuiscint ollmhór sa bhrí. Ar nós an t-am le déanaí a bhí an dalta céanna ag iarraidh an frása I’ll keep in touch a úsáid amuigh sa domhan mór is dúirt sé lena dhochtúir I’ll keep touching you. Úps. Ó Béarla, nach tú atá contúirteach!
Ar aon chaoi, chuir an botún ar maidin mé ag smaoineamh ar incest. Ar thuig sé an focal? Bhí ionadh an domhain orm gur thuig. D’fhoghlaim siad faoi ar scoil sa tSín. Na huaisle i Sasana an comhthéasc sa cheacht sin a d’fhoghlaim sé fadó. Rud a tharla i dtír eile, ach ní sa tSín. Ar ndóigh, thuig sé go maith gur tharla sé chuile háit ach nach raibh cead caint faoi.
Sin a chuir mé ag smaoineamh ar an amhrán The Well Below the Valley, Oh.
Oh, go deimhin! COL an téama atá ann.
Seo na liricí (S=Scéalaí). Is fiú é a léamh le tuiscint cén fáth nach bhfuair Tom Humphries an píonós cuí:
Liricí
♫ S: A gentleman was passing by. He asked for a drink as he got dry.
Curfá: At the well below below the valley oh. Green grows the lily oh, right among the bushes oh.
Í: Me cup is full up to the brim. If I were to stoop I might fall in. Curfá.
É: If your true love was passing by, you’d fill him a drink as he got dry. Curfá
S: She swore by grass, she swore by corn, that her true love had never been born. Curfá
S: He said, Young maid, you’re swearing wrong for six fine children you had born. Curfá
Í: If you be a man of noble fame, you’ll tell to me the father o’ them. Curfá
É: There’s two of them by your Uncle Dan. Curfá
É: Another two by your brother John. Curfá
É: Another two by your Father dear. Curfá:
Í: If you be a man of noble esteem, you’ll tell to me what has happened to them. Curfá
É: There’s two buried ‘neath the stable door. Curfá
É: Another two near the kitchen door. Curfá
É: Another two buried beneath the well. Curfá
Í: If you be a man of noble fame, you’ll tell to me what’ll happen mesel’. Curfá
É: You’ll be seven years a-ringing the bell. Curfá
É: You’ll be seven more a-portin’ in Hell. Curfá
Í: I’ll be seven years a-ringing the bell but the Lord above may save me soul from portin’ in Hell. Curfá ♫
SIN SCÉAL! 7 + 7 =14
Bhí, agus tá, cosc ar chaint faoi na rudaí seo. Tá na fir i gceannas. Acu an chumhacht. Sa dlí, sa chóras oideachais inár nDialathas, agus sa ‘chultúr’ ina dtugtar meas do Chlub na Leads. Áthrú ar bith sa tír. Ón am a scríobhadh an t-amhrán, FÓS is féidir le bean dul go príosún ar feadh 14 bliain má fhaigheann sí réidh le síol a chuir duine inti nach raibh uaithi. Codnarsnacht le píonós 2.5 bhliain atá san nuacht anois, don bhfear ar ndóigh.
Uimhir eile: 800 +++
Déarfaidh lucht Pro-life, go gcaithfidh sí (san amhrán nó sa saol) an leanbh a bhreith ACH má tá sí singil agus ag iompar, níl seans aici sa saol in Éirinn. Pro-Life a bhí sna Bon Secours (ní Bon ná Secours) a chaith timpeall 800 leanaí marbh faoin talamh i gTuaim gan marc ná ainm ar an áit inar chuir siad iad. Ospidéal mór ag an gCORParáid lofa úd in aice le UCC fós. Tá Mother & Babies Homes againn ar fud na tíre le Mothers i ndaoirse i gceist agus Babies curtha i gcré gan meas madra orthu. Pro-life iad a ghoid leanaí ó na máithreacha is dhíol siad iad do Mheireacánaigh. Child-traffickers, dáiríre, a bhí iontu.
