Scéalaíocht:
Síofra. Iarlais. Fágálach. Malartán.
Leanbh amháin in áit leanbh eile. Domhan amháin agus domhan eile. Idir ann is idir as.
Amhrán le Joe Éinniú The Fairy Boy
A mother came while stars were paling, wailing round a lonely spring
Thus she cried, as tears were falling, calling on the fairy king.
Why would spoil a mother’s treasure, courting him with fairy joy?
Why destroy a mother’s blessing? Whyfore steal my baby boy?
(Hums)
O’er the mountains, through the wild wood, where in childhood he longed to play
Where the flowers are freshly springing, there I wander day by day.
There I wander, growing fonder of the child that made my joy
And the echoes while recalling – please restore my baby boy.
(Hums)
But in vain my plaintive calling; tears are falling all in vain
He now sports with fairy treasure – he’s the pleasure of their train.
So fare thee well, my child forever! In this world I’ve lost my joy
In the next we ne’er shall sever! There I’ll find my baby boy.
(Hums)
So fare thee well, my child forever! In this world I’ve lost my joy
In the next we ne’er shall sever! There I’ll find my baby boy.
San tsraith teilifíse Outlander le déanaí bhí caint ar shíofra. Bheadh sé deacair an saol seo a shamhlú mura mbeadh cúrsaí fós deacair do dhaoine. Tá domhan ann ina bhfuil do leanbh sláintiúil nó fáil ar chúnamh duit nuair a fhaigheann páiste tinn is meas ar an bpobal ort is ar do leanbh. Tá domhan eile ann ina gcailleann daoine leanaí. Tinneas, fáil ar bith ar leigheas nó ‘cultúr’ aineolach a deireann gur náire é bheith singil agus leanbh agat is cúis leis. Domhan ann a deireann leat nach bhfuil fáilte romhat nó le do leanbh. Domhan a bhí le feiceáil san dráma An Triail le Mairéad Ní Ghráda. Domhan atá fós againn is a bheas againn fhad is atá Dialathas againn agus Ethos i gceannas sna scoileanna & sna hoispidéil.
Éalú go Sasana? Má tá airgead agat agus tú in ann scéalta a chumadh leis an fhírinne a choinneáil faoi cheilt. Hmm. Níl mórán athrú ar an saol leis na blianta. Céard a rinne daoine fadó?
Malartú? Fág an leanbh tinn sa choill. Faigheann sé bás ann. Cuirfidh daoine leanbh eile san áit céanna. Leanbh le bean nach raibh pósta. Glaoigh malartán ar an gcéad leanbh. Meas tú ar tharla sé mar sin? B’fhéidir. Cén rogha eile a bhí ag daoine nuair a smaoiním air.
Geillis: When the fairies steal a human child they leave one of their own in its place. You know it’s a changeling because it doesn’t thrive and grow.
Claire: It’s not a changeling. It’s just a sick child. They just left it out here to die. Don’t tell me you believe in fairies and changelings and all that.
Geillis: If you leave a changeling out overnight in such a place the wee folk will come and take it back and return the child they’ve stolen.
Jamie(níos déanaí): For the parents of that child it might comfort them a bit to think it’s the changeling that died, to think of their own child healthy and well living forever with the fairies.
An raibh an ceart ag Geillis? Ionad faoi leith le leanaí a mhalartú? Smaoinigh ar na mná a bhí singil agus leanbh acu faoi rún. Ní fhéadfadh siad aire a thabhairt dá leanaí. Dá gcloisfidís leanbh ag fáil bháis ar rath na sí, d’fhéadfaidís fanacht go raibh sé marbh, an corp a chur sa chré, agus a leanbh beo féin a fhágáil do na daoine a chaill leanbh. Chuir an fís seo mé ag smaoineamh. B’shin an fáth go bhfuil tabú ann ar rath na sí? Níl cead dul isteach ann. Tuigimid é sin. Cosc láidir air. Ach b’fhéidir gur thuig daoine áirithe, na mná ar ndóigh, céard a bhí ar siúl ann i ndáiríre. So, rinne siad scéalta le daoine a choinneáil amach. Is leis na daoine beaga an áit sin. Fíor b’fhéidir. Leis na leanaí. Bhí daoine beaga ann an t-am ar fad. Sin an rún, b’fhéidir. Is muna raibh leanbh le malartú ag an am bhí míniú eile acu, go raibh an leanbh sona leis na daoine beaga.
Neart scéalta faoi.
Páiste a Tugadh As
le John Hemry
Ba shin páiste a d’imigh i gceo fada ó shin, Bhí sé imithe i gceo agus héiríodh amach dá iarraidh agus caitheadh lá agus oíche dá iarraidh. Agus ins an am céanna bhí an páiste sa teach. Páistí eile mar a déarfá, b’fhacthas dófa a tháinig isteach. Ba stráinséir é. Bhí sé cineál coirpigh agus cointinneach agus rudaí mar sin.
Ach fuair siad an páiste a bhí amú sa gceo. Agus ag tíocht abhaile dófa dúirt ‘an páiste a bhí contráilte go mbruithfeadh siad sa tine é. Ó bhí ciall aige. Bhí sé a naoi nó a deich de bhlianta, an páiste sin. Ní páiste a bhí ann.
Ach dúirt siad go mbruithfeadh siad ar chúl na tine é. Chuir siad síos tine mhór agus nuair a bhí siad ag gabháil ag fail greim air, d’imigh sé ina chat amach an doras. Ní fhachas ariamh ó sin é.
Sin an chaoi a mhoithigh mise anois é.
A Stolen Child
That was a child that left in a fog long ago. He was gone in a fog and they’d get up and go out searching for him and they’d spend night and day searching. And in that same time the child was in the house. It seemed to them that he was another child that had come in you’d say.
But they got the child that was lost in the fog. And as they were coming home they said that they’d burn the child that was contrary in the fire. Oh there was sense to that. He was nine or ten years, that child. He wasn’t really a child.
But they said they would burn him in the depths of the fire. They made a big fire and when they were getting ready to grab him, he turned into a cat and went out the door. He was never seen again.
Now that’s the way I heard it.
Mar a chualamar scéalta. Mar a bhí an saol. Mar a tháinig daoine ar réiteach is aineolas na hEaglaise i gceannas.
Rath Dé nó Rath na síoga. Domhan amháin agus domhan eile.