Na cumadóirí caite amach ón stair i saol lán le fuath ban.

Is é an 15 Deireadh Fomhair Lá Ada Lovelace, buíochas le STEM. Ba í an chéad ríomhchláraitheoir riamh. Mhínigh sí conas a bhféadfadh ríomhairí fadhbanna a réiteamh, ceol a chumadh agus i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh dá bhfaighfidís treoracha i dteanga a dtuigfidís.
2. Rosalind Franklin (1920 – 1958)
Ba í a bhfuair don chéad uair íomhá an héilics dhúbailte de DNA (Photo 51). Tá sí luaite ag Watson & Crick i nótaí bun leathanigh amháin. Thaispeáin duine a íomhá do Watson & Crick gan cead uaithi. Lean sí ar aghaidh ag staidéar RNA ach is beag trácht a bhí uirthi sa stair. Fuair sí barr (ailse) ceithre bhliain sular bhuaidh Watson & Crick an Duais Nobel.
3. Margaret Knight (1838 – 1914)
Is í a chum inneall le mala páipéir a dhéanamh i 1868. Goid fear a phaitinn agus mhaslaigh sé í ag rá nach bhféadfadh bean a leithéid a chumadh. Bhí uirthi dul os comhair na cúirte lena ainm féin a bheith ar an bpaitinn arís. Mhair an troid sin 3 bhliain.

4. Elizabeth Magie (1866–1948)
The Landlord’s Game a bhí ar Monopoly ar dtús. Charles Darrow, a chum é de réir an stair go dtí 2004 nuair a fuair PBS amach gur thosaigh sé 30 bliain níos luaithe le paitinn Elizabeth Magie. Ní bhfuair sí ach $500 ó Parker Brothers.
5. Judy Malloy (1942- )
Is í a chum finscéal hipirtéacs. File í chomh maith. D’fhoilsigh sí gearrscéal Uncle Roger i 1986. Chrithaigh sí bunachar sonraí nua le scéal casta a insint le 32 UNIX shells. Dar leis an New York Times i 1992, ba é Michael Joyce a chum finscéalta hipirtéacs ach bhí Uncle Roger ann ar dtús.
6. Lise Meitner (1878 – 1968)

Ba í a rinne caint ar eamhnú núicléach ar dtús. Bhí uirthi éalú ón Ghearmáin mar gheall ar oidhreacht Giúdaí. Ach lean sí ar aghaidh lena obair is í i dteangmháil le Otto Hahn. D’fhág Hahn ainm Lise Meiter ón bpáipéar a scríobh sé air. Ach tá meitnerium, nó Mt, againn tar an tábla peiriadach in ómós di.
7. Candace Pert (1946 – 2013)
Ba í a chum an gabhdóir ópóideach. Nuair a bhí sí ag tabhairt amach mar fuair a Ollamh an Dr. Solomon Snyder duais as an obair a rinne sí fuair sí an freagra “That’s how the game is played.” ó Snyder. Bhí sí ag obair ar leigheas do Alzheimer nuair a fuair sí bás.
8. Martha Coston (1826 – 1904)
Ba í a chum an bladhm comhartha. Ar an bPaitinn tá Martha Coston luaite mar “administratix” i 1961. A fear chéile, Benjamin Franklin Coston, a bhí ainmnithe acu ar an bpaitinn cé go raibh sé marbh le 10 bhliain, fhad is a bhí sí ag obair ar a smaoineamh agus á chrothú dó.