At the Hawk’s Well le W. B. Yeats i leagan nua sa stíl Noh. Aisteoir cáiliúil Noh Gensho Umewaka i measc na haisteoirí. An cór Éireannach Anúna ag casadh.
Tharla seo ar an Déardaoin Feabhra 16, 2017 ag Bunkamura Orchard Hall. Eagraithe ag Comhairle Ealaíon Thóiceo le tacaíocht ó Rialtas cathrach Thóiceo. Tuilleadh eolais anseo
Stíl: Bhí Yeats ag iarraidh go mbeadh simplíocht sa dráma. Tá neart ins an stíl a bhí uaidh atá cosúil le Noh. D’iarr sé éadach gorm le tobar a chur in iúl, éadach dubh le dearadh órga air le seabhac a chur in iúl. Aghaidh fidil do na príomhaisteoirí agus smideadh ar nós aghaidh fidil do na haisteoirí eile. Bhí siad le bogadh ar nós puipéad. Iad gléasta go simplí. Druma, siotar, agus gang a bhí uaidh mar thionlacan.
Scríofa i véarsaí, osclaíonn agus dúnann an dráma le tuairimí ó na ceoltóirí a labhraíonn duine ar dhuine nó mar ghrúpa.
Spéisiúil mar sin é a fheiceáil san bhfoirm seo. Thaitneodh sé go mór le Yeats, déarfainn.
An dráma: Baineann an scéal seo le Cú Chulainn. Warrior a thugaimid air sa Bhéarla ach as Gaeilge tá go leor bealaí Warrior a rá. Ina measc: dragan, faraire, seabhac, agus treiteall. Roghnaigh Yeats an Seabhac.
Ar thaobh sléibhe in áit iarghúlta tá bean agus cuma seabhaic uirthi ag cosaint tobair. An té a ólann an t-uisce ón tobar sin, mairfidh sé go deo a deirtear. Ach ní bhíonn uisce ann ach go hannamh. Tá seanfhear ansin atá ag fanacht le caoga bliain leis an t-uisce sin a ól. Faraor, nuair a tháinig an t-uisce isteach sa tobar cheana bhí sé ina chodladh.
Nuair a thagann Cú Chulainn go dtí an áit, deireann an seanfhear leis imeacht leis. Ach fanann Cú Chulainn is déanann sé caint ar sheabhac a d’ionsaigh é níos luaithe an lá sin. Deireann an seanfhear leis nach ón domhan seo an seabhac céanna agus go bhfuil mallacht inti lán le foréigean is míshásamh.
Nuair a chloiseann sí seo, buaileann taom an seanbhean is thosnaíonn sí ag damhsa thart ar nós seabhaic. Imíonn sí as radharc agus Cú Chulainn sa tóir uirthi. Nuair a thagann sé ar ais, deireann an seanfhear leis gur tháinig an t-uisce isteach sa tobar nuair a d’imigh sé.
Is cuma le Cú Chulainn faoin uisce anois is fonn troda air anois. Cé go n-impíonn an seanfhear air fanacht leis, téann Cú Chulainn ag troid in aghaidh na seabhaic, na mná troda a chosnaíonn an tobar.
Comhghairdeas leo ar fad a chur seo le chéile! Ar fheabhas.
Bhí mé sa tSeapáin ar saoire le déanaí. Is nuair a bhí mé ann, bhí Pop-Up Gaeltacht againn. Ní shin a bhí i gceist leis an turas. Bhí m’fhear céile ag labhairt ag comhdháil faoi fhrithvíreas agus bheadh cúpla lá againn le chéile sa phríomhchathair dá mbeadh sé uainn. Is deis taisteal ar fud na tíre ina dhiadh, fhad is a bhíomar ann. Tar éis Ireland Week i gCathair na nAingeal, bhí sos uaim. Bhí sé iontach ach bhí mé traochta. Mar sin d’éalaigh mé leis go dtí an taobh eile den domhan.
Le casadh an tsaoil is tweet anseo is tweet ansiúd, thosaigh mé mo thuras le Seapáinis i dTokyo, thaisteal mé ar fud na tíre, is d’fhill mé go Tokyo le oíche den scoth a bheith agam as Gaeilge. Seo mar a tharla Pop-Up Gaeltacht i dTóiceo.
Tháinig teachtaireacht chugam ó @ronanbeo le déanaí ag insint dom faoi dhuine (Raodhmann Mac Murchaidh ) sa tSeapáin ar mhaith leis Gaeilge le labhairt le daoine ann. Dúirt mé le Rónán go ndéanfainn iarracht caint le Raodhmann is mé ann. Le rud amháin is rud eile níor éirigh linn bualadh leis ag tús an 旅行 (turas) seo. Ní bheadh ach deis amháin fágtha againn: an oíche dheireanach againn sa tír. Bhuail smaoineamh mé. Le seachtain idir an dá linn nach bhféadfaimis glaoch a chur amach le cuireadh a thabhairt do dhaoine eile teacht is Gaeilge a labhairt linn?
