Ceol
All posts tagged Ceol

Eleanóir na Rún
1.
Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, a Eleanóir, a rún.
You’re my love at first-sight, Eleanor, my secret.
Is ortsa a bhím ag smaoineamh tráth a mbím ar mo shuaimh.
It’s of you that I am thinking while I lie asleep.
Mo ghrá den tsaol thú. Ó mo chéad searc.
My love [you’re the love of my life]. Oh, my first treasure.
Is tú is deise ná ban Éireann.
You are the nicest of all the women of Ireland.
Curfá:
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg.
And oh ;ovely young maiden, you have the nicest, sweetest kiss.
Ach chúns a mhairfeadsa beo beidh gean a’m ort.
But for as long as I live I will desire you.
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, aEleanóir, a rún.
For I would love to drive the calves with you, Eleanor my secret.
2.
’S bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann.
And she had the gift that she could entice the birds from the trees.
’S bhí bua eile aici go dtóigfeadh sí an corp fuar ón mbás.
And she had another gift that could take a cold body from death.
’S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé mar
And she had another gift that I will not tell because
’s í grá mo chroí is ó mo chéad searc.
She is the love of my heart and my first treasure.
Curfá
3.
’S an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eleanóir, a rún?
Will you come or will you stay, Eleanor my secret?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, mo chuid don tsaol is a stór?
Or would you recognize the one who wouldn’t slander you, my life’s portion & my treasure?
Ó tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé.
Oh, I will come and I will not stay.
Is maith a d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé.
It’s well I would recognize the one who would not slander me.
Curfá
‘
Bua eile foilsithe ag Coláiste Lurgan Meán Fómhair 15, 2016.
Shannon Bryan le cór chúrsa A. Álainn ar fad!
Liricí:
1.
Hello. ‘Tú ann?
Hello. ‘You there?
‘Mé ag smaoineamh théis (tar éis) na mblianta,
I’m thinking after the [oh, so many] years,
Ar mhaith leat casadh liom
Would you like to meet with me
Le dul siar ar chuile shórt?
To go back over everything?
Deir siad go gcneasódh am mo phiansa
They say that time could heal my pain
Ach táimse fós ag fulaingt.
But I am still suffering.
2.
Hello. [An] gcloiseann tú mé?
Hello. Do you hear me?
Tá mé síoraí ‘breathnú siar ar an gcaoi [ina]mbíodh rudaí linn
I’m forever looking back on how things used to be with us
‘S muid chomh hóg is saor.
When we were so young and free.
[An] gcuimhin leat an gliondar sular thit an domhan mórthimpeall orainn?
Do you remember the joy we had before the world fell [down] around us?
‘Muid anois chomh difriúil oná chéile.
We’re now so different from each other.
Is ait an mac an saol.
Life is [a] strange [son].
Curfá:
Hello dhuit ag tíocht anall
Hello to you coming from the other side
Ó dheoraí grá atá faoi smál.
From an exiled love that has been stained.
‘Ag iarraidh a tharla a chur ina cheart.
‘Trying to fix what happened.
Ná habair riamh go bhfuil ár ngrá thart.
Never say that our love is over.
Hello dhuit ón taobh thall.
Hello to you from the other side.
Na bí chomh fuar mar níl aon chall.
Don’t be cold because there’s no call [for it].
Admhaím mo chiontacht.
I admit my guilt.
Ba ormsa an locht.
I was to blame.
Nach féidir tosú ón tús aríst anocht,
Can’t we start again tonight,
Le do thoil?
Please?
3.
Hello, cén chaoi ‘bhfuil?
Hello, how are [you]?
Gach rud coinnithe istigh rófhada.
Everything’s been kept inside too long.
Tá sé seo chomh deacair.
This is so hard.
‘In am bogadh ar aghaidh.
It’s time to move on.
Scaoil uait a tharla. Ná breathnaigh siar.
Let go of what happened. Don’t look back.
Is fág ‘i bhfad taobh thiar dúinn.
And leave [it] far behind us.
Ní haon rún é nach bhfuil ceachtar againn i dTír na nÓg
It’s no secret that neither of us are in The Land of [Eternal] Youth.
Curfá
Seas suas…
Curfá
Níl na liricí i gCoirnis agam go fóill cé go bhfuil siad le cloisteáil thuas ach seo an leagan Béarla de de réir suíomh Facebook an ghrúpa. Mé iomlán gafa leis an amhrán seo!
