Níl sé ceart, ar ndóigh: an G sin sa ‘Guit’ mar atá i ‘Gilead.’
Dia duit a fheicimid ach níor chuala mé Dia duit ó dhuine ar bith sa Ghaeltacht riamh. Dia dhuit a chloisim. Fiú ar scoil, níor chuala mé Dia duit. Sin a bhí ar an leathanach ach Dia dhuit a léigh an múinteoir amach agus Dia dhuit a dúramar. Níl fhios agam cén fáth nach scríobhaimid dhuit in áit duit, mar dhuit a deirimid.
Go minic is daoine ag foghlaim ar dtús, níl an fhuaim dh acu agus fuaim g a thagann uathu. Níl siad ceart. Ach muid ar fad ag foghlaim, nach ea?
Fiú sa Bhéarla, cheapfá gur Jilead in áit Gilead a bheadh ann mar fhuaim leis an litriú Gi sin i nGilead. Seans nach dtugaimid sin faoi deara fiú. Tagann an fhuaim amach mar a mhúintear dúinn í, is cuma céard atá ar an bpáipéar. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Nuair a bhíomar ag foghlaim ar scoil, mhúin siad Dia duit dúinn mar bheannacht. Sin atá i mbeagnach gach téacs is daoine ag foghlaim Gaeilge. Freagra? Dia is Muire duit. Sin a deirtear, ar siad linn. Beannacht traidisiúnta, ar siad.
Is breá liom traidisiún is muid ag caint ar cheol nó rince. Mheas mé fhéin (ní féin – níl sé nádúrtha dom) nárbh shin ár dtraidisiún. Múinte dúinn ar scoil. Na mná rialta a mhúin mise, na Bráithre Críostaí a mhúin mo dhearthaireacha: nach raibh vested interest (vestido, invested, sheep’s clothing) acu sna frásaí seo?
Bhí agus tá, ar ndóigh!
Is mé ag múineadh daltaí ón Araib Shádach, labhair siad liom faoina dtraidisiúin. Thaitin a dúirt siad liom go dtí gur úsáid siad ‘traidisiún é’ le cosc a chur ar shaoirse na mban a mhíniú. San India is muid i dtuaisceart na tíre, níl fhreagair fear aon cheist uaim. D’fhreagair sé m’fhear céile nuair a chuir mé an cheist air. Ní traidisiún sin. Sin guth agus aitheantas a bhaint díom mar is bean mé. Mar an gcéanna leis an mburka. Glanann sé an bhean amach ón scéal. Mar a bhí mná Éirebrushed as stair na hÉireann.
Mar sin, mínigh arís dom an Dia dhuit seo. Cad a chiallaíonn sé? An gcloistear daoine ag rá God be with youAGUSGod and Mary be with you mar fhreagra air go minic sa Bhéarla? God be with you cloiste go minic againn ón altóir ach ní ag daoine ar an tsráid. God bless you coitianta ach ní God and Mary bless you mar fhreagra air. Ní labhraíonn muid mar sin. Labhraíonn na sagairt mar sin.
Cad a d’fhoghlaim muid anseo? Mhúin an Eaglais atá fós i gceannas ar 90%+ de scoileanna na tíre frása dúinn ar leo é. Múinte do gach páiste sa tír le fada fada an lá. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn. Ach níl sin ceart. Níl sé de cheart acu sin a dhéanamh. Sin iompúchán agus ní chóir go mbeadh spás dhó sin sna scoileanna.
Agus Gilead? Sin an tír sa scéal le Margaraet Atwood, The Handmaid’s Tale. Beannachtaí acu a mhúineann siad le chuile dhuine ann: Blessed be the fruit. Freagra: May the Lord open. Múinte ann: Lord, sin té le cumhacht nach féidir a cheistiú. Fireann, ar ndóigh. Bean? Níl inti ach fruit. Tortha. Ní duine. Cead ag fir í a oscailt. Níl guth ná cearta aici. Focal deas, tortha. Milis. Ansin le ceadú a thabhairt d’fhir mná a éagnú: i bhfad ó mhilis an bhrí leis. Ainmneacha bainte de na mná i nGilead agus ainm an fhir ar leis í tugtha do gach bean. Anseo san bhfíseán, tugann siad faoi deara go bhfuil siad róchleachtaithe leis an saol nua agus cuimhníonn siad cé hiad i ndáiríre. Cumhacht ag focal agus ag ainm.
Níl beannacht ar bith eile ceadaithe seachas Blessed be the fruit. May the Lord open nuair a bhuaileann tú le bean i nGilead. Níl cead ag páistí tada a rá seachas Dia duit is Dia is Muire duit is iad ag foghlaim Gaeilge ar scoil in Éirinn. Sin a tharlaíonn. Admhaigh é.
Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Admhaigh nach bhfuil sé ceart. Aithin é. Athraigh é. In am sin a athrú.
Ireland’s Call. Sin atá daoine ag iarraidh mar Amhrán Náisiúnta nua. B’fhearr liom féin Amhrán Dóchais.
Glaoch eile atá anseo. Glaoch ar dhaoine in Éirinn an rud ceart a dhéanamh do na Magdalenes. Glaoch an fód a sheasamh ar son saoirse na tíre. Nach dtarlóidh seo arís. Nach mbeidh cumhacht fanta sa tír ag an dream a bhris an saol do na Magdalenes. Céasadh a bhí ann. Ní thuilleann dream mar sin meas ná cumhacht níos mó.
Fan. Feic an náire sin. Ní muidne a rinne é. Níl brón uathu. Tá freagracht uathu. Is sin rud nach bhfuil siad ag fáil.
Le tuiscint, ní thuileann an garda thuas an barróg sin. Dáiríre, ní thuilleann. Is cuma más é do mhac nó do dhearthair nó do chara nó d’athair é. Muna bhfuil sé agus na gardaí eile sa tír amuigh amárach ag treabhadh le na leanaí eile in áiteachaí ar nós Tuaim (is tá neart acu ar fud na tíre) a aimsiú is cás a thabhairt in aghaidh na hEaglaise agus in aghaidh na gardaí iad féin a thabhairt os comhair na cúirte, níl an barróg tuillte.
Agus muid ag caint i ndáiríre freisin, ní thuilleann múinteoir ar bith sa tír barróg uathu muna bhfuil siad sásta an fód a sheasamh le rá leis an Eaglais nach bhfuil fáilte leis an Eaglais againn ina scoileanna níos mó. Dáiríre. Nuair a cheadaíonn sibh don Eaglais dul ar aghaidh i ndiaidh a rinne siad do na Magdalenes, sin masla do na mná seo ar fad. Tuairisc ann inniu le bean acu ag rá nach raibh fonn ar chuid de na Magdalenes teacht ar ais go hÉireann riamh arís. Is tuige? Níl rudaí aithrithe anseo. Tá 90%+ de na scoileanna ag an Eaglais fós. Amárach, seas an fód i do scoil agus abair leo nach bhfuil tú ag múineadh reiligiúin agus nach n-athnaíonn tú údarás ar bith uathu. Má dhéanann tú sin, beidh barróg ó na Magdalenes tuillte agat.
Mar an gcéanna le ospidéil, tithe altranais srl. Caith an Eaglais amach. Feicthe agam an chaoi ina dtóg siad mná ag an séipéal sa teach altranais ina raibh mo Mhaim agus mo Dhaid. Cuid de na mná ann, seans mhaith go raibh siad i Magdalene fadó, agus ag deireadh an saol acu ní raibh éalú fós ó ghreim na hEaglaise. Sibhse ag obair sna háiteachaí sin, bainigí na siombail den Eaglais ón áit. Bíodh sláinte, ní iompúchán ag na daoine ansin.
Glaoch mar sin.
Is iontach an rud ar fad fáilte a chur rompu, le rá leo go bhfuil grá againn dóibh, ACH go dtí go bhfuil Stát & Eaglais scartha againn agus freagracht faigthe as a rinne siad do na Magdalenes, níl rudaí athraithe. Ní leor focail. Cuir an grá ag obair le Éire nua saor ó ghreim na hEaglaise. Seas an fód. Sin grá.
Meáin: is trigger é an Angelus. Faigh réidh leis.
Rialtas: Scar Stát/Eaglais. ANOIS.
Taispeáin grá dóibh sa chaoi is fearr. Le athrú. Le saoirse. Le Daonlathas in áit an diabhal Dialathas atá fós againn.
But you follow Catholicism in Ireland? a d’iarr fear ó tSín orm le déanaí.
Ní LEANaimid é. Níor roghnaíomar é.
Agus inné, nuair a roghnaíomar Tá v Níl, b’shin Grá v Fuath.
Agus leis an bhFuath sin bhíomar ag caint faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn: a Ethos, a greim ar na tír, a rinne siad do mhná na tíre.
Dúramar NO láidir leis an Eaglais.
Níl cead agaibh bheith i gceannas orainn níos mó!ar muid.
Grá v Fuath. Bua ag grá.
Grá do mhná. Grá don tír. Grá do shaoirse, rud nach raibh againn is iad i gceannas.
