British?
Mise? Er, NO.
But you’re part of The British Isles!
Er, NO. We cringe when you make us British. We are not.
It’s not that British is bad. It’s just we’re Irish. Don’t deny us that. Níl sin go deas.
That history is all in the past. You should get over that!
Neart ag smaoineamh gur British muid anseo i SAM. Anuraidh labhair mé le seanchúpla i Sasana, Sasanaigh, daoine lách gealgháireach a cheap gur le Sasana Éire.
Cúpla rud le tuiscint. Níl gach duine mar Dave bocht thíos, ach neart acu ann. Féach air led’ thoil. Seo míniú a bhaineann leis an bpeil.
Mar sin, tuig, tuig, tuig, le bhur dtoil, cén fáth NACH bhfuil sé oiriúnach Celtic Center a chur i gClub le pictiúirí de bhanríon Shasana aguas Churchill ar an mballa ann. Sin an fáth a chaill sibh daoine. Mar níor éist sibh linn. Mar labhair sibh linn ar nós labhairt le páistí dána. Mar bhí drochmheas agaibh orainn.
Rud a d’fhoghlaim sibh ón leagan den stair a d’fhoghlaim sibh trí Bhéarla anseo. Mar TÁ ciníochas láidir anseo.
Agus Bridget a d’ionsaigh mé le maslaí is tú ag screadadh go mba chóir dom meas a thabhairt don bhanríon san Center sin, tá súil agam go bhfuair tú cúnamh mar is mór an t-ualach fuath mar sin. Ní ghlacaim le bulaíocht in aon áit.
ACH an rud a dúirt liom go raibh daoine iomlán tone-deaf don stair ansin ná an chaoi ina raibh orm argóint a dhéanamh le am a fháil le smaoineamh ar a tharla i mBerkeley nuair a fuair Éireannaigh óga bás. Le ómós a thabhairt dóibh.
Is féidir liom aineolas a mhaitiú ach daoine gan croíthe, sin rud eile.
Bhí mé ciúin faoi seo i bhfad rófada.
Anois, mé i spás nua le daoine den scoth a thuigeann. Muid ag fás go tapaidh. Beidh craobh againn i Los Feliz i Lúnasa lcd. Bígí cinnte NACH mbeidh Banríon Shasana ar an mballa againn ná Churchill mar tuigimid an stair.
Anois, Dave agus daoine cosúil leis, beidh meas againn ort agus oraibh nuair a aithníonn sibh an fhírinne. Ansin, le meas, beidh craic againn le chéile. Tuiscint. Croí. Sin atá de dhíth.
Nóta: Domsa ciallíonn British cultúir a bhaineann le Cymru, Corn na Breataine, agus An Bhriotáin. ACH san alt SEO mé ag tagairt ar leagan den stair a thugann meas don impireacht gan an dochar a dhéanann sé a aithint, ar dhream a bhainfeadh ár gcultúr is stair dínn.
Conas críochnú?
Neart atá iontach sna hoileáin seo in aice le chéile agus cé nach British muid, bainimid taitneamh as an gcuid is fearr dínn. B’fhearr críochnú mar sin.
Muid imníoch fúibh is Sasamach ag teacht. Tá cairde agaibh anseo. Tuigimid gur thug sibh grá do go leor dínn le fada an lá. Tuiscint. Grá. Sin é.