Liricí
Save me, from the pirates of my mind
Don’t let them overcome me, don’t let the darkness blind
Keep me, from the shadows of the night
Where the voices call you onward
Hide me, as the demons gather ‘round
Drag me back to safety, don’t let them take me down
Guide me, be my searchlight, be my crew
Be the hole in the cloud where the sun breaks through
Let it rain, let it rain
I’ve seen the edge, and made it back again
Let it rage, let it pour
I will dance, I’ll be back for more
Catch me, if the down-turn has begun
As autumn turns to winter and I’m sheltered from the sun
Hold me, don’t ever let me go
And keep me safe ‘til springtime
Is féidir an album a cheannach anseo
Amhrán iontach eile ó Choláiste Lurgan
Beo ó Féile C 2k15 le Nathan, Liam Óg, Losty agus James. Maith iad!
Curfá:
Ná bí ag breathnú siar.
Don’t look back.
Coinnigh do shúile orm.
Keep you eyes on me.
D’iarr mé, An bhfuil sé fíor?
I asked, Is it real?
Deir sí “Bí i’d thost ‘s ‘damhsa liom.”
She says, “Shut up and dance with me.”
Meas tú an í is foirfe dhom?
Do you think she’s the most perfect for me?
Deir sí “Oó ú, bí i’d thost ‘s ‘damhsa liom”
She says, “Oh oo, shut up and dance with me.”
Ag tnúth le seo ó dhubh go dubh.
Looking forward to this all day long.
Faoi gheasa ceimiceach, fisiceach,
Under a chemical spell, physical,
Éist leis an mbass é ag bualadh tiubh
Listen to the Bass as it beats thick.
Bhí sé i ndán dúinn bheith le chéile,
We were meant to be together,
I ndán dúinn bheith le chéile.
Meant to be together.
Thóg sí mo lámh
She took my hand
I ngan fhios dhom céard a tharla
Before I knew what happened
‘Ar an urlár is deir sí:
[We’re] on the floor and she says:
Curfá
Ná bí ag breathnú siar
Coinnigh do shúile orm
D’iarr mé an bhfuil sé fíor?
Deir sí “bí i’d thost ‘s damhsa liom”
Meastú an í is foirfe dhom?
Deir sí “Oó ú, bí i’d thost ‘s damhsa liom”
2.
Chas mé léi i rith Féile C.
I met her at Festival C.
Ní fhaca me cailín cosúil léi riamh.
I’d never seen a girl like her before.
Bhí mé léi i gcaitheamh na hoíche.
I was with her through the night.
Bhí se i ndán dúinn bheith le chéile,
we were meant to be together,
I ndán dúinn bheith le chéile
meant to be together.
Thóg sí mo lámh
She took my hand
I ngan fhios dhom céard a tharla
Before I knew what happened
‘Ar an urlár is deir sí:
[We’re] on the floor and she says:
Curfá
Ná bí ag breathnú siar.
Coinnigh do shúile orm.
D’iarr mé an bhfuil sé fíor?
Deir sí “bí i’d thost ‘s damhsa liom.”
Meastú an í is foirfe dhom?
Deir sí “Oó ú, bí i’d thost ‘s damhsa liom.”
3.
Féach ina súile.
Look into her eyes.
Sin a bhfuil i ndán dom.
That’s my destiny.
Tuigim anois.
I understand now.
Seo’d é an t-aon seans.
This is the only chance.
Thóg sí mo lámh
She took my hand
I ngan fhios dhom céard a tharla
Before I knew what happened
‘Ar an urlár is deir sí:
[We’re] on the floor and she says:
Curfá:
Ná bí ag breathnú siar.
Coinnigh do shúile orm.
D’iarr mé an bhfuil sé fíor?
Deir sí “Bí i’d thost ‘s damhsa liom.”
Meastú an í is foirfe dhom?
Deir sí “Oó ú, bí i’d thost ‘s damhsa liom.”
Do dhaoine a chonaic Room & Spotlight cheana mar tá spoilers go leor a leanas.
Bhí an bua ag amhrán Gaga ag na Oscars aréir sa chaoi inar léirigh sí é, cé nach bhfuair sí Oscar di féin. Nuair a shiúil na daoine amach ar an stáidse, bhí mé gafa. Mo dhream. Muid a d’fhulaing. Muid a thuigeann. Éigniú mar théama chun tosaigh ag Oscars 2016.
Flashbacks an tsaoil.
Is go tobann bhí mé ag smaoineamh siar. Duine de mo mhuintir ag caint. He couldn’t have raped HER. She’s ugly, ar sé. Focail a fhanann liom go deo. A bhuail mé ar nós an t-éigniú a tharla dom. Aineolas agus drochmheas sa ráiteas. Rud a léirigh dom go raibh an ceart agam fanacht ciúin faoin éigniú mar ní raibh daoine ar mo thaobh.
