Seo muid ag deireadh na bliana agus na cuimhní ag teacht chugam go tapaidh. Ag an tráth seo den bhliain bímid ag féachaint siar. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag cóisir in Éirinn fadó, d’iarr fear an tí ar scata againn: Cén carachtar is fearr libh ar Star Trek? Tháinig na focail Captain’s Log … ó mo bhéal go híseal is mé ag smaoineamh os ard ar mar a thosnaíonn an clár. Ar an bpointe, phléasc sé amach ag gáire. Bhí náire orm mar ní shin a bhí i gceist agam. Thuig mé go raibh sé greannmhar ag an am céanna. A bhuel. Cuimhní! Ag caint ar log agus Yule mar sin, baineann roinnt mhaith de na féilte a mhaireann ón saol fadó le torthúlacht. Le Yule chuireadh siad luaith ar an gcré an mhaidin dár gcionn. Ach inniu anseo anois, suim agam i nós pónairí a chaitheamh i dtreo rudaí a chuireann as dúinn. Ceangail anseo idir an tSeapáin agus an domhan Gaelach. Maith agat, Lafcadio, a spreag an chuimhne seo.
Nuair a bhí mé sa tSeapáin le déanaí, tháinig cuimhní ar ais chugham: nósanna a chleachtaigh mé le mo mhac ann. Ceann acu sin, setsubun. Tarlaíonn sé ar an 3iú Feabhra. Sin an Athbhliain ar an bhféilire ghealaí. Ciallaíonn 節分 (setsubun) roinnt idir séasúir. Tarlaíonn sé ar an lá sula dtosnaíonn an tEarrach. Cuid é d’imeachtaí i bhFéile an Earraigh nó 春祭 (haru matsuri).Seo nós 追儺 (tsuina) a tháinig ón tSín san ochtú aois. Bhaineamar an-taitneamh as mar chlann is muid ann!
Seo an nós: caith amach donas na bliana roimhe agus donas ar mhaith leis teacht san Athbhliain. Cuir fáilte roimh sonas. Conas? Le 豆撒き (mamemaki). Sé sin, caith pónairí ag na diabhal. Sa tSeapáin tá dhá shórt diabhal ann: na cinn dearga agus na cinn gorma. Ach os rud é go gciallaíonn an focal ao gorm nó glas, is dócha go bhfuil trí cinn ann. Is féidir do chinn féin a dhéanamh.
Táim féin ag smaoineamh ar ceann a dhéanamh ar nós fear oráiste a bhfuil cónaí air i dteach bán.
Focail cuí don nós: 鬼は外! 福は内! Oni wa soto, fuku wa uchu! Amach leis na diabhail, isteach le ádh. Nó Donas Amach, Sonas Isteachmás mian linn.
Ba mhaith leat é a dhéanamh?
Faigh pónairí soighe rósta 福豆(fuku mame), sé sin pónairí an áidh. Muna bhfuil siad le fáil, dhéanfadh pónairí thirim an jab chomh maith. Meas tú an bhfuil baint ag an scéal Seán & an Gas Pónaire leis seo ar fad? Mé ag smaoineamh os ard arís. Torthúlacht agus seans fáil réidh le olcas a bhí sa scéal sin chomh maith.
Faigh nó déan aghaidheanna fidil: Glas, Gorm, & Dearg. Cuireann daoine ar mhaith leo an ról seo iad orthu. Cosnaíonn an masc an aghaidh ó na pónairí.
Sa tSeapáin caith na pónairí ag na daoine leis na haghaidheanna fidil is abair (Oni wa soto! Fuku wa uchi!). Sé sin: Na diabhal, amach. An t-ádh, isteach! In Éirinn, abair: Donas amach, sonas isteach. Is féidir seo a dhéanamh gan masc ach iad a chaitheamh ag an doras, ní daoine gan masc! Ansin dún an doras de phlab (cuma cén chaoi a roghnaigh tú).
Cuireann daoine sa tSeapáin cuileann taobh amuigh scaití, le na diabhail a choinneáil ón dteach. Nós acu sa tSeapáin cinn sairdí a chur air: (柊鰯 (hiragi iwashi) a thugann siad air.