Cumhacht na hEaglaise in Éirinn: unBEARable
Conas éalú ón Psychological Control atá ag an EAGLAis sa tír seo is í fite fúite le rialtas na tíre i mbunreacht McQuaid, sna dlíthe, sna scoileanna (CEIST), ospidéil, an Angelus ag bualadh chuile lá beo ar na meáin ‘poiblí’ srl? NÍL aon éalú i nDialathas. Ní raibh rogha ag an gcailín san amhrán ach fáil réidh leo. B’fhearr fáil réidh lena héignitheoirí ach ní raibh an dlí ann le sin a dhéanamh. Tá ‘maithiúnas’ AN-LÁIDIR sa tír seo. Nach áisiúil sin! Níl meas madra ar an dtír ar mhná. Vessels iad. Don athair, don mhac, don uncail nó don chol ceathrar srl. Níos measa ná sin, ní hé go líonann siad í ar nós vessel a líonadh ach briseann siad í, arís agus arís eile le cumhacht agus fuath ban mar NÍ STOPANN ÉINNE IAD. Is tá sin FÓS ag tarlú! Le 2.5 bhliain do Tom Humphries. B’fhearr freagracht de shaghas éigin.
Ní leor 2.5 mar phíonós ar Tom Humphries. Ní col an choir ach éigniú. ACH nuair is mentor thú, tá tú in loco parentis ar bhealach. Dhá bhliain go leith? Sin masla. Sin éigniú eile. An difríocht idir dúmharú agus éigniú? Maraíonn siad thú le dúnmharú ach le héigniú, maraíonn siad thú freisin ach leanann tú ar aghaidh sa saol. An tráma leat go deo. Nuair a thugtar trua, meas, agus maithiúnas don éigneoir, sin lasc eile don bhean nó cailín a labhair amach.
Ní raibh col ceathrar ciontach san amhrán ach bíonn go minic sa saol. Rinneamar caint ar an bhfocal cousin as Gaeilge le déanaí. Cé as a tháinig an col i gcol ceathrar? Cosc? Is breá liom na ceisteanna sa rang seo. Chuamar ag cuardach san bhfoclóir:
Insíonn ár gceol ár stair. Is brónach an scéal é nach bhfuil saoirse againn fós! Bris an Dialathas agus bíodh dlí bunaithe ar chearta, ar mheas do mhná, ar fhreagracht againn in áit caint ar wickedness agus taboo. Aithin, Admhaigh, agus Athraigh an feall atá againn faoi láthair. Go dtí go mbrisimid ó shlabhraí na hEAGLAise, níl an tír saor.
AGUS ar son Dé, úsáid na focail cuí! Ná déan caint ar defilement (!) ar nós rud a tharla di (céasta). Abair gur éignigh sé í. Abair é go soiléir. Is tabhair trua di, ná dó! Is bíodh FREAGRACHT ann a oireann do choir atá (agus aithin seo) níos measa ná dúmharú!
An Mhaighdean: an chaoi le mná a íobairt do chumhacht fhearúil na hEaglaise
Is breá liom an tSeanmóir ar an Sliabh. Is fada ó shin An Eaglais Rómánach agus leagan McQuaid de go háirithe atá fós linn in Éirinn measacaithe le bunúsaíochas reiligiúnach nua ó na Stáit Aontaithe. An oiread dochair déanta ag an Eaglais in Éirinn thar na blianta, ceadaithe ag an Stát a thug cumhacht dóibh. I bhFAD ón teachtaireacht ar an sliabh, an cruálacht is fuath ban atá linn inár nDialathas a choinníonn cearta uainn.
Scéalta faoin bhfeall sa tír seo againn le fada.
Croitheadh millteanach nár scar Stát agus Eaglais. Iad fós fite fúite agus cumhacht ag an Eaglais is oideachas & roinnt mhaith de sláinte na tíre acu is a Ethos damanta.