Tá seo le tuiscint mar sé fuath ban bun agus barr na faidhbe agus tá rudaí le ceartú mar tá Dialathas fós againn.
Beidh seo deacair do dhaoine nach dtuigeann Eaglais na tíre seo. Dóibh siúd atá fós dall lena mhúin an Eaglais dóibh. Dóibh siúd le cumhacht mar sin a thug an Eaglais dóibh.
ACH do dhaoine le croíthe móra agus misneach, tá sé éasca a thuiscint mar seasann an Eaglais d’fhuath is cruálacht is níl faitíos orainn sin a rá níos mó. Fuath a mharaigh Savita, a chuir leanaí faoin talamh i dTuaim, a ghoid leanaí ó Mhaithreachaí is a dhíol na leanaí, a chuir mná ag éalú thar sáile faoi rún le aire a thabhairt dá sláinte. Cumhacht as smacht, lán le fuath ban.
Tá na scoileanna is ospidéil acu agus CAITHFEAR sin a cheartú. Beidh gá le réabhlóid, a mhúinteoirí, le Boycott ar reiligiún i scoileanna muna bhaineann an Stát cumhacht ón Eaglais.
Seo bua i gcath ach tá cogadh romhainn. Beidh an bua ag grá arís.
Béarla arís. GML. Gá leis scaití. GRMA, Michael Collins as an inspioráid.
The fact that many of the women you’re being asked to vote for so they can have their rights are at this moment in exile and deprived of a vote shouldn’t put you off! Sure amn’t I one of them.
They can exile us. They locked us up in Magdalenes. They stole our democracy and replaced it with a theocracy. They stole our babies and sold them.
They rule our schools and call us monsters and murderers and threaten us with 14 years for daring to think we have rights. They have murdered us as small children in Tuam and with ignorance in our laws still.
But, but we have a weapon more powerful than any in the whole arsenal of their Vatican Empire in its unholy marriage with our government and law — and that weapon is our refusal, our refusal to bow to any order but our own, any institution but our own.
Our friends in Iona, Youth Defense, and American fundamentalist misogynistic churches would like to shut me up.
Oh yes, shut me up again, humiliate me, who knows? And I’d like you to send them a message. If they shut me up, who’ll vote Yes for me and for all women?
Abair: I will!
Who’s going to vote Yes?
Abair: I will!
I can’t hear you. Who’ll vote for women?! Will they shut you up?!!
Aisghair an t-ochtú. Roghnaigh saoirse, cearta, meas do na mná.
Maith sibh na laochra sa bhaile. Neart agaibh ann.
Caitríona Balfe, Saoirse Ronan, Martin McDonagh … bhí glór na hÉireann ag na Golden Globes ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Caitríona Balfe
Bhí Éireannaigh ag na Golden Globes agus níl dabht ar bith ach go bhfuil an bua ag Éirinn i réim Hollywood anois. Tosnaím le Caitríona Balfe. Níor bhuaigh Caitríona Balfe an Golden Globe i 2018. Fuair Elisabeth Moss sin as a ról iThe Handmaid’s Tale. Cóir ar bhealach sa chaoi go bhfuil an clár sin fíorthábhachtach, go mór, mór anois. Deacair mar, cé go raibh óráid dheas aici, tá baint aici le grúpa a théann in aghaidh na focail a dúirt sí. Reiligiún, ar siad. Cult agus contúirt.
Cuireann sé isteach orm gur bheag an chaint a bhí ar Chaitriona sna meáin. Is nuair a bhíonn trácht ar an sraith teilifíse Outlander, bíonn daoine ag déanamh trácht ar Sam Heughan níos mó ná uirthi. Siúráilte, tá sé dathúil ach í níos dathúla agus níos fearr ag an aisteoireacht ná é. In am é sin a aithint. Má fhaigheann amach go bhfaigheann sé níos mó $$$ ná í, beidh mé ar dheargbhuille faoi.
Tá scileanna faoi leith ag an mbean seo. Aithin seo, daoine. Dáiríre. Ná fág an an taobh í mar ní thuigeann sibh an scéal ná an stair. Is féach ar Outlander nó léigh é. Tá neart le foghlaim ann fúinn féin. Seo scileanna Chaitriona san aisteoireacht in Outlander. Gach rud a dhéanann sí: foirfe.
Bhí an bua ag Saoirse Ronan i mbliana agus tuillte go maith aici. Bean í a chuireann a croí isteach i ngach a dhéanann sí freisin. Ba chóir dúinn bheith fíorbhródúil as na mná seo. Bíonn cuma ar Shaoirse go bhaineann sí an-chraic as an saol agus gur gnáthbhean í agus is fíor sin ar bhealach. Ach, a dhiabhail, nach inti atá fuinneamh is tuiscint is fonn gach a dhéanamh chomh maith agus is féidir agus sáraíonn sí atá muid ag súil leis sin. Bhí an bua ag an scannán freisin. Dhá Globes don scannán Lady Bird.