Ní raibh na Béarlóirí in ann é a rá. Mar sin ghlaoigh siad Rickshaw air. Seo mar atá:
Pic ó Yuta Sakaguchi
Níor chuir mé suim iontu ná níor smaoinigh mé orthu is mé sa tSeapáin le déanaí go dtí go bhfaca mé seo.
D’fhéadfá rith thart le do theach féin! Seo pics ón mhaidin dheireanach againn sa tSeapáin. An Satharn seo caite bhí féile (お祭り/ Omatsuri) ar siúl i bPáirc Ueno agus is ann a chonaiceamar iad: na tighíní soghluaiste.
Is mé ag léamh faoi dhaoine sa bhaile gan dídean, b’é an chéad smaoineamh a bhuail mé ná an gcabhródh siad leo? Ach tá i bhfad níos fearr ná seo ó dhaoine: jabanna, dóchas, spás ceart.
Thuig mé go bhféadfadh daoine cónaí iontu. Bhí ár n-árasán sa tSeapáin fíorbheag fadó ach ní chomh beag seo! Is níl mé chomh beag anois agus a bhí mé an uair úd.
Ar fhaitíos nach gcreidfeadh daoine gur teach atá ann, scríobh siad é as Béarla air:
Is féidir do thighín a mhéadú (tarraing cuid de amach), agus a bhogadh (rothaí air), agus tá fuinneog bheag agat ar an domhan mór.
Ar nós óstán capsúil, ar bhealach, ach níl dréimirí le dreapadh agus is leat féin é. Cúirtíní ar an bhfuinneog agat agus níos mó ná fuinneog amháin ann fiú!
Is féidir iad a tharraingt ó áit go háit go héasca. Spás fiú le cócaireacht a dhéanamh sa cheann seo. Is seilfeanna dod’ leabhair. Stíl eile. Rogha agat.
Seo mar atá sé ón taobh amuigh. Féach cé chomh beag is atá sé anseo.
Bhí ceann ann a bhí beagáinín níos mó. D’fhéadfainn dul isteach sa cheann seo.
Bord agat sa ló agus leaba san oíche le athrú beag. Nach cliste iad!
Anois, tá bhféadfaidís ceann a chur ar an gcairrín seo, bheadh ceann uaim!
Seo na carranna a bhí acu ag an margadh éisc. Turret truck a thugann siad air. Chonaic seanfhear mé ag féachaint air is thuig sé go raibh fonn orm triail a bhaint as. Bhí! D’ofráil sé dom dul é a thiomáint ach ní raibh fonn orm bheith i dtrioblóid leis na póilíní. Ach thaitin siad liom is iad ag gluaiseacht tharam san áit sin! Craic. Mé róleisciúil don Jin Riki Sha ach Turret Truck Riki Ouchi (teach) uaim. Laghdú méide 😉
Éiríonn an ghrian sa tSeapáin agus téann sí a luí in iarthar na hÉireann. In ainneoin an turas fada idir na tíortha, tá stair fhada d’Éireannaigh a d’imigh go dtí an tSeapáin is a d’fhág a rian ar an tír sin. Inniu i mBrendan’s in Agoura tá an tSeapáin agus Éire ag teacht le chéile le Pop-up Ramen anseo. Mar sin, thosaigh mé ag caint le daoine anseo faoin ngaol idir na tíortha.
1704
D’éalaigh Robert Jansen, ó Phort Láirge ón Dutch East India Company. D’éirigh leis dul go cósta Kyushu.
1864
Chuaigh Thomas James Waters, ó Bhiorra, Uibh Fhailí go dtí an tSeapáin i 1842 agus d’fhan sé ann go 1877.
1868
Chuaigh John W.Fenton, a rugadh i gCionn tSáile, Corcaigh go Yokohama. Máistir banna a bhí ann le arm na Breataine.
1869
Chum Fenton an chéad leagan de Kimi ga Yo, amhrán náisiúnta na tíre.
1871
B’é Thomas James Waters a dhear muileann an airgid don tír in Osaka
1872
Sheol rialtas na Seapáine Misean Iwakura, thar 100 dalta agus saineolaí go Baile Átha Cliath le foghlaim faoin gcóras oideachais & tecineolaíochta.
Leigh
1873
Nuair a scriosadh Ginza i dtine i 1872, d’iarr siad ar Thomas James Waters dearadh a dhéanamh do shráideanna nua. Mar sin tá foirgnimh ansin at nós na cinn i mBaile Átha Cliath.