D’éirigh liom teagmháil a dhéanamh le triúr: Raodhmann Mac Murchaidh, Michael McCoy, agus Aisling Braiden fhad is a bhí wifi agam san óstán. Is d’fhág mé fúthu é. B’é Michael a chuir an glaoch amach ar dtús.
Ach ní raibh am ná áit leis an dteachtaireacht is ní raibh mórán ama fágtha. Ach bhí sé Fíoréasca dom an rogha sin a dhéanamh. Ní fhéadfainn teacht ar ais ó Matsue (ar an gcósta eile) roimh a 9in an oíche sin agus, mar chomhartha ó na Déithe, seo a chonaic mé nuair a shroich mé ár stáisiún an chéad lá dom sa tír. Chuir sé ionadh orm Gaeilge a fheiceáil anseo.
B’shin é. Beartaithe. Bhí am agus áit againn. Ní raibh a fhios agam an bhféadfadh duine ar bith bheith ann ach b’fhiú an iarracht, mheas mé. Mar sin ar aghaidh liom timpeall na tíre ag súil go mbeinn ar a laghad in ann bualadh le Raodhmann mar a gheall mé do Rónán.
An Aoine sin, bhíomar i Matsue agus bhí orainn filleadh go Tokyo an lá céanna is bheith ar ais in am don Pop-Up.
Thosnaíomar maidin Dé hAoine anseo i Matsue i measc na sléibhte.
Traein áitiúil, shinkansen amháin is shinkansen eile
agus traenachaí áitiúla arís
go dtí gur thángamar ar ais ag an bpub le Gaeilge i dTokyo an oíche sin is bhí daoine ann is Gaeilge acu.
Is bhí craic againn istigh ann. B’fhiú go mór an Pop-Up! Cuimhne den scoth den turas seo.
Ag tús na hoíche bhí daoine beagáinín neirbhíseach. Bhí ionadh ar Aisling agus tháinig Béarla uaithi uair le míniú do na leads: I understand everything she’s saying. Is thuig. Chuir sin áthas orm agus uirthi, ba léir. Ar ais ag an nGaeilge léi arís ansin. Bhí scéalta le roinnt. Bhí Aisling ar an gCeathrú Rua i gColáiste Cholumba mar dhalta nuair a bhí mé ag múineadh ann. B’as Béal Feirste Mícheál is Raodhmann is bhí siad ag cur ceisteanna ar a chéile mar a dhéanann Éireannaigh thar lear: an bhfuil aithne agat ar ….? Comhrá as Gaeilge. Níor bhuail duine acu lena chéile cheana ach grúpa iontach iad. De réir a chéile d’imigh an faitíos uathu is bhí siad ag caint leo gan stró.
Bíonn Aisling ag obair leis an ambasáid is d’inis sí dom faoi na daoine a thagann ó Éirinn le Béarla a mhúineadh agus iad ó Ghaelscoileanna, faoi Gabriel Rosenstock a bhíonn ag obair le haiku is daoine eile ag aistriú leabhar, faoi dhaoine in ollscoileanna sa tír le Gaeilge, faoi Sheapánaigh ag foghlaim Gaeilge. Is léir gur iontach an duine í le pobal Gaelach a aontú as seo amach. Bíonn sí ag obair go dian is mholamar di sos a thógáil ó am go ham le spraoi a bheith aici, as Gaeilge ar ndóigh.
Bhí Raodhmann ag déanamh iontais den chaoi ina dtagann Gaeilge ar ais do dhaoine a d’fhoghlaim Gaeilge is iad óg. Bhí éad air mar gheall air agus frustrachas leis mar ní thuigeann sé cén chaoi a bhféadfadh an scil sin a bheith ag daoine is gan í a úsáid. D’fhoghlaim sé féin an Ghaeilge mar dhuine fásta. Bhí sé lán ábálta comhrá a bheith aige linn an oíche sin. Iontach spéisiúil dearcadh difriúil a roinnt is é ag féachaint ar an nGaeilge mar sheoid (is an ceart aige) ach gan ábalta a thuiscint an baggage atá ag neart daoine sa desiceart léi. Bun agus barr na faidhbe agat ansin, Raodhmann. Má chaillimid an náire agus má bhíonn craic againn, beidh muid togha! Fear a bheas fíormhaith le daoine a spreagadh atá ann.
Bhí Mícheál ciúin ach ag breathnú ar gach a bhí ag tarlú le cion. Fear macánta le scileanna ag tarraingt daoine le chéile é, beidh sé ar fheabhas mar dhaoine a threorú ar an mbealach le spraoi a bheith acu leis an teanga. B’é a chuir an scéal amach ar dtús. Taithí aige ar dhaoine a spreagadh agus ar theangacha. D’airigh gach duine ar a sáimhín só leis. Fear uasal le Gaeilge mhaith.