Meas do Chaitriona agus do Shaoirse a chaith gúnaí dubha le tacaíocht a thabhairt do mhná na cruinne is muid coinnithe thíos biste brúite ag na fir, na mílte acu, lena gcumhacht dhorcha ar an domhan seo.
Nuair a ésitim le Caitriona agus le Saoirse, tá rudaí acu a sheasann amach. Creideann siad sa saol, i bhféidireachtaí, is tá croíthe móra acu. Táim chomh bródúil gur féidir liom a rá gur Éireannaigh iad. An chuid is fearr dínn.
Bhuaigh an scannán Three Billboards outside Ebbing, Missouri ceithre Golden Globes. Feicthe agam agus an ceart ar fad acu. Nuair a bhí mé ag féachaint air sa phictiúrlann sheas radharc amháin ann amach domsa. Comhrá idir an bhean (Frances McDormand ar fheabhas anseo) is an sagart. Milis. Cumhachtach. An fhírinne. Nuair a theipeann ar ár rialtas seo a rá, tá cúnamh le fáil san amharclann a insíonn an scéal i gceart buíochas le Martin McDonagh.
Nuair a bhí mé ar tí an phictiúrlann a fhágáil ag an deireadh, dúirt bean in aice liom lena fear céile, So much anger! Yeah but justified anger, a d’fhreagair mé os ard ón gcroí di. Cé gur rugadh is tógadh McDonagh i Sasana, Éireannaigh a mhuintir. Tuigeann sé a chuireann as do dhaoine ar an domhan seo. Conas greann a fheiceáil san nóiméad is measa. Sin scil aige. Déarfainn go raibh praghas ard ar an eolas sin fadó. Buíoch, fíorbhuíoch go bhfuil sé in ann an fearg sin a ligint amach le tuiscint.
Comhghairdeas leo agus leis na daoine a insíonn na scéalta i gceart a thugann misneach dúinn le dul ar aghaidh. Sibh a thuigeann. Leanaigí ar aghaidh. Cuireann sibh ionadh orainn.
Gearrchaille: sin a ghlaoigh mo Dhaid orm. Cailín ar eolas ag chuile dhuine. Focail deasa. Ach Cailleach? Míthuiscint faoin bhfocal sin mar … bhuel …rinne ‘Oideachas’ na tíre an-dochar ansin. Dúchas caillte againn.
Is breá liom Dúchas.ie Is aoibheann liom atá le foghlaim ann ó am go ham ann faoin ár nósanna féin. Ríshoiléir, faraor, go bhfuil lámh láidir na hEaglaise ins na rudaí a d’fhoghlaim is a scríobh an chuid is mó de na gasúir ina chóipleabhair fadó. An nós sin ag leanúint ar aghaidh i scoileanna fós.
Nach raibh mé féin ciontach ann chomh maith is mé i mo mhúinteoir bunscoile! Dúradh linn go raibh orainn sin a dhéanamh, is cuma céard a chreid muid féin. An córas sin fós ann. Iompúchán láidir a scriosann ár scéalta féin. Dúchas glanta amach is bolscaireacht na hImpireachta ann in áit ár noidhreacht féin. Neart le ceartú.
Féach a chonaic mé ar maidin ar Dúchas.ie
Féach an difríocht idir a scríobh Cathal agus a scríobh Niki. Bheadh an freagra céanna is atá ag Cathal ag beagnach gach fear in Éirinn. Tá drochmheas san bhfocal sin Hag buíochas le fuath ban is aineolas ó go leor áiteachaí, fiú ó Disney. Ní shin a bhí i gceist ag Cathal, déarfainn. Ach caithfear a thuiscint, nuair a chloiseann daoine an focal sin smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr.
Is muid ag déanamh caint ar #MeToo, caithfimid a thuiscint cé as a thagann an fuath is an chumhacht sin a loiteann mná. Is féidir domhan níos fearr a chruthú le oideachas. Cloiste againn go minic. Is féidir, cinnte. ACH, is féidir fuath agus drochmheas a chruthú le ‘oideachas’ freisin. Sin an fhadhb. Sin atá ag tarlú leis na gcianta.