1882
Rugadh Charles Dickinson West i mBaile Átha Cliath i 1842. Fostaíodh é ag Rialtas na Seapáine mar chomhairleoir eachtrannach le meicnic innill gaile, líníocht mheicniúil, , innealtóireacht , agus ailitireacht cabhlaigh ag Ollscoil Tokyo.
1890
Chuaigh Lafcadio Hearn go Yokohama, Fuair sé post mar mhúinteoir i Matsue.
1891
Phós Lafcadio Hearn is thóg sé ainm nua: Koizumi Yakumo.
Bhí sé éasca dom an focal a fhoghlaim. Cosúil le bainne, a cheap mé. Ciallaíonn sé bainne cíche. Foclóir mar sin de dhíth orm is mo leanbh óg ag tosnú a shaol sa tSeapáin i 1985.
Is bhí sé éasca. Rinne siad éasca dom é. Na seomraí a bhí acu sna Depaato (siopaí móra) dúinne, máithreachaí le leanaí. Bhí chuile rud a bhí uainn ann. Leaba, cathaoir, uisce te…
Is dá ndéanfá dearmad ar rud ar bith, seans go mbeadh sé acu duit.
Chonaic mé daoine ag tabhairt an chíoch don leanbh go minic sna háiteacha seo, agus ar thraenacha, ar bhusanna, i bpáirceanna poiblí … is rinne mé an rud céanna. Níor fhéach éinne i mo threo is mé dhá dhéanamh. Ní dhearna siad iontas de. Cén fáth a ndéanfadh? Rud nádúrtha.
Pics thuas ó Cheeserland.com
Is bhí éadaí acu don jab. Gach rud a bhí ó dhuine. Stíl, cúnamh, meas. Bhí an saol éasca dom.
Ní mar sin a bhí sé in Éirinn sular fhág mé an tír. Le bheith féireáilte, mhúin siad dom sa bhaile go raibh sé go maith an chíoch a thabhairt don leanbh. Mhol na banaltraí mé nuair a rinne mé sin an tseachtain agam sa Rotunda nuair a rugadh é. Tar ar ais i gceann míosa, ar siad. Is chuaigh. Is san líne fada ag fanacht ar an dochtúir, thug mé an chíoch do mo leanbh mar bhí ocras air. Is chuala mé guth ard an mátrúin ag rá le huafás: Ní féidir leat é sin a dhéanamh anseo! Téigh go dtí an leithreas. Chuir sí náire orm nuair nach raibh cúis leis. Nuair a tháinig mé amach ón leithreas bhí orm dul go deireadh an líne arís. Tagann náire agus fearg orm is mé ag cuimhniú air anois. Anois is mo leanbh 31 bliana d’aois is cónaí orm i SAM.
Bhí comhrá agam ar maidin le bean ón Choiré. Bíonn ceisteanna aici go minic faoi Mheiriceá. Cén fáth nach bhfeicim mná ag tabhair an chíoch do leanaí anseo i SAM? a d’fhiafraigh sí.
Fuair mé freagra di in alt le Amy Bentley i Slate is d’éist mé le Oh my God! uaithi ó am go ham. Mé ag fáil cleachtaithe leis sin is í ag foghlaim faoin tír ina bhfuil cónaí uirthi anois. Tír a cheap sí a mbeadh níos fearr ná an tír a d’fhág sí. Thuig mé go raibh cúrsaí i bhfad níos fearr do na mná ag tabhair an chíoch do leanaí ina tír féin. Mar a bhí sé chomh héasca sin domsa fadó sa tSeapáin.
Ach i SAM, is in Éirinn, tá rudaí an-difriúil go deo. Is daoine ag foghlaim Béarla sa scoil liom, foghlaimíonn siad nach iad na focail amháin atá difriúil sa teanga nua. Tá meon aigne fite fúite leis an teanga. Is anois bhí mo dhalta ag foghlaim an meon aigne sa Bhéarla agus an stair leis.
I SAM i ndiaidh an dara cogadh domhanda, bhí caint faoi conas bainne a thabhairt do leanaí ceangailte le foshuíomh bunaithe ar shibhialtacht, dul chun chinn, éascaíocht, is nua-aimsearthacht. Foshuíomh ceangailte le daoine geala is a stíl maireachtála.
