Frásaí i dteangachaí na nGael buíochas le Greydeinner & PhoilGhael
Gaelg: Mie lhiat my rannag?
Gàidhlig: An toil leat mo losgann?
Gaeilge: An maith leat mo fhrog?
Frásaí i dteangachaí na nGael buíochas le Greydeinner & PhoilGhael
Gaelg: Mie lhiat my rannag?
Gàidhlig: An toil leat mo losgann?
Gaeilge: An maith leat mo fhrog?
Féile ag na Gaeil ar Feabhra 1
Torthúlacht, cosaint ó thine, agus leigheas.
Imbolg an t-ainm is fearr don tráth seo is an tEarrach ag tosnú. Ainmneacha eile coitianta i dtíortha na nGael ná: Éire, Lá Fhéile Bríde; Albain, Là Fhèill Brìghde; Oileán Mhanainn, Laa’l Breeshey. Faraor, tá dearmad déanta ag daoine ar Imbolg. Samhain, Bealtaine, agus Lúnasa ar eolas acu ach Imbolg dearmadtha. Tá sé in am sin a cheartú.
Tá clú agus cáil ar an gcrosóg (cosaint ó thine) thuas ach tá nósanna eile a bhaineann le Imbolg agus roinnfidh mé trí cinn acu libh anseo. Ach, ar dtús, Imbolg nó Lá ‘le Bríde? Imbolc nó Imbolg? Cloisfidh tú daoine ag rá Imbolc ar nós im bulk. Bhí an fhuaim g ar an c sin. Bolg againne, tá dhá shiolla ann. Imbolc agus Imbolg ar nós Lughnasa agus Lúnasa. Imbolg agus Lúnasa scríofa le litriú na linne seo.
Conas crios a dhéanamh anseo.
Aithníonn go leor daoine Bealtaine, Lúghnasa, agus Samhain ach cuid mhaith ann nach n-aithníonn Imbolg. Creideann daoine go bhfuil Bealtaine, Lúghnasa agus Samhain págánach ach go mbaineann Lá ‘le Bríde leis an Eaglais. Bhuel, sin a mhúin oideachas na hEaglaise dúinn. Ach tá Imbolg níos sine ná sin agus baineann Imbolg leis an nDia Bríd.
Cérbh hí Bríd? Tuigtear ón Lebor Gabála Érenn gur ball de na Tuatha Dé Danann í. Iníon an Dagda agus bean chéile Bres. File í. Bhí mac aici agus Ruadán an t-ainm air. Is í Bríd a chum caointeoireacht nuair a fuair Ruadán bás i gcath. Chum sí feadaíl san oíche le rabhadh a thabhairt do dhaoine. Bhí daimh aici (Fe agus Men), torc (Triath), agus caora (Cirb). Mar sin is Dia í ar ainmhithe neamhfhiáin. Chomh maith leis sin, is Dia de na gaibhne í. Dia í freisin a bhaineann le breacadh an lae agus torthúlacht. Ardbhean.
Tús an Earraigh , a féile agus sin Feabhra 1 ar an bhféiire Cheilteach. An aimsir ag athrú.
Ar nós an Groundhog i Meiriceá, bhí caint in Albain ar nathair ag teacht as a pholl.
Thig an nathair as an toll
Là donn Brìde,
Ged robh trì troighean dhen t-sneachd
Air leac an lair.
Cros Bhríde an nós is cáiliúla a bhaineann léi:
Seo trí nós eile a bhaineann leis ar chóir dúinn a mhúineadh sna scoileanna mar is cuid dár noidhreacht iad.
Seo nós atá láidir i gConamara. Déanann fir an crios agus tógann siad leo é ar fud na háite is gabhann daoine tríd. Creideann daoine go mbeidh ádh ardhaoine má dhéanann siad seo. Samplaí de rannta a dúirt siad is iad a dul tríd:
Crios Bhríde, mo chrios.
Crios na dtrí gcros.