Impireacht amháin nó impireacht eile, cumhacht amháin nó cumhacht eile. Sin atá againn. Deireann siad le mná go bhfuilimid lag agus go bhfuil na fir i gceannas. Le stair a fhágann muid amach ón scéal. Le creideamh nach dtugann meas dúinn ach a ghléasann an feall sin le Sibh níos tabhachtaí: sin an fáth a chaithfidh muidne, na fir, ‘aire’ a thabhairt daoibh. Deireann siad an rud céanna le mná san Araib Shádach.
Thaitin freagra Niki ar Dúchas.ie go mór liom. Tuiscint iomlán difriúil ag fear agus ag bean ar an bhfocal sin Cailleach in áit amháin ar maidin. Chuir sé gliondar orm sampla mar sin a fháil. Bronntanas na Nollag dom.
Seo a scríobh sí
Nach álainn sin.
Nuair a chloiseann daoine an focal Hag smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Nuair a úsáideann daoine an téarma witch huntsa pholaitíocht, fir de ghnáth, tá siad ag déanamh dearmad air nó is cuma leo faoi na mílte cailleachaí a chuireadh chun báis sa stair mar bhí siad cliste agus níor thaitin sin le fir. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr. Tá cumhacht ag focail. Demonization a tharla ar scoil de na focail againn agus an bhrí leo. Bhain siad brí dár ndúchas. Níos measa fós, mhúin siad fuath dúinn ar ár gcultúr féin. Thóg siad rud maith is rinne siad drochrud de. Mar? Sin fuath ban ag obair.
Salem, Woody? Dáiríre?! Chuaigh tú ansin?! Náire ar bith ar na diabhail a ghoideann ár stair uainn.
Nuair a d’úsáid siad an focal illegitimate ar scoil agus sa séipéal, mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh tuismitheoirí acu a bhí pósta in Eaglais. Mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh baistithe chomh maith. Saint, airgead, cumhacht is cúis leis sin. Ach an dochar!!! Fuath, eagla, náire an arm acu. Is mhúin siad an ‘oideachas’ sin go láidir le greim acu ar an dtír ar fad (atá fós acu).
Mar gheall ar an bhfuath, an drochmheas, an dehumanization sin, tá na Tuam Babies agus na Magdalenes agus drochdlíthe againn. Tá fir is mná sa tír nach dtuigeann céard is cailleach ann. Hag, ar siad. Seans mhaith nach dtuigeann siad cé as a tháinig an focal sin. Caithfear dul thar lear nó éalú ó ghreim na hEaglaise ar bhealach éigin le tuiscint an luach atá san bhfocal is inár gcultúr féin.
Inniu Lá Nollag. Nollaig Shona, a chairde. Céard atá ar eolas againn, sinne na Gaeil, faoi?
Ar chuala daoine in Éirinn faoi Alban Arthuan? Ainm eile ar Ghrianstad an Gheimhridh atá ann. Céard atá ar eolas ag daoine in Éirinn faoi Yule (roth na bliana)? Cearchall sa tine ar feadh 12 uair a chloig in ómós don Mháthairdhia. Baineann an nós le torthúlacht. Cuireadh luaith sa gháirdín an lá dár gcionn. Bhfuil sé ar an gcuraclam? Ar cheart féilire a bhunú ar mian na bPápaí nó ar an Nádúr, ar na séasúir?
Chrochadh daoine réalta, maisiúcháin dhearg srl ar chrann fadó mar shiombal d’áilleacht agus cumhacht na spéirthe os ár gcionn. Chrochadh siad rudaí air freisin i gcuimhne ar dhaoine a d’imigh rompu. Le meas. Nach álainn sin. Do chailleachaí agus gach duine ar shlí na fírinne. Tugadh bronntanaisí do na déithe. Nós lán le meas don Nádúr. Na réinfhianna? Baint acu le Pan. Elves? Na sióga. Ná déanfaimis dearmad ar an stair, ar ár ndúchas i gcodarsnacht le bolscaireacht na himpearachta.
Mar sin, is fir ag iarraidh #MeToo agus conas ar tharla sin ar fad a thuiscint, tosaigh le fuath ban a thuiscint agus cé as a thagann sé. Dúradh liom le déanaí nach mbeadh grúpa (fir amháin) compórdach bualadh liom. Tuigim nach raibh dochar i gceist ag an bhfear a dúirt sin liom. Is breá liom é is tá sé ag iarraidh an grúpa a shásamh le focail a míneoidh mar atá rudaí dom. Meas aige féin orm ach… bhuel, tuigim… raight? Tuigim. Tuigim rómhaith. Ná féach in aon áit eile, ar mhaith liom a rá leis. Foinse na faidhbe agat ansin.Ná glac leis sin. Tuig an feall agus an dochar ann. Tabharfaidh mé seans dó. É fós ag foghlaim. Deacair do dhaoine feall chomh mór seo a thuiscint go tobann.