An oiread sin saoirse anois? Níl! Sin rud nach dtuigim. An denial ar fad! Tá oideachas ag an Eaglais fós. ACH, a chairde, níl sé deacair a shamhlú don aos óg conas mar a bhí sé ansin mar tá sé fós mar sin! Iad ag fós ag caint faoi Unborn agus fós! tá an Eaglais céanna i gceannas ar ‘Oideachas’ agus ‘Sláinte’ na tíre agus níos mó. Her sacrifice was not in vain a cheap siad mar thuigfeadh daoine agus bheadh athrú ann. Bhí siad mícheart. Níor roghnaigh sí í féin a íobairt. Mharaigh dlíthe na tíre (Dialathas) í le drochmheas agus díbirt. Is níl athrú ann.
Scéalta na changelings againn le fada le deighleáil le leanaí caillte nár thug an Eaglais meas orthu. Sula raibh cuisneoir sa tír, bhí rath na sí ann nó gort neantógach Níl spás in dtír ‘bheannaithe’ do chearta agus tá gach bean nach bhfuil ina maighdean salach le meon aigne mar sin.
Fallen. Unmentionable. What would the neighbors think? An féidir linn GAN bheith ag caint faoi náire agus gan a rá go raibh an locht ar an tír ar fad. Mar níl an locht orainn ar fad. Tá an locht ar McQuaid agus Dev agus an Eaglais agus iad a thug agus a thugann cumhacht don Eaglais nár chóir a bheith aici. Is arm é náire le brí agus neart a bhaint dínn. Le muid a choinneáil in ísle brí. Troid atá anseo. Troid in aghaidh na hEaglaise. Eaglais atá iomlán cruálach: faisiteachas na hÉireann.
Cén fáth a tharlaíonn rudaí mar seo? Éasca: tá Daonlathas fós againn sa tír. Impireacht na Vatacáine atá lán le fuath ban. Ní raibh oideachas faoi chúrsaí gnéis sna scoileanna in am Ann Lovett is níl fós. Ní shin a Ethos. Is dóibh siúd a cheapann Oh, that was all in the past, things have changed: TÁ cúrsaí athraithe ACH tá siad ag dul in olcais. Sa bhaile agus thar lear. Neart caint faoin Unborn agus peacaí agus anois tá muid ag breathnú ar na Christian Warriors lena gceamairí ar a ngualainn acu le airgead ó na Stáit Aontaithe: Religious Fundamentalists iad agus tá na tactics acu fíorghránna.
Nuair a chonaic duine The Handmaids Tale le déanaí scríobh sé ar Twitter: Ireland’s heading that way. D’fhreagair mé Muid mar sin le fada: Magdalenes, Tuam Babies srl. D’fhreagair sé le, Oh right.
CONAS an féidir dearmad a dhéanamh ar sin?! Under the carpet leis. Tá an dallamullóg ar an tír AN-LÁIDIR agus gá géar le dúisiú. Go dtí go bhfuil Stát agus Eaglais scartha, ní bheidh saoirse againn sa tír seo agus leanfaidh an scéal seo ar aghaidh go deo.
Stigmata v Stigma
Bhí ana-chuid caint ar Stigmata agus Padre Pio nuair a bhí mé óg. Fear naofa, ar siad. Tá an Eaglais AN-tógtha suas le fulaingt. Bhí Mother Teresa freisin. Ar ndóigh, tháinig sí le caint linn faoin unborn freisin. Naomh a deireann siad fúithi fós. Ní hea.