An té a rachas trí mo chrios:
Go mba seacht míle fearr
a bheas sé, bliain ó anocht.
nó
Crios Bhríde, mo chrios.
Crios na gceithre cros.
Éirigh suas, a bhean an tí,
Agus téirigh tríd an chrios.
2. An Bhrídeog
Bábóg is ea an Bhrídeog. Déanann daoine sa bhaile iad leis an bpunann arbhair dheireanach a bhain siad san Fhómhar. Sin an corp den Bhrídeog.
Ní in Éirinn amháin atá an nós seo. Tógann daoine na nósanna seo leo agus scaipeann siad thar sáile iad. Foghlaimíonn daoine thar lear faoi na nósanna againne agus aithníonn siad an luach iontu. Seo pic ó bhean in Arkansas, sna Stáit Aontaithe agus Brídeog déanta aici le Imbolg a cheiliúradh.
In Éirinn, gléaann daoine an bóbóg agus tógann cailíní óga an Bhrídeog thart ó theach go teach san oíche. Nós ar nós Bob nó Bia na Samhna ach níl Bob ann ach rann nó ceol.
I gConamara deireann daoine rann:
Seo í isteach mo Bhrídeog,
Mo Bhrídeog chun a’ tí.
Mo Bhrídeog álainn gléasta,
In éadach agus tuí.
Tabhair pingin don Bhrídeog
‘S beidh sí buíoch díobh.
I gCiarraí, téann na ‘Biddy Boys’ thart is éadaí tuí orthu is casann siad amhráin is déanann siad ceol.
San lá atá inniu ann, bailíonn daoine airgead le cabhrú le grúpaí faoi leith ar mhaithe na tíre.
3. Brat Bhríde
Thar aon rud eile, baineann Imbolg le torthúlacht agus fás. Cuireann daoine éadach thar punann tuí le beannacht Bhríde a fháil ar na barraí. Ach tá baint ag an brat Bhríde le leigheas chomh maith. Fágann daoine píosa éadach ar dhíon an tí san oíche go mbeidh Bríd in ann lámh a leagan air agus bua an leighis a chur ann.
D’úsáidtí an t-éadach ón lá sin amach i gcúraim leighis agus mar chomhartha den ádh le linn na bliana. is iomaí tobar Bhríde atá ar fáil ar fud na tíre agus tá nós ann éadach a cheangail ar chrann in aice leo.
Seo crann i gCo na hIarmhí. Is ar an gcrann sin a cheangail mé féin éadach ag súil le leigheas. Tháinig feabhas orm.
Ba mhaith leat an lá a cheiúradh? Cúnamh duit anseo:
Fáilte roimh an mBrídeóg le bia is leaba, faigh uisce ón tobar is cuir gach rud in eagar.
Agus abair:
Gabhaim molta Bríde
Ionmhain í le hÉireann,
Ionmhain le gach tír í.
Molaimis go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach
‘Soilsiú feadh na tíre
Ceann ar óghaibh Éireann
Ceann na mban ar mine.
Tig an gheimhreadh dian dubh
Gearradh lena ghéire.
Ach ar Lá ‘le Bríde
Gar dúinn Earrach Éireann.
I praise Brigid
Beloved in Ireland
Beloved in all countries
Let us all praise her
The bright torch of Leinster
Shining throughout the country
The pride of Irish youth
The pride of our gentle women
The house of winter is very dark
Cutting with its sharpness
But on Brigid’s Day
Spring is near to Ireland
Amhrán ó Oileán Mhanainn
In Albain bheadh leaba réidh do Bhríg is dhéaraidís
A Bhríd, a Bhríd, thig a stigh as gabh do leabaidh.
Chuiridís slat dhraíochta bhán ag taobh an leapa agus leis an slat cuireadh Bríd na plandaí ag fás arís. Nós eile acu damhsa le brat is a canadh:
Bridean, Bridean, thig an nall ‘s dean do leabaidh.
