Thanks to @SeanOKeeffe11 for sharing Even the Olives are Bleeding, the Cathal O’Shannon documentary on the Irish who fought the Spanish Civil War.
Here’s an unnerving clip of Irish nuns laughing as Sister Emmanuel related how Irish fascists were going ‘to shoot the reds’ pic.twitter.com/lmgbAAlpIb
Thug mé faoi deara cheana go raibh Scottish Gaelic curtha isteach ag Rotten Tomatoes mar phríomh theanga An Cailín Ciúin. Tuigim an botún. An diabhal ‘Gaelic’ sin.
Ach seo’d é arís maidir le Róise & Frank agus líne eile ann a chuireann as go mór dom: A retro-comfort homespun watch which is clearly best suited to domestic exposure… Fan. Céard? An é sin caitheamh anuas orainn ó Rotten Tomatoes? Conas clearly best suited to domestic exposure? Mar tá sé as Gaeilge? Cad faoi Squid Game agus scannáin go leor eile i dteangacha eile? An bhfuil siad clearly best suited to domestic exposure? Nó an mbaineann sé sin leis an nGaeilge amháin? Más ea, cén fáth?
An bhfuil daoine fós faoi gheasa ag an impireacht a deireann leo gur amadáin muid agus nach fiú tada ár dteanga, is ní fiú Irish a chur uirthi mar ní fiú tada teanga mar sin?
Bhí dóchas againn leis An Cailín Ciúin. Thuig an scannán sin. Freisin, tá sé dáiríre álainn. Níl comparáid le déanamh le Banshees mar tá Banshees chomh huafásach sin. Lofa le maslaí ar nós meon aigne a cheapann nach fiú tada ceol ‘diddle-eye’ ná Gaeilge atá sé. Ba chóir go mbeadh Banshees lena scigmhagaidh an Éireannaigh sna Razzies. Ach, Dia dár réiteach, ceapann daoine go bhfuil sé ceart go leor ligint do ciníochas mar sin dul ar aghaidh mar tá sé ‘greannmhar.’ Níl. Nó tá sé domhain. Níl. Briseann sé do chroí.
Ní dispelled go hiomlán, de réir dealraimh agus duine ag scríobh ar Rotten Tomatoes go bhfuil scannán as Gaeilge clearly best suited to domestic exposure. Ní cheapann siad go bhfuil luach sa teanga. Shur nach gceapann an iomarca in Éirinn an rud céanna. Sin atá curtha sa chloigeann ag an impireacht: nach fiú tada muid ná ár gcultúr.
Chuir mé spéis i dTweet inniu a tháinig ó mháthair a bhí tar éis a bheith ag rá leis na gasúir dul leis An Cailín Ciúin a fheiceáil le bliain anuas ach faoi dheireadh inniu bhí siad ag dul amach le féachaint air mar tá sé san iomaíocht d’Oscar. Roimhe sin, cheap siad nach raibh luach ann. Os rud é gur aithin na Oscars go bhfuil luach sa scannán agus sa teanga, tá siad sásta é a fheiceáil.
Ach seo linn arís le duine ar Rotten Tomatoes ag scríobh nach bhfuil luach i ndáiríre i scannán as Gaeilge.
Seo a cheapaim.
Tá go leor, leor daoine sa bhaile agus anseo i Meiriceá a chreideann fós nach bhfuil luach i nGaeilge. Sin ciníochas. Abair é go soiléir. Ná glac leis. Tá go leor ann nach bhfaca An Cailín Ciúin mar ní chreideann siad gur fiú féachaint ar scannán as Gaeilge. Aithin sin. Thug mé an DVD do mo chairde anseo in aice liom. Chuaigh siad go dtí an phictiúrlann le go leor scannáin eile a fheiceáil ar dtús ach fós níor fhéach siad air. Tá brón orainn, ar siad. Beidh muid ag féachaint air an deireadh seachtaine seo. Hmm.