Bhí Seapáinis líofa acu ar fad. Bhain siad uilig taitneamh as an oíche mar a bhain mé féin. Is tharla míorúilt. D’éirigh leo cúpla focal as Gaeilge a tharraingt ó m’fhear féin. Bhí draíocht san oíche!
Spraoi an oíche sin le fuinneog in aice leis an óstán againn.
Cúpla rud a sheas amach:
Nuair a dúirt Aisling go mbeadh a seanmháthair bródúil aisti. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh bhí sé chomh hálainn sin an chaoi inar tháinig sé ón gcroí. Cinnte go bhfuil sí, a stór.
Nuair a d’aontaigh siad ar fad go raibh sé i bhfad níos sásúla caint le chéile as Gaeilge ná as Béarla.
Nuair a thosaigh mé ag comhaireamh rudaí: a haon, a dó, a trí … is d’airigh mé tost. Is labhair Aisling. Natsukashii, ar sí. Is d’aontaigh siad leis an smaoineamh sin.
Cuimhne lán le cion. Bhí siad tar éis go leor rudaí níos casta ná sin a rá ach b’é an 1, 2, 3 a thóg ar ais go hÉirinn iad le cuimhní. Cumha lán le grá.
B’fhéidir gurb iad na Déithe ar bhuail mé leo ar an mbealach a chruthaigh an draíocht.
Nó b’fhéidir nach bhfuil orainn ach bualadh le chéile is Gaeilge a labhairt. Cibé acu, táim fíorbhuíoch gur tharla sé is go raibh an deis agam labhairt le daoine maithe i mo theanga féin i dTóiceo. Nár laga Dia sibh. Laochra. Raight leads, ceann eile don Nollaig?
An Mhaighdean: an chaoi le mná a íobairt do chumhacht fhearúil na hEaglaise
Is breá liom an tSeanmóir ar an Sliabh. Is fada ó shin An Eaglais Rómánach agus leagan McQuaid de go háirithe atá fós linn in Éirinn measacaithe le bunúsaíochas reiligiúnach nua ó na Stáit Aontaithe. An oiread dochair déanta ag an Eaglais in Éirinn thar na blianta, ceadaithe ag an Stát a thug cumhacht dóibh. I bhFAD ón teachtaireacht ar an sliabh, an cruálacht is fuath ban atá linn inár nDialathas a choinníonn cearta uainn.
Scéalta faoin bhfeall sa tír seo againn le fada.
Croitheadh millteanach nár scar Stát agus Eaglais. Iad fós fite fúite agus cumhacht ag an Eaglais is oideachas & roinnt mhaith de sláinte na tíre acu is a Ethos damanta.
An oiread sin saoirse anois? Níl! Sin rud nach dtuigim. An denial ar fad! Tá oideachas ag an Eaglais fós. ACH, a chairde, níl sé deacair a shamhlú don aos óg conas mar a bhí sé ansin mar tá sé fós mar sin! Iad ag fós ag caint faoi Unborn agus fós! tá an Eaglais céanna i gceannas ar ‘Oideachas’ agus ‘Sláinte’ na tíre agus níos mó. Her sacrifice was not in vain a cheap siad mar thuigfeadh daoine agus bheadh athrú ann. Bhí siad mícheart. Níor roghnaigh sí í féin a íobairt. Mharaigh dlíthe na tíre (Dialathas) í le drochmheas agus díbirt. Is níl athrú ann.
Scéalta na changelings againn le fada le deighleáil le leanaí caillte nár thug an Eaglais meas orthu. Sula raibh cuisneoir sa tír, bhí rath na sí ann nó gort neantógach Níl spás in dtír ‘bheannaithe’ do chearta agus tá gach bean nach bhfuil ina maighdean salach le meon aigne mar sin.
Fallen. Unmentionable. What would the neighbors think? An féidir linn GAN bheith ag caint faoi náire agus gan a rá go raibh an locht ar an tír ar fad. Mar níl an locht orainn ar fad. Tá an locht ar McQuaid agus Dev agus an Eaglais agus iad a thug agus a thugann cumhacht don Eaglais nár chóir a bheith aici. Is arm é náire le brí agus neart a bhaint dínn. Le muid a choinneáil in ísle brí. Troid atá anseo. Troid in aghaidh na hEaglaise. Eaglais atá iomlán cruálach: faisiteachas na hÉireann.