Ag Imbolg, tagann an Chailleach amach le cual coinnidh a bhailiú. Ceapann daoine: má tá an lá go brae, ciallaíonn sé go mbeidh go leor adhmaid aici mar beidh gá leis: ‘sé sin mairfidh an geimhreadh níos faide. B’fhearr leo drochaimsir ar an lá seo. Ar Oileán Mhanainn deirtear gur í Caillagh ny Groamagh, agus go n-eitlíonn sí mar éan sa spéir is brosna ina béal aici.
Bíodh Imbolg iontach agaibh ar fad.
Bia (as Béarla) anseo.
Stair as Béarla
Nóta: Imbolg is sounded with three syllables -i-muh-lug.
Lá na Máthaireacha Sona. Nó Lá na Máthar Sona?
Tháinig an fhéile álainn seo chugainn ó Anna Jarvis (síochánaí), bail ó na Déithe (baineann, ar ndóigh) uirthi. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh Lá na Máthar aitheanta i Meiriceá ó 1905, an bhliain ina bhfuair a máthair féin bás. Ach ní raibh sé éasca.
B’fhiú go mór an troid. Síochánaí ab ea í Ann Jarvis (máthair Anna) agus banaltra a thug aire do shaighdiúirí (in ainneoin cén taobh inar throid siad) sa chogadh cathartha. Bhunaigh sí clubanna ‘Lá na Máthar’ le caint a dhéanamh ar chúrsaí sláinte don phobal ar fad. Bhí a hiníon, Anna, ag iarraidh ómós a thabhairt don obair a rinne a máthair agus leanúint ar aghaidh leis an obair sin.
I 1908, rinne Comhdháil SAM magadh faoin iarratasa rinne Anna le Lá Náisiúnta Lá na Máthar a bhunú. Dúirt siad, dá mbeadh lá speisialta do mháthair ann, bheadh lá eile de dhíth don Mháthair Chéile! Samhlaigh gnéasachas agus gáire sotalach maslach anseo. Ach níor lig Anna don aineolas gránna seo an lámh in uachtar a fháil.
I 1908 bhí ceiliúradh cuimhnitheacht aici dá máthair i séipéal i Virginia Thiar. B’shin tús oifigiúil leis an lá speisialta do na máithreacha. I 1910 bhí Lá na Máthar oifigiúil i Virginia Thiar, stát Anna í fhéin. I 1911 bhí chuile Stát ag ceiliúradh an lá ach gan é a bheith oifigiúil i roinnt mhaith acu. I 1914 agus Anna fós ag obair go dian le aitheantas oifigiúil a bhaint amach don lá, d’fhógair an tUachtarán Woodrow Wilson, go mbeadh an dara Domhnach i mBealtaine aitheanta mar lá náisiúnta le onóir a thaispeáint do mháithreacha. Bhí an bua aici.
Lá na Máthar a bhí i gceist ag Anna, ní Lá na Máithreacha. Agus sin a d’fhógair Wilson. Bhí Anna ag iarraidh go mbeadh an lá pearsanta. Ba chóir do gach clann rud éigin pearsanta a dhéanamh dá máthair féin. Cártaí a tharraingt, ní a cheannach. Nó litreacha a scríobh. Mar sin scríobh siad Mother’s Day agus ní Mothers’ Day sa Bhéarla ar an lá.
Bíonn daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh Mother’s Day na laethanta seo ach ní ar an dáta céanna i ngach tír. Bhí tíortha áirithe ann ina raibh nós cosúil leis seo acu cheana féin. Shocraigh tíortha eile ina raibh cumhacht láidir ag Eaglais iontu ar dháta a roghnú le ciall faoi leith aige ar a bhféilire féin. Ina measc, Éire. An ceathrú Domhnach sa charghas a roghnaigh an Eaglais (iad le cumhacht) d’Éirinn agus do chúig áit eile: an Nigéir, an Ríocht Aontaithe, Geansaí, Geirsí, agus Oileán Mhanann.