Táim ag ceapadh go bhfuil an ceart acu, Tá brón orainn a rá. Tuigim nach gcreideann siad go mbeidh sé go maith. AGUS tuigim cén fáth. Agus cén fáth nár fhéach léirmheastóirí scannán go leor air. Agus cén fáth a bhfuil an diabhal Fighting Irish Leprachaun sin fós ag Notre Dame. Agus cén fáth a deireann daoine Gaelic anseo in áit Irish. Tionchar na himpireachta. Tá íomhá ag Meireacánaigh d’Éireannaigh a bhfuair siad ó na Sasanaigh. Tá drochmheas láidir agus míthuiscint san íomhá sin.
Ceapaim go mbeidh drogall ar Hollywood a admháil go bhfuil siad ag déanamh an botún céanna is a rinne siad le Gone With The Wind. Má thugann siad Oscars go leor do Banshees, beidh siad ag tabhair tacaíocht do chiníochas. Déanfaidh sé an t-uafás dochair agus beidh orainn ár seacht ndícheall a dhéanamh arís is arís eile le sin a cheartú ina dhiaidh. Mór an trua gur tharla seo is an scannán is fearr riamh againn san iomaíocht d’Oscars. Sin An Cailín Ciúin.
Tá an rialtas ar an mbóthar céanna is iad ag bronnadh féile náisiúnta ar an Eaglais. Shur nach good ‘ol holy Ireland í? Dia dár sábháil.
Tá ár dteanga i mbaol. Is fiú í a shábháil. Is fiú saoirse a bhaint amach ó impireachtaí na Breataine agus na Vatacáine. Is fiú sinn. Glaoigh amach ciníochas. Gach uair. Chomh sciobtha agus is féidir. Mar fásann sí agus cumhacht aici ar nós taoide lán má fhanaimid ciúin. Is beidh muid báite i dtost.
Tá daoine ann a fhágann an fada amach agus airímid an t-ualach dá bharr.
Mar shampla: Seo chugainn inniu Imbolg. Féile a bhí againn fada ó shin sular ghoid an Eaglais uainn í.
Lá náisiúnta nua ar an mbealach agus tada feicthe agam ón rialtas faoi Imbolg. Neart feicthe agam faoi ‘St.’ Brigid’s Day as Béarla agus an diabhal ‘St.’ sin leis a thugann féile linne go hoifigiúil mar bhronntanas don Eaglais. Goid. An Eaglais a ghoid leanaí ó mhná. Iad atá fós i gceannas ar na scoileanna agus feabhas ar bith le feiceáil ar sin ná freagracht ná saoirse amach romhainn.
Linne Bríd. Cuid dár scéalta. Ní leis an Eaglais í. Is déanann siad seo agus iad in ainm is a bheith ag tabhairt meas do na mná? Soit! Troid eile againn anseo le Dialathas na hÉireann. Cloch throm ar an bpaidrín mar a déarfá. Ualach eile.
Linne ár scoileanna. Ní leis an Eaglais. Is airímid an t-ualach, an toid, an t-uafás atá anseo le fada. Gan meas orainn. Gan meas ar ár dteanga. Gan meas ar ár gcultúr.
Ar Lá ‘le Pádraig, casann páistí ar scoil: ‘Sé do chloígh na draoithe [le] croíthe dúra gan aon mhaith.
Sin fuath. Sin gráin. Sin goid. Sin drochmheas ar ár ndúchas. Sin ciníochas.
Aithin é agus an dochar a dhéanann an Eaglais is a rinne le fada le ‘Ethos’ damanta a chaith mná i Magdalenes.
In am iad a chaitheamh amach mar a chaith an chúirt Enoch amach. Ní leis an Eaglais muid. Ní leo ár Laethanta Náisiúnta!
Tá daoine ann a fhágann an fada agach agus airímid an t-ualach dá bharr.
Mar shampla: Seo chugainn inniu fógra os comhair scoile in Éirinn. Níl an Eaglais ciontach an uair seo ach impireacht eile is an meon aigne a chuir siad sa chloigeann sa dream ‘Loyalist’ i dtuaisceart na tíre. Fuath ann. Gráin ann. Contaetha ann ó thuaidh a ghoid impireacht uainn. Níl siad saor fós agus tá ualach ag baint leis sin.