Bhí sé sibhialach formula a thabhairt don leanbh, dar leis na saineolaithe. Nach raibh an focal féin formula an-eolach fiú. Idir na línte, tugadh le fios go raibh sé barbartha, gránna an chíoch a thabhairt don leanbh is an domhan chomh nua-aimeartha is a bhí sé.
Céard dó an chíoch, mar sin? Do na fir. Is na hirisí Playboy sna siopaí is póstaeir de Marilyn srl le fáil ní raibh sa chíoch níos mó ach rud le pléisiúr a thabhairt do na fir.
Ní fhéadfaí an bhean mar striapach agus an bhean mar mháthair a mheascadh suas. Ní raibh gá leis na cíocha le bia a thabhairt don leanbh níos mó. Nach raibh formula ann! Mar sin tháinig déistin ar dhaoine nuair a chonaic siad mná i SAM ag tabhairt an chíoch do leanbh go dtí gur tabú a bhí ann.
Scéal uafásach as Béarla anseo faoi gharda i SAM a mharaigh bean is a ghortaigh a leanbh mar gheall ar seo anseo.
Ins na tíortha nach raibh chomh ‘nua-aimseartha’ le SAM agus Sasana, tíortha gan daoine geala, ní raibh an náire seo ann. Chonaic daoine pictúirí i National Geographic de na mná san Aifric ag tabhairt an chíoch dá leanaí is ghabh siad buíochas nach raibh siad chomh tútach sin. So, ciníochas agus gnéasachas ag baint leis an fhadhb i SAM.
Tá áiteachaí i SAM nach bhfuil mar sin ach tugtar hippies ar na daoine ansin le drochmheas. Is inniu ar Twitter tháinig mé ar an chaoi ina bhfuil cúrsaí in Éirinn.
Meas don Duinníneach lena fhreagra air.
Brónc, m., a child at the breast a scríobh @AnDuinnineach is roinn sé dán Hollie linn ar Twitter inniu. Féir plé dó. Soiléir go bhfuil fadhb ann in Éirinn fós. Maith thú, Hollie le do dhán thíos san bhfís a d’inis dom nach bhfuil meas ag an ‘gcultúr’ againn ar rud nádúrtha fós. Go gcuirtear náire ar mhná fós. I Sasana, i SAM, in Éirinn…
Cá seasann lucht Pro-Life ar seo? An bhfuil na hEaspaig sásta le mná ag tabhairt an chíoch do leanaí ag an Aifreann? Nó an bhfuil siad míchompóirdeach leis? Ní raibh formula ag íosa, ar ndóigh.
Bhí cruinniú i gCnoic Beverly aréir de na Beochantóirí is fearr ar domhan. Ina measc agus na daoine is spéisiúla domsa: Isao Takahata agus Tomm Moore. Bhí sé iontach deas iad a fheiceáil ar an leathanach céanna sa chlár agus ar an leathanach céanna san áilleacht is téamaí atá acu ina gcuid scannáin. Ní raibh mé ceapaithe bheith ann ach bhí duine eile tinn agus tháinig an ticéad chugham. Míle buíochas, Karma agus Eva. Biseach luath, Tricia, a chroí.
Bhí mé ann le tacaíocht a thabhairt do Song Of The Sea, an scannán iontach ó Tomm Moore is a fhoireann atá bunaithe i gCill Ceannaigh. Is Ceilteach tríd is tríd mé agus grá mór agam do mo theanga féin is ceol iontach maith. Mar sin bhí mé thar a bheith sásta leis an scannán a rinne sé. Tá draíocht ann. Is cumhacht. Is ár ndúchas.
Cé gur ghoid bunúsachaí Manannan ó Éirinn le déanaí, tá súil agam go dtiocfaidh sé ar ais le cumhacht a thabhairt dár gcultúr is a tábhacht ag na Oscars an Domhnach seo chugainn. Ní go fisiciúil amháin atá i gceist agam ach oiread. Tá Saoirse uainn. Domhan amháin agus domhan eile, idir am is áit, tá an scannán seo uainn.