Ach bhí an bua ag Anna lena rogha don dara Domhnach i mBealtaine mar sin an lá in úsáid ag formhór na tíre ar an domhan (86 acu) anois.
Ar aon nós, cibé áit ina bhfuil tú is cibé dáta atá agat le Lá na Máthar a cheiliúradh (scar Stát & Eaglais, leads, mar níl meas ar bith acu ar na mná), bíodh sé pearsanta agus ó chroí.
Lá na Máthar Sona. Níl an jab éasca mar sin roinn grá mór inniu más féidir.
Pic le Lydia Hoover
Tús iontach le 2016. Baile nua ag CnaG (Gaelic League LA), Cathair na nAingeal. Nach orainn atá an t-ádh! Ranganna againn sa Ghaeilge, Gàidhlig, agus Gaelg. Imeachtaí beagnach gach mhí ag comóradh 1916-2016. Céilí Rua ag dul ó neart go neart. An Deireadh Seachtaine linne agus múinteoir Fulbright faighte againn. Ag obair le Pepperdine agus leis an Amharclann Ford. Gach rud réidh don Club Leabhar & Club Scannán i mí Feabhra. Ceoltóirí den scoth, aisteoirí inár measc, fuinneamh san aer…
Is maith an rud é gur chreideamar ionainn féin. Iontach go bhfuil tacaíocht agus grá ann dár gcultúir. Cibé brionglóid atá agat, ná fan. Tabhair faoi tú féin. Níl sa saol ach seal.
Bain taitneamh as an turas!
Ranganna ar an Domhnach
Imeachtaí 1916-2016 ag tosnú Satharn 30 Eanáir
Deireadh Seachtaine Gaeltachta i mBealtaine
Irish Immersion Weekend in May
Grá mór dár gcairde anseo agus na cairde nár bhuaileamar leo go fóill.
Slàinte maith, h-uile latha, na chi ‘snach fhaic!
Nollaig Chridheil agus Bliadhna mhath ùr!
Gun cuireadh do chupa thairis le slainte agus sonas.
Slàinte, sonas agus beartas
A h-uile là sona dhuibh ‘s gun là idir dona dhuib.
Slaynt as shee as eash dy vea, as maynrys son dy bra.
Sláinte id’ shaol ‘at,
Cairde, scléip is spraoi.
Leannán ar do mhian ‘at
Is sonas i do chroí.
Sláinte!
Tá Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal, ag obair go dian na laethanta seo. Beidh ranganna acu ag tosnú ar an 10iú Eanáir ag an Wilde Thistle.
Éirí Amach na hÉireannaigh
i gCathair na nAingeal (le spraoi a dhéanamh)
Ar mhaith leat cultúr agus teanga ársa le do chuid tae?
Ag an Wilde Thistle Café i gCathair, ar Domhnach ar bith, ní rud ait é daoine a fheiceáil ag damhsa sa chafé. Rincí Gaelacha. B’í Erin Ealy, ball de Chonradh na Gaeilge, a chuir an Céilí Rua le chéile ag múineadh damhsaí saor in aisce a chuireann daoine ag rince le spraoi. Is anois tá cúrsaí ag fás. Gach Domhnach níos Gaelaí.
Fós is féidir le duine bia is deochanna blasta a fháile le fáilte is fiche sa Chafé anseo a thugann ómós d’Oscar Wilde. Fós is féidir leat portanna agus ríleanna a dhéanamh le gliondar. Ach anois, tá ranganna sa Ghaeilge, Gàidhlig, agus Gaelg le fáil ann chomh maith. Ciorcal comhrá, daoine ag imirt Scrabble nó Monopoly as Gaeilge, club leabhar srl: tá fáilte roimh éinne atá ag iarraidh bheith páirteach ann.
Ar fhaitíos nárbh leor sin, beidh Léachtanna faoi 1916 ar siúl beagnach gach mhí i 2016. Is Deireadh Seachtaine Gaeltachta á eagrú acu!
