Nóta: Ach tabharfaidh mé seans dár bpolaiteoirí ar dtús, scríofa agam thíos. Nuacht anois go mbeidh reifreann faoi ochtú leasú againn i 2018. Más fíor, sin céim sa treo ceart agus molaim é.
Tá Taoiseach nua tofa in Éirinn ach, ar nós Trump anseo, ní hé mo cheannaire é. Tá na meáin i ngrá leis mar tá sé aerach go hoscailte agus tháinig a mhuintir ón India. Is maith sin ach ní leor é. Ní leor é sa chaoi go bhfuil bean uainn mar uachtarán i SAM ach, ar son Dé, ná roghnaigh Sarah Palin ná Ann Coulter. Níor roghnaigh an tromlach Leo Varadkar. Ní maith leis rogha do bhean. Mar sin roghnaigh siad an duine mícheart don jab. Is cuma cé as a thagann an duine ceart, cén creideamh atá acu, cén inscine atá acu srl. Má thuigeann siad cearta daonna is má stiúrann siad an tír sa treo ceart, sin atá ag taisteáil.
Fíorthábhachtach anois go háirithe. Deis saoirse a bhaint amach. An treo ceart de dhíth agus sin tír le cearta, tír le tuiscint, tír le croí.
Tír gan rogha ina bhronntar ospidéil is scoileanna don Eaglais a ghoid is a dhíol leanaí.
Cearta uimhir a haon ar an liosta. Is sin an fhadhb le Leo. Ní thuigeann sé cearta a bhaineann le mná ná le ceartas soisíalta. Seo an t-am is tábhachtaí don tír seo. Tá deis Éire a chur ar ais le chéile gan foréigean, buíochas le Sasamach. An chéad rud ar an liosta le déanamh ná Stát agus Eaglais a scaradh. Caithfidh muid a thaispeáint go bhfuil fáilte roimh chearta daonna sa tír ar son na tíre féin agus leis an tuaisceart a mhealladh le haontú linn. Is le Sasamach, le Theresa May ag déanamh praiseach de gach rud, le tuiscint nach bagairt í Gaeilge ná cultúr, tá muid beagnach ag an bpointe sin. Mór an trua go bhfuil Leo agus a pháirtí ag milleadh an deis sin.
Nicola Sturgeon le scéim boscaí lán le riachtanaisí do leanaí a thabhairt do mháithreacha.
Thaispeáin Nicola Sturgeon go dtuigeann sí cearta agus go bhfuil siad ar fáil ina tír: go bhfuil fáilte roimh chuile dhuine, go bhfuil an timpeallacht, eolaíocht, sláinte srl tábhachtach di. Ní thuigeann Fine Gael sin nó is cuma leo. In áit a thaispeáint nach mbeidh iompúchán in oideachas as seo amach agus go mbeidh sláinte is oideachas saor ón Eaglais is Ethos, tá Fine Gael ag iarraidh paidreacha sa Dáil, gan na Tuam Babies a fhiosrú, is ospidéal a bhronnadh do mhná rialta na Magdalenes! Is níl siad ag iarraidh caint ar thobscar toirchis (abortion). Rinne Coveney caint ar bheith Pro-life (Frith-rogha) is dúirt Leo go raibh sé i gcoinne Abortion On Demand ag taispeáint a dhrochmheas ar mhná agus a aineolas ar an ábhar in aon frása amháin. Is cuma leis má tá duine nó páiste éignithe.
Is féidir liom tacaíocht a thabhairt do dhaoine gan mórán taithí má fheicim go bhfuil a gcroíthe san áit ceart is iad go maith ag foghlaim atá ag taisteáil. Ní fheicim sin i Leo. Ní thuigeann sé cruachás na mban ná cruachás na mbocht agus tá sé deacair a chroí a aimsiú sa chaoi ina labhraíonn sé fúthú. Leigh faoi anseo.
Ag an bpointe seo, b’fhearr liom Aontas Gaelach is Nicola i gceannas orainn:
Ach tabharfaidh mé seans dár bpolaiteoirí ar dtús. Tuigimid atá le déanamh. Taispeáin don tuaisceart nach leis an Vatacáin muid níos mó. Mar is leo muid anois. An bhfuil páirtí ar bith sásta a rá go poiblí go scarfaidh siad Stát & Eaglais i mbliana? Muna bhfuil, ní fiú tada iad mar tá siad ag milleadh an deis is fearr againn riamh le SAOIRSE a bhaint amach. Mé ag fanacht ar fhreagra ó na páirtithe. Ach tá deifir ar an tír agus ní thiocfaidh deis mar seo arís.
Má theipeann ar gach páirtí an freagra ceart a thabhairt ar seo, tá páirtí nua de dhíth. Bímis réidh.