Ag an am céanna tá ardmheas agam ar Isao Takahata a rinne Hotaru No Haka, an scannán beochain is fearr ar domhan, riamh. Lán stad. Dáiríre. Mura bhfuil sé feicthe agat, réitigh é sin anois. Faigh é. Ach tuig go bhfuil sé láidir agus brónach. Bhí cónaí orm sa tSeapáin nuair a tháinig an scannán sin amach, blianta ó shin. Roghnaigh mo sensei an leagan manga de dom mar mo chéad leabhar le léamh as Seapáinis. Léite agam sula bhfaca mé an scannán, tá áit láidir ag an Hotaru no Haka (le Takahata) i mo chroí. Seo an leabhar a chur ar an mbóthar mé le labhairt amach i gcoinne gach cogadh, gach áit. A mhúin grá do chearta daonna dom. Seo an scannán a roghnaigh mé le gach rang is mé ag múineadh Seapáinis.
Is ansin a bhí mé tarraingte i ndá threo an oíche ar fad. Grá mór agam do Song Of The Sea agus an-tógtha go deo le a bhí le rá ag Tomm Moore faoi thábhacht na scéalta agus an nasc eatarthu agus an timpeallacht i nglór binn mo mhuintir féin. Grá mór agam do Takahata ag caint i dteanga a bhí agam mar mo phríomhtheanga ar feadh ceithre bliana de mo shaol, rud a tharraing ar ais mé go dtí an domhan sin le rithim na teangan agus an meon aigne atá le sonrú ann. B’shin draíocht eile.
Ná bíodh faitíos oraibh. Cé go bhfuil Hotaru No Haka níos fearr ná Song Of The Sea agus gach aon scannán beochain riamh, níl sé san iomaíocht don Oscar i mbliana. Cé go bhfuil scannán ag Takahata san iomaíocht Kaguyahime nó Taketorimonogatari nó Princess Kaguya agus scéal álainn ar fad é a léinn do mo ghasúr go minic is mé sa tSeapáin, tá Song Of The Sea níos fearr. Tuigim go bhfuilim claonta ach fiú má tá, táim claonta ar dhá thaobh agus fós an bua ag Tomm sa chomórtas seo. Is rud iontach ar fad sin.
Níl dabht ar bith ach go bhfuil neart ceachtanna foghlaimthe ag Tomm ó Stuideó Ghibli: Macha ina scannán ar nós Yubaba Ghibli agus duine i gcloch mar a bhí ag tús Spirited Away agus mar atá againn i ndáiríre in ár gcultúr.
Nuair a chonaic mé Spirited Away agus anime sa tSeapáin ar dtús, smaoinigh mé ar na scéalta go léir againne agus ar an gcaoi a bhféadfadh muid iad a léiriú sa stíl sin. Faraor níl scil ar bith agam leis sin ach, buíochas leis na Déithe, tá daoine mar Tomm san domhan seo. Is tuigeann sé.
Inniu léim sa pháipéar go dtuigeann sé an fhadb le Éire Iarchoilíneach. Is d’úsáid sé an scannán Once mar shampla de. Sin é. Tá sé foirfe. Tuigeann sé.
Seo an dream a bhí ann aréir: DeBlois le How To Train Your Dragon 2, Hall le Big Hero 6, Stacchi le The Boxtrolls ina measc.
Bhí sé fíor spéisiúil éisteach leo. Trua nach raibh bean ar bith san iomaíocht. Tháinig an ciall is fearr sa ghrúpa ó Tomm agus na Seapánaigh. Má tá ciall ag an domhan beidh an bua ag Tomm ar an Domhnach. Súil leis na Déithe agam go bhfeicfidh neart daoine a scannán agus go dtuigfidh siad é.
Is saoi thú, Tomm, agus éacht déanta agat. Maith thú!
An gcríochnaíonn amhrán na farraige ar an gcladach nó i gcroíthe an dream a n-éisteann leis?
– Kahlil Gibran
Beidh seans ag muintir na hÉireann an scannán seo a fheiceáil ón 10iú Iúil 2015. Ná caill é!!!
Bhí scannán le Gaeilge san iomaíocht d’Oscar i mbliana. Nuair a chonaic mise é ní raibh Song Of The Sea le Tomm Moore le fáil ach i bpictiúrlann amháin i gCalifornia agus an lá deireanach ann dó é. Mór an trua é. Chonaic mé an scannán le beochan seo i gCathair na nAingeal. Spreag sé mórtas cine is meas do mo chultúr ionam níos láidre ná ariamh. Bhí mé ag casadh amhrán ón scannán: ♫ Idir am is idir áit… ♫ ar mo bhealach amach ón bpictiúrlann Nuart ar Santa Monica Blvd. Mé idir am is áit. Ardáthas agus ionadh orm tar éis scannán le Gaeilge, seanchas & ealaín ceilteach den scoth a fheiceáil.