Tá na Oscars ag teacht agus beidh daoine ag rá Sláinte agus Ádh Mór do scannán a mhaslaigh sinn is a d’fhág Gaeilge go hiomlán amach is a thig le fios gur amadáin leisciúla sinn. Ag an am céanna, tá scannán iontacha eile san iomaíocht ar nós An Irish Goodbye agus An Cailín Ciúin a thuigeann cé sinn is a thugann meas dúinn. Scannáin iad a thuigeann deacrachtaí an saol agus conas bheith daonna, conas an rud ceart a dhéanamh. Nach maith sin. Ach is beag caint atá fúthu i ndáiríre is na meáin ag díriú ar Banshees. Banshee? Ar nós an leprechaun thuas. Bean Sí. Ár dteanga goidte. Meas dá laghad ag daoine uirthi.
Ach cad atá cearr? Is féidir magadh a dhéanamh! Tá an fhadhb sin imithe! Féach ar na Gaelscoileanna. Tuig seo faoin ngráin. Ní imíonn sí go deo. Bíonna sí faoi cheilt is tá orainn aire a thabhairt amach nach mbeidh an lámh in uachtar aici. Deacair sin a dhéanamh nuair a thugann ÁR rialtas cumhacht dár naimhde! Cén uair le déanaí a dúirt siad le Sasana na wee 6 a thabhairt ar ais agus imeacht leo?
Linne ár dtír. Is le gach duine ár dteanga. Ná cuir cosc uirthi. Ná maraigh í. Cad atá ráite sa Dáil faoi shaoirse a bhaint amach? Cloch throm ar an bpaidrín an tost sin. Ualach eile.
Linne ár gcearta. Ní le Westminster atá ag iarraidh fáil réidh leo. Ní leis an DUP. Ní le Seóiníní sanrialtas. Is airímid an t-ualach, an toid, an t-uafás atá anseo le fada. Gan meas orainn. Gan meas ar ár dteanga. Gan meas ar ár gcultúr.
Ar Lá ‘le Bríde, deirim: Meas do na draoithe, dár sinsear. Away le gach fuathghrúpa, iad [le] croíthe dúra gan aon mhaith.
Impireacht? Sin fuath. Sin gráin. Sin goid. Sin drochmheas ar ár ndúchas. Sin ríocht bunaithe ar chiníochas.
Aithin é agus an dochar a dhéanann impireacht na Breataines is a rinne le fada leis an ‘teorainn’ damanta atá ag iarraidh Brit (cibé rud é) a dhéanamh de gach duine.
In am iad a chaitheamh amach mar a chaith an chúirt Enoch amach, mar atá tíortha eile ag caitheamh impireacht na Breataine amach. Ní le impireacht ar bith muid. Imbolg Abú. Muid fós anseo. Is ár nDéithe linn fós. Lá ‘le Bríde Sona, a chairde.
Seas an fód. Na scéalta againn le fada. Tír uainn le fada: Éire. Imbolg Sona. B’fhearr bolg lán.
Beidh An Cailín Ciúin ag dul go na Oscars. Inniu, d’éirigh leis An Cailín Ciúin fanacht san iomaíocht don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag na Oscars 2023. Bhí 93 scannán ar an liosta don chatagóir seo ar dtús. Ansin, d’fhógair siad 15 a bhí fós san iomaíocht agus inniu, níl fágtha ach 5 cinn: 1. All Quiet on the Western Front 2. Argentina 1985 3. Close 4. EO agus 5.An Cailín Ciúin. Anois caithfimid fanacht go oíche na Oscars le fáil amach ag cé acu a bheidh an bua.
Seasann An Cailín Ciúin amach mar 1. Feicimid an domhan ó dhearcadh Cháit. Cailín. De ghnáth is beag bean nó cailín a bhíonn i scannáin agus 2. Tá sé i dteanga atá i mbaol mar ní labhraíonn ach timpeall 2% den tír an teanga mar phríomhtheanga agus tá sin fíorchontúireacht. Tá muid i mbaol. Seans go ndéanfar dearmad orainn agus nach mbeidh fágtha as seo amach dínn ach Seoiníní agus scrigmhagadh den uaisleacht a bhí ionainn roimhe.