Cén fáth a tharlaíonn rudaí mar seo? Éasca: tá Daonlathas fós againn sa tír. Impireacht na Vatacáine atá lán le fuath ban. Ní raibh oideachas faoi chúrsaí gnéis sna scoileanna in am Ann Lovett is níl fós. Ní shin a Ethos. Is dóibh siúd a cheapann Oh, that was all in the past, things have changed: TÁ cúrsaí athraithe ACH tá siad ag dul in olcais. Sa bhaile agus thar lear. Neart caint faoin Unborn agus peacaí agus anois tá muid ag breathnú ar na Christian Warriors lena gceamairí ar a ngualainn acu le airgead ó na Stáit Aontaithe: Religious Fundamentalists iad agus tá na tactics acu fíorghránna.
Nuair a chonaic duine The Handmaids Tale le déanaí scríobh sé ar Twitter: Ireland’s heading that way. D’fhreagair mé Muid mar sin le fada: Magdalenes, Tuam Babies srl. D’fhreagair sé le, Oh right.
CONAS an féidir dearmad a dhéanamh ar sin?! Under the carpet leis. Tá an dallamullóg ar an tír AN-LÁIDIR agus gá géar le dúisiú. Go dtí go bhfuil Stát agus Eaglais scartha, ní bheidh saoirse againn sa tír seo agus leanfaidh an scéal seo ar aghaidh go deo.
Stigmata v Stigma
Bhí ana-chuid caint ar Stigmata agus Padre Pio nuair a bhí mé óg. Fear naofa, ar siad. Tá an Eaglais AN-tógtha suas le fulaingt. Bhí Mother Teresa freisin. Ar ndóigh, tháinig sí le caint linn faoin unborn freisin. Naomh a deireann siad fúithi fós. Ní hea.
Níl sé ceadaithe caint ar chailíní nach bhfuil pósta atá ag iompar ach mar chúis náire i scoileanna. Fós. Sin Ethos duit. Gléasfaidh siad suas an scéal le focail ar nós Trócaire scaití agus ná bíodh dul amú ort, creideann siad gur peacaí í. Caint ar bith ar an chúis leis. Scannal. Fallen. Ar nós Fallen Angels (Diabhail). Ní duine atá inti níos mó, dar leo. Chonaic mé an fhéachaint sin. Mé ag caint fútsa anois, Sr. Máirín. Ní dhéanann daoine dearmad ar an nóiméad a fheiceann siad iad féin dehumanized i súile duine eile. Ní íobairt sin, ach céasadh. Mar gheall air, ar díbirt atá muid. Deoraí muid.
An féidir caint faoi Failed Government (Theocracy) in áit Fallen Women (frása a ligeann d’Eaglais mná na hÉireann a dhíbirt ionaisc go mbeidh cumhacht acu féin. )? Tagann íomhá ó Harry Potter chun cuimhne:
An féidir linn caint faoin teip ar mhná sa tír le fada, fada an lá? An troid le cearta a bhaint amach (i gcónaí in aghaidh na hEaglaise)?
Bíodh bainne sa chuisneoir againn agus meas againn ar mhná. Bíodh cearta againn. BRIS an Dialathas, ar son gach atá maith sa saol seo! A N O I S.
Bhí Deireadh Seachtaine Gaeltachta #19 ar siúl i San Francisco ón 22 – 24 Meán Fómhair 2017 is ba mhór an onóir dom bheith ag múineadh ann le foireann den scoth. Mná uilig na múinteoirí an uair seo. Stairiúil.
Níos mó pics ag teacht
Seo na daoine a d’eagair DSG San Francisco 2017. Maith iad.
Fuair mé amach gur mhúin duine de na múinteoirí, Bairbre, mo ghasúr fadó in Éirinn. Bean álainn le blas binn ó Chonamara. Is cara uasal í a chabhraigh go mór liom i mbliana.
Bairbre Ní Chiadhra, léachtóir ag Ollscoil Wisconsin
B’í a chuir fáilte roimh an gconsal Robert O’Driscoll a d’oscail an ócáid go hoifigiúil, Bhí óráid álainn aige dúinn a thug meas don teanga, a chuir bród inár gcroíthe, agus a thug misneach don lucht éisteachta.
B’é a bhronn duais ar Nikki Ragsdale, an bhean a bhunaigh an Deireadh Seachtaine Gaeltachta i San Francisco fadó agus a d’éagraigh é ar feadh na blianta. Onóir a bhí tuillte go maith aici agus duais a chuir áthas uirthi. IS laoch na Gaeilge i San Francisco í.
I rith an gcúrsa, lainseáil Audrey Nickel a leabhar le cúnamh óna cara is laoch eile na Gaeilge, Galt Barber, a dúirt cúpla focal faoin éacht a bhí déanta ag Audrey.
Labhair Audrey í féin ina dhiaidh agus thugamar bualadh bos di.
Tá muid chomh bródúil sin aisti.
Chuir sé ionadh orm an méid daoine a luaigh Duolingo mar inspioráid. Is léir go bhfuil daoine nua ag teacht chugainn mar gheall ar an áis sin.