Deacair a mhíniú an bród a tháinig orm ag éisteacht le mo theanga féin i scannán chomh hiontach leis seo. Béarla is mó atá ann ach ó am go ham briseann an dúchas amach le amhrán nó comhrá beag as Gaeilge. Tá leagan as Gaeilge amháin de le feiceáil anois faoin tideal Amhrán na Mara. Feicthe agam i mí Iúil in Éirinn agus iontach ar fad an leagan sin freisin. Ardmholadh do chuile dhuine a bhí páirteach ann. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach ceapaim go bhfuil na dathanna níos fearr fós sa leagan as Gaeilge. Tá mé fiosrach cén fáth nár ghlaoigh siad selchidh ar Shaoirse in áit bean róin. Tá ‘fhios agam nach raibh an focal san bhfoclóir ach bhí sé sa chaint agus in am dúinn an focal a chur isteach san bhfoclóir. Tá leagan as Fraincis feicthe ag daoine sa Fhrainc cheana féin agus an-chaint dearfach ansin faoi.
Tháinig an chéad gáire os ard uaim nuair a chonaic mé an fógra: Feic off ar dhoras. Nach minic a úsáidim fhéin an stíl sin ar Twitter! Liricí as Gaeilge sa cheol atá álainn ar fad. Cuid acu traidisiúnta mar Dúlamán, Báidín Fheilimí, agus Cailleach an Airgid. Spéisiúil go n-athraíonn siad go Cailleach Oíche é. Téarma eile d’ullchabhán. Cuid eile nua ar nós an amhrán le tideal an scannáin: Amhrán na Farraige. Tá mé iomlán gafa leis. Seo cuid láidir den draíocht sa scannán a chuireann muid idir am is áit.
Tuigeann chuile dhuine sa scéal Gaeilge. Deireann an seanchaí ‘Ar aghaidh leat’ agus níl fothidil ann ná gá leo. Tuigeann daoine ón gcomhthéacs céard atá sé ag rá. Piocaimid suas snáth an scéil mar a déarfá. Fíorchliste. Seo an domhan atá uaim. Domhan ina dtuigeann gach duine Gaeilge agus, dáiríre nuair a smaoinímid air, an domhan atá againn. Fíordheas an chaoi a d’aithin siad é sin a fheiceáil sa scannán. An dúshlán tugtha dúinn ag an deireadh ó Bhrónagh: cé go dtuigimid Gaeilge agus na scéalta, caithfimid a luach a thuiscint agus iad a choinneáil beo.
Seanchas is seanchaí is eachtra den scoth a thugann fuinneamh agus neart don scannán seo. Tosnaíonn an scannán le dán YeatsThe Stolen Child. Is ina dhiaidh sin leanann muid scéal Human Child amháin. Ní dearthair maith é Ben ach de réir a chéile tuigimid cén fáth. Tá eachtra aige a mhúineann dó an cheacht is tábhachtaí is é ♫ ag cuardú go damanta ♫ grá a bhí caillte. Buaileann sé le seanchaí a chabhraíonn leis ar an mbealach. Cloisimid faoi Mhanannan Mac Lir, Macha, na daoine sí, selchidh, Cú agus araile. Tá na scéalta tábhachtach agus sin an teachtaireacht ann. Níl ort ach snáth an scéil a leanúint le foghlaim. Ní thuigeann Ben a scéal féin ar dtús. Ní thuigeann sé an draíocht atá ag an taobh baineann dá chlann. Ach cé go bhfuil an-chumhacht ag Saoirse, a deirfiúr (selchidh óg), caithfidh Ben cabhrú léi. Tá saoirse ó na daoine beaga agus is í Saoirse amháin is féidir é sin a thabhairt dóibh. Scaoiltear an scéal amach go nádúrtha ag dul ó dhomhan gnáthpháiste go domhan atá faoi cheilt. Domhan lán le draíocht.