Smaoineamh thart. Ar ais liom go na Oscars. D’fhéach mé ar an lucht féachana agus bhí cuid acu nach raibh in ann féachaint agus cuid acu a bhí fíochmhar. Iad a d’fhulaing le déanaí le ceann faoi, cuid a d’fhulaing tamall ó shin níos láidre. Muidne a mhaireann. Neart againn ann.
Ná bí ciúin níos mó, a dúirt amhrán Gaga. Ceart aici fiú is amadáin mór-thimpeall ort. Oideachas uathu: iad a cheapann gur féidir leo na rialacha a scríobh duitse. Níl clú acu. Iad a chumann reiligiúin is dlíthe is cultúr na leads. Ná glac leo. Glaoigh amach an dochar. Maith agat, Gaga.
An pictiúr is fearr aréir de réir Oscar? Spotlight
Ní aontaím. Mar a fheicimse é, tá Room níos fearr. Ach tá Spotlight tábhachtach. Fíor-thábhachtach. Fiú nuair atá fhios agat nach bhfuil ach píosaín beag den uafás i ndáiríre i Spotlight. Go bhfuil an fhadhb i bhfad, i BHFAD níos measa ná sin. Scéal faoi na sagairt a éigníonn gasúir óga. Neart acu ann: na sagairt. I bhfad níos mó gasúir éignithe ann is fanann siad ciúin faoi rófhada. Mar tuigeann siad nach bhfuil fáilte roimh an gcaint sin. Cumhacht ag sagairt. Mar fanann an Vatacáin ciúin is ligeann sé do na peidifíligh dul ar aghaidh. Tabú ar chaint ar an gcorp agus rudaí mar sin a choinníonn na gasúir ciúin. Náire ag baint leis. Náire níos láidre ná an phian fhisiciúil. Anam scriosta. Ní anam mar a chruthaíonn an EAGLAis é ach an chuid is fearr agus is pearsanta dínn.
Ar a laghad cuirfidh an chuid seo den scéal faoin Eaglais fearg ort, mar ba chóir. Ní chóir go mbeadh an EAGLAis i gceannas ar scoil ar bith in aon áit. Is in Éirinn, tá an chumhacht ar fad acu is iad fós i gceannas. COIR dochreidthe!
Níl ach seift i roinnt mhaith reiligiúin, le gasúir a éigniú. Smacht agus cumhacht mar arm le mná agus páistí, bocht is lag a éigniú ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Room
Is beag nach bhfeiceann tú an fear seo i Room ach tá an dochar a dhéanann sé uafásach. Daoine mar é sa saol a chreideann go bhfuil sé de cheart acu rud ar bith ar mhaith leo a thógáil. Sagairt, bainisteoir… daoine le cumhacht. Chuir Spotlight agus Room an scéal seo i gcuimhne dom. Daoine ar cuma leo rud ar bith ach iad fhéin a shásamh. Ar nós impiriúlachas sa chaoi is go bhfuil goid, scrios, éigniú i gceist.
Flashback an tsaoil.
Bhí mé i Londain ar saoire. Ar an mbealach go Páirc Hyde is ardáthas orm faoin saoirse. Ghlaoigh m’fhear céile ar tacsaí dom. Is mé ag dreapadh isteach sa tacsaí seanfhaiseanta dubh, chuimnigh mé ar a dúirt an bainisteoir liom is mé 18. I used to drive taxis in London, ar sé. Is leis an smaoineamh sin bhí mé ar ais i gConamara is é ag caint liom. Londain imithe. Is pian arís ionam agus deora i mo shúile. Sin mar a tharlaíonn sé. Muidne a mhaireann. Níl tú riamh saor de.
Ar ais ag na Oscars. Éireannach a scríobh Room, agus Éireannach a léirigh é. Sárjab déanta acu agus ag na haisteoirí. An chumhacht ag an gcarachtar Ma i Room sa chaoi ina mhaireann sí. Oscar don aisteoir is fearr (♀) ag Brie Larson agus tuillte go maith aici. Tá bean is páiste chun tosaigh sa scannán seo i gcodarsnacht le Spotlight is fir ag rith thart ag sábháil an domhan. Fuinneamh is cuid de Is muidne na laochra i Spotlight. Ait an mac an saol, bhí Mark Ruffalo (aisteoir i Spotlight) ina shuí ag an mbord in aice linn i bPáirc Hyde an lá sin i ndiaidh an Flashback sa tacsaí sin.