Tharla rud eile spéisiúil inniu. Tá All Quiet on the Western Front san iomaíocht don Scannán is Fearr freisin. Cuireann sé mé ag ceapadh 1. Go mbeidh an bua acu siúd sa chomórtas Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr nó 2. D’fhéadfadh An Cailín Ciúin an tideal sin a fháil agus an bua iomlán a bheith ag All Quiet. Deacair sin a shamhlú ach ba bhreá liom é. Samhlaigh é! Agus a chiallaíonn sé sin! Tá, ar a laghad, bua sa chatagóir Fadscannán Idirnáisiúta is fearr tuillte go maith ag An Cailín Ciúin. Ar aon chaoi, seo lá mór don Ghaeilge.
Ó The Quiet Man go The Quiet Girl. Ó spell go dispel. Spior spear déanta ag Colm ar gheis an náire. Sin éacht.
ACH obair fós le déanamh ar mar a fheiceann na meáin in Éirinn nach meáin as Gaeilge iad an scéal seo.
Ag breathnú ar scéal i ndiaidh a chéile ar Twitter nó Facebook, roghnaigh na páipéir nuachtáin leads agus Banshees arís is arís eile. Tuigim. Fuair siad níos mó ainmniúcháin ná beagnach éinne eile agus sin rud eile nach dtuigim. Ach scríobh mé faoi sin cheana. Níl Banshees Gaelach ar chor ar bith. Tuigeann sibh cá seasaim ar An Quiet Man Rebooted aka Banshees. Ó Here’s a stick to beat the good woman with go I’ll cut off me fingers gan ciall Beckett ann ná gar dhó. Deireann daoine liom, Ach tá na radharcanna go hálainn ann. Fágfaidh mé fís anseo mar fhreagra ar sin go dtuigfidh sibh an chloch nua is troime ar mo phaidrín.
Le bheith féireáilte, bhí Barry Keoghan an-mhaith ann agus lena scéal siúd bhí síol de scannán maith, síol nár fhás.
Chuaigh na páipéirí in Éirinn leis an scéal faoi Banshees, ar ndóigh. Why don’t you support it? a chuala mé ar líne. It’s Irish! Yeah, NO! an freagra a bhí ann ar sin. Ní gá dom agus ní chóir dúinn tacaíocht a thabhairt do rud mar tá sé ‘déanta in Éirinn.’ Tá an meon aigne sin contúirteach. Bíodh meas againn orainn féin. Beidh obair go leor againn ag míniú do dhaoine atá cearr leis agus an dochar a dhéanann sé. Mé ar buile leo a thug tacaíocht don dallamullóg maslach seo agus fearg orm go bhfaigheann sé an spotsholas ó na Oscars. Níl sin ceart ná cóir. Nach dtuigeann siad ciníochas? Scríobh daoine eile faoi seo. Léigh a scríobh siadsan anseo agus anseo.
Tá go leor le ceiliúradh againn. Tá An Irish Goodbye (déanta sa tuaisceart) fós sa rás mar shampla. Ach d’fhág cuid mhaith de na páipéirí sin ón scéal. Mar ní cheapann siad gur linne na Wee 6 ná ár dteanga. Abair sin go soiléir agus aithin an feall ann. Seoiníní forleathan sa tír is sna meáin is sa rialtas. Faoi gheasa.
Níl mé in ann fós cur síos ceart a dhéanamh ar An Cailín Ciúin daoibh mar tá mé ag dul trí na mothúcháin a théann leis. Dúisíonn sé mé i lár na hoíche. Tuigeann an scéal seo sinn, thar aon scéal eile. Tá sé domhain.
Ar ais an an de-spell nó dispel sin, a luaigh Colm. Tá muid faoi gheasa. Tá teiripe ag teastáil ón tír ar fad. Tabú ann. Foghlaim Gaeilge ar scoil ach ná húsáid í. Sin an gheis. Mallacht. Cruálacht. Casta. Céasadh. Muid ceapaithe i ngasta. Uafás. Ach ní dhéanimid caint faoi. Tá sin pianmhar. Is inniu, tá cuid den phian is den ualach sin imithe. Scoilt sa bhalla, fiú muna bhfuil sé briste. Feiceann daoine sinn. Cloiseann siad muid. Ní cheapann siad go bhfuil sé ait bheith ag labhairt do theanga féin. Ní fheiceann siad an náire ann. Mar níl siadsan faoi gheasa. I Hollywood ar a laghad. Anois, dá dtuigfeadh daoine sa ‘ghalltacht’ sin san mbaile.
