Féile na Cásca Sona.
Ní scéal sona a leanann ach tosnóimid len atá ar eolas againn. Uibheacha, coiníní, agus Íosa Críost ar chros: conas a chuireann tú sin le chéile? Bhuel. Faigheann plandaí bás (ar bhealach) sa gheimhreadh agus fásann siad arís (ar bhealach) san Earrach. Sin aiséirí. Níl scread ann. Fireann sa scéal sa Bhíobla cé go bhfuil an Nádúr feicthe mar bhaineann i go leor cultúir. Uibheacha agus coiníní? Torthúlacht, ar ndóigh. Nach deas an smaoineamh go mbeadh grá san aer le créatúirí ag teacht le chéile agus fás is tuismitheoirí ag súil leis!
Ach seo a tharla i mBéal Feirste timpeall Féile na Cásca. Níl tada sona faoi. Tá éigniú ceadaithe sa tuaisceart. Ní raibh sí ag súil lena tharla di. Níor scread sí. Níor scread mé. Ní screadann daoine. Ní mar sin atá sé. Ach ní muidne a scríobh an dlí. Ceapann an dlí go mba cóir di screadaíl. Go bhfuil sin nádúrtha, dar leis na fir atá eolach ar an dlí. Tada nádúrtha faoi a tharla di. Ionsaí.

D’iarr sí ar an dlí cúnamh agus cosaint a thabhairt di. Bhí sí ag súil leis. Ní mar sin atá sé. Leads mór le rá le rugbaí a bhí iontu, nach bhfuil fhios agat. Ní raibh fhios aici go nathródh sin gach rud. Dheara, níl sin fíor. Ní raibh seans aici ar aon chaoi. Cosnaíonn an dlí na daoine a d’éignigh í agus ionsaíonn an dlí í arís go poiblí. Sin mar atá sé. Rud nach raibh sí ag súil leis. Níor scread sí sa chúirt cé go raibh muidne ag screadadh is muid ag léamh a bhí ag tarlú. Nuair atá tú ann is ionsaí nach raibh tú ag súil leis ag tarlú, ní screadann tú.
Consent in some situations may be given enthusiastically, whereas in others it is given with reluctance, but nevertheless it is still consent, arsa an breitheamh. GML? With reluctance?
You must not allow yourself to be influenced by any view, ar sí. Fan. Céard?
You must be firmly convinced or sure of the defendants’ guilt before you can find him guilty of any offence. Er, fan arís. Roimh … Cathain?
Fág emotion as, ar sí. Oh no, a deirim. Bíodh emotion ann. Bíonn tuiscint agus cion ann. An meon sin go bhfuil emotion lag? Sin gnéasachas. D’fhág na leads emotion iomlán as agus ní raibh sa bhean ach píosa feola dóibh. Gá le emotion agus croí, rud nach raibh acu. An locht sa dlí anseo. Drochchomhairle!
Bhí an bhean ciontach sular iarr sí cúnamh, dar leis an dlí, mar is bean í. Ní muidne a scríobh an dlí. Ní hí a bhí ciontach. Chosain siad na daoine a d’éagnaigh í. Lig siad na fir saor ag rá go raibh siad decent! Cad a deireann sin fúithi?! Sin éigniú eile.
Féile na Cásca Sona.
Éirí amach na Cásca. Saoirse a leanann 1916. Forógra a deireann, A fheara agus a mhná … Sa dara háit ach muid ansin ar a laghad. Cearta, saoirse, deireadh le himpireacht. Cheapamar. Ní mar sin atá sé.

Ghoid Dev agus McQuaid saoirse dínn. Le míniú ar an brat ceangailte le reiligiúin, bhíomar i dtrioblóid. Fuath ban iontu sa deisceart agus sa tuaisceart a d’fhás ón éigniú.
Act of Union
To-night, a first movement, a pulse,
As if the rain in bogland gathered head
To slip and flood: a bog-burst,
A gash breaking open the ferny bed.
Your back is a firm line of eastern coast
And arms and legs are thrown
Beyond your gradual hills. I caress
The heaving province where our past has grown.
I am the tall kingdom over your shoulder
That you would neither cajole nor ignore.
Conquest is a lie. I grow older
Conceding your half-independant shore
Within whose borders now my legacy
Culminates inexorably.
II
And I am still imperially
Male, leaving you with pain,
The rending process in the colony,
The battering ram, the boom burst from within.
The act sprouted an obsinate fifth column
Whose stance is growing unilateral.
His heart beneath your heart is a wardrum
Mustering force. His parasitical
And ignorant little fists already
Beat at your borders and I know they’re cocked
At me across the water. No treaty
I foresee will salve completely your tracked
And stretchmarked body, the big pain
That leaves you raw, like opened ground, again.
Seamus Heaney
Níor scread sí. Éire. Ach tá pian ghoimhiúil fós sa tír ón ionsaí. Airímid sin san Dialathas againn. Mar tá impireacht imperially male i ndáiríre. Tá Éire oscailte: opened ground. Meon nach bhfuil oscailte i gceannas. Meon atá gléasta i dteanga an dlí atá chomh hoscailte le gaiste. Ní Éire a scríobh an dlí. The big pain. Fós ann. Ach ní screadann muid.
