Ní chreidim é, dáiríre!
Míle buíochas.
Sin mo dhearthair Bernard. Bhí sé ann ar mo shon, bail ó na Déithe air.
Is mór an onóir é .
Céard ba mhaith liom a rá?
Is buaiteoir é gach duine a roghnaíonn saol le Gaeilge.
Roghnaigh mé saol le Gaeilge is tá mo shaol i bhfad níos fearr as mar gheall air.
Léigh na blaganna a spreagann mé: An Codú, Cúrsaí Staire, Gaeltacht 21, Meon Eile, Rámhaille…
agus na blaganna as Gaeilge ar fad.
An-dóchas agam nuair a fheicim an méad daoine ag blagáil, ag tweetáil, ag labhairt Gaeilge i gclubanna srl.
Tá namhaid amháin ag an nGaeilge.
Sin náire.
Mhúin daoine dúinn go bhfuil muidne níos lú ná iad, ár dteanga gan maitheas, ár gcultúr seafóideach. Is tá an iomarca daoine sa tír a chreideann é sin fós.
Creideann siad gur rud ‘backward‘ í an Ghaeilge.
Coir ghránna impiriúlachais.
Nuair atá faitíos ar dhaoine a dteanga féin a labhairt ina dtír féin, ‘sin iomlán bun os cionn.
Tá trí rud le déanamh:
1. Ná cuir náire ar dhaoine.
2. Cáin náire go hoscailte.
3. Ná glac le náire.
Ná bíodh daoine ag magadh faoin teanga níos mó. Níl sé greannmhar, léiríonn sé aineolas, agus déanann sé dochar.
Bíodh bród orainn. Cloisimid daoine ag labhairt Sínis, Seapáinis, Spáinnis & neart teangachaí eile sa chathair. Nach maith sin. Anois labhair Gaeilge gan náire ar na sráideanna sa chathair mar tá sé nádúrtha do theanga féin a labhairt.
As cleachtadh? Lig do na focail atá ar eolas agat as Gaeilge titim ó do bhéal. Tosaigh le ‘Conas atá tú?’ Tá Gaeilge ag beagnach chuile dhuine a bhí ar scoil in Éirinn ach is tabú é í a labhairt taobh amuigh den scoil le fada. Anois tá daoine ag briseadh an tabú sin le spraoi.
Roghnaigh saol le Gaeilge. Tosaigh go mall. Bain craic as. Mol daoine a labhraíonn Gaeilge. Yoga le Gaeilge, Spórt le Gaeilge, cnocadóireacht le Gaeilge, Siúlóid stairiúil le Gaeilge, Club Comedy as Gaeilge… beidh do shaol soisialta lán is cairde nua agat nuair a roghnaíonn tú saol le Gaeilge. Muid i bhfad ó aimsir Pheig anois.
Bíodh Gaeilge le feiceáil i ngach áit: i gach siopa, bialann, leabharlann…
Roghnaigh polaiteoirí le Gaeilge. Bíodh gach duine atá ag obair in Éirinn in ann ‘Fáilte go…’ a rá ar dtús sa ghnó agus ‘Slán abhaile’ ag an deireadh. Deireann rudaí mar sin le daoine go bhfuil fáilte le Gaeilge ansin. Na gasúir ar fad a thagann amach ó Ghaelscoileanna, tabhair seans dóibh Gaeilge a úsáid sa saol, ag obair, ag déanamh spraoi, i ngach áit. Ní hobby / caitheamh aimsire í an Ghaeilge. Is teanga bheo í.
Labhair í.
Is féidir.
An duais seo duitse, Éamon O Murchú, (nach maireann): fear a shiúil isteach i mo rang is é nócha agus a d’inis dom gur thosaigh sé gach comhrá le ‘Conas atá tú?’ fiú is é i SAM. Ar ndóigh d’iarr siad air céard a dúirt sé is mhínigh sé é is d’fhoghlaim siad go bhfuil teanga againn agus daoine fós ag úsáid an teanga sin. An rud is lú: spreag sé mé. GRMMA
Comhghairdeas le Cúrsaí Staire agus Gaeltacht21!
Bhí sé sna páipéirí sa bhaile
san Westmeath Examiner
agus sa Topic
Mé dáiríre buíoch. Tháinig an nuacht ag am nuair nach raibh cúrsaí go maith agus chabhraigh sé go mór. Is tuigim go n-oibríonn daoine go dian le rud mar seo a chur le chéile.Maith sibh uilig ♥
Bail triail as Twitter as Gaeilge freisin, a chairde. Neart Gaeilge ann