Pic le Stevehpix
Críochnóidh mé leis seo anois. Bhailigh Colm Bairéad gach rud is fearr is gach duine is fearr le chéile leis an scannán seo a chruthú le grá agus le tuiscint agus tá draíocht ann dá bharr. Sin an leigheas a bhí uainn. Sin bua do na Gaeil, don Ghaeilge, don saol gaelach. Sin an chuid is fearr dínn. Bealach ar aghaidh. Feicim solas sa scoilt sin sa bhalla. Cuireann sé spotsholas ar bhréag an náire, an balla fhéin. Is ansin, tá dóchas go dtuigfidh daoine go bhfuil an náire sin, an balla sin cosúil leis an teorainn. Níl sé ann. Spior spear. Imithe as radharc go deo. Rud nach raibh ann riamh. Dispelled. GRMA, Oscars as sin freisin.
Comhghairdeas le chuile dhuine a bhí ag obair ar An Cailín Ciúin, agus le Claire Keegan. Le Catherine Clinch go háirithe ach leis na haisteoirí ar fad ann freisin. Seo ealaín den chéad scoth. Comhghairdeas freisin leis An Irish Goodbye, le Barry Keoghan, le Paul Mescall, agus le Jonathan Redmond (eagarthóireacht) Elvis, is le Richard Baneham (Avatar).
Oscars Gaelach a bheidh againn i mbliana, by Daid!
Thug siad bata agus bóthar do mhúinteoir meánscoile Enoch Burke a bhí ag obair i scoil phríobháideach taobh amuigh den Muileann gCearr. Is maith sin. Tuillte aige. Duine gan trócaire atá ann.
Dhiúltaigh Enoch ‘They’ a úsáid mar fhorainm ag caint le dalta a d’iarr ar an scoil iad a aithint mar sin.
Eaglais na hÉireann atá i gceannas ar an scoil seo agus a ethos le sonrú sa scoil. Is léir gur bulaí ceart é Enoch agus is cuma sa tsioc leis má ghortaíonn sé daltaí mar tá sé lánchinnte go bhfuil an ceart ar fad aige.
Deireann sé go bhfuil an ceart aige an fód a sheasamh ar son a chreidimh. Chaith sé 108 lá sa phríosún mar gheall air. Bhuel.
Tá sé éasca a rá mar sin go bhfuil sé fhéin agus an chlann ar fad craiceáilte agus gáire a dhéanamh fúthu. Ach tá pointe anseo atá tábhachtach.
Céard faoin Eaglais atá i gceannas ar fhormhór na scoileanna sa tír? Cén ethos atá aici siúd? An bhfuil sí níos fearr ná Enoch is a chlann?
Níl an Eaglais sin i Wilson’s Hospital níos fearr ná níos measa ná Enoch. Níl an Eaglais atá i gceannas ar an chuid is mó de na scoileanna sa tír ach oiread. Ach is mar an gcéanna iad sa chaoi go bhfuil siad cruálach.
Ní deireann Impireacht na Vatacáine os ard é ach deireann siad é, go ciúin. I ngach scoil in Éirinn ina bhfuil Ethos ann. B’fhéidir nach gcloisfidh dalta é ach uair amháin ach is leor sin leis an damáiste a dhéanamh.
Feicthe agam arís is arís eile. Fós ar siúl. B’fhéidir nach mbeidh ann ach focal ciúin ó bhean rialta aosta taobh amuigh den leabharlann lá. Labhraíonn sí go ciúin ach nuair a dhéanann tú iarracht a rá léi go bhfuil sí mícheart, cuirfidh sí a méar go bog ar do lámh le tabhairt le fios go bhfuil an lámh in uachtar aici agus nach bhfuil cead agat í ná Dia a cheistiú.
Mar is féidir leo.
Mar ní stopann éinne iad.
Mar tá Dialathas i gceannas in Éirinn fós.
Agus sin uafás.
Is maith an rud é gur chaith siad Enoch amach. Anois, caith na hEaglaisí ar fad as scoileanna na hÉireann.
Bhí mé ag caint leis an mbeirt is ansa liom ar an mbóthar seo le déanaí. Sa chistin. Le cupán tae. Ansin thosaigh duine acu ag gearán. Bhí cara léi tar éis teach ollmhór a cheannach dá gasúir is anois ní raibh duine ar bith acu ag obair mar ní raibh gá leis. Bhí mo chara ar buile faoi.