Creideann na daoine sa scéal i ndraíocht. Cineál Realismo mágico na nGael le sonrú ann. Tá dhá dhomhan ann agus muid idir eatarthu go minic. Tá cuid mhaith de na carachtairí i ndomhan daonna & i ndomhan na sióga chomh maith. Seanmháthair agus Macha, Conor agus Manannan, Saoirse agus selchidh srl. Ar nós Spirited Away ar bhealach.
Bhí mé ag déanamh ceangail i mo chloigeann an chéad uair a chonaic mé an scannán Miyazaki úd leis na scéalta againne faoi na daoine beaga. Bhí mé ag ceapadh ag an am go bhféadfadh duine scannán a dhéanamh cosúil leis bunaithe ar ár scéalta. Go mór mór nuair a chonaic mé na clocha ann. Ach ní raibh mé in ann scannán chomh hálainn le Song Of The Sea a shamhlú. Fós inniu táim ag déanamh iontas de agus ag smaoineamh ar na scéalta eile atá againn a bhféadfadh siad a úsáid as seo amach.
A áille na háille, Song Of The Sea, ní fhaca mé farraige níos áille in aon scannán nó pictiúir riamh. Mé cinnte anois go raibh mé cineáilín high ar an dtaithí seo. Fonn orm dul ar ais agus é a fheiceáil arís is arís eile. Pléisiúir do na súile. Stíl Cheilteach chuile háit.
Curtha le chéile le ceol draíochtach, baineann sé ón gnáthshaol thú go áit aoibheann is leanann an t-aoibhneas sin i bhfad. Ealaín & ceol den scoth a chruthaíonn an draíocht is fearr ann. Bruno Coulais a chum an ceol draochtúil le Kíla. Aisteoirí ag casadh ann chomh maith mar is teanga draoíochtach an ceol: David Rawle, Fionnuala Flanagan, Lisa Hannigan, Lucy O’Connell… Oireann sé. Ní chasann Brendan Gleeson mar tá a charachtar croíbriste.
I bhfad, i bhfad níos fearr ná an scannán álainn The Secret of Kells ón ngrúpa Cartoon Saloon céanna a bhí san iomaíocht d’ Oscar i 2010, tuilleann an scannán seo 98% ar Rotten Tomatoes. Tháinig an comórtas is láidre don Oscar dó ó The Tale of Princess Kaguya. Caighdeán ard i mbliana? Cinnte. Níl The Lego Movie fiú san iomaíocht. Sa deireadh ba é Big Hero 6 a bhuaigh an Oscar. Tá mé ag rá libh go bhfuil Song of The Sea nó Amhrán na Mara níos fearr.
Locht ar bith mar sin? Ar dtús chuir an t-amhrán seo a leanas a bhí ag an deireadh isteach orm mar bhí an stíl chomh difriúil sin ar nós amhrán do scannán Disney. Bhris sé an draíocht a bhí ann roimhe leis an rithim is an mblas nua. Ach ag an deireadh thaitin sé liom.
Cúig réalt uaimse. An chuid is fearr dínn i The Song Of The Sea. Ardmholadh do Cartoon Saloon, an chomhlacht atá bunaithe i gCill Chainnigh a chuir le chéile é. Súil agam go bhfeicfidh gach duine ar fud an domhain é. Maith sibh. Buíochas ó chroí uaimse. Seo blas den scannán. Bainigí taitneamh as. Ná cailligí The Song of The Sea. Oscar tuillte go maith aige mar a fheicimse é. Draíocht níos láidre ná aon Oscar ann.
Gach uair a fheiceann tú é, feiceann tú rud nua. Rud a thug mé faoi deara uair amháin: an uimhir ar an gcarr OW 45. Tagairt don reifreann in Albain? Cliste más ea. Ow. Bhí sé pianmhar ceart go leor. Comhbhrón leo.
Saoirse ó gach duine. Mar sin, cosúil le Ben a chaill eagla leis an rud ceart a dhéanamh agus Saoirse a fuair a guth, caithfidh muide labhairt amach agus na rudaí is fearr sa saol a shábháil. Ná coinnigh pain taobh istigh. Ná fan ciúin faoi mar leanaidh sé ar aghaidh agus gheobhaidh áilleacht bás má fhanaimid ciúin. Ceacht iontach tábhachtach.