Bhí go leor imeachtaí ar siúl againn. Táim buíoch as Jean Pickard ó Pint of Irish a mhúin ceardaíocht dom a bhí mé in ann a roinnt le daoine eile ar an Satharn. D’éirigh go geal leis. Seo a rinne siad:
Le scéalaíocht, lúibíní, ceol den scoth srl bhain daoine an-taitneamh as an gcúrsa.
Cuir daoine ceisteanna orm faoi amhrán nó dhó is leis an deifir orm ag an deireadh ní raibh seans agam freagra a thabhairt dóibh. Seo iad anseo:
Buíochas le chuile dhuine a bhí ann idir mhúinteoirí is daltaí, le daoine a d’ardaigh ár gcroíthe le fáilte, ceol, agus craic. Buíochas faoi leith leis an gconsal is a bhean chéile, Caoimhe, a chaith ana-chuid ama ann ag cur aithne ar dhaoine is ag caint leo. Fíorghaeil sibh ♥.
Dóibh siúd a shábháil muid ar an gcéad oíche (Anna & Aisling & Máire & Cáit): mo mhíle buíochas! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar bhur gcineáltas GO DEO ♥
Tá San Francisco álainn. Beidh mé ar ais. Comhghairdeas linn ar fad! Éacht.
Ní Éireannach mé in ainm an athar & an mhic & an spioraid naomh. Amen.
Éireannach mé in ainm Éireann (Éiriu) & Macha & an spéirbhean Niamh. Ah, women.
Nationalism, Identity, A Watery Border i mbéal an phobail, feicim. Mar Éireannach, suim agam sa chaint seo.
Nationalism: An locht ar an mbrí leis an bhfocal sa Bhéarla anseo. Ná glaoigh Nationalists ar Naitsithe. Abair Naitsithe. Oireann sé do rialtas Shasana smaoineamh ar a ríocht, ní ar a náisiúin. Ná mill an maitheas i bheith bródúil as náisiún faoi leith le brí uafásach eile. An trioblóid is féidir a dhéanamh le focal nó frása nó dealbh, nó foireann clog ag bualadh ar an raidió go rialta. Clais déanta sa mheon aigne a deireann go gcaithfear glacadh leis, gur shin mar atá. Tá sé ann. Sna meáin, ar an tsráid, chuile háit. Caithfidh go bhfuil sé ceart. Compliance.Acceptance.Assimilated. Seachain an Borg. Ar nós Éire agus Gaelic ón mBBC mar is fuath leo Ireland agus Irish a rá. Ar fhaitíos go nglacfaidís leo ina dteanga féin. Ná ceap go bhfuil siad ag tabhairt meas leis. Ag casadh brí na bhfocal atá siad ar a maitheas féin.
Ar a laghad, lena tharla i Charlottesville, (nuair ba léir nach Alt-Right ná Nationalists iad ach Naitisithe) seans go mbeidh deireadh leis an mbrat uafásach sin i gCorcaigh do na Rebels. Ardáthas orm go dtuigeann daoine faoi dheireadh céard dhó a sheasann sé agus an dochar ann. Ar nós Sasanaigh ag foghlaim faoin DUP nuair a rinne May conradh an diabhail leo. Sasana ag dúisiú maidir lena stair féin faoi dheireadh.
Anois, tóg anuas na siombail a thugann ómós do chruálacht impireachta ar bith agus faigh réidh leis an Royal i RNLI, i Royal College of Surgeons, i Royal Canal srl. Bí neamhspleach. Muid ag cur mearbhall ar eachtrannaigh agus ar chuid dínn féin a cheapann gur le Sasana fós muid ar chaoi éigin.
Identity:
Fite fúite le Nationalism (an bhrí cheart de, meas don náisiún) is dócha. Fite fúite le haitheantas, cinnte. Féiniúlacht. Ní naircisíocht: dóthain dhó siúd againn sa Teach Bán is a Naitsithe (nach bhfuil meas acu ar náisiún) chomh maith. Féiniúlacht sa chaoi nach le himpireacht muid. Ní le himpireacht na Breataine ná le himpireacht na Vatacáine.
Cé muid? Tír a chreideann i gcearta. Tír a roghnaigh cead a thabhairt do dhaoine aerach pósadh. Tír ina labhraíonn daoine ó thíortha i bhfad i gcéin Gaeilge is imríonn siad iománaíocht mar is Éireannaigh anois iad is meas acu ar ár dtír is ar a cultúr. Roinnt acu níos Gaelaí ná muid féin.
Tír nár mhaith léi scaradh ón Eoraip ach nach dtuigeann mar a ghoid McQuaid saoirse uainn. Tír ag fás is ag foghlaim is ag athrú. Tír a chreideann gur féidir linn bheith níos fearr, gur fiú an iarracht a dhéanamh. Tír le ceol is craic. Tír le deis bheith aontaithe le chéile arís. Má roghnaímid cearta is saoirse. Éire.