Níl sé ceadaithe caint ar chailíní nach bhfuil pósta atá ag iompar ach mar chúis náire i scoileanna. Fós. Sin Ethos duit. Gléasfaidh siad suas an scéal le focail ar nós Trócaire scaití agus ná bíodh dul amú ort, creideann siad gur peacaí í. Caint ar bith ar an chúis leis. Scannal. Fallen. Ar nós Fallen Angels (Diabhail). Ní duine atá inti níos mó, dar leo. Chonaic mé an fhéachaint sin. Mé ag caint fútsa anois, Sr. Máirín. Ní dhéanann daoine dearmad ar an nóiméad a fheiceann siad iad féin dehumanized i súile duine eile. Ní íobairt sin, ach céasadh. Mar gheall air, ar díbirt atá muid. Deoraí muid.
An féidir caint faoi Failed Government (Theocracy) in áit Fallen Women (frása a ligeann d’Eaglais mná na hÉireann a dhíbirt ionaisc go mbeidh cumhacht acu féin. )? Tagann íomhá ó Harry Potter chun cuimhne:
An féidir linn caint faoin teip ar mhná sa tír le fada, fada an lá? An troid le cearta a bhaint amach (i gcónaí in aghaidh na hEaglaise)?
Bíodh bainne sa chuisneoir againn agus meas againn ar mhná. Bíodh cearta againn. BRIS an Dialathas, ar son gach atá maith sa saol seo! A N O I S.
Vótáil na daoine sa Chatalóin ar son neamhspleachais. 90% acu. Bua.
Sí: 2,020,144
No: 176,565
Millte: 65,715
Goidthe ag Póilíní: 770,000
Iomlán ag vótáil: 3,032,424 (56.75%)
Meas agam ar a rinne siad. Dá bhféadfadh muid féin é a dhéanamh mar sin. Eagraithe le tuiscint ag chuile dhuine sa Chatalóin gan troid in aghaidh foréigean ar bith. Laochra. Bhí praghas ard air.
Comhraiceoirí dóiteáin ag iarraidh na daoine sa Chatalóin a chosaint ón ionsaí ó Phóilíní na Spáinne. Timpeall ar 900 gortaithe acu.
Ar an liosta le déanamh againn anois
Más garda do dhearthair, do Dhaidí, do mhac, do dheirfiúr, duine ar bith i do bhaile… suigh síos leo agus cuir an cheist orthu: an ndéanfá seo? An gcosnófá cumhacht thar cearta? An ngortófá daoine le cumhacht a chosaint fiú nuair a thuigeann tú nach bhfuil sé ceart ná cóir. Ná déan dearmad. Seo a tharla:Chabhraigh na gardaí leis an Eaglais is leis an Stát le mná a choinneáil mar sclábhaithe is lena bpáistí a ghoid is a dhíol. Freagracht ar bith faoi sin. An Eaglais sin fós fite fúite le Oideachas & Sláinte na tíre. Tá an troid ar son cearta in aghaidh na hEaglaise seo. Cá seasann múinteoirí na tíre ar Ethos? Ethos thar cearta? Bíodh an comhrá seo againn leo. CAITHFEAR Stát/Eaglais a scaradh. TÁ baint aige le Franco agus Faisisteachas agus tá muidne fós i ngreim na hEaglaise. Aithin é. Admhaigh é. Athraigh é. Má sheasann do gharda nó múinteoir in aghaidh cearta, abair leo GO SOILÉIR go bhfuil siad as bealach agus ag obair in aghaidh saoirse na tíre. Mínigh sin dóibh.
Cuir ceist ar an Taoiseachcá sheasann sé ar a tharla sa Chatalóin. An seasann sé ar son cearta agus daonlathas in aghaidh foréigean na Spáinne nó leis an cos ar bolg uafásach a dhiúltaíonn saoirse do mhuintir na Catalóine? Má sheasann sé in aghaidh cearta, abair leis GO SOILÉIR go bhfuil sé as bealach agus ag obair in aghaidh saoirse na tíre. Mínigh sin dó.