Ar ais go Room. Áit bheag, fadhb mhór. Cé go n-éigníonn fear (Old Nick) an carachtar Ma arís agus arís eile ar feadh na blianta i Room ní fheicimid mórán de. Ach tá an bhagairt sa chúlra i gcónaí. Sin mar a bhí sé domsa leis an Eaglais in Éirinn. Ná déan aon rud as bealach mar beidh tú ciontach. Ghoid Old Nick Ma agus tá greim aige uirthi le bagairt is foréigean. Éiríonn léi a gasúr a choinneáil slán agus sona. Sin misneach. Sin cosaint. Sin íobairt. Arís agus arís agus arís le fada. Mar a mhairimid. Mar… le éigniú, ní uair amháin atá i gceist de gnáth. Nuair a fhanann an duine ciúin, leanann an diabhal ar aghaidh leis an dochar.
Scannán ciúin ach fíorláidir, Room. Ma láidir agus lán le grá dá mac. Dochreidthe láidir le cur suas lena dhéanann an diabhal di arís agus arís eile. Ach caithfidh sí ligint uirthi go bhfuil gach rud togha. Ionsaí nach féidir caint faoi. Amantaí le sos, titeann gach rud as a chéile. Mar a tharla nuair a éiríonn le Ma éalú faoi dheireadh.
Bhí nóiméad cumhachtach faoi leith ann domsa nuair a chuir iriseoir ceist uirthi. Ceist aineolach. Ceist a ghortaigh. Ná lig do dhaoine nach dtuigeann ceisteanna a chur orthu. Ná lig d’eagarthóir a rá, Caithfidh tú an cheist seo a chur uirthi go dtuigfidh daoine. Ná déan é. Ná maslaigh í le haineolas tar éis a d’fhulaing sí.
Smaoinigh mé ansin ar agallamh TG4 le Liam ag 17:48 Ar nós an cheist a chuir siad ar Ma sa scéal Room. As bealach. Ní thuigeann sibh. Ná déan é. Ag 18:24 feicim an dochar déanta. Tuig nó faigh duine a thuigeann, duine a bhí sa chás céanna is ná déan é sin arís le bhur dtoil. Bí ag caint faoi ach tuig cé air a bhí an locht.
Caithfear caint faoi éigniú. Cloisim daltaí ó thíortha eile a deireann liom go bhfuil an locht ar an mbean má ghléasann sí í féin ar bhealach faoi leith. Dáiríre. Fir. Má théann sí amach le fir eile gan fear dá muintir i gceannas uirthi, tá an bhean ciontach, dar leo. Éigniú tuillte aici, a deireann siad go hoscailte. Tinn. Gan náire. Aineolach. Lánchinnte dóibh féin mar sin a deireann a reiligiún. Go sábhála an saol sinn ó reiligiúin mar sin! Mo mhallacht orthu. I Room, níor fhéach Ma (Joy) ar an bhfear a d’fhuadaigh mar bhagairt sular ghoid sé í. Ar ndóigh, níl Joy, ná a Maim nár mhúin an cheacht seo di ciontach. Níl an locht ar Liam ná orm ná ar na daoine a sheas le Lady Gaga.Tuig an feall.
Old Nick atá ciontach. Ainm an diabhail. Aimhleas: daoine a ghoideann gan meas acu ort, gan i gceist agat ach iad féin a shásamh.
In am dúinn labhairt amach. Mé fós fiosrach. Cé mhéad daoine ag féachaint ar na Oscars atá sa chás céanna liom? Mé ag samhlú muid ar fad ag seasamh le chéile. Slua ollmhór.
Ní féidir feabhas a chur ar an scéal seo nuair atá an EAGLAis i gceannas ar oideachas. Sin an rud a chaithfidh an rialtas nua a dhéanamh. Scar Stát & Eaglais. Taispeáin freagracht is go bhfuil an dlí ar an taobh ceart. Rud nach bhfuil fíor faoi láthair. Bris an córas a chosnaíonn daoine a éigníonn muid. Bris é ina smidiríní!
Emma Ní Fhíoruisce, bail ó na Déithe uirthi!
Aistrithe ag Emma NÍ Fhíoruisce
Liricí
- Ó, bhí mé thíos sa bhaile mór
agus daoine thart ag stánadh orm.
Níor chreid mé ar dtús an rud a chuala mé
go raibh tú ag imeacht ar shiúl ar strae.
Cén fáth nár inis tú dom, a stór?
Bhí mé ag siúl thart gan trácht ar bith ort.
Cúrfa:
Ó, chuala mé na ráflaí,
ná fhágaim agus do chroí.
Ó, chuala mé na raflaí,
Anois tá mé in isle brí.
Honey Honey, Yeah.