Rud éigin mar seo ráite ag John F Kennedy faoi SAM. Meas againn air. Meas againn ar a dúirt sé? Mar a bhaineann sé lenár dtír féin? Daoine sásta an ráiteas thuas a shíniú? Mé amhrasach ó bhí mé ag caint le daoine is mé in Éirinn le déanaí. Sin fadhb.
Cé muid, na hÉireannaigh? Céard dhó a sheasaimid? Tírghrá láidir ionainn? Daoine a ndéarfaidh os ard Creidim in aon Dia amháin, an tAthair uilechumhachtach go rialta… i séipéal nó scoil. Daoine a mhúinfidh sin nó a nglacfaidh le curaclam a mhúineann sin dá bpáistí i scoileanna le Ethos. Daoine a chasann nó a ligeann go gcasann a bpáistí Dóchas linn Naomh Pádraig … ‘sé do chloígh na draoithe, croíthe dúrtha gan aon mhaith (ag fáil réidh leis an smaoineamh go raibh maitheas inár stair roimh theacht na hEaglaise le muid a shábháil)… chuile bhliain. Clais sa chloigeann. Bolscaireacht. Ní tírghrá: féinghráin atá ann.
Slabhraí le briseadh. Tír a chreideann i gcearta ach tá ciníochas is gnéasachas fós láidir. Ciníochas aisteach a deireann gur níos lú muid ná Sasana. Mhúin siad drochmheas orainn féin. Mé ag smaoineamh ar an lead san airditheoir i gCorcaigh a dúirt I hate that Diddly Daigh music. Ní tírghrá atá san amhrán Dóchas Linn Naomh Pádraig ach iompúchán, bolscaireacht, ciníochas.
Tá gnéasachas fós láidir sa tír chomh maith agus lámh ag an Ealgais ann. Mhúin siad fuath ban. Níl gach rud rosy sa tír. A Fr. Ted! Thaispeáin tú an tseafóid dúinn. Seo an dúshlán le saoirse a bhaint amach. Scar Stát/Eaglais. Caithfear sin a dhéanamh le teorainn a bhriseadh.
A Watery Border
Cad is ainm don tír? Éire? Ireland? Cad é Britain? Cad é Northern Ireland? Cá bhfuil na línte?
Ag tarraint línte le focail (agus ar mhapa).
Deireann focail sa Bhéarla gur seo mar atá ár dtír. An míniú cé muid dúinn. Le focail. Le brí. Le rá linn gur le Sasana muid. Leis an teanga is leis an mbrí. Cad é an focal sa Bhéarla le sé litir nach gcloistear in Éirinn?Freagra: Londonderry. Jóc? Braitheann sé. Bealach coir a aimsiú, déarfainn.
Bhí mé i gCorcaigh an tseachtain seo caite. Corcach: marsh. Cois Laoi. San óstán ann a bhí mé. Chuala mé Spáinneach ag caint is labhairt mé léi i Spáinnis. Bhí sí ag Tá muid ag dul go Cóbh ina teanga féin.
Nos vamos a … Có bu ha? ar sí liom is a teanga ag strachailt le focal iasachta. Leath ráiteas; leath ceist. Stad an t-airditheoir is ar an mbealach amach d’iarr mé, Cóbh? Bhí v ag an deireadh agamsa, ar ndóigh, ní b…h. Mar tuigeann Éireannaigh nach labhraíonn a dteanga féin fiú gur Kohv an fhuaim a bhaineann le Cóbh.
El puerto. Sí.
Ciallaíonn sé Cove sa Bhéarla ach scríobhaimid é mar a scríobhaimid Gaeilge, a mhínigh mé ag cur lena mearbhall is dócha.
Caleta. Cuainín is brí leis ach is caladh é (basta leis an diabhal míniú. Níor chabhraigh sé sin ar chor ar bith).
Buen viaje, ar mé léi is lena clann. Is d’imigh siad le taitneamh a bhaint as an lá. Is smaoinigh mé ar an seafóid. Cóbh le Cove a chur in iúl? Díoltas mar gheall ar an bpraiseach a rinne siad lenár logainmneacha? Maith go leor, ach cá bhfuil an bua? Cá bhfuil an bhrí?
Nuair a chuir siad mná isteach sna Magdalenes, bhain siad a n-ainmneacha féin díobh. Thug siad ainm nua dóibh. Ainm nár roghnaigh na mná iad féin. Ghoid siad a féiniúlach díobh. An rud céanna le logainmneacha. Is ionsaí é. Níl ciall leis na hainmneacha níos mó leis na Anglicizations ar fad againn. Sin goid agus scrios. Linne ár dtír. Níl teorainn ann seachas an teorainn san uisce. Bhí an ceart ag Leo ansin. Ná glac lena dtéarmaí ná a línte ná a leagan bréagach den stair.