Féile na Cásca Sona
Comhaontú Aoine an Chéasta. Comhaontú. Dáiríre? Conas? Ní ‘Ba bhreá linn gan bás a fháil is mar sin aontóimid faoi rudaí nach bhfuil ceart is cóir ach a ndéanfaidh an jab’? Conradh. Margadh. Ar nós Plea Bargain. So… má theipeann ar Shasana, an linne an tír arís? Níl sin scríofa ann? Nach raibh Cearta Daonna sa Chomhaontú sin? Trimble, Hume, Mitchell: fir sa stair mar a léim an scéal. Cá raibh na mná? Ní muid a scríobh é. Ar scread éinne? Fir is a gcluichí. An raibh muid sa seomra fiú? Daddy knows best. Ní mar sin atá sé.
Éire, tuaisceart, líne a tharraing daoine ar mhapa. Bhí bean in Éirinn (ar an oileán) is d’éignigh fir í. Chomh láidir sin go raibh sí ag cur fola. A cás sa chúirt roimh Aoine an Chéasta. Is bhí sí céasta. Rud nach raibh sí ag súil leis. Mar labhair sí amach. Cé go raibh siad ag tabhairt amach nár scread sí! Níl aon bua do bhean sa chluiche seo. Deireann sé linn ar fad, Dún suas faoi éigniú. Deireann sé le fir, Ar aghaidh libh: tá an dlí libh. Ba chóir dúinn go léir bheith ag screadaíl go hard faoi sin.
Agus na decent men sin? Cad a bhí le rá acu? Bhuel, ní decent ar chor ar bith a scríobh
siad fúithi agus faoi mhná:
Céard a rinne siad? Bhuel, fianaise:
Creidim í. Ní chreidim sa dlí. Níl an dlí le trust!
Lig an dlí an ceathrar saor!
Seo Éire. Tír na Magdalenes. Mar atá ó bhí mé in ann na cásanna sa chúirt a léamh agus i bhfad roimhe sin. Sa tír ar fad. Seo Club na Leads. Tá an NRA ag SAM; tá impireacht amháin nó impireacht eile againn agus iad uilig lán le fuath ban. Seo an chuid is measa den tír againn. Tír Savita. Tír Lovett. Tír Tuam Babies. CAITHFEAR seo a athrú!
Ní náire seo agus ní cabhraíonn an teanga sin ar chor ar bith. Is teachtaireacht láidir ghránna í ar nós an saol san Handmaid’s Tale a deireann le mná: beidh sibh íslithe, náirithe go poiblí agus ní chreidfidh an dlí sibh. Seo ionsaí ar chuile bhean sa tír.
Cheap sí go raibh an dlí ar a taobh. Ní raibh.
Women are expected to provide an audience for dominant men’s victim narratives, providing moral care, listening, sympathy and soothing.
Léite agam
anseo agus cloiste agam ó dhuine a shlog siar seafóid a múintear anseo i SAM. Ná glac leis seo. Seas an fód. Casann siad an scéal bun os cionn. Ná lig dóibh sin a dhéanamh.
Tháinig mná na hÉireann amach an lá dár gcion. Maith iad!
Scríobh mé faoi ábhar mar seo cheana agus an baint ag an Eaglais leis
anseo.
Nuair a smaoiním siar ar na mná a d’imigh romham, ní dóigh liom gur éalaigh duine amháin acu ó ionsaithe agus foréigean. Níor éalaigh mise. Mé ag léamh scéalta inniu a bhriseann mo chroí, ní hamháin mar tá aithne ar bhealach agam orthu ach mar tá ‘fhios agam go bhfuil i bhfad níos mó amuigh ansin agus gur deacair do bhean dul tríd an saol gan a bheith ionasaithe. Ach fanaimid ciúin.
Bhí mé ag caoineadh sa charr inniu agus mé ag tiomáint. Ní raibh mé in ann dul a chodladh aréir mar tuigim. Is fuath liom go dtuigim. Níl athrú ag teacht ar seo go luath. Beidh i bhfad níos mó againn ag dul tríd an bpian sin nach n-imíonn go deo. Ach seasaimid an fód, fiú nuair nach bhfuil éinne ag éisteacht linn mar céard eile is féidir a dhéanamh i dtír nach ndearna tada faoi na Tuam Babies ná Magdalenes, nár chuir daoine i bpríosún, a ligeann leads saor mar imríonn siad rugbaí agus is leads iad?
TÁ FEARG ORM!
Ar nós scread gan stad istigh ionam ach níl éinne in ann é a chloisteáil.
Beidh sé liom go deo, b’fhéidir.
Scar Stát/Eaglais. Freagracht as gach coir in aghaidh mná na hÉireann de dhíth!
Níl seo ceart go leor agus tuigimid sin.