2. Níl aon fhios agam cén fáth a d’fhág tú.
Mé liom féin is mé ag cuardú.
Leide nó dhó chun mo mheabhair a shásamh.
Ach tá a fhios agam gur eisean an príomhréasún.
Cén fáth nár inis tú dom, a stór?
go raibh daoine ag cúlchaint orm.
Chuala mé na raflaí ná fhágaim agus do chroí
Ó chuala mé na ráflaí
Anois is mé in ísle brí.
Honey, honey.
Chuala mé na ráflaí nach mbeidh tú teacht na ‘bhaile, baby
Curfá:
3. Deireann daoine, Ná creid ins na scéaltaí sin
níl iontú ach bréige
An raibh tú i ngrá sular chás tú orm
Inis domh anois ‘is ná déan amadán dom.
Cén fáth nár inis tú dom a stór?
ach anois duit, ní silfidh mé deor.
Curfá
Casta ag Máirtín Tom Sheáinín
‘S a Bhideach na gcarad, tuig feasta nach súgradh é.
Mar go dtug mo chroí gean duit, ar a mhalairt ná diúltaigh mé.
Má shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil.
‘S go dtug mo chroí ghean duit seachas cailíní óg’ an tsaoil.
A Bhríd Thomáis Mhurchadha, ó, molaimse an barr leat féin.
Ar fhinne, ar ghileacht, ar áilleacht is deise méin.
Do chúilín deas triopallach ‘s é fite ina thrilseáin óir.
‘S an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.
‘Gus rachad go Gaillimh nó go gceannaí mé gairdín úll.
Nó loingeas ar fharraige le haghaidh bheith a’ déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom ‘gus leid bheag ‘fháil dhen chóir.
‘S ní chónód faoi bhealach nó go mblaisfinn dhe phóg mo stóir.
‘S má bhí mise folamh ‘s dar m’fhocal gur mhór a’ scéal.
Is gur liachtaí bean óg deas a thug taithneamh do ghlór mo bhéil.
Dhá mbeadh sé ‘cur shneachta, a’ cur sheaca sa gach ceard faoin spéir.
Ach tusa a bheith i m’aice ‘s ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.
A Aonmhac Muire ‘chuir an cuileann thríd a’ bhféar a’ fás.
Nach mise an trua Mhuire ‘s mé a’ caill’ lúth na ngéaga le grá.
Ach má tá sé ‘nár gcinniúint nach féidir linn a chéile ‘fháil.
Bíodh tusa in do choinneal ‘s beidh mise i m’fhéileacán.
Aistriúchán
Oh, my dearest Bridget, understand it’s no fun any more.
Since my heart grew fond of you, in return don’t refuse me.
If you thought to entice me with the sweet quiet words of your mouth.
But my heart grew fond of you more than all the young girls of the world.
And Bríd Thomáis Mhurchadha, oh, I praise you as the best.
For fairness, for brightness, for beauty and for gentle mien.
Your long curly tresses all woven like strands of gold.
And anyone without sight, they would give light to him.
Oh, I’ll go to Galway to buy an apple orchard.
Or a fleet on the sea, so as to make sport.
On returning from Sligo with a little help from the wind.
I’ll not stop on the way till I taste my darling’s kiss.
And if I were penniless – and on my word, that’d be a fine tale.
And many a nice young woman who enjoyed the sound of my voice.
If it were snowing and frosty in every corner of the earth.
With just you to be near me, I’d not mind the troubles of life.
Oh, Mary’s own Son who set the holly ‘mid the growing grass.
Isn’t it a great pity, me losing my strength over love.
But if it’s our destiny that we may not have each other.
Then shall you be a candle and I will be a moth.
Liricí ó staidmheidhreog
Comórtas ag Nós.
Caighdeán Iontach ag Ceol as Gaeilge le Déanaí!
Amhráin den scoth ar an liosta do Amhrán na Bliana
Amhrán na Farraige – Lisa Hannigan
Ar Ais go Gaoth Dobhair – Emma Ní Fhíoruisce
Beatha Úr – Doimnic Mac Giolla Bhríde
Cogadh no Sìth – Griogair
Fun Orm – IMLÉ
Go Beo Go Deo na nDeor – Enda Reilly & Séamus Barra Ó Súilleabháin
Purgadóir – Rís
Roisín Dubh – Dysania
Suantraí Meisciúil – Janet Devlin
Solas – Eve Belle
Suas Síos – Kíla
Súile – Clann Mhic Ruairí
Deacair dom coinneáil suas leis an gceol iontach ar fad ag teacht amach anois. Áthas orm faoi.