Rogha
Roghnaigh focail go cúramach. Ag caint ar an stair roghnaigh Cogadh, ní The Emergency. Roghnaigh Occupation, ní The Troubles. Níl Northern Ireland ann. Níl Sasana British. Tuig na focail is a mbrí. Roghnaigh an focal Theocracy nuair shin atá ann is ná bí ag ceapadh go bhfuilimid saor nuair nach bhfuilimid.
Aithin. Adhmhaigh. Athraigh. Roghnaigh cearta thar aon rud eile. Roghnaigh seans don tír. Roghnaigh saoirse. Le focail. Le cearta. Is féidir. Linne Éire. Tabhair meas di.
Lá Bloom inniu. Lá Bloom Sona. Seo ag tarlú i gCathair na nAingeal, saor in aisce. Faraor, ní bheidh mé ann. Mé as baile. Ach maith iad!
Ach tá baint ag mo bhaile eile, mo bhaile in Éirinn le James Joyce le fada. Leigh faoi anseo. Agus is féidir turas a dhéanamh i mo bhaile le foghlaim faoi. Is bíonn muid ag ceiliúradh an nasc idir Joyce agus an Muileann gCearr. Mar sin, má tá tú san Muileann gCearr, siúil go dtí na háiteanna ina raibh sé. Leigh scéalta faoin gcúlra lena scéalta. Is minic a thug Joyce cuairt ar Uisneach, ní i bhfad ón Muileann gCearr.
Ach thar aon rud eile, tá mé ag súil le eolas faoi as Gaeilge. Bíodh turas againn as Gaeilge sa Mhuileann gCearr. Go dtí sin, is sibh ag ceiliúradh Lá Bloom, seo, agus seo nascanna as Gaeilge a bhaineann le Joyce. Bain taitneamh astu.
Ár n-airgead féin againn sa Mhuileann gCearr! Seo deich gCearr:
Táim féin ag súil le Ulysses VR, tecneolaíocht le tumadh isteach sa scéal leis an Joycestick Foghlaim le spraoi. Mar a déarfadh Molly: yes …yes … yes.
Do Patrick O Gorman (duine a thuigeann), le buíochas.
Saoirse
le Seán Ó Riordáin
Rachaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos
Is rachaidh mé síos anocht.
Rachaidh mé síos ag lorg daoirse
Ón mbinibshaoirse
Tá ag liú anseo:
Is ceanglód an chonairt smaointe
Tá ag drannadh im thimpeall
San uaigneas:
Is loirgeod an teampall rialta
Bhíonn lán de dhaoine
Ag am fé leith:
Is loirgeod comhluadar daoine
Nár chleacht riamh saoirse
Ná uaigneas:
Is éistfead leis na scillingsmaointe
A malartaítear
Mar airgead:
Is bhéarfad gean mo chroí do dhaoine
Nár samhlaíodh riamh leo
Ach macsmaointe.
Ó fanfad libh de ló is d’oíche
Is beidh mé íseal,
Is beidh mé dílis
D’bhur snabsmaointe.
Mar do chuala iad ag fás im intinn,
Ag fás gan chuimse,
Gan mheasarthacht.
Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar
Don rud atá srianta,
Do gach macrud:
Don smacht, don reacht, don teampall daoineach,
Don bhfocal bocht coitianta,
Don am faoi leith:
Don ab, don chlog, don seirbhíseach,
Don chomparáid fhaitíosach,
Don bheaguchtach:
Don luch, don tomhas, don dreancaid bhídeach,
Don chaibidil, don líne,
Don aibítir:
Don mhórgacht imeachta is tíochta,
Don chearrbhachas istoíche,
Don bheannachtain:
Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe
Sa bhfómhar is é ag cuimhneamh
Ar pháirc eornan:
Don chomthuiscint, don chomh-sheanchuimhne,
Don chomhiompar comhdhaoine,
Don chomh-mhacrud.
Is bheirim fuath anois is choíche
Do imeachtaí na saoirse
Don neamhspleáchas.
Is atuirseach an intinn
A thit in umar doimhin na saoirse,
Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann,
ach cnoic theibí, sainchnoic shamhlaíochta,
Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta
Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh,
Níl teora leis an saoirse
Ná le cnoca na samhlaíochta
Ná níl teora leis na mianta
Ná faoiseamh
Le fáil.
Caitríona Weafer: ‘Irish is my main language in this place of stunning sunsets and kind weather very, very far west of Connemara.’ Photograph: Robyn Beck/AFP/Getty Images
Gaeilge in Malibu, Hollywood Boulevard, or anywhere around Los Angeles? Yeah, right, you might think. Maybe a “póg mo thóin” from someone who learned it while on vacation in Ireland, or a “top o’ the morning”. This isn’t Boston or Chicago after all; there aren’t many Irish around here.