Focail & Brí
Tugtha faoi deara agam ag deireadh na bliana gur bhain focail nua stádus oifigiúil amach i mbliana. Ionadh orm faoi mar bhí uair ann a bhí mé lánpháirteach i ndíospóireachtaí faoi chúrsaí mar sin ar Twitter. Sin sula bhfuair daoine amach gur bean a bhí ionam agus nár thaitin liom Ethos na hEaglaise i bhfocail ar nós Ginmhilleadh sa bhfoclóir. Tháinig ionsaí nimhneach ó fhear amháin i SAM, rath feirge ó fhear eile in Éirinn (an t-aon duine a bhí orm a bhlocáil riamh ar Twitter), agus bhí mé blocáilte ag fear amháin le grá mór aige don Eaglais ar Twitter. An ceann deireanach ansin an ceann a rinne an jab a bhí uathu: mé a choinneáil amach ón gcomhrá. Cliste.
Mar sin, ceist agam ar focloir.ie: cad é an % de mhná a chabhraíonn le focail nua a cheapadh a ghlactar leo go hoifigiúil? Chuala mé léacht ó fhear as Maigh Nuad i UCLA faoin stair a bhaineann leis na foclóirí againne. Fir i gceannas ar iad a chur le chéile. Le fada. Bhí Máire Mhac an tSaoi ag tabhairt amach faoi. Dhéanfainn jab níos fearr air, ar sí. An ceart aici. Neart le ceartú. Cothrom na féinne, leads. Tá #MuidneFreisin anseo. Guth uainn.
Ba bhreá liom bheith saor agus Gaelach. Ní féidir liom bheith Gaelach i ndáiríre gan saoirse. Tá aineolas san mbealach ar sin. Foinse na faidhbe. ‘Oideachas’ v dúchas.
Ná caill an bhrí le Cailleach. Ná bíodh eagla ar dhaoine roimpi. Ná múin sin d’éinne. Ná glac leis.
Meas, a chairde. Sin an méid atá uainn.
Nollaig Shona, a chairde. Bímis Saor agus Gaelach. Seas an fód do mheas agus grá.
Cuireadh ceist orm go poiblí le déanaí faoi #MeToo agus a tharla faoi Weinstein i Hollywood. Ceist mhaith. Duine na bliana an ghluaiseacht #MiseFreisin sin. D’fhreagair mé ag an am nach i Hollywood amháin a tharlaíonn sé agus ní anois amháin. Ann i ngach áit agus ag tarlú ó bhí daoine ar an domhan seo, seans mhaith.
Ní chreidim go mbeidh réiteach ar an bhfadhb (fuath ban agus ionsaithe orainn a bhaineann luach agus brí dínn is a ghortaíonn muid go tréan arís is arís is arís eile) go luath. An iomarca le déanamh againn sa troid in aghaidh gnéasachais atá i ngach tír ar domhan.
Briseann daoine muid chuile lá beo le maslaí, le neamhaird, le crúalacht a deireann linn nach fiú tada sinn. Demeaned, Rialaithe, Feargach: ligimis dóibh a thuiscint nach nglacfaimid leis sin níos mó. Ní stopfaidh mé riamh ó bheith ag labhairt amach. Mar caithfimid.
An Mean i DeMEANed
Níor tháinig mé ar Ghaeilge ar an mBéarla Demean a shásaigh mé. Dhá bhrí le mean agam anseo. Cruálach: Don’t be so mean! Brí: What does it mean? Does my existence mean something? Fite fúite le chéile. Cruálach ar fad brí a bhaint de dhuine. Maraíonn fuath ban is briseann fuath ban muid is nílimid in ann dul ar aghaidh ná tada a rá faoi go dtí go bhfaighfimid brí ionainn féin. Le misneach, le cúnamh ó mhná eile a thuigeann.
Maslaithe, curtha inár dtost, brúite ag focail is ionsaithe, éignithe sna mílte chaoi: níl gá le burka le cumhacht a bhaint de mhná. Tá an scil sin go foirfe ag fir atá ag cleachtadh conas muid a dhéanamh dofheicthe le fada, fada an lá.
Is minic a bhaineann fir (agus mná a shlogann siar an tseafóid a scaipeann siad) an ghaoth dár seolta. Rómhinic. Is nílimid in ann bogadh ar aghaidh mar gheall air. Is cluiche an saol do go leor fir is caithfidh siad an ceann is fearr a fháil orainn, dar leo. Sin bua, dar leo.