Mar sin, Tulach Ard, mar a deireann Outlanders nó Buail Isteach mar a deireann muidne, nó Caghlaa obbyr aash (Tá athrú chomh maith le sos) mar a chloisfeá ar Oileán Mhanainn.
Is féidir do shaol a Ghaelú i 2016!
Fiú i gCathair na nAingeal.
Tuilleadh eolais ar CnaGLA
Bí Gaelach is bródúil as.
Athbhliain Faoi Shéan & Faoi Mhaise
Blein Vie Noa
Bliadhna Mhath Ùr
Blydhen Nowydh Da
Blwyddyn Newydd Dda
Bloavezh Mat
Ceithre bliain is an lá ó thosaigh mé ag blagáil.
Maith agaibh as bheith liom ar an turas seo ♥
Ar an mBóthar go A Coruña
Na focail atá againn le cur síos ar ár gcultúr inniu is an chaoi ina n-úsáidimid iad! Bíonn dul amú orainn rómhinic. Céard a dhéarfadh Goídel Glas fúthu? Ar an mbealach do Bhreogán go A Coruña fadó caithfidh gur chaill sé brí agus tuiscint ar cé muid féin is an meas ar chóir dúinn a bheith againn ar a chéile. Tuiscint ag titim ó pholl ina bhróga ar nós gaineamh ón trá a bhí ag cur isteach air ag sileadh amach diaidh ar ndiaidh. Caillte is ag séideadh sa ghaoth i dtíortha i bhfad i gcéin.
Cás #1: An Bhreatain Bheag
Sin Masla.
Mar sin athraigh
An Bhreatain Bheag ► Comraí sa Ghaeilge, CYMRU ina dteanga féin.
Cás #2
Gaeilge na hAlban
Sin Masla
Ar nós Erse a ghlaoch uirthi! In ainm Dé, ná déan é sin!
Muidne na Ceiltigh a labhraíonn ár dteangachaí fós, tá muid bródúil astu:
Gaeilge, Gàidhlig, Gaelg, Cymraeg, Kernowek, & Brezhoneg.
Mar sin athraigh
Gaeilge na hAlban ► Gaidhlig sa Ghaeilge, Scottish sa Bhéarla.
Cás #3: Scottish Gaelic
Sin Masla.
Mar an gcéanna le Gaelic mar ainm Béarla ar Ghàidhlig
Erse? Ná tosaigh air! Damanta!
Mar sin athraigh
Scottish Gaelic / Gaelic ► Scottish sa Bhéarla.
I ngach cás tá meas i gceist.
Mar a bhí (buíochas le @steCymre14)
Le feabhsú
Aithin go bhfuil teangachaí éagsúla againn.
Tabhair meas dóibh.
Ar scáth a chéile a mhairimid.
Ó, agus labhair iad le cion ♥
Stair
Is oileán í Éire agus oileáin aici amach óna cósta. Tá aithne mhaith ag daoine ar an gcurach ach tá bád eile againn in Éirinn. Sin ár mbád traidisiúnta féin: an Huicéir. Bhí tagairt ar an mbád seo ón seachtú aois déag. Bhídis ag iompair feamainn go Gaillimh agus móin go Clár. Tá Húicéirí as Gaillimh ann chomh maith leo as Dún na nGall, Cionn tSáile, Cathair Na Mairt, agus Bostún. Cúpla stíl éagúla ann: an Gleoiteóg, an Púcán, an leathbhád agus an Bád Mhór.
ó Oileán Mhanainn go hAlbain
go na hOileáin amach ó chósta na hAlbain
is bí ag caint leis na daoine ann
agus inis an scéal faoin domhan Gaelach don domhan mór.
Níl mé críochnaithe leis seo. Cuirfidh mé éin eile ann de réir a chéile.
Buíochas mór le @johanmeyerSA a spreag é lena phictiúirí gleoite & a shuim sna teangachaí Cheilteacha.