The thing is though, most Americans are part Irish and often love learning about our culture and language. So the chances of hearing more than a cúpla focal here are higher than you might think.
I’m from Mullingar originally, but have lived in LA for more than 20 years. The language I use most here is Irish, not English. Sin é. With the help of technology, a close-knit community, and a culture that gives Irish a warm welcome, I now live my life as Gaeilge and truly enjoy how much better that is.
My home is Cathair na nAingeal, the City of Angels. Irish is my main language in this place of stunning sunsets and kind weather very, very far west of Connemara. Driving in heavy traffic on the 101 to the 405 or along the PCH (Pacific Coast Highway) my phone is paired to the car’s audio. Outside is the Pacific Ocean; inside are programmes like Ardtráthnóna with Máirtín Tom Sheáinín. On a hike near the Hollywood sign or a walk on Malibu beach, my iPod fills my head with songs from Coláiste Lurgan. Back at home in the evening, it’s time to catch up on the latest great programmes on TG4. That’s if I’m not too busy blogging or tweeting as Gaeilge.
Ireland was where I grew up and spent most of my life. I often went to Connemara for the summer, and I always had a love for the Irish language. But life dragged me in different directions and Irish fell out of my life for many years when I started learning and teaching other languages.
My journey on the path to living my life as Gaeilge in earnest was accelerated rapidly when we set up a branch of Conradh na Gaeilge (The Gaelic League) here in LA just two years ago. Now every day is filled with things to do in Irish. Monday is for reading books, Tuesday for planning events like workshops and lectures about 1916, Wednesday for Breda’s Book Club, Thursday for club business, Friday for blogging, and Saturday for planning Irish classes. All as Gaeilge. Bigger challenges like Seachtain na Gaeilge, or the Irish Immersion Weekend, or The Longest Conversation in Irish that occur throughout the year keep me extra busy. My calendar is full with Irish conferences, Irish dramas and Irish festivals.
Every Sunday a group gathers to speak Gaelic (Irish, Scottish, and Manx) from 11am until 6pm in what is turning out to be a cultúrlann of sorts in the Wilde Thistle Café in Culver City. Caity Wallace and her talented family have given the Craobh na nAingeal branch of Conradh na Gaeilge a home here, not far from Sony Studios. We hold lectures here once a month, and this year’s theme is the commemoration of 1916. The Wilde Thistle is a place where very talented people can share their knowledge and skills with others who hunger to learn. Most of all, it’s fun.
I don’t know why I didn’t do this years ago. I suppose you get confidence when you see others do things without fear. Listening to all the languages around you in LA, you wonder how is it that all these people have no problem speaking their own languages to each other, but we still are afraid to use the language we all learned in school.
In the beginning I just talked to the dog. Éamon Murphy inspired me to aim higher. A great character in his 90s, he used to greet everyone, including Americans with no Irish, with “Conas atá tú?” Breda Cusack from Kerry gathered Irish speakers such as Kerryman Seán Aherne and Dubliner Tadhg Martin together with learners as she held a book club as Gaeilge in her house near LA airport for over 25 years. Americans with no connection to Ireland astound me with the fluency they achieve. Marsha Sculatti was one such person who taught herself and then taught others Irish here for many years. It was her Irish class that I first started teaching when she fell sick. Some Americans even raise their children with Irish. That is truly remarkable and inspiring.
Éamon, Breda, and Marsha are gone now, but not forgotten. A new group has taken up the love of Irish here with great energy: Erin Ealy who teaches dance, Ramona Reeves who runs the Irish Immersion Weekend, Conradh na Gaeilge’s Arge O’Neal & his son, the multi-talented Kerry Osborne and her husband Michael (from Clare), the amazing traditional musician David Lindquist, Paula Kelley and so many more. It is a great community. They all inspire me. You cannot be afraid when so many people around you love the language you speak.
So, here I am now speaking Irish more than English very far away from home. It has led to odd phone call for an interview from Raidió na Gaeltachta or BBC Blas. I enjoy every opportunity to blab away i mo theanga féin. I’ve also ended up in some very strange situations, like the time I found myself keening at a funeral for a TV series, or writing an Elvish/Irish language for a scene in a movie, or dancing with The Chieftains. I’ve met many actors of stage and screen, simply because I embrace my culture and speak my language in LA.
Each summer I take a trip to visit the official Gaeltacht areas one by one. “How about the course in Cape Breton?” someone suggests. “You haven’t been to the Oireachtas yet?” “You have to check out Sabhal Mòr Ostaig in Scotland.”
“Yes!” I say. I want it all. My social life is hectic but fun. Mo shaol. Mo rogha. Mo theanga. My life. My choice. My language. I’m doing it my way. In LA.