Fun Fact: sin a dúirt an fear a d’éignigh mé fadó. Nuair a bhí sé críochnaithe, dúirt: Fuair mé an ceann is fearr ort anois sular fhág sé an carr lena mhún a dhéanamh ar thaobh an bhóthair.
Ach tá an fhadhb i bhfad níos measa ná sin. Forleathan. Coitianta. Diongbháilte. Baineann daoine, fiú iad a cheapann go bhfuil grá mór acu dúinn, an ghaoth dár seolta lena bhfocail go mion minic. Mar a dhéanann fógraí mórthimpeall orainn.
Raight. Anáil isteach, anáil amach.
An Riail i Rialtas
I walk the line ♫, a chan Johnny Cash. Tá líne ann dúinne. Líne a cheaglaíonn muid is a choinníonn smacht orainn. Líne a thachtann muid.
Ní ghlacaim le línte mar sin. Dlí na tíre, dlí na hEaglaise, dlí nach bhfuil scríofa ach tuigeann gach duine é mar nuair a thrasnaíonn tú an line, aireoidh tú é mar bhuille a bhainfidh d’anáil is do mhisneach díot. Cosnaíonn na línte sin daoine ar nós Weinstein. É gafa anois ach i Rehab deas agus gan brón ar bith air. Scrios sé mná. Mhill sé iad. Iad beo ach damáiste ann nach féidir a dheisiú. Agus fulaingt. Fulaingt nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo. Go leor, leor acu. Níl an dlí ann le mná a chosaint. Tuig sin. Aithin é. Admhaigh é. Athraigh é.
Na Magdalenes gan saoirse le gardaí na hImpireachta. Sin sibh, gardaí! An ndúirt sibh go raibh brón oraibh?
Níl meas agam ar rialtas a ligeann d’Eaglais (lán le fuath ban is ciontach as stair fhada d’uafáis) bheith i gceannas ar oideachas is roinnt mhaith de shláinte na tíre. Ná níor cóir d’éinne meas a bheith acu ar rialtas mar sin. Is tá ar an tír dúisiú.
Riail: An Reacht in Impireacht
An fhadhb is mó ag mo thír le fada, fada an lá: impireacht amháin nó impireacht eile nó impireachtaí ag rá linn nach fiú tada sinn! D’éignigh Sasana Éire. Abair é. Os ard. Foghlaim faoi anseo. Tá impireacht na Vatacáine fós ag éigniú Éire. Aithin é. Abair é. Os ard. Níos deacra, raight? Mar tá a greim chuile háit. Bhur bpáistí ina scoileanna. Bhur dtuismitheoirí ina nospidéil. Tuig chomh mór is atá an chumhacht sin. Ná déan dearmad ar a rinne siad is atá siad fós ag déanamh. Bhí an ceart ag Sinéad O’ Connor. Thuig sí.
Níl meas agam ar sagairt ná easpaig mar tá baint acu le dogma lán le fuath ban. Fhad is a fhanann siad le himpireacht nach dtugann meas do mhná, níl meas agam orthu.
Ní bheidh mé ag glaoch Father nó Sister nó Brother nó Reverend ná seafóid eile mar sin orthu mar tuigim an fhaladhúdaíocht ansin. Bhí bean le déanaí ag rá go raibh a Daidí Pro-Life agus thug mé faoi deara nach raibh fonn ar dhaoine sin a fhreagairt. D’fhreagair mé é le Tá do Dhaidí mícheart agus míniú cén fáth. Ach deacair sin a dhéanamh. Níl sé múinte, ceapann daoine. Tuig an chumhacht ag bheith múinte.
An FEAR i bhFEARg
Dhá bhrí ag FEAR agam sa tideal sin. Eagla sa Bhéarla. An EAGLA in EAGLAis srl. An eagla ar mhná nuair a thuigeann siad nach bhfuil seans acu sa saol mar tá an chumhacht ag na fir. Ceantrach. Is iomaí fear a imríonn cluichí orainn go mion minic le tabhairt le tuiscint dúinn go bhféadfaidh siad a rogha rud a dhéanamh linn. Freisin, ciallaíonn fear duine fireann. Rud a chuirfidh fearg ar fhir, cinnte.
Is déarfaidh fir, Ní GACH fear. Is an ceart acu. Ach ní shin an pointe. Sa chaoi céanna nach All Lives Matter an pointe le Black Lives Matter. An cuspóir ná eipidéim gan srian a nochtú. Sin atá ann. GML. Tuigim go bhfuil níos mó ná fear agus bean ann. Ag caint faoi gach duine gortaithe ag an gcóras seo atáim.
Anáil isteach, anáil amach.