Seo feall, ar sí. B’fhearr bheith bocht agus bheadh ar na gasúir jab a fháil ansin.
Sin a dúirt Roberto Benigni ag na Oscars is cheap Sofia Loren gur rud uafásch ar fad a bhí ráite aige, ar mé.
Díreach roimhe sin áfach, bhí air buíochas a ghabháil le Harvey Weinstein. Soit!
Lean mo chara ar aghaidh lena scéal. Bhí uirthi obair a fháil is í an-óg mar chonaic sí saol níos fearr ag daoine eile agus í bocht. Ba chóir do dhaoine eile an taithí sin a bheith acu, dar léi.
D’oibrigh tú amach conas mar atá an saol agus d’éirigh leat saol níos fearr a bhaint amach sa chóras sin, ar mé.
Go díreach, ar sí.
Ach níl sé chomh díreach sin. An córas sin. An saol mar atá. Caithfear a thuiscint an bréag san mbochtaineacht mar bhronntanas sin.
‘Grit’ de dhíth, ar sí, agus tuigim a pointe go pointe.
Seo port atá á gcasadh ag daoine le airgead i SAM agus ar fud an domhain le fada, ar mé. Iad a chuireann an milleán ar na boicht mar tá siad róleisciúil. Níl siad spreagtha mar tá siad millte srl. Ach anseo i SAM, tá sé feicthe agam mar is féidir le páistí gach rud a deirtear leo a dhéanamh a dhéanamh, céim a bhaint amach, a seacht ndícheall a chur isteach leis an rud ceart a dhéanamh i gcónaí agus sa tír seo, is cuma cé chomh maith is atá siad, is féidir leo bheith bocht is gan dídean sa chóras seo.
Tuigeann an bheirt acu atáim ag rá leo.
Faigheann siad compórd is iad ag obair do Clear Channel is a leithéid cé nach gcreideann siad sa teachtaireacht a chuireann an dream sin amach. Ach is féidir leo dul ar saoire go Hawaii srl. Tuigeann siad nach bhfuil sé ceart ach tá teach acu is bia is carranna deasa. Ba bhreá leo rud eile a dhéanamh ach ní fheiceann siad conas. D’oibrigh siad amach mar a oibríonn an corás. Níl siad in ann bealach as a fheiceáil.
Aontaímid ar go leor, leor rudaí maidir le cúsaí polaitíochta ach leis an ‘B’fhearr bheith bocht’ sin, d’airigh mé gur leithscéal a bhí ann le milleán a chur ar dhaoine eile. Is chuir sin brón orm.
Rinne an duine céanna trácht ar Little Tijuana le déanaí freisin faoi cheantar in aice linn is í ag ofráil rothar againn a thabhairt ansin don Nollag mar bhronntanas do pháiste éigin ansin. Cheap sí go raibh sin greannmhar. Bhain an téarma sin gach rud maith ón ofráil, faraor. Is bhí díomá orm arís. Normalized. Caint mar sin. Meon aigne mar sin. Fuair páiste an rothar againn mar bhronntanas agus is maith sin. Ach tabhair bronntanas mar sin do dhuine le grá, ní le gáire.
Mar an gcéanna le tír gan córas sláinte do gach duine, le tír a dhéanann Caitliceach de gach páiste ar scoil, le tír a ligeann do lucht gnó bheith saor ó cháin a íoc, le tír a thugann tacaíocht dóibh a fheiceann teach mar ghnó nó infheistíocht in áit dídean is áit slán ón bhfuacht, iad a thógann cíos ó dhaoine nach mbeidh in ann a dteach féin a cheannach riamh, is cuma cé chomh dian is a n-oibríonn siad.
Níl an milleán ar na boicht. Ní raibh riamh. Níl siad leisciúil. Ba bhreá le daoine óga post buan a thugann meas dóibh a fháil, teach a cheannach, dóchas a mhothú. Is cuma leis na daoine i gceannas orainn faoi rudaí mar sin.