Faigh amach cad a tharlódh dá roghnódh Éire (32 contaetha ar fad) bheith aontaithe san Eoraip le rialtas amháin bunaithe i mBaile Átha Cliath. An nglacfadh ár dTaoiseach leis sin? Muna nglacann sé leis an dtortha sa Chatalóin, céard a deireann sin? Muid ag nóiméad fíorthábhachtach sa stair. When hope and history rhyme MÁ tá an duine ceart i gceannas a thuigeann atá le déanamh. Duine a thuigeann feall na himpireachta agus a sheasfaidh don tír ar fad. Má sheasann sé in aghaidh aontas na tíre, abair leis GO SOILÉIR go bhfuil sé as bealach agus ag obair in aghaidh saoirse na tíre. Mínigh sin dó.
Tuigeann Sasana, Meiriceá, daoine ar fud an domhain a tharla dár dtír. Tuigeann siad go bhfuil deis againn anois nach raibh againn riamh. Deis bheith aontaithe agus deireadh le impiriúlachas sa tír. Ní thuigfidh siad agus ní thuigimse dá ndéarfadh duine ar bith sa tír: ní fúinne an tír a bheith aontaithe arís mar fágfaimid sin faoi na daoine a ghoid uainn é. Mar sin an rud béasach (Sasanach?) le déanamh. Ní thuigfidh éinne sin (fiú na Sasanaigh féin) go mór, mór nuair atá muid ag caint faoin gcinneadh sin a thabhairt do leithéidí Mayhem, Boris et al!
Bíodh gardaí, múinteoirí, ár dTaoiseach chuile dhuine ar son saoirse. Ní mar sin atá faoi láthair. NÁ CAILL AN DEIS SEO! Roghnaigh i gceart. Seas an fód mar a rinne an Chatalóin.
An Angelus a thugann siadsan air. An chreill a deirimse.
Cad atá marbh mar sin? Mo chearta, mo shaoirse, dóchas mar buaileann siad é go rialta chuile lá beo le rá dom cé atá i gceannas sa tír i ndáiríre. Deireann sé liom nach bhfuil éalú uaidh. Is cuimhin liom thú, Ann Lovett. Ag dul timpeall na tíre, feicim an damáiste.
Sa bhaile in Éirinn is an aimsir go hálainn le ceol ar an raidió, tagann ‘sos’ le rá leat go bhfuil an Dialathas fós i gceannas le creill (Angelus). Ar fhaitíos go ndéanfá dearmad ar a gcumhacht. Áthas briste. Uileláithreach an cos ar bolg acu. Glórmhar. Le rithim damanta.
Sna scannáin tuigeann tú nuair chloiseann tú ceol ar nós croí ag bualadh go bhfuil daoine i mbaol. Rithim a chuireann do chroí ag rith le heagla.
Éalú? Saoirse? Goideadh uainn ár saoirse in aimsir McQuaid agus ní bhfuaireamar ar ais í. Ag siúl in aice le UCC (álainn) tagaim ar ospidéal a bhriseann an sonas. Is cuimhin liom sibh, leanaí faoin talamh i dTuaim. San Secours
NÁ ceap go bhfuil Éire modern go gceartóidh sibh seo!
Dúisigh agus aithin cén fáth an bhfuil troid ollmhór ann lenár gcearta a bhaint amach.
An mbeidh troid againn le cearta a bhaint amach? I bhfad níos deacra má bhaineann sé le cearta na mban nuair atá cónaí ort i nDialathas. Ceartaigh sin, Rialtas na hÉireann!
Ag dul ag taisteal ón mbaile? Ag iarraidh éalú? Seo a fheicfidh tú ag an stáisiún traenach:
Creid ann más mian leat ach ná tóg ar thalamh phoiblí iad. Ná seinn do chreill go gcloisfidh mé é. Sa séipéal agat más mian leat. Go ciúin. Ach ná cuir isteach ar éinne eile leis. Ná mill an síocháin. Ná goid is ná mill mo thír.
Thar a bheith in am againn bheith saor agus Gaelach.