Níl fearg ar mhná mar lámhsáil daoine ár gcuid tóineachaí i bpic. Maith agat, Alyssa Milano, as sin a mhíniú do dhaoine. Muid feargach mar tugtar le fios dúinn gur ghnáthrud seo ar chóir dúinn glacadh leis! Normálta! Tá orainn fanacht ciúin faoi?! Sin an rud múinte, múintear dúinn ar scoil (ar leis an Eaglais í).
Nuair a chloisimid an focal fearg, samhlaíonn muid fir de ghnáth. Muid cleachtaithe le smaoineamh mar sin. Mar atá mná cleachtaithe le bheith ciúin. SIN an feall. Ciúin agus dofheicthe. Ach tuig, TÁ FEARG orainn!
An PATER i bPatrúnacht
Is tusa Peadar agus ar an gcarraig seo…
Chuir sin Song of Granite i gcuimhne dom. Ceoltóir den scoth ach gafa lena shaol féin gan in ann smaoineamh ar a chlann. Ba cuma leis. D’fhéadfadh sé ceol a dhéanamh faoi fhulaingt dochreidthe a shinsir agus daoine a chur ag caoineadh leis an mbrón sa ghuth aige. Ach ní leor sin. Shábháil sé nós. Éacht. Thréig sé a chlann. Feall.
Is sin an rud. Is féidir le daoine focail milse a rá, dánta a scríobh, greim a fháil ar do thír ar fad le caint ar Dhia éicinnt. Má dhéanann siad sin ar a mhaithe féin is gan meas acu ar na daoine is laige sa saol, tuig an feall.
Pearsanta arís anois. Mise freisin. Do na daoine ar fad san áit ina raibh mé ag múineadh a dúirt liom, Use your womanly charms to disarm them (dáiríre sin ráite liom!). You just have to put up with it. That’s just (insert man’s name here) srl, deirim, NO! Ná bígí comhpháirteach leis. Is cuid ollmhór den fhadhb sibhse a deireann sin. Tugann sibh cumhacht do bhullaíocht. Do na daoine a deireann Ach is rud beag sin. Lig leis, deirim NO!
Labhair amach. Ar an bpointe!
Maith í Alyssa Milano a mhínigh nach gcabhraíonn sé a rá nach bhfuil duine ag lámhsáil do thóin gan cead, gan cuireadh níos lú ná éigniú. Mar is éigniú é: It’s the micro that makes the macro, ar sí. An ceart aici.
Aithin, mar sin, gach uair a chuireann sibh pictiúirí amach le fir amháin ann mar glacann sibh go bhfuil na mná ró-chúlánta le bheith ann, gur cuid den fhadhb sibh. Tabhair misneach do na mná is athraigh an domhan. Ná fág amach iad ón nóiméad, ón stair, ón am atá romhainn.
Ar ais go Hollywood. Ní laoch Matt Damon níos mó mar is léir nach dtuigeann sé an fhadhb. Thug Minnie Driver íde béil dó. Tuillte aige.
God God, SERIOUSLY? There are so many men I love who do NOT frame the differentiation between sexual misconduct, assault and rape as an excuse or worse – our problem. AMEN ladies! – Minnie Driver le Matt Damon.
Mé ag rá Good God, SERIOUSLY? le go leor daoine na laethanta seo. Faoin dtacaíocht acu do Trump. Faoin ndrochmheas acu ar chearta na mban. Faoin ndrochmheas ar dhaoine bochta. Galar atá againn, a chairde. Ná tabhair spás, tacaíocht ná ardán d’fhuath. Ná bí comhpháirteach ann. Oideachas, a deireann daoine liom. Sin an chaoi. Aontaím. Ach ní oideachas atá i lámha na hEaglaise. Neart le ceartú!
Is galar córasach é na hionsaithe ar mhná a tharlaíonn chuile lá beo agus is rud damanta fite fúite le foréigean é. Caithimid an galar a ghearradh amach mar a mhol Aylssa Molina. Tá sin ag tarlú anois gan ainéistéise. Leanár scéalta. Please send flowers, arsa Aylssa. Agus athrú iomlán sa chóras, a deirimse.
Ar aghaidh linn, sa treo ceart. Mar bhíomar ar strae ag glacadh lena dúirt na diabhail linn le fada. Caill iad agus faigh fíorchairde. Agus cearta. Agus freagracht.
MEAS do na MNÁ.
PS. Beidh Nollaig na mBan againn arís i 2018 agus beidh fáilte ann roimh na fir a thugann meas do na mná mar a bhí anuraidh. Seas an fód.
RT @Tuigim: Calling all friends, musicians, people of good cheer: come sing, dance, and play with us. A donations jar s at the door. Expect… 2 hours ago