Ná slog siar a chuireann raidió mar Clear Channel nó FOX nó a leithéid. Ná faigh jab leo. Ná tabhair tacaíocht d’impireacht ar bith níos mó mar is iad a choinníonn thíos muid. Seas an fód. I do theach. Le do chairde. Sa seomra ranga. Chuile háit. Nocht an breág agus scaip an fhírinne.
Tá sé de cheart againn bheith saor. Diúltaigh córas ar bith nach dtuigeann seo. Roghnaigh ceannairí níos fearr.
Seo Londain san amhrán thíos ach fíor in áiteachaí go leor ar fud an domhain. Ní hé nach bhfuil airgead ná saibhreas sa tír. Is é an rud é go bhfuil córas briste againn a thugann an bua do dhaoine a dhéanann an rud mícheart. Ná lig dóibh é sin a dhéanamh níos mó.
Nobody does self-loathing like the Irish, a scríobh Glenn Kenny faoi The Banshees of Inisherin ar RogerEbert.com in alt a chuireann Gleeson agus Farrell i gcomparáid le Laurel agus Hardy. Ait mar ní raibh duine ar bith ag gáire sa phictiúrlann is mé ann.
Níor thaitin an scannán liom. Cheap mé go raibh scéal ann le Dominic, cinnte. D’fhéadfá scannán iomlán a dhéanamh faoi. Ach bhí an chuid eile maslach sa chaoi ina raibh sé is ár gcultúr léirithe is bhí áthas orm nuair a bhí an scannán thart is mé in ann filleadh abhaile. Ní fiú dul amach le masc le tacaíocht a thabhairt dó.
B’fhéidir go raibh mé ródhian orthu a dúirt mé liom féin mar bhí An Cailín Ciúin feicthe agam agus tá sé deacair d’aon scannán ina dhiaidh sin bheith i gcomparáid leis. Ach fós. An raibh Gaeilge ar bith i mBanshees? Ní cuimhin liom é. Cé go raibh sé suite i nGaeltachtaí. An é gur fhág siad an teanga amach d’aon turas?
Scríobh Dea Birkett faoi ins an Spectator. What The Banshees of Inisherin gets wrong about Ireland an tideal ar an gceann sin. Go leor mar a tharla. Tá roinnt ann in Éirinn anois a thuigeann nach bhfuil an self-loathing sin sláintiúil. Tá cumhacht ag focail. Ní jóc é bheith ag cur síos orainn mar amadáin arís agus arís eile. Níl sé greannmhar.
Thug mé faoi deara inniu go bhfuil scór The Banshees ar an ngearrliosta do na Oscars ach níl scór An Cailín Ciúin san iomaíocht. Níor fhan an ceol ó Banshees liom is mar sin chuaigh mé ar ais le bheith ag éisteacht leis arís ar líne. D’éist mé le gach ceann acu. Spéisiúil. Ach níor fhan sé liom mar a d’fhan ceol An Cailín Ciúin liom.
Is ansin léigh mé a dúirt McDonagh faoin gceol san Independent.ie Sheas líne amháin amach dom. Féinfhuath ann. Ciníochas ann. Cloiste agam go minic ó dhaoine le drochmheas acu ar ár gcultúr. Rud a d’fhoghlaim daoine ón impireacht. “McDonagh made it clear that he hated “diddly-eye” scores.” Bagáiste go leor ansin!
Bhuel. Gráin ar ár dteanga is ar ár gcultúr. Sin ciníochas. Abair é go soiléir. Aithin sin. Gorgeous sceney, fine acting, a deireann daoine. Ní leor sin, a mhac, má théann féinfhuath leis.
An Cailín Ciúin v Banshees? Ardmheas do An Cailín Ciúin a thugann meas dár dteanga is don chuid is fearr dínn. Súil agam go bhfaighidh McDonagh cúnamh mar níl an diddly eye sin ceart go leor. Words matter. Léirigh sé a cheapann sé go soiléir. Is féidir a rá nach dtaitníonn sé leat. Ach diddly-eye? Sin rud eile.
Le tuiscint, tá féinfhuath is Béarla fiú as faisean anois. Tabhair an memo sin do McDonagh. Tá muid fós anseo agus réidh le rá le daoine nach bhfuil sé ceart go leor bheith ag magadh fúinn níos mó, fiú más Éireannaigh iad féin atá dhá dhéanamh.