Níl sé ceart, ar ndóigh: an G sin sa ‘Guit’ mar atá i ‘Gilead.’
Dia duit a fheicimid ach níor chuala mé Dia duit ó dhuine ar bith sa Ghaeltacht riamh. Dia dhuit a chloisim. Fiú ar scoil, níor chuala mé Dia duit. Sin a bhí ar an leathanach ach Dia dhuit a léigh an múinteoir amach agus Dia dhuit a dúramar. Níl fhios agam cén fáth nach scríobhaimid dhuit in áit duit, mar dhuit a deirimid.
Go minic is daoine ag foghlaim ar dtús, níl an fhuaim dh acu agus fuaim g a thagann uathu. Níl siad ceart. Ach muid ar fad ag foghlaim, nach ea?
Fiú sa Bhéarla, cheapfá gur Jilead in áit Gilead a bheadh ann mar fhuaim leis an litriú Gi sin i nGilead. Seans nach dtugaimid sin faoi deara fiú. Tagann an fhuaim amach mar a mhúintear dúinn í, is cuma céard atá ar an bpáipéar. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Nuair a bhíomar ag foghlaim ar scoil, mhúin siad Dia duit dúinn mar bheannacht. Sin atá i mbeagnach gach téacs is daoine ag foghlaim Gaeilge. Freagra? Dia is Muire duit. Sin a deirtear, ar siad linn. Beannacht traidisiúnta, ar siad.
Is breá liom traidisiún is muid ag caint ar cheol nó rince. Mheas mé fhéin (ní féin – níl sé nádúrtha dom) nárbh shin ár dtraidisiún. Múinte dúinn ar scoil. Na mná rialta a mhúin mise, na Bráithre Críostaí a mhúin mo dhearthaireacha: nach raibh vested interest (vestido, invested, sheep’s clothing) acu sna frásaí seo?
Bhí agus tá, ar ndóigh!
Is mé ag múineadh daltaí ón Araib Shádach, labhair siad liom faoina dtraidisiúin. Thaitin a dúirt siad liom go dtí gur úsáid siad ‘traidisiún é’ le cosc a chur ar shaoirse na mban a mhíniú. San India is muid i dtuaisceart na tíre, níl fhreagair fear aon cheist uaim. D’fhreagair sé m’fhear céile nuair a chuir mé an cheist air. Ní traidisiún sin. Sin guth agus aitheantas a bhaint díom mar is bean mé. Mar an gcéanna leis an mburka. Glanann sé an bhean amach ón scéal. Mar a bhí mná Éirebrushed as stair na hÉireann.
Mar sin, mínigh arís dom an Dia dhuit seo. Cad a chiallaíonn sé? An gcloistear daoine ag rá God be with you AGUS God and Mary be with you mar fhreagra air go minic sa Bhéarla? God be with you cloiste go minic againn ón altóir ach ní ag daoine ar an tsráid. God bless you coitianta ach ní God and Mary bless you mar fhreagra air. Ní labhraíonn muid mar sin. Labhraíonn na sagairt mar sin.
Cad a d’fhoghlaim muid anseo? Mhúin an Eaglais atá fós i gceannas ar 90%+ de scoileanna na tíre frása dúinn ar leo é. Múinte do gach páiste sa tír le fada fada an lá. Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn. Ach níl sin ceart. Níl sé de cheart acu sin a dhéanamh. Sin iompúchán agus ní chóir go mbeadh spás dhó sin sna scoileanna.
Agus Gilead? Sin an tír sa scéal le Margaraet Atwood, The Handmaid’s Tale. Beannachtaí acu a mhúineann siad le chuile dhuine ann: Blessed be the fruit. Freagra: May the Lord open. Múinte ann: Lord, sin té le cumhacht nach féidir a cheistiú. Fireann, ar ndóigh. Bean? Níl inti ach fruit. Tortha. Ní duine. Cead ag fir í a oscailt. Níl guth ná cearta aici. Focal deas, tortha. Milis. Ansin le ceadú a thabhairt d’fhir mná a éagnú: i bhfad ó mhilis an bhrí leis. Ainmneacha bainte de na mná i nGilead agus ainm an fhir ar leis í tugtha do gach bean. Anseo san bhfíseán, tugann siad faoi deara go bhfuil siad róchleachtaithe leis an saol nua agus cuimhníonn siad cé hiad i ndáiríre. Cumhacht ag focal agus ag ainm.
Níl beannacht ar bith eile ceadaithe seachas Blessed be the fruit. May the Lord open nuair a bhuaileann tú le bean i nGilead. Níl cead ag páistí tada a rá seachas Dia duit is Dia is Muire duit is iad ag foghlaim Gaeilge ar scoil in Éirinn. Sin a tharlaíonn. Admhaigh é.
Má deirtear go minic é, glacaimid leis fiú nuair nach bhfuil ciall ann dúinn.
Admhaigh nach bhfuil sé ceart. Aithin é. Athraigh é. In am sin a athrú.